An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LÉASANNA FRITHDHÍLSE), 1958) Ar Aghaidh (CUID II. Léasanna Frithdhílse.)

2 1958

AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LÉASANNA FRITHDHÍLSE), 1958

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Acht 1931 agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, a ghairm díobh le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1931” an t Acht um Thiarnaí Tí agus Tionóntaithe, 1931 (Uimh. 55 de 1931) ;

ciallaíonn “léasaí foirgníochta” an léasaí faoi léas foirgníochta;

ciallaíonn “neas-léasóir” maidir le léasaí an duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire chun an uas-leasa is neasa sa talamh a theachtas an léasaí;

ciallaíonn “feabhsú” maidir le foirgnimh aon bhreisiú nó athrú ar na foirgnimh agus folaíonn sé aon déanmhas a fho-ghabhas nó a chomhghabhas leis na foirgnimh sin ach ní fholaíonn sé aon athrú nó athfhoirgniú ar na foirgnimh a bheir dóibh a gcló bunaidh a chailliúint;

ciallaíonn “léas” ionstraim i scríbhinn, pé acu faoi shéala dhi nó nach ea, ina bhfuil conradh tionóntachta maidir le haon talamh i gcomaoin cíosa nó sochair agus folóidh sé deontas feofheirme;

forléireofar “léasaí”, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, mar ní a fholaíos seiceadóirí, riarthóirí agus sannaithe an léasaí;

forléireofar “léasóir”, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, mar ní a fholaíos oidhrí, seiceadóirí, riarthóirí agus sannaithe an léasóra;

ciallaíonn “léasaí dílseánaigh” an léasaí faoi léas dílseánaigh; ciallaíonn “límistéar uirbeach” límistéar is contae-bhuirg nó buirg eile, ceantar uirbeach, baile mór nó baile.

Athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo Cuid V d'Acht 1931 agus an t Acht um Thiarnaí Tí agus Tionóntaithe (Leasú), 1943 (Uimh. 10 de 1943) .