|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Praghsanna Earraí agus Táillí i leith Seirbhísí.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.) |
AN tACHT PRAGHSANNA, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Forála Ilghnéitheacha. | |
[EN] |
Oifigigh údaraithe. |
23. —(1) Féadfaidh an tAire pé oifigigh, agus pé méid oifigeach, dá chuid is oiriúnach leis a cheapadh ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo. |
[EN] | (2) Tabharfar do gach oifigeach údaraithe barántas a cheaptha mar oifigeach údaraithe agus, nuair a bheidh sé ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar d'oifigeach údaraithe le halt 24 den Acht seo déanfaidh sé, má iarrann an duine lena mbainfidh air é, an barántas a thabhairt ar aird don duine sin. | |
[EN] |
Cumhachta oifigeach údaraithe. |
24. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon eolas a fháil a theastóidh ón Aire chun go bhféadfaidh sé a fheidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh— |
[EN] | (a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina mbíonn aon ghníomhacht á seoladh i ndáil le gnó ag monarú, ag próisiú, ag pacáistiú, ag soláthar nó ag imdháil earraí nó i ndáil le heagrú daoine, nó le cabhrú le daoine, a bhíonn ag gabháil d'aon ghnó den tsórt sin, agus an t-áitreabh d'iniúchadh, | |
[EN] | (b) a cheangal ar an duine a sheolann an ghníomhacht sin agus ar aon duine atá fostaithe i ndáil leis sin aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineann leis an ngníomhacht sin agus atá ar chumas an duine sin nó faoina urláimh a thabhairt ar aird dó agus pé eolas a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir le haon iontrála sna leabhair sna doiciméid nó sna taifid sin, | |
[EN] | (c) na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna díobh a dhéanamh nó sleachta a thógáil astu, | |
[EN] | (d) a cheangal ar an duine sin aon eolas a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir leis na daoine a bheidh ag seoladh na gníomhachta sin (lena n-áiritear, go háirithe, i gcás comhlucht neamhchorpraithe daoine, eolas i dtaobh a chomhaltais agus a choiste bhainistí nó údaráis rialaithe eile) nó a bheidh fostaithe i ndáil léi, | |
[EN] | (e) a cheangal ar an duine sin aon eolas eile a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir leis an ngníomhacht sin. | |
[EN] | (2) Duine ar bith a dhéanfaidh oifigeach údaraithe a bhac nó a chosc agus é ag feidhmiú a chumhacht faoi fho-alt (1) den alt seo nó nach ndéanfaidh do réir cheanglas oifigigh údaraithe faoin bhfo-alt sin (1) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo. | |
[EN] |
Toirmeasc le heolas a nochtadh. |
25. —(1) Ní nochtfaidh duine ar bith eolas a bheidh ar fáil aige de bhun na gcumhacht chun eolas a fháil a tugtar dó leis an Acht seo nó trí bheith i láthair ag cruinniú de Choiste Comhairlitheach a tionólfar go príobháideach. |
[EN] | (2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) le cumarsáid ó chomhalta de Choiste Comhairlitheach nó ó oifigeach údaraithe i gcomhlíonadh a dhualgas faoin Acht seo, ná | |
[EN] | (b) le nochtadh eolais i dtuarascáil ó Choiste Comhairlitheach nó chun críche imeacht dlíthiúla faoin Acht seo. | |
[EN] | (3) Má sháraíonn aon duine fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo. | |
[EN] |
Pionóis mar gheall ar chionta. |
26. —Gach duine a dhéanfaidh cion, nó a meastar cion a bheith déanta aige, faoi aon alt den Acht seo, dlífidh sé, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air (agus ina theannta sin, más cion leanúnach é, fíneáil nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile. |
[EN] |
Cionta maidir le comhlachta corpraithe agus comhlachta neamhchorpraithe. |
27. —Má dhéanann comhlacht corpraithe nó comhlucht neamhchorpraithe nó duine a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine cion faoi aon alt den Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó aontú nó gur hurasaíodh a dhéanamh trí aon mhainneachtaint ar thaobh aon duine agus é ina stiúrthóir nó ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chéanna nó ina bhainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chéanna, measfar an cion a bheith déanta ag an duine sin freisin agus dlífear imeachta a bhunú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin. |
[EN] |
Inchúiseamh i leith cionta. |
28. —(1) Féadfaidh an tAire imeachta i leith ciona faoi aon alt den Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. |
[EN] | (2) D'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta achomaire i leith ciona faoi aon alt den Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona. |