|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Rásaíocht Chon.) |
ACHT TIONSCAIL NA gCON, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Bord na gCon. | |
[EN] |
Bunú an Bhoird. |
6. —(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, bord ar a dtabharfar mar ainm agus dá ngairmfear Bord na gCon, a bhunú an lá bunaithe chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird bhreithiúnach) agus beidh cumhacht agartha aige, agus beidh sé inagartha, faoina ainm chorpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a shealbhú. | |
[EN] |
Comhdhéanamh an Bhoird. |
7. —Seachtar comhaltaí a bheidh ar an mBord agus beidh duine acu ina chathaoirleach air agus gnáth-chomhaltaí a bheidh sna comhaltaí eile. |
[EN] |
Cathaoirleach an Bhoird. |
8. —(1) Déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais cathaoirleach an Bhoird a cheapadh ó am go ham do réir mar is gá agus, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, sealbhóidh sé oifig do réir tola an Aire. |
[EN] | (2) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a dhíreofar chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar agus ón dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir. | |
[EN] | (3) Ní bheidh leas tairbhúil ag cathaoirleach an Bhoird in únaeracht, rialú ná oibriú rás-rianta con ná i ndíolacháin phoiblí con a chur ar siúl nó a sheoladh ná i gcoin a thréineáil ar luach saothair ná i ngeall-ghlacadóireacht. | |
[EN] | (4) Íocfaidh an Bord le cathaoirleach an Bhoird cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] |
Forálacha maidir le ceapadh, téarma oifige, etc., ghnáthchomhaltaí an Bhoird. |
9. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an lá bunaithe, seisear daoine (ar comhaltaí de Bhuan-Choiste ar Chlub triúr, agus triúr ar a mhéid, díobh) a cheapadh chun bheith na ngnáth-chomhaltaí den Bhord agus tosnóidh téarma oifige gach duine a cheapfar amhlaidh an lá bunaithe, agus má éagann aon duine acu sin roimh an lá bunaithe measfar, chun críocha fo-ailt (4) den alt seo, gurb é an lá bunaithe d'éag sé. |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire gach cúigiú bliain chomhleanúnach tar eis na bliana ar lá dhi an lá bunaithe, seisear daoine (ar comhaltaí de Choiste Feidhmiúcháin an Chlub triúr, agus triúr ar a mhéid, díobh) a cheapadh chun bheith inangnáth-chomhaltaí den Bhord agus tosnóidh téarma oifige gach duine a cheapfar amhlaidh an lá díreach i ndiaidh lae a cheaptha. | |
[EN] | (3) Gach comhalta den Bhord a cheapfar faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo beidh sé, muran éag, éirí as, teacht faoi dhícháilíocht nó a chur as oifig roimhe sin dó, i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad lae eile a ndéanfaidh an tAire, de bhun fo-ailt (2) den alt seo, seisear daoine a cheapadh chun bheith ina ngnáth-chomhaltaí den Bhord. | |
[EN] | (4) Aon uair a éagfaidh gnáth-chomhalta den Bhord, a éireoidh sé as oifig, a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht nó a chuirfear as oifig é— | |
[EN] | (a) déanfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, duine eile a cheapadh chun bheith ina chomhalta den Bhord, | |
[EN] | (b) beidh an duine a cheapfar amhlaidh ina chomhalta de Choiste Feidhmiúcháin an Chlub, más lú ná triúr an méid comhaltaí den Bhord a bheidh, díreach roimh an gceapachán, ina gcomhaltaí de Choiste Feidhmiúcháin an Chlub, agus | |
[EN] | (c) muran éag, éirí as, teacht faoi dhícháilíocht nó a chur as oifig roimhe sin dó, sealbhóidh an duine a cheapfar amhlaidh oifig go dtí deireadh an chéad lae eile a ndéanfaidh an tAire, de bhun fo-ailt (2) den alt seo, seisear daoine a cheapadh chun bheith ina ngnáthchomhaltaí den Bhord. | |
[EN] | (5) Beidh gnáth-chomhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air, nó, i gcás comhalta de Choiste Feidhmiúcháin an Chlub, má scoireann sé de bheith ina chomhalta den chéanna. | |
[EN] | (6) Féadfaidh gnáth-chomhalta den Bhord éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a dhíreofar chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar agus ón dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire tráth ar bith le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gnáth-chomhalta den Bhord a chur as oifig. | |
[EN] | (8) Féadfar gnáth-chomhalta den Bhord a athcheapadh ar a théarma oifige a dhul in éag le himeacht aimsire. | |
[EN] | (9) Íocfaidh an Bord le gnáth-chomhalta den Bhord cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (10) Is é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a dhéanfaidh gach ceapachán de bhun an ailt seo. | |
[EN] |
Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird. |
10. —(1) Beidh ag an mBord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí agus beidh an chéad chruinniú ann an lá bunaithe nó a luaithe is caothúil ina dhiaidh. |
[EN] | (2) Ceathrar is córam do chruinniú den Bhord. | |
[EN] | (3) Ag cruinniú den Bhord— | |
[EN] | (a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, | |
[EN] | (b) má bhíonn agus an fhad agus a bheidh cathaoirleach an Bhoird as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. | |
[EN] | (4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh í láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí. | |
[EN] | (6) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialóidh an Bord nós imeachta agus gnó an Bhoird le buan-orduithe nó ar shlí eile. | |
[EN] |
Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird. |
11. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh an Bord cibé oifigigh agus seirbhísigh agus cibé méid díobh is cuí leis a cheapadh ó am go ham. |
[EN] | (2) I gcaitheamh na tréimhse cúig mblian dar tosach an lá bunaithe, is faoi réir cheadú an Aire a cheapfar aon duine chun poist phríomh-oifigigh an Bhoird. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur ó bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach den sórt sin. | |
[EN] | (4) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord. | |
[EN] | (5) Aon oifigeach don Bhord— | |
[EN] | (a) ní bheidh leas tairbhiúil aige in únaeracht, rialú ná oibriú rás-rianta con, i ndíolacháin phoiblí con a chur ar siúl nó a sheoladh ná i gcoin a thréineáil ar luach saothair ná i ngeall-ghlacadóireacht, agus | |
[EN] | (b) ar bheith dhó thar ceann an Bhoird ag cruinniú rásriain nó ag cruinniú cúrsála, ní dheánfaidh sé aon ghealltóireacht ag an gcruinniú ná ní bheidh leas tairbhiúil aige in únaeracht aon chon a bheidh ag iomaíocht i rás nó i mbeart ag an gcruinniú. | |
[EN] |
Oifigí an Bhoird. |
12. —(1) Chun oifigí agus áitribh a sholáthar a bheidh ag teastál chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí, féadfaidh an Bord— |
[EN] | (a) talamh a cheannach nó a thógáil ar léas, | |
[EN] | (b) oifigí agus áitribh a dhéanamh, a threalamhú agus a chothabháil. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord aon oifigí nó áitribh a bheidh ar seilbh aige agus nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí a dhíol nó a ligean ar léas. | |
[EN] |
Coistí don Bhord. |
13. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham cibé coistí agus cibé méid coistí is cuí leis a cheapadh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord aon chuid dá fheidhmeanna is dóigh leis is fearr agus is caothúla a chomhlíonfaí ag coiste a thairmligean chun coiste don Bhord, agus féadfaidh sé nós imeachta aon choiste den sórt sin a rialáil. | |
[EN] | (3) Beidh coiste don Bhord comhdhéanta de cibé méid comhaltaí is cuí leis an mBord, agus féadfaidh sé, do réir mar is rogha leis an mBord, a bheith comhdhéanta ar fad de dhaoine is comhaltaí den Bhord nó go páirteach de dhaoine is comhaltaí den Bhord agus go páirteach de dhaoine is oifigigh don Bhord. | |
[EN] | (4) Beidh gníomhartha choiste don Bhord faoi réir a ndaingnithe ag an mBord ach amháin i gcás ina gcinnfidh an Bord nach gá an daingniú sin. | |
[EN] |
Miontuairiscí. |
14. —Coimeádfar miontuairiscí ar gach cruinniú den Bhord agus ar gach cruinniú d'aon choiste don Bhord. |
[EN] |
Séala an Bhoird. |
15. —(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe. |
[EN] | (2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirligh an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin. | |
[EN] |
Cistí an Bhoird a úsáid. |
16. —(1) Féadfaidh an Bord a chistí a úsáid chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas: |
[EN] | (a) na costais a íoc faoina rachaidh sé agus é ag feidhmiú agus ag comhlíonadh a chumhacht agus a dhualgas faoin Acht seo, | |
[EN] | (b) aon airgead a íoc do réir téarmaí aon cheadúnais suimitheora a bheidh aige, | |
[EN] | (c) airgead a íoc nó deontais nó iasachtaí a thabhairt chun gach críche nó aon chríche nó aon chríocha acu seo a leanas: | |
[EN] | (i) scar-airgead agus duaiseanna ag rás-chruinnithe con, ag rás-rianta con agus ag cruinnithe cúrsála údaraithe a mhéadú, | |
[EN] | (ii) táillí ligin isteach agus éilithe dá samhail maidir le coin a bheidh ag coimhlint i mbeartanna is míreanna ag na cruinnithe sin a laghdú, | |
[EN] | (iii) coin a bheidh ag coimhlint i mbeartanna den sórt sin a iompar, | |
[EN] | (iv) rás-rianta con, faichí cúrsála údaraithe agus a soighnis a fheabhsú, | |
[EN] | (v) giorraíocha a chaomhaint, agus aire a thabhairt do ghiorraíocha agus iad a bhainistí i ndáil le cruinnithe cúrsála údaraithe, | |
[EN] | (vi) cabhrú leis an gClub lena fheidhmeanna a chomhlíonadh nó ranníoc a thabhairt faoi chomhair costais scéimeanna a bheidh á n-oibríú ag an gClub chun síolrú agus cúrsáil chon a fheabhsú agus a fhorbairt, | |
[EN] | (vii) aon chríoch a chabhródh leis an trádáil onnmhuiriúcháin chon a fhorbairt, | |
[EN] | (viii) aon chríoch eile a chabhródh le tionscal na gcon a fheabhsú agus a fhorbairt. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord cibé coinníollacha is cuí leis a chur le haon deontas nó iasacht a thabharfaidh sé nó a bheartóidh sé a thabhairt faoin alt seo. | |
[EN] |
Cumhacht an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht. |
17. —Féadfaidh an Bord cibé suimeanna a fháil ar iasacht a theastóidh uaidh chun críocha a fheidhmeanna, ach, mura dtoilí an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, leis, ní mó ná fiche cúig míle punt san iomlán a bheidh dlite aon tráth áirithe i leith iasachtaí den sórt sin. |
[EN] |
Cistí an Bhoird a infheistiú. |
18. —Féadfaidh an Bord airgead a bheidh ar láimh aige ó am go ham a infheistiú in aon slí ina n-údaraítear le dlí airgead le Banc Taisce an Phoist a infheistiú. |
[EN] |
Cuntais agus tuarascála an Bhoird. |
19. —(1) Coimeádfaidh an Bord cuntais mar is cuí agus mar is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé. |
[EN] | (2) Tabharfaidh an Bord don Aire, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach tréimhse cuntasaíochta faoi leith nó laistigh de cibé tréimhse is sia ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, achomaireacht ar chuntais an Bhoird don tréimhse chuntasaíochta sin agus tuarascáil ar a imeachta i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta sin. | |
[EN] | (3) Is i cibé foirm a ordóidh an tAire (má ordaíonn), tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a bheidh an achomhaireacht ar chuntais an Bhoird agus beidh sí arna síniú ag iniúchóir cuí-cháilithe a cheapfaidh an Bord. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an tAire cóipeanna den achomaireacht ar chuntais agus de thuarascáil an Bhoird don tréimhse chuntasaíochta a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis dó iad a fháil. | |
[EN] | (5) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas maidir le feidhmiú cumhacht agus dualgas an Bhoird a iarrfaidh an tAire ó am go ham. | |
[EN] |
Ceadúnas suimitheora. |
20. —(1) Féadfaidh an Bord ceadúnas suimitheora a iarraidh agus a shealbhú. |
[EN] | (2) Déanfar coinníoll ag toirmeasc gealltóireacht chreidmheasa a chur le ceadúnas suimitheora a dheonfar don Bhord. |