|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Deimhnithe Cáiliúcháin.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Slite Beatha Sceidealta.) |
ACHT CHOIMISINÉIRÍ NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1956
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Forála Ilghnéitheacha. | |
[EN] |
Feidhm ailt 12 den Superannuation Act, 1834, maidir le duine a hardófar i gcáil ghníomhach i gcás an t-ardú a bheith taobh amuigh den ghnáth-chúrsa. |
28. —Más rud é— |
[EN] | (a) go ndéanfar duine atá ag fónamh i bpost bunaithe d'ardú i gcáil ghníomhach chun poist eile, agus | |
[EN] | (b) fur ardú é nach bhfuil do réir an ghnáth-chúrsa arduithe mar chinn na Coimisinéirí an cúrsa sin, agus | |
[EN] | (c) go ndéanfar, le linn dó bheith ag fónamh sa cháil ghníomhach sin, é a cheapadh go substaintiúil chun an phoist eile sin, agus gur eisigh na Coimisinéirí deimhniú cáiliúcháin i leith an phoist eile sin, | |
[EN] | beidh feidhm ag alt 12 den Superannuation Act, 1834, ina leith amhail is dá mbeadh sé ceaptha go substaintiúil chun an phoist eile sin é ó dháta a arduithe i gcáil ghníomhach. | |
[EN] |
Na Coimisinéirí do chur comórtas áirithe eile ar siúl, etc. |
29. —(1) Cuirfidh na Coimisinéirí ar siúl— |
[EN] | (a) gach comórtas, scrúdú, agallamh agus triail ar gá do réir dlí de thuras na huaire a gcur ar siúl ag na Coimisinéirí, | |
[EN] | (b) gach comórtas, scrúdú, agallamh agus triail eile a ordós an Rialtas nó an tAire ó am go ham. | |
[EN] | (2) Féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh maidir le haon chomórtas, scrúdú, agallamh nó triail a chuirfid ar siúl faoin alt seo, agus féadfaid leis na rialacháin sin an táille a shocrú a bheas le n-íoc as cead dul isteach ar aon chomórtas, scrúdú, agallamh nó triail den tsórt sin. | |
[EN] |
Rialacha i dtaobh iompair iarrthóirí ag comórtais, etc. |
30. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí rialacha a dhéanamh a bhainfeas le hiompar iarrthóirí ag comórtais, scrúduithe, agallaimh nó trialacha a chuirfid ar siúl faoin Acht seo agus a dhéanfas foráil i dtaobh nithe eile maidir leis na comórtais, na scrúduithe, na hagallaimh nó na trialacha sin a chur ar siúl. |
[EN] | (2) Féadfaidh na Coimisinéirí, i rialacha faoin alt seo, foráil a dhéanamh chun iarrthóirí a dhícháiliú nó a phionósú, de rogha na gCoimisinéirí, mura gcomhlíonaid na rialacha faoin alt seo a bhaineas le hiompar iarrthóirí. | |
[EN] |
Pearsanú iarrthóra ag comórtais, scrúduithe, etc. |
31. —Má dhéanann duine ar bith pearsanú ar iarrthóir i gcomórtas, scrúdú, agallamh nó triail a chuirfeas na Coimisinéirí ar siúl faoin Acht seo, nó ag aon scrúdú dochtúra faoin Acht seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agu san phríosúntacht sin le chéile. |
[EN] |
Forála maidir le horduithe, rialacháin agus rialacha. |
32. —(1) Chun críocha na n Acht Ionstraimí Reachtúla, 1947 agus 1955, measfar nach ionstraimí reachtúla lena mbaineann na hAchta sin go príomha orduithe, rialacháin agus rialacha a dhéanfas na Coimisinéirí faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Aon uair a dhéanfas na Coimisinéirí rialacháin faoin Acht seo— | |
[EN] | (a) foilseofar fógra a ndéanta san Iris Oifigiúil, agus | |
[EN] | (b) inseofar sa bhfógra an tráth agus an áit a bhféadfar cóipeanna de na rialacháin d'fháil. | |
[EN] |
Usáid táillí. |
33. —(1) Bainfidh na forála seo a leanas le táillí is iníoctha ag iarrthóirí faoin Acht seo— |
[EN] | (a) baileofar agus tógfar na táillí ar pé modh a ordós an tAire ó am go ham, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad mar ordós an tAire, | |
[EN] | (b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí. | |
[EN] | (2) Ní bhaineann mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo le táillí i leith scrúduithe dochtúra is iníoctha ag iarrthóirí go díreach le dochtúirí a dhéanfas na scrúduithe sin. |