An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1956) Ar Aghaidh (CUID II. Brabúis ó Oibríochtaí Gual-Mhianadóireachta— Faoiseamh Sealadach ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Bhrabús Corpáráide.)

47 1956

AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1956

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo a léamh agus d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas sé le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas sé le cáin bhrabús corparáide, déanfar é a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

Achomhairc.

2. —Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar aon cheist a tharlós faoi Chuid II, Cuid III nó Cuid IV den Acht seo (lena n-áirítear aon tuairim ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 4 den Acht seo) amhail mar d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnuithe i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le hachomhairc.

Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, a leasú.

3. —Leasaítear leis seo mír (1) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur léi:

“Provided that where a person is carrying on a trade which consists of or includes the working of a mine or quarry or the smelting of ore, the deduction to be allowed under this paragraph in respect of machinery or plant belonging to him and used in connection with the working of the mine or quarry or the smelting of the ore shall, if the person so elects, be such sum as is considered just and reasonable having regard to the period at the expiration of which the mine or quarry is likely to cease to be worked or the smelting of ore is likely to be discontinued and the probable value of the machinery or plant at the expiration of that period to the person carrying on the trade.”