|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Ceapacháin Neamh-Chomórtais.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Forála Ilghnéitheacha.) |
ACHT CHOIMISINÉIRÍ NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1956
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III. Deimhnithe Cáiliúcháin. | |
[EN] |
Deimhnithe cáiliúcháin i leith ceapachán áirithe chun postanna bunaithe. |
26. —(1) Más rud é, i gcás duine (dá ngairmtear an ceapthaí sa bhfo-alt seo) is (i) duine a roghnaíodh lena cheapadh chun poist bhunaithe faoi alt 17 nó (ii) duine a mbaineann alt 20, 21 nó 22 lena cheapadh beartaithe chun poist bhunaithe, go mbeidh glactha leis ag na Coimisinéirí mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chun an phoist (dá ngairmtear an post sin sa bhfo-alt seo) ar roghnaíodh chuige é nó a mbeartófar é a cheapadh chuige (pé acu é)— |
[EN] | (a) eiseoidh na Coimisinéirí, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, deimhniú á rá gur ghlacadar leis an gceapthaí mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chun an phoist sin agus ag lua an dáta a glacadh leis amhlaidh, | |
[EN] | (b) beidh éifeacht ag an deimhniú amhail ar an dáta sin agus uaidh sin amach. | |
[EN] | (2) Deimhniú cáiliúcháin a bhéarfar ar dheimhniú a heiseofar faoi fho-alt (1) den alt seo agus a gairmfear de. | |
[EN] | (3) I gcás ina gceanglaítear le fo-alt (1) den alt seo deimhniú cáiliúcháin d'eisiúint, féadfaidh na Coimisinéirí a eisiunt a chur siar go dtí go mbeidh an duine a bhfuil sé le heisiúint ina leith tar éis dul i gcionn dualgais an phoist. | |
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí— | |
[EN] | (a) aon deimhniú cáiliúcháin a chealú a heisíodh trí dhearmad nó de dhroim calaoise nó meabhlaireachta, | |
[EN] | (b) dearmaid i ndeimhniú cáiliúcháin a cheartú. | |
[EN] |
Ceapacháin áirithe a measfar deimhniú cáiliúcháin a bheith ag daoine ina leith. |
27. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go gceapfar duine chun poist bhunaithe, agus | |
[EN] | (b) gur ceapachán atá ann a mbaineann fo-alt (3) d'alt 13 leis, | |
[EN] | measfar deimhniú cáiliúcháin i leith an phost sin a bheith ag an duine sin ó dháta a cheaptha amhlaidh agus foilseoidh an tAire Stáit a cheap é fógra a cheaptha san Iris Oifigiúil, agus luafar ann, gur duine é an ceapthaí a mbaineann fo-alt (3) d'alt 13 lena cheapadh. | |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) go gceapfar duine faoi alt 7 nó 15 den Acht Rialuithe chun poist bhunaithe, agus | |
[EN] | (b) nach bhfuil deimhniú cáiliúcháin aige i leith an poist sin, measfar deimhniú cáiliúcháin a bheith aige i leith an phoist sin amhail ó dháta an cheaptha sin. | |
[EN] | (3) Má ceaptar duine faoi fho-alt (1) d'alt 67 den Income Tax Act, 1918, ina choimisinéir chun críocha speisialta na nAcht Cánach Ioncaim, is ceapachán chun poist neamhbhunaithe a bheas ann, mura n-ordaí an tAire gur ceapachán chun poist bhunaithe é, agus sa chás sin measfar deimhniú cáiliúcháin i leith a phoist mar choimisinéir den tsórt sin a bheith ag an duine sin amhail ó dháta a cheaptha de bhun an orduithe sin. |