|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Ceapacháin chun Postanna Áirithe sa Stát-Sheirbhís.) | Ar Aghaidh (Caibidil III. Deimhnithe Cáiliúcháin.) |
ACHT CHOIMISINÉIRÍ NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1956
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II. Ceapacháin Neamh-Chomórtais. | |
[EN] |
Cinneadh ceisteanna i dtaobh ceapacháin a beartaítear ar dhaoine d'ardú nó d'aistriú a bheith do réir an ghnáth-chúrsa. |
18. —(1) Más rud é, i gcás ina mbeartófar duine a cheapadh chun poist ar é d'ardú nó d'aistriú ó phost eile, go dtarlóidh aon cheist faoin Acht seo i dtaobh an ceapadh sin a bheith, nó gan a bheith do réir an ghnáth-chúrsa arduithe nó aistrithe, pé acu é, is iad na Coimisinéirí a chinnfeas an cheist. |
[EN] | (2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí ó am go ham a chinneadh maidir le harduithe nó aistrithe cad iad na haicmí dhíobh a bheas le háireamh mar chinn atá do réir an ghnáth-chúrsa arduithe nó aistrithe. | |
[EN] |
Cáilíochtaí le haghaidh ceapacháin lena mbaineann alt 20, 21, 22, 23 nó 24. |
19. —Más rud é— |
[EN] | (a) go mbeartófar duine a cheapadh chun poist áirithe, agus | |
[EN] | (b) go mbaineann alt 20, 21, 22, 23 nó 24 leis an gceapachán, | |
[EN] | déanfar, chun críocha an ailt sin, an duine sin d'áireamh ina dhuine ar ghlac na Coimisinéirí leis mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chun an phoist sin i gcás (agus sa chás sin amháin) inar deimhin leis na Coimisinéirí go gcomhlíonann sé pé ceanglais maidir le pé nithe acu seo a leanas, eadhon, eolas, ábaltacht, aois, sláinte, airíona coirp, carachtar agus nithe iomchuí eile, a chinnfeas na Coimisinéirí. | |
[EN] |
Ceapadh duine ó phost bunaithe amháin chun poist bhunaithe eile ar é d'ardú nó d'aistriú taobh amuigh den ghnáth-chúrsa. |
20. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go mbeartófar duine a cheapadh chun poist bhunaithe (dá ngairmtear an post nua san alt seo) ar é d'ardú nó d'aistriú ó phost bunaithe eile, agus | |
[EN] | (b) nach mbeidh an t-ardú nó an t-aistriú a beartófar do réir an ghnáth-chúrsa arduithe nó aistrithe, mar chinn na Coimisinéirí an cúrsa sin, | |
[EN] | ní ceapfar é chun an phoist nua mura nglaca ná go dtí go nglacfaidh na Coimisinéirí leis mar dhuine atá cháilithe lena cheapadh chuige. | |
[EN] | (2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le hardú ná aistriú duine, nach ndéantar do réir an ghnáth-chúrsa arduithe nó aistrithe, ó phost bunaithe chun poist eile i gcáil ghníomhach. | |
[EN] |
Ceapadh baintrí chun poist bhunaithe faoi alt 11 den Acht Rialuithe. |
21. —Má beartaítear baintreach a cheapadh, faoi alt 11 den Acht Rialuithe, chun poist bhunaithe, ní ceapfar chun an phoist sin í mura nglaca ná go dtí go nglacfaidh na Coimisinéirí léi mar dhuine atá cáilithe lena ceapadh chuige. |
[EN] |
Ceapachán a heisiatar, le halt 13 (4), ó alt 13 (1) (post bunaithe). |
22. —Más rud é— |
[EN] | (a) go mbeartófar duine a cheapadh chun poist bhunaithe, agus | |
[EN] | (b) de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 13, gur ceapachán nach mbaineann fo-alt (1) d'alt 13 leis an ceapachán a beartófar, | |
[EN] | ní ceapfar chun an phoist sin é mura nglaca ná go dtí go nglacfaidh na Coimisinéirí leis mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chuige. | |
[EN] |
Ceapadh duine ó phost neamhbhunaithe chun poist neamhbhunaithe eile ar é d'ardú nó d'aistriú taobh amuigh den ghnáth-chúrsa. |
23. —Más rud é— |
[EN] | (a) go mbeartófar duine a cheapadh chun poist neamhbhunaithe (dá ngairmtear an post nua san alt seo) ar é d'ardú nó d'aistriú ó phost neamhbhunaithe eile, nach post i slí bheatha sceidealta ná post eisiata, agus | |
[EN] | (b) nach mbeidh an t-ardú nó an t-aistriú a beartófar do réir an ghnáth-chúrsa arduithe nó aistrithe, mar chinn na Coimisinéirí an cúrsa sin, | |
[EN] | ní ceapfar é chun an phoist nua mura nglaca ná go dtí go nglacfaidh na Coimisinéirí leis mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chuige. | |
[EN] |
Ceapadh baintrí chun poist neamhbhunaithe faoi alt 11 den Acht Rialuithe. |
24. —Má beartaítear baintreach a cheapadh, faoi alt 11 den Acht Rialuithe, chun poist neamhbhunaithe, ní ceapfar chun an phoist sin í mura nglaca ná go dtí go nglacfaidh na Coimisinéirí léi mar dhuine atá cáilithe lena ceapadh chuige. |
[EN] |
Caiteachais faoina raghaidh daoine a beartófar a cheapadh i ndáil le ceanglais na gCoimisinéirí faoi alt 19. |
25. —Más rud é— |
[EN] | (a) go mbeartófar duine a cheapadh chun poist, agus | |
[EN] | (b) gur ceapachán é lena mbaineann alt 20, 21, 22, 23 nó 24, | |
[EN] | beidh ar an duine sin, mura gcinne na Coimisinéirí a mhalairt, le toiliú an Aire, aon chaiteachais d'íoc (lena n-áirítear táillí ar scrúdú dochtúra) faoina raghaidh sé i ndáil le ceanglais na gCoimisinéirí faoi alt 19 a chomhlíonadh. |