|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Airgeadas.) |
AN tACHT IOMPAIR, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Cumhachtaí agus Dualgais Ghinearálta an Bhoird. | |
[EN] |
Dualgais ghinearálta an Bhoird. |
7. —(1) Is é dualgas ginearálta an Bhoird seirbhísí iompair réasúnacha, éifeachtúla, tíobhasacha a sholáthar, ag féachaint dó go cuí do shábháltacht oibriúcháin, d'fhorbairt gheilleagair an náisiúin a spreagadh agus do choinníollacha réasúnacha fostaíochta dá fhostaithe a chothabháil. |
[EN] | (2) Is é dualgas an Bhoird a ghnóthas a stiúradh ar chuma go dtarlóidh, a thúisce is féidir, agus ar aon chor ar dháta nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta, 1964, nach mbeidh caiteachas oibríochta an Bhoird, lena n-áirítear na muirir uile is inchurtha go cuí ar ioncam, níos mó ná ioncam an Bhoird. | |
[EN] | (3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a fhorchuireann ar an mBord, go díreach ná go neamhdhíreach, aon chineál dualgais nó dliteanais is inchurtha i bhfeidhm le himeachtaí os comhair aon chúirte nach mbeadh an Bord faoina réir lasmuigh de sin. | |
[EN] |
Téarmaí agus coinníollacha iompair. |
8. —(1) San alt seo— |
[EN] | folaíonn “muirir” táillí, rátaí nó dolaidh; | |
[EN] | ciallaíonn “seirbhís” aon cheann acu seo a leanas— | |
[EN] | (a) paisnéirí agus a mbagáiste a iompar, | |
[EN] | (b) marsantas a ghlacadh, a chur ar aghaidh, a iompar agus a sheachadadh, | |
[EN] | (c) aon seirbhís nó saoráid iompair eile. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord cibé muirir is oiriúnach leis an mBord a shocrú, a éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith aon seirbhíse a sholáthróidh sé. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an mBord a chur ag gabháil le haon seirbhís a sholáthróidh sé. | |
[EN] | (4) Aon iompar marsantais d'iarnród a dhéanfaidh an Bord agus a bheidh de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 measfar gur iompar é ar an earra sin ar théarmaí agus coinníollacha atá cóir agus réasúnach. | |
[EN] | (5) Mura sonraí an Bord a mhalairt i scríbhinn, measfar iompar faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 a dhéanamh ar an marsantas go léir a iompróidh an Bord d'iarnród. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBord, na téarmaí agus na coinníollacha iompair atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 a athrú le hordú (cibé acu trí chur leis, cur in ionad nó scríos as), agus forléireofar tagairtí san alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) do na téarmaí agus na coinníollacha sin mar thagairtí do na téarmaí agus na coinníollacha sin arna n-athrú amhlaidh. | |
[EN] | (7) I gcás iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (6), tabharfaidh an Bord, má cheanglaíonn an tAire air é, fógra i dtaobh an iarratais don phobal i cibé foirm agus slí a ordóidh an tAire. | |
[EN] | (8) D'ainneoin aon riail dlí nó aon achtacháin contrártha dó sin, féadfaidh an Bord diúltú glacadh le haon trácht áirithe a thairgfear dó. | |
[EN] |
Crosairí comhréidh. 1845, c. 20. 1863, c. 92. |
9. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBord agus tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, a fhoráil le hordú nach mbeidh feidhm, i gcás crosaire chomhréidh shonraithe de chuid an ghnóthais, ag forálacha ailt 47 den Railways' Clauses Consolidation Act, 1845, ná ailt 6 den Railways Clauses Act, 1863, a bhaineann le rialú crosairí comhréidh, ná aon achtacháin eile a chorpraíonn ceanglais dá chomhéifeacht nó cibé ceann de na forálacha sin a shonrófar san ordú. |
[EN] | (2) Féadfaidh an t-ordú a cheangal ar an mBord cibé bacainní, soilse, agus feistí agus fearais, uathoibreach agus eile, a chur ar fáil agus a chothabháil, agus cibé coinníollacha agus ceanglais eile a chomhlíonadh, le haghaidh cosanta, sábháltachta agus áise an phobail, is oiriúnach leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an t-ordú a cheangal ar an mBord cúiteamh a thabhairt, i cibé slí a shonrófar san ordú, d'aon duine a dhéanfaidh seirbhísí don Bhord ag an gcrosaire comhréidh faoi aon chineál comhaontaithe, i gcás ina mbeifear tar éis scaoileadh le seirbhísí an duine sin faoin gcomhaontú de dhroim an ordaithe. | |
[EN] | (4) Beidh dréacht den ordú beartaithe ag gabháil le hiarratas ón mBord chun an Aire agus is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh an dréacht. | |
[EN] | (5) Sara ndéanfaidh sé an t-iarratas, tabharfaidh an Bord fógra i dtaobh a thogra, maraon le cóip den dréacht, don údarás bóthar iomchuí agus do Choimisinéir an Gharda Shíochána. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm. |