|
||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID IX. Cánacha a Ghnóthú agus an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, a Leasú: Cáin Ioncaim, Forcháin, agus Cáin Bhrabús Corparáide. | |
[EN] |
Imeachtaí san Ard-Chúirt i leith cánacha. |
54. —(1) Gan dochar d'aon tslí eile trína bhféadfar iallach a chur go n-íocfar suimeanna a bheidh dlite i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo, agairt a dhéanamh ina ainm féin san Ard-Chúirt chun aon tsuim a bheidh dlite maidir le haon cheann de na cánacha sin a ghnóthú, mar fhiach a bheidh dlite don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste, ón duine ar a mbeidh an céanna muirearaithe nó óna sheiceadóirí nó a riarthóirí, nó ó aon duine óna mbeidh an tsuim áirithe sin inbhailithe, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a muirearaíodh amhlaidh an duine a bheidh muirearaithe amhlaidh, agus féadfar na himeachtaí a thosú trí thoghairm achomair. |
[EN] | (2) I gcás oifigeach a thosaigh imeachtaí de bhun an ailt seo, nó a lean de na himeachtaí de bhua an fho-ailt seo, d'fháil bháis nó do scor ar aon slí eile ar aon chúis de bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha fo-ailt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) scoirfidh ceart an oifigigh sin chun leanúint de na himeachtaí agus dílseoidh an ceart chun leanúint díobh i cibé oifigeach eile a bheidh údaraithe amhlaidh agus a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim, | |
[EN] | (b) i gcás ina n-ainmneofar oifigeach eile den tsórt sin faoi mhír (a) den fho-alt seo, beidh teideal aige dá réir sin chun é a chur in ionad an oifigigh chéadluaite mar pháirtí sna himeachtaí, agus | |
[EN] | (c) i gcás ina ndéanfar oifigeach a chur amhlaidh in ionad oifigigh eile tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chosantóir gur cuireadh amhlaidh in ionad an oifigigh eile sin é. | |
[EN] | (3) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine agus go bhfuil sé údaraithe acu chun críocha fo-ailt (1) de alt seo ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin. | |
[EN] | (4) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfioras seo a leanas, eadhon, gur scoir an gearánaí de bheith ina oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim d'údaraigh siad chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, gur oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine eile, go bhfuil an duine eile sin údaraithe acu chun críocha fo-ailt (1) den alt seo agus go bhfuil sé ainmnithe acu, maidir leis na himeachtaí, chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin. | |
[EN] | (5) In imeachtaí de bhun an ailt seo— | |
[EN] | (a) beidh deimhniú arna shíniú ag cigire cánach ag deimhniú an fhíorais gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith cánach ioncaim chun bheith dlite den chosantóir agus iníoctha aige faoi mheasúnacht a tháinig chun bheith críochnaitheach agus dochloíte, agus | |
[EN] | (b) beidh deimhniú arna shíniú ag bailitheoir cánach ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gurb eisean an bailitheoir atá cuí-údaraithe chun an tsuim shonraithe sin a bhailiú, gur éilíodh go cuí ar an gcosantóir, sular tionscnaíodh na himeachtaí, an tsuim shonraithe sin a íoc agus go bhfuil an tsuim shonraithe sin nó cuid shonraithe di dlite ón gcosantóir agus gan íoc aige fós, | |
[EN] | ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin. | |
[EN] | (6) In imeachtaí de bhun an ailt seo— | |
[EN] | (a) beidh deimhniú arna shíniú ag an gCléireach do na Coimisinéirí Speisialta ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith forchánach chun bheith dlite, den chosantóir agus iníoctha aige faoi mheasúnacht a tháinig chun a bheith críochnaitheach agus dochloíte agus gur éilíodh go cuí ar an gcosantóir, sular tionscnaíodh na himeachtaí, an tsuim shonraithe sin a íoc, agus | |
[EN] | (b) beidh deimhniú arna shíniú ag an Ard-Chuntasóir Ioncaim ag deimhniú an fhíorais go bhfuil an tsuim shonraithe sin nó cuid shonraithe di dlite den chosantóir agus iníoctha aige, | |
[EN] | ina fhianaise nó go gcrúthófar a mhalairt ar na fíorais sin. | |
[EN] | (7) In imeachtaí de bhun an ailt seo— | |
[EN] | (a) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith cánach brabús corparáide chun bheith dlite den chosantóir agus iníoctha aige faoi mheasúnacht a tháinig chun a bheith críochnaitheach agus dochloíte agus gur éilíodh go cuí ar an gcosantóir, sular tionscnaíodh na himeachtaí, an tsuim shonraithe sin a íoc, agus | |
[EN] | (b) beidh deimhniú arna shíniú ag an Ard-Chuntasóir Ioncaim ag deimhniú an fhíorais go bhfuil an tsuim shonraithe sin nó cuid shonraithe di dlite den chosantóir agus iníoctha aige, | |
[EN] | ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin. | |
[EN] | (8) (a) Is foráil iomchuí den alt seo, chun críocha an fho-ailt seo, gach foráil acu seo a leanas den alt seo: | |
[EN] | (i) fo-alt (3), | |
[EN] | (ii) fo-alt (4), | |
[EN] | (iii) mír (a) d'fho-alt (5), | |
[EN] | (iv) mír (b) d'fho-alt (5), | |
[EN] | (v) mír (a) d'fho-alt (6), | |
[EN] | (vi) mír (b) d'fho-alt (6), | |
[EN] | (vii) mír (a) d'fho-alt (7), | |
[EN] | (viii) mír (b) d'fho-alt (7), | |
[EN] | (b) In imeachtaí de bhun an ailt seo, féadfar deimhniú ag deimhniú an fhíorais nó na bhfíoras dá dtagartar i bhforáil iomchuí agus a airbheartaíonn a bheith sínithe mar shonraítear sa bhforáil sin a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag duine a shealbhaigh, tráth an tsínithe, an oifig nó an post a luafar sa deimhniú gurb í nó é oifig nó post an duine a shínigh é. | |
[EN] | (9) Féadfar gach suim nó aon tsuim a bheidh dlite ó aon duine áirithe amháin i leith aon cheann nó níos mó de na cánacha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur san aon-toghairm amháin. | |
[EN] | (10) Beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (2) d'alt 27 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), maidir le himeachtaí de bhun an ailt seo fé is dá ndéarfaí i dtéarmaí na bhforálacha sin go raibh an fheidhm sin acu. | |
[EN] | (11) Na rialacha den Ard-Chúirt a bhaineann, de thuras a huaire, le himeachtaí sibhialta a thosaítear trí thoghairm achomair, bainfidh siad, faoi réir an ailt seo, le himeachtaí de bhun an ailt seo. | |
[EN] |
Alt 7 den Acht Airgid, 1923 , a leathnú. |
55. —(1) San alt seo, ciallaíonn “an príomh-alt” alt 7 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ). |
[EN] | (2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den phríomh-alt maidir le forcháin agus cáin bhrabús corparáide a ghnóthú, arna measúnú roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, fé mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim a ghnóthú. | |
[EN] | (3) In aon chás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den phríomhalt maidir le forcháin nó cáin bhrabús corparáide a ghnóthú, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin ach “oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo” a chur in ionad “an Bailitheoir gur cóir do an tsuim nár íocadh do bhailiú.” | |
[EN] | (4) I gcás ina bhfuil tagairt do thobhach faoi dheimhniú arna eisiúint faoin bpríomh-alt in ordú a rinneadh roimh an Acht seo a rith faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 ( Uimh. 25 de 1945 ), forléireofar an tagairt sin mar thagairt a fholaíonn tagairt do thobhach faoi dheimhniú arna eisiúint faoin bpríomh-alt arna leathnú leis an alt seo. | |
[EN] |
An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha) 1956, a leasú. |
56. —(1) San alt seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) . |
[EN] | (2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, déantar leis seo alt 10 den Acht a leasú mar leanas: | |
[EN] | (a) sa mhíniú ar “bliain éilimh”, cuirfear “dheich mbliana” in ionad “chúig bliana” ach amháin maidir le fo-alt (6) d'alt 12 den Acht, | |
[EN] | (b) aon bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain sin sa mhír seo) a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, agus lá nach déanaí ná an 6ú lá d'Aibreán, 1969, féadfaidh sí, ach amháin maidir le fo-alt (6) d'alt 12 den Acht, a bheith ina bliain éilimh tosaigh, i gcás nach í, agus nach féidir gurb í, aon bhliain mheasúnachta de na trí bliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain díobh an bhliain a thosaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1957, an bhliain éilimh tosaigh chun éileamh a dhéanamh agus a chruthú don bhliain sin faoi alt 12 den Acht, | |
[EN] | (c) sa mhíniú ar “tréimhse chuntasaíochta”, cuirfear “1966” in ionad “1961” ach amháin maidir le fo-alt (10) d'alt 13 den Acht, | |
[EN] | (d) folóidh an míniú ar “earraí”— | |
[EN] | (i) iasc a táirgeadh sa Stát ar fheirm éisc, agus | |
[EN] | (ii) muisiriúin saothraithe, a saothraíodh sa Stát, agus i gcás ina gclóifear leabhair sa Stát ag daoine seachas a bhfoilsitheoir agus go n-onnmhuireoidh a bhfoilsitheoir iad nó cuid díobh (nach cás lena mbaineann an coinníoll sa mhíniú sin), measfar chun críocha an mhínithe sin, gur sa Stát, ag a bhfoilsitheoir, a monaraíodh na leabhair. | |
[EN] | (3) Ní thabharfar faoiseamh ó cháin ioncaim de bhua fo-ailt (2) den alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta i ndiaidh na bliana measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht, amhail ó dháta an Achta a rith, ag an leasú a shonraítear i mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, agus féadfar faoiseamh ó cháin maidir leis an tréimhse idir dáta an rite sin agus dáta an Achta seo a rith a thabhairt dá réir sin trí aisíoc nó ar shlí eile de réir mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] | (5) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 den Acht, le héifeacht amhail ó dháta an Achta a rith, trí “comhlacht corpraithe” a chur in ionad “cuideachta”. | |
[EN] | (6) Leasaítear leis seo alt 16 den Acht, le héifeacht amhail ón 6ú lá d'Aibreán, 1958, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (5): | |
[EN] | “(5a) Beidh feidhm ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), maidir le liúntas foirgníochta tionscail fé mar atá feidhm aige maidir le hasbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.” |