An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1958) Ar Aghaidh (CUID II Sócmhainní agus Dliteanais Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a Aistriú.)

20 1958

ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1958

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

1953, Uimh. 17 .

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1953” Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1953 :

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

ciallaíonn “an Chuideachta” Oibreacha Innealtóireachta Dhún Dealgan Teoranta nó cibé cuideachta eile a ainmneoidh an tAire le hordú mar chomharba di chun críocha an Achta seo;

tá le “an dáta aistrithe” an bhrí a cheaptar dó le halt 7;

folaíonn “talamh” talamh faoi uisce agus aon éasúint, brabús nó ceart i dtalamh nó thar talamh nó i dtalamh faoi uisce nó thar talamh faoi uisce;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “an Aireacht” Aireacht Tráchtála Thuaisceart Éireann;

ciallaíonn “an tAire Tráchtála” Aire Tráchtála Thuaisceart Éireann;

ciallaíonn “an Bord amach” Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt;

ciallaíonn “an comhaontú sceidealta” an comhaontú a dhéanfar de bhun ailt 3.

Cumhacht don Aire chun comhaontú a dhéanamh.

3. —Údaraítear leis seo don Aire comhaontú a dhéanamh leis an Aireacht i dtéarmaí an dréachta atá leagtha amach sá Sceideal.

Díolúine ó dhleachta stampa.

4. —Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht seo nó d'ordú faoi alt 8 a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon dleacht stampa faoin alt sin 12 a íoc ar aon chóip den sórt sin.

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Athghairm.

6. —(1) Athghairmtear leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1953 amhail ón dáta aistrithe: Cuid II (ach amháin ailt 6, 17, 18 agus 19), Cuid III, ailt 28 agus 34, fo-alt (2) d'alt 35, Cuid V agus Cuid VI.

(2) Déantar leis seo Acht 1953, sa mhéid go bhfuil sé gan athghairm faoi fho-alt (1), a athghairm amhail ó dháta díscaoilte an Bhoird amach faoi alt 20.