|
||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1958
[EN] | ||||||||||||||||||||
[EN] |
AN CHEAD SCEIDEAL. Blianachtaí Scoir (Coigeartuithe ar an Teorainn le Préimheanna Cáilitheacha). | |||||||||||||||||||
Cuid I. Sealbhóirí Oifige nó Fostaíochta Inphinsin. | ||||||||||||||||||||
1. Faoi réir na míreanna seo a leanas, beidh, i gcás pearsan is sealbhóir oifige nó fostaíochta inphinsin, feidhm ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 41 den Acht seo ach tagairtí do chúig céad punt lúide an deichiú cuid dá shochair inphinsin in aghaidh na bliana measúnachta a chur in ionad na tagairte do chúig céad punt. | ||||||||||||||||||||
2. I gcás gan pearsa a bheith ina shealbhóir oifige nó fostaíochta inphinsin ach ar feadh coda den bhliain mheasúnachta, ansin— | ||||||||||||||||||||
(a) ní bheidh feidhm ag mír 1 den Sceideal seo má bhíonn an coinníoll atá i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 40 den Acht seo gan comhlíonadh tráth ar bith i rith na coda sin den bhliain; ach | ||||||||||||||||||||
(b) má chomhlíontar an coinníoll tráth den tsórt sin agus go gcomhlíontar freisin é tráth i rith na coda eile den bhliain, beidh feidhm ag mír 1 den Sceideal seo ach go gcuirfear in ionad an deichiú cuid cibé cionúireacht is lú ná sin a bheidh cóir. | ||||||||||||||||||||
3. Chun críocha na Coda seo den Sceideal seo, glacfar gurb iad sochair inphinsin pearsan in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, méid, arna mheas de réir na bhforálacha a bhaineann le Sceideal E, aon ioncaim leis in aghaidh na bliana (ach, más fear pósta é, gan ioncam a bhanchéile a ríomh)— | ||||||||||||||||||||
(a) ar ioncam é de bharr luach saothair ó aon oifig nó fostaíocht inphinsin, nó | ||||||||||||||||||||
(b) ar ioncam é ó aon mhaoin a ghabhann le sochair, nó ar cuid é de shochair, aon oifige nó fostaíochta inphinsin. | ||||||||||||||||||||
Cuid II. Daoine a rugadh an bhliain 1917 nó roimhe sin. | ||||||||||||||||||||
4. Faoi réir míre 5 den Sceideal seo, beidh éifeacht, i gcás pearsan a rugadh am a shonraítear sa chéad cholún den Tábla atá leagtha amach thíos, ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 41 den Acht seo agus ag Cuid I den Sceideal seo ach go gcuirfear in ionad na dtagairtí do chúig céad punt, agus don chodán an deichiú cuid, tagairtí faoi seach don tsuim sin agus don chéatadán sin a shonraítear dá chás sa dara colún agus sa tríú colún den Tábla. | ||||||||||||||||||||
AN TABLA. | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
5. (1) Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo den Sceideal seo maidir le haon bhliain mheasúnachta ina dtarlóidh, maidir lena sheirbhísí san am a caitheadh in aon oifig nó fostaíocht a bhí aige roimhe sin (nach ceann ar go páirt-aimsire amháin d'fhónaigh sé inti)— | ||||||||||||||||||||
(a) go bhfaighidh sé aon ioncam i leith pinsin is iníoctha faoi réim nó de bhun scéime aoisliúntais faoi choimirce nó a rinne duine eile a cheannach nó a sholáthar ar shlí eile dó, nó | ||||||||||||||||||||
(b) go mbeidh ceart aige faoi scéim aoisliúntais faoi choimirce chun pinsin nach iníoctha faoi láthair, cibé acu gur toisc é bheith ar fionraí é nó toisc gurb é amháin an tráth a thiocfaidh sé chun bheith iníoctha tráth san am le teacht nó ar theagmhas éigin do tharlachtaint (ach nach bhfolaíonn ceart a bhraitheann freisin ar sheirbhís in oifig nó i bhfostaíocht atá aige de thuras na huaire). | ||||||||||||||||||||
(2) Sa mhír seo, folaíonn “pinsean” aon aoisliúntas nó liúntas eile nó pá siarainn. |