An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Foireann.) Ar Aghaidh (CUID V. Airgeadas.)

20 1958

ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1958

CUID IV.

Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a Fhorceannadh.

Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a fhorceannadh.

20. —(1) Nuair a bheidh an Bord amach tar éis aon iarratas a chomhlíonadh a iarr an Bord air chun a áirithiú go ndéanfar úinéireacht aon mhaoine nó sócmhainní nó aon cheart a aistriú go héifeachtúil chun an Bhoird agus tar éis a fháil amach nach mian leis an mBord aon iarratas eile a dhéanamh, tabharfaidh an Bord amach fógra dá réir sin don Aire.

(2) Más deimhin leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tráchtála (cibé acu a tugadh aon fhógra den sórt sin dó nó nár tugadh) gur comhlíonadh aon iarratas a rinneadh amhlaidh agus nach bhfuil aon iarratais eile le comhlíonadh, déanfaidh an tAire ordú nach bhfuil aon chúis leis an mBord amach do leanúint ar marthain agus tabharfaidh sé go bhfoilseofar an t-ordú san Iris Oifigiúil, agus ar an ordú a fhoilsiú beidh an Bord amach díscaoilte agus scoirfidh alt 6 d'Acht 1953, trínar corpraíodh é, d'éifeacht a bheith aige.

(3) I gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta aistrithe agus dar críoch dáta an Bhoird amach a dhíscaoileadh, fanfaidh na forálacha reachtúla agus na hionstraimí eile a bhaineann leis i bhfeidhm maidir leis amhail is nár ritheadh an tAcht seo, a mhéid a bheidh na cumhachtaí a thugtar leo ag teastáil le haghaidh a mbeidh fágtha de chríocha an Bhoird amach.

(4) Íocfaidh an Bord leath na gcaiteachas go léir (lena n-áirítear luach saothair a chomhaltaí agus an achtúire a cheapfar chun críche fo-mhíre (e) de mhír 7 den chomhaontú sceidealta) faoina rachaidh an Bord amach go réasúnach agus go cuí tar éis an dáta aistrithe chun a ghnóthaí a fhorceannadh, agus cuirfidh an Bord cibé saoráidí ar fáil don Bhord amach a theastóidh de réir réasúin ón mBord amach chun scrúdú a dhéanamh ar leabhair, cuntais agus doiciméid a tugadh suas don Bhord agus chun sleachta a thógáil astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh agus cuirfidh an Bord ar fáil don Bhord amach seirbhísí cibé oifigeach agus seirbhíseach, agus sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus go ceann cibé tréimhse ar a gcomhaontóidh an Bord agus an Bord amach nó, cheal comhaontaithe, a chinnfidh an tAire le comhaontú na hAireachta, agus íocfaidh an Bord leath luach saothair na n-oifigeach agus na seirbhíseach sin.

(5) Íocfaidh an Bord na caiteachais eile go léir faoi rachaidh an Bord amach go réasúnach agus go cuí.

Fógraí áirithe do leanúint i bhfeidhm.

21. —Gach fógra a sheirbheáil an Bord amach nó a seirbheáladh air roimh an dáta aistrithe agus nach raibh a éifeacht nó a théarma caite roimh an dáta sin leanfaidh sé, sa mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, d'fheidhm agus éifeacht a bheith aige ina dhiaidh sin amhail is dá mba fógra é a sheirbheáil an Bord nó a seirbheáladh ar an mBord ar an dáta a seirbheáladh é iarbhír agus amhail is dá mbeadh na feidhmeanna nó an mhaoin lena mbaineann an fógra sin dílsithe cheana féin sa Bhord ar an dáta sin.

Forálacha maidir le cáin ioncaim.

22. —(1) Leanfaidh an Bord amach ar an dáta aistrithe agus dá éis, de bheith faoi dhliteanas faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim aon ráiteas, tuairisceán nó sonraí a ullmhú agus a sheachadadh is gá chun críocha na nAcht sin d'aon bhliain mheasúnaithe a chríochnóidh ar nó roimh an gcéad 5ú lá d'Aibreán tar éis an dáta sin.

(2) Féadfar measúnú cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnaithe a chríochnóidh ar, nó roimh, an gcéad 5ú lá d'Aibreán tar éis an dáta aistrithe a dhéanamh ar an mBord amach ar an dáta sin nó dá éis, agus aon cháin ioncaim i leith aon mheasúnaithe den sórt sin a dhéanfar amhlaidh, agus is measúnú críochnaitheach dochloíte measfar nuair a thiocfaidh sé chun bheith dlite agus iníoctha, é a theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh an dáta sin.

(3) An duine arb é rúnaí an Bhoird nó an t-oifigeach eile a chomhlíonann dualgais rúnaí an Bhoird é, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é rúnaí an Bhoird amach nó an t-oifigeach eile a chomhlíonann dualgais rúnaí an Bhoird amach é.

(4) Beidh ag an mBord, agus tugtar leis seo don Bhord, cumhacht chun go mbainfeadh sé as sochair oifige aon duine a shealbhaíonn oifig nó fostaíocht sochair faoin mBord aon cháin ioncaim a muirearaíodh ar an mBord amach i leith aon oifige nó fostaíochta sochair a shealbhaigh an duine sin faoin mBord amach.

(5) Chun críocha an ailt seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon slí eile é, measfar an Bord amach do leanúint ar marthain ar agus tar éis an dáta díscaoilte faoi alt 20.