|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT PRAGHSANNA, 1958) | Ar Aghaidh (CUID II. Coistí Comhairlitheacha Praghsanna.) |
AN tACHT PRAGHSANNA, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Praghsanna, 1958 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |
[EN] |
Mínithe i gcoitinne. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1953” an t Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 (Uimh. 14 de 1953) ; | |
[EN] | ciallaíonn “Coiste Comhairlitheach” Coiste Comhairlitheach Praghsanna arna bhunú faoi alt 9 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ina oifigeach údaraithe faoi alt 23 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; | |
[EN] | tá le “cleachtais srianta” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1953. | |
[EN] |
Forléiriú tagairtí d'earra a dhíol agus do sheirbhís a dhéanamh. |
3. —San Acht seo— |
[EN] | forléireofar tagairt d'earra a dhíol mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhaontú nó tairiscint a dhéanamh chun earra a dhíol nó tairiscint a lorg chun earra a cheannach; | |
[EN] | forléireofar tagairt do sheirbhís a dhéanamh mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhaontú nó tairiscint a dhéanamh chun seirbhís a dhéanamh nó tairiscint a lorg i leith seirbhís a dhéanamh; | |
[EN] | forléireofar tagairt do thairiscint chun earra a dhíol mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhógra ó dhuine i dtaobh an phraghais a bheidh beartaithe aige i leith earra a dhíol arna thabhairt trí phraghas-liosta a fhoilsiú nó tríd an earra a thaispeáint le díol agus marc ag lua an phraghas ag gabháil leis nó trí choinníoll a lua nó eile; | |
[EN] | forléireofar tagairt do thairiscint chun seirbhís a dhéanamh mar lua ar thagairt d'fhógra ó dhuine i dtaobh na táille a bheidh beartaithe aige i leith a déanta arna thabhairt trí liosta táillí a fhoilsiú nó trí choinníoll a lua nó eile. | |
[EN] |
Comhaontuithe fruilcheannaigh. |
4. —Chun críocha an Achta seo, measfar gur comhaontú díola comhaontú fruilcheannaigh do réir bhrí ailt 1 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946 (Uimh. 16 de 1946) , agus measfar go ndearnadh an díol an dáta a rinneadh an comhaontú. |
[EN] |
Srian ar Acht. |
5. —Ní bhaineann an tAcht seo le aon cheann acu seo a leanas— |
[EN] | (a) gníomhachtaí a sheolann Aire Stáit, údarás áitiúil do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), coiste gairm-oideachais, gnóthas iompair d'iarnród, de bhóthar, d'aer nó d'uisce nó údarás cuain nó a seoltar thar ceann aon ar bith acu sin; | |
[EN] | (b) praghsanna earraí (seachas arán nó bainne) a ndéantar nó a bhféadfaí na praghsanna orthu a rialú, a rialáil nó a shonrú faoin aon achtachán eile nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi sin nó i gcomhlíonadh aon dualgais reachtúil; | |
[EN] | (c) táillí i leith seirbhísí a ndéantar nó a bhféadfaí na táillí ina leith a rialú, a rialáil nó a shonrú faoi aon achtachán eile nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi sin nó i gcomhlíonadh aon dualgais reachtúil; | |
[EN] | (d) praghsanna a híoctar le táirgeoirí, nó a gheibheann déileálaithe i monarchana, ar tháirgí príomha talmhaíochta (lena n-áirítear uibhe, éanlaithe clóis, bainne agus táirgí bainne) agus ar tháirgí garnóireachta; | |
[EN] | (e) táillí i leith inseamnaithe shaorga; | |
[EN] | (f) praghsanna éisc as an mbád agus idirbhearta uile an Bhoird Iascaigh Mhara; | |
[EN] | (g) táillí i leith seirbhísí ar seirbhísí gairmiúla go hiomlán iad; | |
[EN] | (h) táillí i leith seirbhísí a tugtar i ndáil le bancaeracht nó árachas; | |
[EN] | (i) praghsanna earraí a díoltar le honnmhuiriú nó a honnmhuirítear le díol; | |
[EN] | (j) táillí i leith seirbhísí a tugtar lasmuigh den Stát. | |
[EN] |
Orduithe a leagadh faoi bhráid Titho an Oireachtais. |
6. —Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas nó an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin. |
[EN] |
Caiteachais. |
7. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo. |
[EN] |
Athghairm. |
8. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin. |