An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Sócmhainní agus Dliteanais Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a Aistriú.) Ar Aghaidh (CUID IV. Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a Fhorceannadh.)

20 1958

ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1958

CUID III.

Foireann.

Oifigigh agus seirbhísigh don Bhord amach a aistriú.

14. —(1) Faoi réir fo-ailt (2), gach duine a bhí, díreach roimh an dáta aistrithe, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord amach agus a bhí ina chónaí an tráth sin sa Stát tiocfaidh sé ar an dáta sin chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord ar na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse céanna.

(2) (a) Aon oifigeach nó seirbhíseach den sórt sin a bheidh, díreach roimh an dáta aistrithe, ina chomhalta de Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród, leanfaidh sé de bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord amach agus beidh sé, an dáta sin agus dá éis, ar iasacht ag an mBord le haghaidh dualgais.

(b) Leanfaidh oblagáidí an Bhoird amach faoi Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród i gcás gach oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin, cibé acu oblagáidí dlí nó oblagáidí gnáis iad, de bheith ina gceangal ar an mBord amach agus, tar éis an Bord amach a dhíscaoileadh, beidh siad ina gceangal ar an mBord.

(c) Íocfaidh an Bord leis an mBord amach, ar é dá iarraidh, an t-airgead uile a bheidh ag teastáil ó am go ham ón mBord amach chun a oblagáidí a ghlanadh i leith aon oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin.

(d) Na cearta agus na hoblagáidí uile a bhronntar nó a fhorchuirtear ar an mBord amach leis an gconradh seirbhíse nó le dlí i leith oifigigh nó seirbhísigh a bheidh ar iasacht amhlaidh beidh siad, ach amháin mar a fhoráltar le mír (b), ina gcearta agus ina n-oblagáidí de chuid an Bhoird.

(e) Gach oifigeach nó seirbhíseach a bheidh ar iasacht agus i seirbhís an Bhoird amach tráth a dhíscaoilte tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach de chuid an Bhoird ar na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse céanna.

(3) (a) Maidir le hoblagáidí an Bhoird amach faoi Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, leanfaidh siad, i gcás gach duine a bheidh i dteideal, díreach roimh an dáta aistrithe, chun sochair faoin gCiste sin agus a chónaigh sa Stát nuair a tháinig sé i gcéaduair chun bheith i dteideal amhlaidh, de bheith ina gceangal ar an mBord amach agus, tar éis an Bord amach a dhíscaoileadh, beidh siad ina gceangal ar an mBord.

(b) Íocfaidh an Bord leis an mBord amach ar é dá iarraidh an t-airgead uile a bheidh ag teastáil ó am go ham ón mBord amach chun a oblagáidí a ghlanadh i leith aon duine den sórt sin.

Scéimeanna aoisliúntais láithreacha a bhuanú i gcás fostaithe agus ath-fhostaithe an Bhoird amach.

1950, Uimh. 12 .

15. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “scéim aoisliúntais láithreach” ciste pinsin nó ciste foirne dá dtagartar sa chomhaontú sceidealta sa mhéidh go mbaineann sé le—

(a) aon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach don Bhord amach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht don Bhord, nó

(b) aon duine a bhí, díreach roimh an dáta aistrithe, i dteideal sochair faoi aon chiste den sórt sin agus a chónaigh sa Stát nuair a tháinig sé i gcéaduair chun bheith i dteideal amhlaidh;

ciallaíonn “comhalta” aon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach nó duine den sórt sin a bhí i dteideal amhlaidh.

(2) Aistreoidh an Bord amach chun an Bhoird na hurrúis agus an t-airgead a bheidh ina sheilbh chun críocha scéime aoisliúntais láithrí a dheimhnigh achtúire a cheap an tAire agus an Aireacht i gcomhar le chéile a bheith iomchuí dá chomhaltaí chun an Bord do shealbhú an chéanna chun na gcríocha céanna.

(3) Déanfaidh an Bord ó am go ham, faoi réir cheadaithe an Aire, iontaobhaithe a cheapadh chun críocha aon scéime aoisliúntais láithrí agus aistreoidh sé chun na n-iontaobhaithe sin na hurrúis agus an t-airgead a bheidh ina sheilbh chun críocha na scéime.

(4) Faoi réir forálacha an ailt seo, leanfaidh gach scéim aoisliúntais láithreach, agus bainistí na scéime sin, ar marthain an dáta aistrithe agus dá éis.

(5) Chun críocha aon achtacháin agus rialacha agus rialachán a bhaineann le haon scéim aoisliúntais láithreach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas an dáta aistrithe agus dá éis:

(a) aon chumhacht a bhí ag an mBord amach nó ag aon oifigeach dó maidir leis an scéim sin, féadfaidh an Bord nó aon oifigeach don Bhord ag a mbeidh údarás chuige sin ón mBord í a fheidhmiú;

(b) measfar, maidir le seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoin mBord nó ag an mBord i gcás aon oifigigh nó seirbhísigh don Bhord amach a bheidh ar fostú ag an mBord, gur seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoin mBord amach nó ag an mBord amach é;

(c) i gcás cumhachtaí a bheith ag an mBord amach faoi rialacha na scéime sin chun oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh chun aon choiste bhainistí, déanfaidh an Bord, ag feidhmiú na gcumhacht sin dó, oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a cheapadh atá ina gcomhaltaí den scéim sin nó a bheadh, mura mbeadh an tAcht seo nó Acht 1953, incheaptha chun an choiste bhainistí sin.

(6) Na hoblagáidí, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, atá ar an mBord amach maidir le haon scéim aoisliúntais láithreach agus maidir le gach comhalta den scéim aoisliúntais láithreach sin, beidh siad ina gceangal ar an mBord.

(7) Na daoine uile atá nó a bhí ina gcomhaltaí d'aon scéim aoisliúntais láithreach agus na daoine uile a bheidh ag déanamh éilimh de dhroim cirt aon chomhaltaí den sórt sin, beidh siad i dteideal na sochar, na gceart agus na bpribhléidí céanna agus faoi réir na n-oblagáidí céanna, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, a mbeadh na daoine sin nó a dtiocfaidís chun bheith ina dteideal nó faoina réir mura mbeadh an tAcht seo.

(8) Aon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach don Bhord amach a aistreofar chun an Bhoird agus nach comhalta d'aon scéim aoisliúntais láitreach beidh aige, an fhad a fhanfaidh sé i seirbhís an Bhoird, an ceart céanna (más ann) chun bheith ina chomhalta d'aon scéim den sórt sin a bheadh aige mura mbeadh an tAcht seo dá bhfanadh sé i seirbhís an Bhoird amach.

(9) Oifigeach nó seirbhíseach don Bhord is comhalta de scéim aoisliúntais láithreach ní bheidh sé i dteideal bheith ina chomhalta de scéim aoisliúntais a bhí bunaithe roimh an dáta aistrithe d'fhostaithe an Bhoird.

(10) Féadfaidh an Bord, aon uair is cuí leis, scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ag déanamh leasuithe (trí bhreisiú, laghdú nó athrú) ar scéim aoisliúntais láithreach nó ag déanamh leasuithe, mar adúradh, nó ag déanamh cúlghairme ar scéim leasaitheach faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3), (4) agus (6) d'alt 44 den Acht Iompair, 1950 , maidir le gach scéim a chuirfear faoi bhráid faoin alt seo.

(11) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann an Bord ó scéim aoisliúntais láithreach a leasú de réir cumhachta chuige sin sa scéim.

(12) Measfar gur faoi iontaobhas do-chúlghairmthe a bunaíodh scéim aoisliúntais láithreach.

(13) Na tagairtí atá san alt seo do scéim aoisliúntais láithreach is tagairtí iad don scéim arna oiriúnú le halt 40 d'Acht 1953.

Scéimeanna aoisliúntais láithreacha a bhuanú i gcás fostaithe Oibreacha Dhún Dealgan.

16. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “scéim aoisliúntais láithreach” ciste pinsin nó ciste foirne dá dtagartar sa chomhaontú sceidealta sa mhéid go bhaineann sé le haon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach don Bhord amach a bheidh ar fostú ag an gCuideachta, agus a mheas gur lean an ciste sin d'fheidhm a bheith aige ina chás tar éis na fostaíochta sin;

ciallaíonn “comhalta” aon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach nó duine den sórt a bhí i dteideal amhlaidh.

(2) Aistreoidh an Bord amach chun na Cuideachta na hurrúis agus an t-airgead a bheidh ina sheilbh chun críocha scéime aoisliúntais láithrí a dheimhnigh achtúire a cheap an tAire agus an Aireacht i gcomhar le chéile a bheith iomchuí dá chomhaltaí chun an Chuideachta do shealbhú an chéanna chun na gcríocha céanna.

(3) Déanfaidh an Chuideachta ó am go ham, faoi réir cheadaithe an Aire, iontaobhaithe a cheapadh chun críocha aon scéime aoisliúntais láithrí agus aistreoidh sí chun na n-iontaobhaithe sin na hurrúis agus an t-airgead a bheidh ina seilbh chun críocha na scéime.

(4) Faoi réir forálacha an ailt seo, leanfaidh gach scéim aoisliúntais láithreach, agus bainistí na scéime sin, ar marthain an dáta aistrithe agus dá éis.

(5) Chun críocha aon achtacháin agus rialacha agus rialachán a bhaineann le haon scéim aoisliúntais láithreach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas an dáta aistrithe agus dá éis:

(a) aon chumhacht a bhí ag an mBord amach nó ag aon oifigeach dó maidir leis an scéim sin, féadfaidh an Chuideachta nó aon oifigeach don Chuideachta ag a mbeidh údarás chuige sin ón gCuideachta í a fheidhmiú;

(b) measfar, maidir le seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoin gCuideachta nó ag an gCuideachta i gcás aon athoifigigh nó ath-sheirbhísigh don Bhord amach a bheidh ar fostú ag an gCuideachta, gur seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoin mBord amach nó ag an mBord amach é;

(c) i gcás cumhachtaí a bheith ag an mBord amach faoi rialacha na scéime sin chun oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh chun aon choiste bhainistí, déanfaidh an Chuideachta, ag feidhmiú an gcumhacht sin di oifigigh nó seirbhísigh don Chuideachta a cheapadh atá ina gcomhaltaí den scéim sin.

(6) Na hoblagáidí, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, atá ar an mBord amach maidir le haon scéim aoisliúntais láithreach agus maidir le gach comhalta den scéim aoisliúntais láithreach sin. beidh siad ina gceangal ar an gCuideachta.

(7) Na daoine uile atá nó a bhí ina gcomhaltaí d'aon scéim aoisliúntais láithreach agus na daoine uile a bheidh ag déanamh éilimh de dhroim cirt aon chomhaltaí den sórt sin, beidh siad i dteideal na sochar, na gceart agus na bpribhléidí céanna agus faoi réir na n-oblagáidí céanna, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, a rabhdar ina dteideal nó faoina réir go dtí seo.

(8) Aon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach don Bhord amach a bheidh ar fostú ag an gCuideachta agus nach comhalta d'aon scéim aoisliúntais láithreach beidh aige, an fhad a fhanfaidh sé i seirbhís na Cuideachta, an ceart céanna a bhí aige (má bhí) go dtí seo chun bheith ina chomhalta d'aon scéim den sórt sin.

(9) I gcás comhalta de scéim aoisliúntais láithreach d'fhágáil seirbhíse na Cuideachta, féadfaidh iontaobhaithe na scéime, ar iarratas ón gcomhalta agus más cuí leis an Aire é ag féachaint do na himthosca uile, an chionúireacht a bheidh ina leith ó cheart chun creidmheasa na scéime a aistriú chun aon scéime aoisliúntais eile a mbeidh sé ina chomhalta di.

(10) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann an Chuideachta ó scéim aoisliúntais láithreach a leasú de réir cumhachta chuige sin sa scéim.

(11) Measfar gur faoi aontas do-chúlghairmthe a bunaíodh scéim aoisliúntais láithreach.

(12) Na tagairtí atá san alt seo do scéim aoisliúntais láithreach is tagairtí iad don scéim arna oiriúnú le halt 40 d'Acht 1953.

Cúiteamh d'fhostaithe an Bhoird agus do ath-fhostaithe an Bhoird amach i gcás díbhe nó aistrithe.

1958, Uimh. 19 .

1958, Uimh. 19 .

1932, Uimh. 2 .

1933, Uimh. 8 .

1958, Uimh. 20 .

1958, Uimh. 19 .

17. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo sna cásanna seo a leanas:

(a) má tharlaíonn, de dhroim an chuid de ghnóthas an Bhoird amach atá sa Stát a dhílsiú an dáta aistrithe, go scaoilfidh an Bord le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh (lena n-áirítear oifigeach no seirbhíseach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht faoi alt 14), nó go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís, laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta seo a rith;

(b) má tharla roimh an dáta aistrithe, de dhroim an Bord amach do scor de sheirbhís traenacha a chur ar fáil, gur scaoil an Bord amach le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh nó gur aistrigh an Bord amach é go dtí post eile ina sheirbhís, agus go raibh an t-oifigeach nó an seirbhíseach ina chónaí sa Stát tráth a dhíbhe nó a aistrithe;

(c) má scoireann an Bord d'aon seirbhís iompair d'iarnród nó d'uisce-bhealach intíre a chur ar fáil nó má bhuanlaghdaíonn sé an céanna nó má chuireann sé cumhacht diesel in ionad cumhachta gaile nó má dhéantar ordú faoi alt 9 den Acht Iompair, 1958 , i ndáil le crosaire comhréidh sonraithe agus go dtarlóidh dá dhroim sin, laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta sin a rith, go scaoilfidh an Bord le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh (is oifigeach nó seirbhíseach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht faoi alt 14) nó go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo ach amháin le hoifigeach nó seirbhíseach a bhí, ar dháta a dhíbhe nó a aistrithe, ar buanfhostaíocht nó a bhí, lasmuigh de chorr bhearna fostaíochta, ar fostú ag an mBord amach nó ag an mBord, ar feadh iomlán na dtrí mblian roimhe sin.

(3) Beidh teideal ag duine lena mbaineann an t-alt seo chun cúitimh faoi alt 14 den Acht Iompair, 1958 , a oiread agus atá ag duine lena mbaineann an t-alt sin agus ar na coinníollíocha céanna leis an duine sin, ach, nuair a bheidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Iompair, 1958 , á fhorléiriú chun críocha an fho-ailt seo, go measfar mír bhreise mar leanas a bheith sa Sceideal sin:

“8. (a) Forléireofar na tagairtí sa Cheathrú Sceideal d'Acht 1950 do shean-chuideachta iompair mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt agus do Chuideachta Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (Éire).

(b) Forléireofar tagairtí sa Cheathrú Sceideal sin do sheancheadúnaí ród-iompair mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhuine ba shealbhóir ar cheadúnas paisnéara, de réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932 , nó ar cheadúnas marsantais (iompróir láithreach) de réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 , agus ar aistríodh an ceadúnas sin aige chun Boird Mhór-Iarnród an Tuaiscirt nó Cuideachta Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (Éire).

(c) Chun seirbhís inphinsin duine a ríomh faoin gCeathrú Sceideal sin—

(i) áireofar sa seirbhís inphinsin aon seirbhís (ar seirbhís í le sean-cheadúnaí ród-iompair de réir bhrí an Cheathrú Sceidil sin nó an Sceidil sin arna leathnú le fo-mhír (b) den mhír seo) a aitheantar chun críocha scéime aoisliúntais láithrí arna míniú in alt 15 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958 , agus

(ii) má glacadh an duine sin i bhfostaíocht an Bhoird mar dhuine saincháilithe in aois ba shine ná an aois ina dtosnaítí de ghnáth ar sheirbhís iompair, féadfar a sheirbhís inphinsin a mhéadú trí cibé méid blian a chur léi a meastar a bheith cóir.”

(4) Forléireofar na tagairtí don alt sin 14 in ailt 15 agus 17 den Acht Iompair, 1958 , mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don alt seo.

Cúiteamh d'fhostaithe Theach Imréitigh Iarnród na hÉireann i gcásanna díbhe nó aistrithe.

1958, Uimh. 19 .

1958, Uimh. 19 .

1950, Uimh. 12 .

18. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo má tharlaíonn, de dhroim gnóthas an Bhoird amach a scor de bheith dílsithe sa Bhord sin, go scaoilfidh Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh nó go n-aistreoidh sé é go dtí post eile ina sheirbhís, laistigh de chúig bliana ó dháta an Achta seo a rith.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo ach amháin le hoifigeach nó seirbhíseach a bhí ar buanfhostaíocht ar dháta a dhíbhe nó a bhí, lasmuigh de chorr bhearna fostaíochta, ar fostú i dTigh Imréitigh Iarnród na hÉireann ar feadh iomlán na dtrí mblian roimhe sin.

(3) Má scaoiltear lena sheirbhísí, íocfaidh Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann cúiteamh leis a ríomhfar de réir an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht Iompair, 1958 .

(4) Má aistrítear é go dtí post eile agus go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach do Thigh Imréitigh Iarnród na hÉireann, déanfaidh Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann cnapshuim a mbeidh méid réasúnach ann d'íoc de chúiteamh leis.

(5) Chun críocha fo-ailt (4) den alt seo—

(a) measfar dochar a dhéanamh d'oifigeach nó seirbhíseach do Thigh Imréitigh Iarnród na hÉireann ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Tigh sin más rud é, i gcás Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann dá aistriú, gan toiliú uaidh, ó phost go dtí post eile ina sheirbhís, go gcaillfidh sé aon airgead go díreach dá dhroim sin nó gur measa a staid maidir le coinníollacha a sheirbhíse ina n-iomláine (ar a n-áirítear tionacht oifige nó fostaíochta, luach saothair, aiscí aoisliúntais, sochair ó chiste breoiteachta nó sochair nó liúntais eile, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh agus cibé acu maidir leis féin nó lena bhaintrigh nó lena chlainn nó le cleithiúnaithe eile leis atá feidhm acu) i gcóimeas leis na coinníollacha seirbhíse a bhain leis roimh an aistriú;

(b) aon oifigeach nó seirbhíseach do Thigh Imréitigh Iarnród na hÉireann a n-aistreoidh Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann é ó phost go dtí post eile ina sheirbhís, measfar dochar a dhéanamh dhó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Tigh sin má iarrann Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann air dualgais a chomhlíonadh sa phost chun a n-aistreofar é amhlaidh nach mbeidh i gcosúlacht, nó nach breis réasúnach, leis na dualgais a bhí sé de cheangal air, roimh an aistriú, a chomhlíonadh sa phost ónar aistríodh amhlaidh é.

(6) Beidh feidhm ag ailt 41, 42 agus 43 d'Acht 1950 (a bhaineann le cúiteamh a chinneadh faoin Acht sin) i gcás cúitimh faoin alt seo, agus forléireofar tagairtí don Bhord mar thagairtí do Thigh Imréitigh Iarnród na hÉireann.

(7) Nuair a bheidh forléiriú á dhéanamh, chun críocha an ailt seo, ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Iompair, 1958 , agus ar an gCeathrú Sceideal (arna fheidhmiú leis an Dara Sceideal sin) a ghabhann leis an Acht Iompair, 1950

(a) i mír 5 den Dara Sceideal sin cuirfear “i dTigh Imréitigh Iarnród na hÉireann nó” roimh “ag údarás áitiúil” agus “ó Thigh Imréitigh Iarnród na hÉireann” in ionad “ón mBord”;

(b) i bhfo-chlásal (ii) de chlásal (a) d'fho-mhír (2) de mhír 1 den Cheathrú Sceideal sin scriosfar “má bhí seirbhís ag an duine sin le seanchuideachta iompair,”, agus

(c) i bhfo-mhír (b) de mhír 4 den Cheathrú Sceideal sin cuirfear “Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann” in ionad “an Bord”.

Forálacha cúitimh láithreacha.

19. —(1) Ní bheidh feidhm, i gcás duine lena mbaineann alt 17, ag alt 38 d'Acht 1953, a dhéanann foráil i dtaobh cúitimh i gcásanna áirithe ina ndéanfar oifigigh agus seirbhísigh a dhíbhe nó a aistriú.

(2) Ní dhéanfaidh athghairm an ailt sin 38 difir do cheart aon duine, ag a raibh teideal chun cúitimh faoi, chun an cúiteamh sin a íoc nó a bheith á íoc leis.