27 1957


Uimhir 27 de 1957.


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA n ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1955. [17 Nollaig, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Forléiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1939” an t Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939) ;

ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 (Uimh. 15 de 1952) ;

ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

(2) Forléireofar na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1955, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

Síneadh ar an tórainn ama chun ráthaíochtaí a thabhairt faoi Chuid III d'Acht 1952.

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1952 (a bhaineas leis an tórainn ama le tabhairt ráthaíochtaí faoi Chuid III den Acht sin) trí “deich mbliana ó dháta an Achta seo a rith” a chur in ionad “cúig bliana ó dháta an Achta seo a rith”.

(2) Measfar go dtáinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Iúil, 1957, agus, dá réir sin, aon ní a rinneadh an lá sin nó dá éis agus roimh dháta an Achta seo a rith agus d'airbheartaigh a bheith arna dhéanamh de bhun aon fhorála i gCuid III d'Acht 1952 measfar go bhfuil sé, agus go raibh sé ariamh, bailí cuí agus measfar é a bheith arna dhéanamh de bhun na forála sin.

Deontais ón mBord le haghaidh muirear úis ar íasachtaí áirithe.

3. —(1) Féadfaidh an Bord, dá roghain féin, deontais a thabhairt faoi chomhair ús d'íoc ar iasachtaí a gheobhfar tar éis dáta an Achta seo a rith ar shlí seachas faoi ráthaíocht faoi Chuid III d'Acht 1952 agus a húsáidfear chun cóiríocht shaoire a dhéanamh, a mhéadú, d'fhreacnairciú nó d'fheabhsú.

(2) Ní raghaidh comhiomlán na ndeontas a bhéarfas an Bord faoin alt seo in aon bhliain airgeadais áirithe thar seachtó a cúig míle punt nuair a suimeofar iad i dteannta comhiomlán na ndeontas a bhéarfas an Bord faoi Chuid III d'Acht 1952 sa bhliain sin.

Deontais d'údaráis áitiúla agus do chuideachtana forbairte áitiúla.

4. —(1) Forléireofar mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 5 (a bhaineas le feidhmeanna an Bhoird) d'Acht 1952 mar mhír a chumasaíos don Bhord deontais a thabhairt chun na gcríocha a luaitear sa mhír sin—

(a) d'údaráis áitiúla, agus

(b) do chuideachtana a bunaíodh faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, ar cuspóir acu taithneamhachtaí agus saoráidí a sholáthar in áiteanna cuartaíochta agus an trácht cuartaíochta in áiteanna den tsórt sin nó chucu d'fhorbairt.

Mótar-óstáin.

5. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1939 mar leanas:

(i) tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt (1) d'alt 24 (a bhaineas leis na cláir atá le coimeád ag an mBord):

“(f) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht seo an clár de mhótar-óstáin.”;

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur le halt 25 (a bhaineas le háitreabh a bheith inchláruithe);

“(f) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é a bheith inchláruithe sa chlár de mhótaróstáin.”;

(iii) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh ailt 37:

“37A.—(1) I gcás áitribh ar bith, ní dleathach dá dhílseánach nó dá áititheoir é féin, ná ní dleathach dó a cheadú do dhuine ar bith, an t-áitreabh sin a thuairisciú ar aon chuma acu seo a leanas ná a thabhairt le tuiscint gurb aon ní acu seo a leanas atá ann—

(a) mótar-óstán,

(b) mótar-lios,

(c) cóist-óstán,

(d) mótar-ósta,

(e) mótar-chúirt,

(f) cuairt-lios, nó

(g) áitreabh de thuairisc ar bith eile a hordaítear chun críocha an ailt seo,

mura mbeidh an t-áitreabh sin cláraithe sa chlár de mhótar-óstáin agus an dílseánach nó an t-áititheoir sin cláraithe sa chlár sin mar dhílseánach cláraithe an áitribh sin.

(2) Duine ar bith a dhéanfas aon ní contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fineáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, ina theannta sin, más cion leanúnach é, fíneáil nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.”;

(iv) trí “áitribh a bheas cláraithe sa chlár de mhótar. óstáin” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 45 (a bhaineas leis an mBord d'fhoilsiú liosta d'áitribh chláraithe gach bliain) i ndiaidh “de bhrughanna ógraidh,”.

(2) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1952 trí “mótar-óstáin” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (2) i ndiaidh “brúnna saoire.”

Táille i gcás iarratais leasaithe ar chlárú.

6. —Más rud é—

(a) go gcuirfear iarratas ar chlárú chun an Bhoird faoi alt 26 d'Acht 1939, agus

(b) go ndéanfar, sara mbeidh breith tugtha ag an mBord ar an iarratas, an t-iarratas a leasú ionas gur iarratas ar chlárú i gclár eile a bheas ann,

cuirfidh an Bord an táille a híocadh maidir leis an gcéad iarratas i leith méid na táille is gá, faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt sin 26, a chur i dteannta iarratais ar chlárú sa chlár eile sin.

Iarratas ar chlárú tar éis diúltú do chlárú a dhéanamh nó tar éis clárú a chealú.

7. —I gcás—

(a) an Bord a bheith tar éis diúltú faoi mhír (b) nó mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 27 d'Acht 1939 d'aird a thabhairt ar iarratas ar chlárú,

(b) an Bord a bheith tar éis diúltú faoi mhír (b) nó mír (d) d'fho-alt (4) d'alt 30 d'Acht 1939 d'aird a thabhairt ar iarratas ar chlárú d'athnuachaint, nó

(c) an Bord a bheith tar éis clárú a chealú faoi mhír (b) nó mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 32 d'Acht 1952,

ní féadfar aon iarratas ar chlárú an áitribh sa chlár céanna ag an mBord a dhéanamh í rith na tréimhse naoi mí dar tosach dáta an diúltuithe nó an chealuithe.

Tagairtí d'áitribh a leathnú.

8. —I gCuid III d'Acht 1939 agus i gCuid IV d'Acht 1952, déanfar, i gcás ina bhfuil príomh-fhoirgint ann a húsáidtear nó a beartaítear d'úsáid chun cóiríocht nó seirbhís a chur ar fáil d'aoianna agus uirtheach nó uirthithe nó fo-dhéanmhas nó fodhéanmhais eile leis an bpríomh-fhoirgint a húsáidtear nó a beartaítear d'úsáid chun an chóiríocht nó an tseirbhís sin a chur ar fáil, aon tagairt d'áitreabh d'fhorléiriú mar thagairt a fholaíos tagairt don phríomh-fhoirgint agus tagairt don uirtheach nó do na huirthithe nó don fho-dhéanmhas nó do na fo-dhéanmhais sin.

Liostaí d'áitribh neamhchláraithe d'fhoilsiú.

9. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh an Bord, aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leis, liosta d'fhoilsiú, nó a chur faoi deara go bhfoilseofar liosta, d'áitribh a chuireas cóiríocht ar fáil do chuairteoirí ach nach bhfuil cláraithe ag an mBord, agus féadfar, i gcás aon áitribh ar an liosta sin, pé eolas is cuí leis an mBord a chur sa liosta maidir leis an gcóiríocht a bheas ar fáil, na táillí a baintear amach ina leith agus aon nithe eile is ábhar suime de chuairteoirí.

(2) Ní cuirfear aon áitreabh i liosta a foilseofar de bhun fo-ailt (1) den alt seo mura n-iarra dílseánach an áitribh é nó mura dtoilí sé leis, ná ní tabharfar aon eolas in aon liosta den tsórt sin maidir le haon áitreabh a luafar ann mura dtoilí dílseánach an áitribh leis.

Leasuithe ilghnéitheacha ar Acht 1939.

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1939 trí “i mí Dheireadh Fómhair” agus “i mí na Samhna” a scrios as fo-alt (1) agus “an 15ú lá de Dheireadh Fómhair nó roimhe sin” agus “an 15ú lá de Shamhain nó roimhe sin” a chur ina n-ionad faoi seach.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 33, fo-alt (2) d'alt 34, fo-alt (2) d'alt 35, fo-alt (2) d'alt 36 agus fo-alt (2) d'alt 37 d'Acht 1939 trí “maraon le, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion” a chur i ndeireadh gach fo-mhíre acu.

(3) Leasaítear leis seo alt 41 d'Acht 1939 mar leanas:

(a) i bhfo-alt (1) cuirfear “oifigeach cláruithe” in ionad “cigire”, cuirfear “mar oifigeach cláruithe” in ionad “mar chigire” agus cuirfear “don oifigeach cláruithe sin” in ionad “don chigire sin”,

(b) i bhfo-alt (2) cuirfear “oifigeach cláruithe” in ionad “cigire”, cuirfear “d'oifigeach cláruithe” in ionad “do chigire” gach áit a bhfuil na focail sin agus cuirfear “an t-oifigeach cláruithe sin” in ionad “an cigire sin”,

(c) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (3):

“(3) San alt seo ciallaíonn an abairt ‘oifigeach cláruithe’ oifigeach don Bhord arna cheapadh i scríbhinn ag an mBord chun bheith ina oifigeach cláruithe chun críocha an ailt seo.”

Gearrtheideal agus comhlua.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1957, a ghairm de na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1955, agus den Acht seo le chéile.