|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Coistí Comhairlitheacha Praghsanna.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Forála Ilghnéitheacha.) |
AN tACHT PRAGHSANNA, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Praghsanna Earraí agus Táillí i leith Seirbhísí. | |
[EN] |
Praghsanna uasta earraí agus taillí uasta i leith seirbhísí a shocrú de dhroim tuarascála ón gCoimisiún Cóir-Thrádála. |
13. —(1) Más dóigh leis an Aire, tar éis dó tuarascáil ón gCoimisiún Cóir-Thrádála faoi Acht 1953 a bhreithniú— |
[EN] | (a) go bhfuil cleachtais srianta ann maidir le soláthar nó imdháil aon earra, agus | |
[EN] | (b) de dheasca na gcleachtas srianta sin a bheith ann, go bhfuil praghsanna iomarcacha á n-éileamh, nó go bhféadfaí iad a éileamh, ar na earra sin, | |
[EN] | féadfaidh an tAire, le hordú, an praghas uasta a shocrú ar a bhféadfar an t-earra sin a dhíol. | |
[EN] | (2) Más dóigh leis an Aire, tar éis dó tuarascáil ón gCoimisiún Cóir-Thrádála faoi Acht 1953 a bhreithniú— | |
[EN] | (a) go bhfuil cleachtais srianta ann maidir le déanamh aon tseirbhíse, agus | |
[EN] | (b) de dheasca na gcleachtas srianta sin a bheith ann, go bhfuil táillí iomarcacha á n-éileamh, nó go bhféadfaí iad a éileamh, i leith na seirbhíse sin a dhéanamh, | |
[EN] | féadfaidh an tAire, le hordú, an táille uasta a shocrú a féadfar a éileamh i leith na seirbhíse sin a dhéanamh. | |
[EN] |
Praghsanna uasta earraí agus táillí uasta i leith seirbhísí a shocrú de dhroim tuarascála ó Choiste Comhairlitheach. |
14. —(1) Más dóigh leis an Aire, tar éis dó tuarascáil ó Choiste Chomhairlitheach a bhreithniú, go bhfuil na praghsanna atá á n-éileamh ar earra ag monaróirí a mhonaraíonn an t-earra iomarcach, mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag monaróirí nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, féadfaidh an tAire, le hordú, an praghas uasta a shocrú ar a bhféadfar an t-earra sin a dhíol. |
[EN] | (2) Más dóigh leis an Aire, tar éis dó tuarascáil ó Choiste Comhairlitheach a bhreithniú, go bhfuil na táillí atá á n-éileamh, i leith aon tseirbhíse a dhéanamh, ag daoine a dhéanann í iomarcach mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag na daoine sin nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, féadfaidh an tAire le hordú, an táille uasta a shocrú a féadfar a éileamh i leith na seirbhíse sin a dhéanamh. | |
[EN] |
Dearbhú ón Rialtas go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar earraí. |
15. —(1) Aon uair agus a mhinicí is dóigh leis an Rialtas imthosca neamhghnáthacha a bheith ann nó gur dóigh dhóibh a bheith ann maidir le soláthar aon earra, féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar an earra sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo earra a mhíniú i pé slí is oiriúnach leis an Rialtas. | |
[EN] | (3) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo baint le earra amháin nó níos mó. | |
[EN] | (4) Fanfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia ná sé mhí ó dháta an ordaithe sin a dhéanamh) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh san ordú agus éagfaidh sé ansin, mura gcoimeádfar i bhfeidhm é le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (5) den alt seo. | |
[EN] | (5) I gcás— | |
[EN] | (a) ina mbeidh ordú i bhfeidhm de thuras na huaire (dá ngairmtear an príomh-ordú sa bhfo-alt seo) faoi fho-alt (1) den alt seo á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar earra, agus | |
[EN] | (b) gur dóigh leis an Rialtas imthosca neamhghnáthacha a bheith fós ann maidir le soláthar an earra sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (i) féadfaidh an Rialtas le hordú (dá ngairmtear ordú buanaithe sa bhfo-alt seo), a déanfar sara n-éaga an príomh-ordú, an príomh-ordú a choimeád i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia na sé mhí ón dáta d'éagfadh an príomh-ordú mura mbeadh an t-ordú buanaithe) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh san ordú buanaithe, agus féadfaidh ina dhiaidh sin ó am go ham le hordú (dá ngairmtear ordú buanaithe freisin sa bhfo-alt seo), a déanfar sara n éaga an príomhordú faoin ordú buanaithe deiridh roimhe sin, an príomh-ordú a choimeád i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia ná sé mhí ón dáta d'éagfadh an príomh-ordú faoin ordú buanaithe deiridh roimhe sin) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh san ordú buanaithe, | |
[EN] | (ii) mura ndéantar ach ordú buanaithe amháin, leanfaidh an príomh-ordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse a gcoimeádtar i bhfeidhm é ar a feadh leis an ordú buanaithe sin, agus éagfaidh sé ansin, | |
[EN] | (iii) má déantar dhá ordú buanaithe nó níos mó, leanfaidh an príomh-ordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse a gcoimeádtar i bhfeidhm é ar a feadh leis an gceann deiridh de na horduithe buanaithe, agus éagfaidh sé ansin. | |
[EN] | (6) Déanfar gach ordú faoin alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta. | |
[EN] |
Praghas uasta earra agus táille uasta i leith seirbhíse a shocrú le linn ré feidhme ordaithe faoi alt 15 (1). |
16. —(1) I gcás ina mbeidh ordú i bhfeidhm de thuras na huaire faoi fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar earra, féadfaidh an tAire, le hordú, ceachtar den dá ní seo nó an dá ní seo a leanas a dhéanamh— |
[EN] | (a) an praghas uasta a shocrú ar a bhféadfar an t-earra sin a dhíol, | |
[EN] | (b) an táille uasta a shocrú a féadfar a éileamh i leith aon tseirbhís, a bhainfidh le soláthar nó imdháil an earra sin, a dhéanamh i gcúrsa aon trádáil nó gnó a sheoladh. | |
[EN] | (2) Más rud é, le linn ordú (dá ngairmtear an t-ordú éigeandála sa bhfo-alt seo) a bheith i bhfeidhm faoi fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar earra, go ndéanfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear an t-ordú ón Aire sa bhfo-alt seo) faoi fho-alt (1) den alt seo ag socrú an phraghais uasta ar a bhféadfar an t-earra sin a dhíol nó ag socrú na táille uasta a féadfar a éileamh i leith aon tseirbhís, a bhainfidh le soláthar nó imdháil an earra sin, a dhéanamh i gcúrsa aon trádáil nó gnó a sheoladh, ansin, mura mbeidh an t-ordú ón Aire cúlghairmthe roimhe sin, éagfaidh sé ar éag don ordú éigeandála. | |
[EN] |
Praghsanna uasta mór-reaca agus mionreaca aráin agus siúcra agus praghsanna uasta mionreaca ime agus bainne a shocrú. |
17. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, praghsanna uasta mór-reaca agus mionreaca aráin agus siúcra a shocrú. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, praghsanna mionreaca uasta na n-earraí seo a leanas a shocrú— | |
[EN] | (a) im, | |
[EN] | (b) bainne nuair a díolfar é i límistéar a ndearbhófar le hordú a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 6 d'Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 (Uimh. 43 de 1936) , gur ceantar díola é chun críocha Coda II den Acht sin. | |
[EN] |
Forála maidir le hordaithe. |
18. —Aon ordú a dhéanfaidh an tAire faoi aon cheann de na forála roimhe seo den Chuid seo— |
[EN] | (a) féadfaidh sé earra nó seirbhís a mhíniú i pé slí is oiriúnach leis an Aire, | |
[EN] | (b) féadfaidh sé na coinníollacha a leagadh amach ar faoina dtreoir a socrófar praghas nó táille uasta, agus praghsanna nó táillí uasta éagsúla a shocrú i ndáil le coinníollacha éagsúla, | |
[EN] | (c) féadfaidh sé baint leis an Stát go léir nó le límistéar áirithe sa Stát, | |
[EN] | (d) féadfaidh sé praghas nó táille uasta a shocrú trína shonrú nó trí fhorála a leagadh amach a bhféadfar an praghas nó an táille sin a fhionnadh faoina dtreoir, | |
[EN] | (e) féadfaidh gach foráil, teagmhasach nó fo-ghabhálach (lena n-áirítear ceanglas nach ndéanfar an t-earra lena mbaineann an t-ordú a dhíol ach amháin in aonaid shonraithe meáchain nó tomhais) a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirstineach chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil a cuireadh san ordú faoi na cumhachta a bheirtear dó leis an Acht seo nó chun go ndéanfaí do réir an ordaithe. | |
[EN] |
Orduithe á cheangal an praghas mionreaca a thaispeáint. |
19. —Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, a cheangal ar gach duine a sheolann gnó i límistéar sonraithe ag díol aon earra ar mionreic a sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an praghas mionreaca a bheidh á éileamh aige ar an earra sin a thaispeáint ar shlí shonraithe. |
[EN] |
Orduithe faoi Chuid III a chúlghairm agus a leasú. |
20. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a dhéanfaidh sé faoin gCuid seo a chúlghairm. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a dhéanfaidh sé faoin gCuid seo a leasú. | |
[EN] |
An éifeacht a bheidh ar chonartha ag ordaithe a rialú praghsanna agus táillí. |
21. —(1) Ní dhéanfaidh ordú faoin gCuid seo ag rialú praghais earra nó na táille i leith seirbhíse difir do dhlíthiúlacht chonartha a bheidh déanta roimh an dáta a thiocfaidh an t-ordú i ngníomh, ná d'aon ní a bheidh déanta faoin gconradh. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh aon ordú faoin gCuid seo ag rialú praghais earra nó na táille i leith seirbhíse difir do dhlíthiúlacht chonartha a déanfar an dáta a thiocfaidh an t-ordú i ngníomh nó dá éis sin, ná d'aon ní a déanfar faoin gconradh más rud é— | |
[EN] | (a) go ndéanfar an conradh de bhun oblagáide dlíthiúla ó chonradh i dtosaíocht air a rinneadh roimh an dáta sin, nó | |
[EN] | (b) gur údarás áitiúil a dhéanfaidh an conradh le conraitheoir oifigiúil arna cheapadh faoi alt 3 d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Comhcheannach), 1925 (Uimh. 20 de 1925) , nó faoi alt 6 d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Comhcheannach), 1939 (Uimh. 14 de 1939) , de thoradh iarratais uaidh roimh an dáta sin, | |
[EN] |
Cionta faoi Chuid III. |
22. —Má dhéanann duine ar bith— |
[EN] | (a) sárú, trí ghníomh nó neamhghníomh, ar fhoráil aon ordaithe faoin gCuid seo, nó | |
[EN] | (b) earra a dhíol ar phraghas mionreaca is mó ná an praghas a bheidh ar aon liosta a ceanglaítear air le hordú faoi alt 19 den Acht seo a thaispeáint, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo. |