An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Seiceadóirí agus Rlarthóirí) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Mionleasuithe agus Leasuithe Iarmartacha maidir le hEastáit Dhaoine a Éagfaidh an 1 Meitheamh, 1959, nó dá éis)

8 1959

AN tACHT UM RIARADH EASTÁT, 1959

CUID IV

Forálacha Ilghnéitheacha

Clárlanna probháide ceantair.

24. —(1) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn “Acht 1936” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936)

(b) Chun críocha ailt 65 (a chumasaíonn don Aire Dlí agus Cirt táillí cúirte a ordú) d'Acht 1936, measfar gur oifig a bunaíodh leis an Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926) , gach clárlann phrobháide ceantair.

(c) Beidh feidhm ag Ordú na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte (Táillí), 1956 (I.R. Uimh. 251 de 1956), Ordú a rinneadh faoi alt 65 d'Acht 1936, maidir le gach clárlann phrobháide ceantair agus le gach cláraitheoir probháide ceantair fé mar atá feidhm aige maidir leis an Oifig Phrobháide agus leis an Oifigeach Probháide faoi seach, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:—

(i) folóidh na tagairtí d'oifigí den Chúirt Uachtarach agus den Ard-Chúirt tagairtí do chlárlann phrobháide ceantair,

(ii) folóidh an tagairt d'oifigeach don Chúirt Uachtarach nó don Ard-Chúirt tagairt do chláraitheoir probháide ceantair,

(iii) folóidh na tagairtí don Oifig Phrobháide agus don Oifigeach Probháide tagairtí do chlárlann phrobháide ceantair agus do chláraitheoir probháide ceantair faoi seach.

(2) (a) I gcás ina mbeidh ceangailte ar dhuine (dá ngairtear an cláraitheoir probháide ceantair gníomhach san fho-alt seo), agus údaraithe dó, de thuras na huaire, ag an Aire Dlí agus Cirt faoi alt 9 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 ( Uimh. 25 de 1945 ), arna leasú le halt 5 den Acht Oifigeach Cúirte, 1951 ( Uimh. 8 de 1951 ), dualgais chláraitheora phrobháide ceantair a chomhlíonadh don cheantar dá bhfónann clárlann phrobháide ceantair áirithe, féadfaidh an tAire sin a údarú d'oifigeach sonraithe a bheidh ag fónamh sa chlárlann phrobháide ceantair sin nó san oifig chúirte cuarda a fhónann don cheantar ina bhfuil an chlárlann phrobháide ceantair sin, oifig chláraitheora phrobháide ceantair don cheantar sin a fheidhmiú le linn an cláraitheoir probháide ceantair gníomhach a bheith as láthair go sealadach nó faoi éagumas sealadach mar gheall ar bhreoiteacht, agus, má dhéanann an tAire sin amhlaidh, ansin, le linn an cláraitheoir sin a bheith as láthair go sealadach amhlaidh nó faoí éagumas sealadach den sórt sin, beidh ag an oifigeach sin agus feidhmeoidh sé cumhachtaí uile, agus comhlíonfaidh sé dualgais uile, an chláraitheora phrobháide ceantair don cheantar sin, mura n-ordóidh agus go dtí go n-ordóidh an tAire sin a mhalairt.

(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh ar theacht i bhfiedhm d'alt 9 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 .

Feidhmeanna an Oifigigh Phrobháide a fheidhmiú, etc.

25. —(1) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn “Acht 1926” an t Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926) ;

ciallaíonn “feidhmeanna an Oifigigh Phrobháide faoi Acht 1926” na cumhachtaí, na húdaráis, na dualgais agus na feidhmeanna is infheidhmithe nó is inchomhlíonta ag an Oifigeach Probháide de bhua ailt 9 d'Acht 1926;

ciallaíonn “an tOifigeach Probháide Cúnta”—

(i) maidir le feidhmeanna an Oifigigh Phrobh áide faoi Acht 1926 a fheidhmiú nó a chomhlíonadh roimh dháta an Achta seo a rith—an t-oifigeach a bhí ar fostú san Oifig Phrobháide agus ar ar tugadh nó dár gaireadh an tOifigeach Probháide Cúnta nó an Leas-Oifigeach Probháide,

(ii) maidir le feidhmeanna an Oifigigh Phrobháide faoi Acht 1926 a fheidhmiú nó a chomhlíonadh tar éis an dáta sin—an t-oifigeach atá ar fostú san Oifig Phrobháide agus is gaire i gcéim don Oifigeach Probháide agus atá cáilithe chun a cheaptha ina Oifigeach Probháide.

(b) Féadfaidh an tOifigeach Probháide Cúnta freisin feidhmeanna an Oifigigh Phrobháide faoi Acht 1926 a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, ach sin, maidir leis na feidhmeanna sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, faoi réir aon sriantachtaí is oiriúnach le hUachtarán na hArd-Chúirte a fhorchur.

(c) Measfar míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo a theacht i ngníomh ar theacht i bhfeidhm d'alt 9 d'Acht 1926.

(2) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “an t-Oifigeach Probháide Cúnta” an t-oifigeach atá ar fostú san Oifig Phrobháide agus is gaire i gcéim don Oifigeach Probháide agus atá cáilithe chun a cheaptha ina Oifigeach Probháide.

(b) Féadfaidh an tOifigeach Probháide Cúnta freisin na cumhachtaí a thugtar don Oifigeach Probháide le halt 14 den Acht seo a fheidhmiú maidir le heastáit dhaoine a éagfaidh an lú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá éis, ach sin faoi réir aon sriantachtaí is oiriúnach le hUachtarán na hArd-Chúirte a fhorchur.

Alt 2 (2) (d) de Reacht na dTréimhsí, 1957 , a leasú.

26. —I bhfo-alt (2) d'alt 2 de Reacht na dTréimhsí, 1957 ( Uimh. 6 de 1957 ), cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (d)—

“(d) Ní bheidh ionadaí pearsanta, i gcáil ionadaí phearsanta dó, ina iontaobhaí chun críocha an Achta seo amháin de bhua ailt i den Executors Act, 1830, nó fo-ailt (1) d'alt 86 d'Acht 1891, nó fo-ailt (1) d'alt 7 den Acht um Riaradh Eastát, 1959 .”