An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL. Forálacha maidir le Faoiseamh ó Cháin Ioncaim (lena náirítear Forcháin) agus ó Cháin Bhrabús Corparáide trí Chreidmheas i leith Cánach Coigríche.) Ar Aghaidh (AN CEATHRU SCEIDEAL. Achtacháin a Athghairmtear.)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

AN TRIU SCEIDEAL.

Díbhinní a Measfar gur as Brabúis a Carnadh roimh Dháta Áirithe a Iocadh Iad.

Alt 51.

1. (1) Faoi réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo, measfar, chun críocha ailt 51 den Acht seo agus an Sceidil seo, gur as brabúis a carnadh roimh dháta áirithe (dá ngairtear an dáta iomchuí anseo feasta sa Sceideal seo) a íocadh go hiomlán díbhinn—

(a) más in aghaidh tréimhse, ar tréimhse roimh an dáta iomchuí ar fad í, a dhearbhófar í,

(b) mura dtiocfaidh aon bhrabúis chun na cuideachta sa tréimhse dar tosach an dáta iomchuí agus dar críoch an dáta ar iníoctha an díbhinn, nó

(c) mura mbeidh, ag féachaint do mhír 3 den Sceideal seo, aon chuid as brabúis na cuideachta sa tréimhse sin dar tosach an dáta iomchuí, ar fáil chun an díbhinn a íoc.

(2) Faoi réir a bhfuil anseo roimhe seo, i gcás ina mbeidh, ag féachaint do mhír 3 den Sceideal seo, cuid éigin as brabúis na cuideachta sa tréimhse sin dar tosach an dáta iomchuí ar fáil, chun an díbhinn a íoc ach gur mó ná an chuid sin de na brabúis an méid iomlán a dáileadh ag íoc na glan-díbhinne ar na scaireanna uile den aicme a bheidh i gceist, measfar, chun na gcríocha sin, an díbhinn a bheith arna híoc, a mhéid is comhionann leis an gcomhréir idir an mbreis sin agus an méid iomlán sin, as brabúis a carnadh roimh an dáta iomchuí.

(3) Chun críocha an Sceidil seo measfar díbhinn arna dearbhú in aghaidh tréimhse ar roimh an dáta iomchuí do chuid di agus i ndiaidh an dáta iomchuí don chuid eile di a bheith comhdhéanta de dhá dhíbhinn a dearbhaíodh faoi seach in aghaidh an dá chuid den tréimhse agus de mhéideanna ar comhréir leis na coda sin.

2. (1) D'ainneoin forálacha na míre roimhe seo, ní mheasfar díbhinn ná aon chuid de a bheith arna híoc as brabúis a carnadh roimh an dáta iomchuí—

(a) má tháinig sí chun bheith iníoctha laistigh de bhliain ón dáta sin, agus

(b) más é tuairim na gCoimisinéirí Speisialta maidir le ráta bliantúil na díbhinne ar na scaireanna iomchuí an bhliain sin—

(i) nach mó go substainteach é ná ráta bliantúil na díbhinne ar na scaireanna sin sa tréimhse trí bliana dar críoch an dáta iomchuí, nó

(ii) i gcás ina bhfuarthas na scaireanna iomchuí i ngnáth-chúrsa gnó a bhain le scaireanna a eisiúint go poiblí agus a shuíomh, gurb é atá ann toradh as costas an duine a bheidh tar éis an díbhinn a fháil agus nach mó go substainteach ná an toradh dob fhéidir a fháil trí infheistiú i scaireanna inchomórtais a luaitear a bpraghsanna ar stocmhargaí sa Stát.

(2) Chun críocha clásail (b) den fho-mhír roimhe seo tabharfaidh na Coimisinéirí Speisialta aird ar na díbhinní uile a íocadh ar na scaireanna sna tréimhsí faoi seach, ar aon scair-eisiúint a rinneadh sna tréimhsí sin chun sealbhóirí na scaireanna agus, i gcás faoi fho-chlásal (i) den chlásal sin (b), mura raibh na scaireanna ann ar aon chor trí bliana roimh an dáta iomchuí, ar na díbhinní a íocadh i leith, agus ar aon stoc-eisiúint a rinneadh le sealbhóirí, aon scaireanna a géilleadh mar mhalairt ar na scaireanna céadluaite nó ar trí cheart a chinn uathu a fuarthas na scaireanna céadluaite, agus glacfaidh siad cibé meánmhéideanna agus déanfaidh siad cibé coigeartuithe is dóigh leo is gá chun comórtas cóir a dhéanamh.

3. (1) Is mar leanas a chinnfear an chuid de bhrabúis na cuideachta in aghaidh na tréimhse dar tosach an dáta iomchuí agus dar críoch an dáta is iníoctha díbhinn a bheidh ar fáil chun an díbhinn a íoc.

(2) Asbhainfear as na brabúis sin cibé méid, cibé acu méid socair é nó méid ar comhréir le méid na mbrabús, is ceart agus is réasúnach, dar leis na Coimisinéirí Speisialta, a áireamh mar mhéid a cuireadh de leataoibh chun díbhinní a íoc ar aon aicme eile scaireanna sa chuideachta, ag féachaint do na cearta faoi seach a ghabh leis na scaireanna, agus ar an tuiscint go mbeidh an méid iomlán a bheidh ar fáil le dáileadh mar ghlan-díbhinn ar na scaireanna uile sa chuideachta thar aon tréimhse níos mó nó níos lú go comhréireach ná brabúis na cuideachta sa tréimhse dar tosach an dáta iomchuí agus dar críoch an dáta ar iníoctha an díbhinn a luaitear sa bhfo-mhír roimhe seo, de réir mar bheidh an chéad tréimhse a luaitear níos sia nó níos giorra ná an dara tréimhse a luaitear.

(3) I gcás inar amhlaidh a bheidh, i rith na tréimhse dar tosach an dáta iomchuí agus dar críoch an dáta ar iníoctha an díbhinn, nach dtáinig aon díbhinn roimhe sin chun bheith iníoctha ar na scaireanna den aicme a bheidh i gceist, measfar iomlán brabús na cuideachta sa tréimhse, lúide aon asbhaint a bheidh le déanamh faoin bhfo-mhír dheiridh roimhe seo, a bheith ar fáil chun an díbhinn a íoc.

(4) Má tháinig aon díbhinn roimhe sin chun bheith iníoctha ar na scaireanna céanna sa tréimhse sin, cinnfear de réir na míreanna roimhe seo an méid, más aon mhéid é, den díbhinn sin roimhe sin a mheasfar a íocadh as brabúis a carnadh roimh an dáta iomchuí, agus measfar brabúis na cuideachta, sa tréimhse adúradh, lúide aon asbhaint a bheidh le déanamh mar adúradh, a bheith ar fáil go príomha chun glan-mhéid na díbhinne roimhe sin a íoc a mhéid nach measfar í a bheith arna híoc as brabúis a carnadh roimh an dáta iomchuí agus ní mheasfar a bheith ar fáil chun an díbhinn is déanaí a íoc ach an iarmhéid sin a bheidh fágtha má bhíonn aon armhéid fágtha.

(5) I gcás ina mbeidh sé le cinneadh ag na Coimisinéirí Speisialta, faoi fho-mhír (2) den mhír seo, cé mhéid ba cheart a chur de leataobh chun díbhinní a íoc ar scaireanna d'aon aicme, agus go mbeifear tar éis a áireamh faoin Sceideal seo gur as brabúis a carnadh roimh an dáta iomchuí a íocadh aon chuid de dhíbhinní ar scaireanna den aicme sin, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta aird a thabhairt air sin agus laghdú dá réir a dhéanamh ar an méid a bheidh le cur de leataobh amhlaidh.

4. (1) Chun críocha an Sceidil seo, is mar leanas a chinnfear brabúis chuideachta i dtréimhse áirithe.

(2) Is iad na brabúis sin ioncaim na cuideachta in aghaidh na tréimhse arna laghdú—

(a) den cháin ioncaim a d'íoc an chuideachta iarbhír in aghaidh aon bhliana measúnachta sa tréimhse sin (lena n-áirítear aon fhorcháin a muirearaíodh ar an gcuideachta faoi alt 21 den Finance Act, 1922, agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin), agus

(b) den cháin bhrabús corparaíde dob iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse sin:

Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh faoiseamh tugtha don chuideachta faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), alt 14 den Acht Airgeadais, 1955 ( Uimh. 13 de 1955 ), nó alt 44 den Acht seo, go ndéanfar tagairtí sa bhfo-mhír seo do cháin a íocadh iarbhír nó do cháin is iníoctha a fhorléiriú mar thagairtí don cháin a bheadh íoctha nó iníoctha mura dtabharfaí an faoiseamh sin.

(3) Nuair a bheifear a dhéanamh amach chun críocha na míre seo méid na cánach ioncaim agus na cánach brabús corparáide a ndéanfar a chóimhéid de laghdú ar ioncam na cuideachta in aghaidh na tréimhse, fágfar as cuntas aon cháin ar an méid a bheidh le hasbhaint faoi chlásal (d) d'fho-mhír (3) de mhír 5 den Sceideal seo.

5. (1) Chun críocha an Sceidil seo, is mar leanas a chinnfear ioncam na cuideachta in aghaidh tréimhse áirithe.

(2) Ríomhfar comhiomlán—

(a) aon bhrabús nó gnóchain sa tréimhse ó aon trádáil a bhí ar siúl ag an gcuideachta, arna ríomh de réir na bhforálacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D, agus

(b) aon ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta sa tréimhse (arna ríomh de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim) seachas brabúis nó gnóchan ó aon trádáil den tsórt sin.

(3) Asbhainfear as an gcomhiomlán sin suim na méideanna seo a leanas, is é sin le rá—

(a) aon chaillteanas a bhain don chuideachta sa tréimhse in aon trádáil den tsórt sin (arna ríomh ar an modh céanna ar inríofa brabúis nó gnóchan faoi na forálacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D),

(b) aon liúntais i leith aon trádála den tsórt sin faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D, fo-alt (3) d'alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) , Cuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) , nó Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 (Uimh. 20 de 1957) , in aghaidh aon bhliana measúnachta sa tréimhse,

(c) aon íocaíochtaí a rinne an chuideachta in aon bhliain mheasúnachta sa tréimhse lena mbaineann Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta, seachas íocaíochtaí is inasbhainte le linn brabúis nó gnóchan nó caillteanais trádála a bhí ar siúl aige a bheith á ríomh, agus

(d) mura mbeidh trádáil den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 51 den Acht seo ar siúl ag an gcuideachta agus go bhfuair sí, i mbliain mheasúnachta sa tréimhse, díbhinn (is díbhinn a dtáinig an chuideachta, an 19ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis chun bheith i dteideal í a fháil) a mbeadh ceangal ann faoin bhfo-alt sin (1), dá mbeadh an chuideachta ag gabháil do thrádáil den tsórt sin, aon chuid di a chur i gcuntas mar luaitear ansin, cibé méid ba chomhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta a údaraítear a asbhaint le Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, leis an méid a mbeadh de cheangal den tsórt sin ann é a chur i gcuntas,

agus is é an t-iarmhéid ioncam na cuideachta in aghaidh na tréimhse.

6. Aon tagairt atá i mír 4 nó 5 den Sceideal seo do mhéid in aghaidh bliana measúnachta sa tréimhse a bheidh i gceist glacfar gur tagairt í don méid iomlán in aghaidh aon bhliana mheasúnachta ar bliain laistigh den tréimhse sin í go léir agus do chuid chomhréire den méid (ar foras ama) in aghaidh aon bhliana measúnachta ar laistigh den tréimhse sin do chuid di, agus is dá réir sin a fhorléireofar an tagairt sa chéanna do cháin bhrabús corparáide is iníoctha in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse sin.