|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 2 de 1957. | ||
[EN] |
AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1957. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A SEACHT AGUS MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A hOCHT. [30 Márta, 1957.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
£1,010,000 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1957 |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Milliún agus Deich Míle Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í ag chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad caoga a seacht. |
[EN] |
£37,300,000 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1958. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Tríocha agus Seacht Milliún agus Trí Chéad Míle Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a hocht. |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £38,310,000 d'fháil ar iasacht. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Tríocha agus Ocht Milliún Trí Chéad agus Deich Míle Punt d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na Éireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint. | |
[EN] | (3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1957 , a ghairm den Acht seo. |