An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. Blianachtaí Scoir (Coigeartuithe ar an Teorainn le Préimheanna Cáilitheacha).) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. Díbhinní a Measfar gur as Brabúis a Carnadh roimh Dháta Áirithe a Iocadh Iad.)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

AN DARA SCEIDEAL.

Forálacha maidir le Faoiseamh ó Cháin Ioncaim (lena náirítear Forcháin) agus ó Cháin Bhrabús Corparáide trí Chreidmheas i leith Cánach Coigríche.

Alt 44.

Léiriú.

1. (1) Sa Sceideal seo, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “comhshocraíochtaí” comhshocraíochtaí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire de bhua ailt 44 den Acht seo nó ailt 12 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) , nó ailt 14 den Acht Airgeadais, 1955 (Uimh. 13 de 1955) ;

folaíonn “cáin ioncaim” forcháin;

ciallaíonn “ioncam”, maidir le cáin bhrabús corparáide, brabús;

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach foinse arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “na Cánacha Éireannacha” cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus cáin bhrabús corparáide;

ciallaíonn “cáin choigríche”, maidir le haon chríoch ina bhfuil feidhm dlí ag comhshocraíochtaí, aon cháin is inmhuirir faoi dhlithe na críche sin agus ar féidir creidmheas a lamháil ina leith faoi na comhshocraíochtaí.

(2) Déanfar aon tagairt atá sa Sceideal seo do cháin choigríche a fhorléiriú, maidir le creidmheas a bheidh le lamháil faoi aon chomhshocraíochtaí, mar thagairt nach mbaineann ach le cáin is inmhuirir faoi dhlithe na críche a mbeidh na comhshocraíochtaí déanta ina leith.

Ginearálta.

2. (1) Faoi réir forálacha an Sceidil seo, má bhíonn creidmheas le lamháil, faoi na comhshocraíochtaí, i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha is inmhuirir i leith aon ioncaim, laghdófar méid na gcánacha Éireannacha méid an chreidmheasa.

(2) Déanfar ar dtús an creidmheas a bheidh le lamháil a úsáid do laghdú méide aon chánach bhrabús corparáide is inmhuirir i leith an ioncaim agus, a mhéid nach féidir é a úsáid amhlaidh, úsáidfear é do laghdú na cánach ioncaim is inmhuirir i leith an chéanna.

(3) Ní údaraíonn aon ní sa mhír seo creidmheas a lamháil i gcoinne aon chánach Éireannaí nach inlamháilte creidmheas ina coinne faoi na comhshocraíochtaí.

Ceanglais maidir le corprú agus cónaí.

3. (1) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide mura mbeidh an chuideachta ar i leith a hioncam is inmhuirir an cháin bhrabús corparáide corpraithe faoi dhlithe nó le dlithe an Stáit.

(2) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta mura mbeidh an duine ar i leith a ioncaim is inmhuirir an cháin ina chónaí sa Stát an bhliain sin.

Teorainn le creidmheas iomlán—cáin bhrabús corparáide.

4. Ní bheidh méid an chreidmheasa a bheidh le lamháil i gcoinne canach brabús corparáide do cháin choigríche i leith aon ioncaim níos mó ná méid na cánach brabús corparáide is inchurtha i leith an ioncaim sin.

Teorainn le creidmheas iomlán—cáin ioncaim.

5. (1) Ní bheidh méid an chreidmheasa a bheidh le lamháil i gcoinne cánach ioncaim do cháin choigríche i leith aon ioncaim níos mó ná an tsuim a gheofaí trí mhéid an ioncaim sin a ríomh de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim agus cáin ioncaim a mhuirearú air ansin in aghaidh na bliana measúnachta dá mbeidh an creidmheas le lamháil, ach de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá—

(a) i gcás duine ar inmhuirir cáin ioncaim, ach nach inmhuirir forcháin, ar a ioncam, ráta arna ríomh tríd an gcáin ioncaim is iníoctha ag an duine sin in aghaidh na bliana sin a roinnt ar mhéid ioncaim iomláin an duine sin in aghaidh na bliana sin;

(b) i gcás duine ar inmhuirir forcháin ar a ioncam, suim na rátaí seo a leanas—

(i) an ráta arbh é an ráta iomchuí é ina chás, dá mbeadh cáin ioncaim, ach nach mbeadh forcháin, inmhuirir ar a ioncam, agus

(ii) an ráta a gheofaí tríd an bhforcháin is iníoctha aige in aghaidh na bliana sin a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana sin:

Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás nach mbeidh creidmheas le lamháil faoi na comhshocraíochtaí i gcoinne forchánach in aghaidh na bliana, an ráta a ríomh i ngach cás mar dhéanfaí i gcás daoine ar inmhuirir cáin ioncaim, ach nach inmhuirir forcháin, ar a n-ioncaim, agus i gcás nach mbeidh creidmheas le lamháil faoi na comhshocraíochtaí, ach amháin i gcoinne forchánach in aghaidh na bliana, is é an ráta an ráta a gheofar tríd an bhforcháin is iníoctha ag an duine iomchuí in aghaidh na bliana a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana.

(2) Chun an ráta sin a chinneadh, déanfar an cháin is iníoctha ag duine ar bith in aghaidh bliana ar bith a ríomh gan aird a thabhairt ar aon fhaoiseamh i leith préimheanna árachais saoil agus gan aon laghdú ar an gcéanna i leith aon chreidmheasa a lamháladh nó a bheidh le lamháil faoi aon chomhshocraíochtaí ag a mbeidh éifeacht de bhua ailt 44 den Acht seo, ach measfar í a bheith laghdaithe d'aon cháin a bheidh de theideal ag an duine iomchuí a mhuirearú ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, i gcoinne aon duine eile, agus measfar ioncam iomlán aon duine a bheith laghdaithe de mhéid aon ioncaim a bhfuil an duine sin i dteideal an cháin ioncaim air a mhuirearú mar adúradh.

(3) Má bhíonn creidmheas i leith cánach coigríche le lamháil i leith aon ioncaim agus go mbeadh, mura mbeadh forálacha na fo-mhíre seo, aon fhaoiseamh le lamháil i leith an ioncaim sin faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), ní lamhálfar an faoiseamh sin.

6. Gan dochar d'fhorálacha na míre deiridh roimhe seo, ní bheidh an creidmheas iomlán a lamhálfar do dhuine i gcoinne cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe níos mó ná an chain ioncaim iomlán is iníoctha ag an duine iomchuí in aghaidh na bliana measúnachta sin lúide aon cháin a bheadh teideal ag an duine sin a mhuirearú, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, ar aon duine eile.

An fheidhm a bheidh ag lamháil chreidmheasa ar ríomh ioncaim.

7. (1) Faoi réir forálacha na míre seo, ní dhéanfar, i gcás ina mbeidh cáin ioncaim le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, aon asbhaint i leith cánach coigríche (cibé acu i leith an ioncaim sin nó aon ioncaim eile é) nuair a bheifear ag ríomh méid an ioncaim sin chun críocha cánach brabús corparáide.

(2) I gcás ina bhfolóidh an t-ioncam díbhinn agus, go mbeidh, faoi na comhshocraíochtaí, cáin choigríche nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint i leith na díbhinne le cur i gcuntas nuair a bheifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas, agus, má tá, cé mhéid creidmheasa atá, le lamháil i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, measfar chun críocha cánach brabús corparáide, méid an ioncaim a bheith arna mhéadú de mhéid na cánach coigríche nach inmhuirir amhlaidh agus a bheidh le cur i gcuntas nuair a bheidh méid an chreidmheasa á ríomh.

(3) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den mhír seo, i gcás nach féidir cuid den cháin choigríche i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin choigríche a mbeidh sé le meas, faoi fho-mhír (2) den mhír seo, go méadaíonn sí an t-ioncam) a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, measfar, chun críocha cánach brabús corparáide, méid an ioncaim a bheith arna laghdú den chuid sin den cháin choigríche sin.

8. (1) Nuair a bheidh creidmheas i leith cánach coigríche le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den mhír seo maidir le méid an ioncaim sin a ríomh chun críocha cánach ioncaim.

(2) I gcás ina mbraithfidh an cháin ioncaim is iníoctha ar an méid a fuarthas sa Stát, measfar an méid sin a bheith arna mhéadú de mhéid an chreidmheasa is inlamháilte i gcoinne cánach ioncaim.

(3) I gcás nach mbeidh feidhm ag an bhfo-mhír dheiridh roimhe seo—

(a) ní dhéanfar aon asbhaint i leith cánach coigríche (cibé acu i leith an ioncaim chéanna nó aon ioncaim eile é), agus

(b) i gcás ina bhfolóidh an t-ioncam díbhinn agus go mbeidh, faoi na comhshocraíochtaí, cáin choigríche nach inmhuirir, go díreach nó trí asbhaint, i leith na díbhinne, le cur i gcuntas nuair a bheifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas, agus má tá, cé mhéid creidmheasa atá, le lamháil i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, measfar méid an ioncaim a bheith arna mhéadú de mhéid na cánach coigríche nach inmhuirir amhlaidh agus a bheidh le cur i gcuntas nuair a bheifear ag ríomh méid an chreidmheasa, ach

(c) d'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den fho-mhír seo, i gcás ina mbeidh aon chuid den cháin choigríche i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin choigríche a mbeidh sé le meas, faoi chlásal (b) den fho-mhír seo, go méadaíonn sí an t-ioncam) le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide nó nach féidir í a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, measfar, chun críocha cánach ioncaim méid an ioncaim a bheith arna laghdú den chuid sin den cháin choigríche.

(4) Maidir le ríomh ioncaim iomláin dhuine chun an ráta a luaitear i mír 5 den Sceideal seo a chinneadh beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den mhír seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) déanfar tagairt do mhéid na cánach coigríche i leith an ioncaim a chur in ionad na tagairte i bhfo-mhír (2) do mhéid an chreidmheasa is inlamháilte i gcoinne cánach ioncaim (i gcás díbhinne, fágfar as cuntas cáin choigríche nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint i leith na díbhinne), agus

(b) ní bheidh feidhm ag clásail (b) agus (c) d'fho-mhír (3),

agus faoi réir na modhnuithe sin beidh éifeacht acu maidir leis an ioncam uile a mbeidh, ina chás, creidmheas le lamháil i leith cánach coigríche faoi aon chomhshocraíochtaí.

Forálacha speisialta maidir le díbhinní.

9. Má bhíonn, i gcás aon díbhinne, cáin choigríche nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint i leith na díbhinne le cur i gcuntas, faoi na comhshocraíochtaí, nuair a bheifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas, agus, má tá, cé mhéid creidmheasa atá, le lamháil i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, is í an cháin choigríche nach inmhuirir amhlaidh a bheidh le cur i gcuntas an cháin den tsórt sin is inmhuirir ar an gcomhlacht corpraithe a íocfaidh an díbhinn ar na brabúis iomchuí, sa mhéid gur inchurtha í go cuí i leith na cionúireachta de na brabúis iomchuí dá seasann an díbhinn.

Is iad na brabúis iomchuí:

(a) más in aghaidh tréimhse sonraithe a íocfar an díbhinn, brabúis na tréimhse sin;

(b) muran in aghaidh tréimhse sonraithe ach gur as brabúis shonraithe a íocfar an díbhinn, na brabúis sin;

(c) muran in aghaidh tréimhse sonraithe ná as brabúis shonraithe a íocfar an díbhinn, brabúis na tréimhse deiridh dá ndearnadh suas cuntais an chomhlachta chorpraithe agus a chríochnaigh sular tháinig an díbhinn chun a bheith iníoctha:

Ar choinníoll, má bhíonn, i gcás lena mbainfidh fo-mhír (a) nó fo-mhír (c) den mhír seo, breis ag an díbhinn iomlán ar na brabúis, a bheidh ar fáil le roinnt, de chuid na tréimhse a luaitear i bhfomhír sin (a) nó i bhfo-mhír sin (c) de réir mar bheidh, is iad na brabúis iomchuí brabúis na tréimhse sin móide an oiread de bhrabúis thréimhsí roimhe sin a bheidh ar fáil le roinnt (seachas brabúis a roinneadh roimhe sin nó a áiríodh roimhe sin mar bhrabúis iomchuí chun críocha na míre seo) agus is comhionann leis an mbreis; agus chun críocha an choinníll sin cuirfear brabúis na tréimhse deiridh is gaire don am i láthair i gcuntas ar dtús, ansin brabúis na tréimhse deiridh díreach roimhe sin arís, agus mar sin de.

10. I gcás—

(a) ina mbeidh foráil sna comhshocraíochtaí, maidir le díbhinní d'aicme áirithe, ach nach mbeidh foráil iontu maidir le díbhinní d'aicmí eile, go mbeidh cáin choigríche nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint i leith díbhinní le cur i gcuntas nuair a bheifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas, agus má tá, cé mhéid creidmheasa atá, le lamháil i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na ndíbhinní, agus

(b) go n-íocfar díbhinn nach díbhinn d'aicme a mbeidh foráil den tsórt sin maidir léi sna comhshocraíochtaí,

ansin, má íoctar an díbhinn le cuideachta a bhfuil urlámh, díreach nó neamhdhíreach, aici ar chuid nach lú ná leath na cumhachta vótála sa chuideachta a íocfaidh an díbhinn, lamhálfar creidmheas fé is dá mba dhíbhinn d'aicme a bhfuil foráil den tsórt sin maidir léi sna comhshocraíochtaí an díbhinn.

Ilghnéitheach.

11. Ní lamhálfar creidmheas faoi na comhshocraíochtaí i gcoinne na gcánacha Éireannacha is inmhuirir i leith aon ioncaim de chuid aon duine áirithe má roghnaíonn an duine sin nach lamhálfar creidmheas i leith an ioncaim sin.

12. I gcás ina bhféadfar, faoi na comhshocraíochtaí, faoiseamh a thabhairt sa Stát nó sa chríoch ar maidir léi a bheidh na comhshocraíochtaí déanta i leith aon ioncaim agus go ndealraíonn sé nach bhfuil an mheasúnacht i leith cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide a bheidh déanta maidir leis an ioncam déanta maidir le méid iomlán an ioncaim nó gur measúnacht neamhchruinn í ag féachaint don chreidmheas a bheidh le tabhairt, má bhíonn, faoi na comhshocraíochtaí, féadfar cibé measúnachtaí breise a dhéanamh is gá chun a áirithiú go measúnófar méid iomlán an ioncaim agus go dtabharfar an creidmheas iomchuí, más aon chreidmheas é, ina leith, agus má bhíonn íoc an ioncaim ar iontaoibh aon duine sa Stát, féadfar aon mheasúnacht bhreise den tsórt sin i leith cánach ioncaim a dhéanamh ar fháltaí an ioncaim faoi Chás VI de Sceideal D.

13. (1) Faoi réir míre 14 den Sceideal seo, aon éileamh ar liúntas i modh creidmheasa do cháin choigríche i leith aon ioncaim déanfar é, i scríbhinn, chun an chigire chánach tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na bliana measúnachta iomchuí, agus, má dhéanann an cigire agóid i gcoinne aon éilimh den tsórt sin, éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta é fé is dá mb'achomharc chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim é agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht nó cás a shonrú ag lorg tuairime na hArdchúirte ar phointe dlí.

(2) Sa mhír seo, ciallaíonn “an bhliain mheasúnachta iomchuí”, maidir le creidmheas do cháin choigríche i leith aon ioncaim, an bhliain mheasúnachta a bhfuil cáin ioncaim le muirearú ar an ioncam sin ina haghaidh nó a mbeadh cáin ioncaim le muirearú amhlaidh ina haghaidh dá mbeadh aon cháin ioncaim inmhuirir i leith an chéanna.

14. I gcás méid aon chreidmheasa a bheidh tugtha faoi na comhshocraíochtaí a bheith iomarcach nó neamhdhóthaineach de dhroim aon choigeartaithe ar mhéid aon chánach is iníoctha sa Stát nó i gcríoch ar maidir léi a bheidh na comhshocraíochtaí déanta, ní bheidh feidhm ag aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim nó sna hachtacháin, a bhaineann le cáin bhrabús corparáide ag teorannú an ama chun measúnachtaí nó éilimh ar fhaoiseamh a dhéanamh, maidir le haon mheasúnacht nó éileamh de dhroim an choigeartaithe is measúnacht nó éileamh a bheidh arna dhéanamh tráth nach déanaí ná sé bliana ón am a bheidh iomlán na measúnachtaí, na gcoigeartuithe agus na gcinnte eile sin arna ndéanamh agus a bhainfidh le hábhar le linn a bheith á chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aon chreidmheas le tabhairt agus, má tá, cé mhéid.