An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Innealra agus Gléasra.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. Liúntais i leith Caiteachais ar Dhreidireacht.)

18 1959

AN tACHT AIRGEADAIS, 1959

Caibidil III.

Paitinní.

Léiriú (Caibidil III de Chuid V).

1927, Uimh. 16 .

46. —(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “ioncam ó phaitinní”—

(a) aon ríchíos nó suim eile a íocfar i leith paitinn a úsáid, agus

(b) aon suim ar ar iníoctha cáin in aghaidh aon bhliana measúnachta de bhua aon fhorála d'fhorálacha na Caibidle seo;

ciallaíonn “tosach feidhme na paitinne”, maidir le paitinn, an dáta amhail ar uaidh a bheidh na cearta paitinne éifeachtach;

ciallaíonn “cearta paitinne” an ceart chun aon rud áirithe a dhéanamh nó chun a údarú aon rud áirithe a dhéanamh ba shárú ar phaitinn mura mbeadh an ceart sin;

ciallaíonn “paitinn Éireannach” paitinn a deonaíodh faoi dhlithe an Stáit;

ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta tosach feidhme na Coda seo den Acht seo.

(2) Sa Chaibidil seo, folaíonn aon tagairt do chuid de chearta paitinne a dhíol tagairt do cheadúnas a dheonú i leith na paitinne iomchuí, agus folaíonn aon tagairt do chearta paitinne a cheannach tagairt do cheadúnas i leith paitinne a fháil:

Ar choinníoll, más éard é ceadúnas a dheonóidh duine a bheidh i dteideal aon chearta paitinne ceadúnas chun na cearta sin a fheidhmiú ag eisiamh an deontóra agus gach duine eile go ceann na coda eile go léir den téarma a bheidh na cearta ar marthain, go n-áireofar, chun críocha na Caibidle seo, go bhfuil an deontóir ag díol iomlán na gceart tríd sin.

(3) I gcás, faoi alt 130 den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, nó faoi aon fhorálacha comhréire de dhlí aon tíre lasmuigh den Stát, aireagán is ábhar paitinne a dhéanamh, a úsáid, nó a fheidhmiú nó a dhíol ag an Stát nó ag rialtas na tíre iomchuí nó le haghaidh seirbhíse an Stáit nó rialtais na tíre iomchuí, beidh éifeacht ag forálacha na Caibidle seo amhail is dá mba de bhun ceadúnais a rinneadh, a úsáideadh, a feidhmíodh nó a díoladh an t-aireagán, agus déileálfar dá réir sin le haon suimeanna a íocadh ina leith.

(4) Déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo don méid blianta a bheidh ar áireamh i dtréimhse a fhorléiriú mar thagairt don méid tréimhsí comhleanúnacha dhá mhí dhéag, dar tús lá tosaigh na tréimhse, a bheidh ar áireamh sa tréimhse, agus aon chorrthréimhse a áireamh mar dhá mhí dhéag iomlán:

Ar choinníoll nach ndéanfar aon ní san fho-alt seo a fhorléiriú mar ní a dhéanann difir d'aon tagairt sa Chaibidil seo don méid blianta iomlána a bheidh ar áireamh in aon tréimhse áirithe nó a bheidh caite ó aon dáta áirithe.

Liúntais bhliantúla i leith caiteachais chaipitiúil ag ceannach ceart paitinne.

47. —(1) I gcás ina rachaidh duine, an dáta feidhme nó dá éis, faoi chaiteachas caipitiúil ag ceannach ceart paitinne, déanfar faoi réim agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil, seo, liúntas (dá ngairtear liúntas bliantúil sa Chaibidil seo) a thabhairt dó in aghaidh gach bliana de na blianta measúnachta iomchuí, mar mhínítear anseo ina dhiaidh seo, is comhionann leis an gcodán iomchuí, mar mhínítear anseo ina dhiaidh seo, de mhéid an chaiteachais sin:

Ar choinníoll nach dtabharfar aon liúntas bliantúil do dhuine i leith aon chaiteachais mura rud é—

(a) go mbeidh an liúntas le tabhairt dó agus brabúis nó gnóchan a thrádála á muirearú, nó

(b) go mbeadh cáin ioncaim inmhuirir ar aon ioncam is infhálta aige i leith na gceart.

(2) Is iad na blianta measúnachta iomchuí, i gcás aon duine, na seacht mbliana déag measúnachta dar tosach an bhliain mheasúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina leith a chuathas faoin gcaiteachas:

Ar choinníoll—

(a) i gcás na cearta a bheith arna gceannach go ceann tréimhse sonraithe, go mbeidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den fho-alt seo ach tagairt do sheacht mbliana déag nó don méid blianta sa tréimhse sin, cibé acu is lú, a chur in ionad na tagairte do sheacht mbliana déag,

(b) i gcás na cearta a ceannaíodh do thosú bliain iomlán nó níos mó tar éis tosach feidhme na paitinne agus gan feidhm a bheith ag mír (a) den choinníoll seo, go mbeidh éifeacht ag na forálacha sin ach tagairt do sheacht mbliana déag lúide an méid blianta iomlána a bheidh, tráth tosaithe na gceart, caite ó thosach feidhme na paitinne, nó, má bhíonn seacht mbliana déag iomlána caite mar adúradh, tagairt do bhliain amháin, a chur in ionad na tagairte do sheacht mbliana déag, agus

(c) go ndéileáfar chun críocha an fho-ailt seo le haon chaiteachas faoina rachfar an dáta feidhme nó dá éis chun críocha trádála ag duine a bheidh chun an trádáil sin a sheoladh amhail agus dá mb'é an chéad lá a bhí sé á seoladh a chuaigh sé faoin gcaiteachas sin, mura mbeidh sé tar éis na cearta uile ar á gceannach a chuathas faoin gcaiteachas a dhíol roimh an gcéad lá sin.

(3) Is é an codán iomchuí an codán ar aon a uimhreoir agus arb é a ainmneoir an méid bliain mheasúnachta iomchuí.

An éifeacht a bheidh ag cearta paitinne do dhul in éag, díola, etc.

48. —(1) I gcás ina rachaidh duine, an dáta feidhme nó dá éis, faoi chaiteachas caipitiúil ag ceannach ceart paitinne agus go dtarlóidh aon teagmhas acu seo a leanas roimh dheireadh na mblianta measúnachta iomchuí:

(a) na cearta do dhul in éag gan iad a athbheochan ina dhiaidh sin;

(b) é do dhíol na gceart sin go léir nó an oiread díobh agus a bheidh fós ar úinéireacht aige;

(c) é do dhíol coda de na cearta sin agus gan glantoradh an díola (sa mhéid gur suimeanna caipitiúla é) a bheith níos lú ná méid an chaiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith;

ní thabharfar aon liúntas bliantúil don duine sin in aghaidh na bliana measúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a tharlóidh an teagmhas ná in aghaidh aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin.

(2) I gcás ina rachaidh duine, an dáta feidhme nó dá éis, faoi chaiteachas caipitiúil ag ceannach ceart paitinne agus go dtarlóidh ceachtar de na teagmhais seo a leanas roimh dheireadh na mblianta measúnachta iomchuí:

(a) na cearta do dhul in éag gan iad a athbheochan ina dhiaidh sin;

(b) é do dhíol na gceart sin go léir nó an oiread díobh agus a bheidh fós ar úinéireacht aige agus glantoradh an díola (sa mhéid gur suimeanna caipitiúla é) a bheith níos lú ná méid an chaiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith;

tabharfar dó, faoi réim agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, in aghaidh na bliana measúnachta ina bhonntréimhse ar ina haghaidh a tharlóidh an teagmhas, liúntas (dá ngairtear liúntas cothromaíochta sa Chaibidil seo) is comhionann, más é dul in éag na gceart an teagmhas, le méid an chaiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith agus, más díol an teagmhas, le méid an chaiteachais chaipitiúil, a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith lúide glantoradh an díola.

(3) I gcás duine a bheith tar éis dul faoi chaiteachas caipitiúil, an dáta feidhme nó dá éis, ag ceannach ceart paitinne agus go ndíolfaidh sé na cearta sin go léir nó aon chuid díobh agus gur mó glantoradh an díola (sa mhéid gur suimeanna caipitiúla é) náméid an chaiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha, má bhíonn, gan liúntas a bheith tugtha ina leith, déanfar, faoi réim agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, muirear (dá ngairtear muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a ghearradh air in aghaidh na bliana measúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a dhéanfar an díol is comhionann leis an mbreis nó, más nialas an méid caiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, is comhionann leis an nglantoradh sin.

(4) I gcás duine a bheith tar éis dul faoi chaiteachas caipitiúil, an dáta feidhme nó dá éis, ag ceannach ceart paitinne agus go ndíolfaidh sé cuid de na cearta sin agus nach mbeidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo, is é méid aon liúntais bhliantúil a thabharfar i leith an chaiteachais sin in aghaidh na bliana measúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a dhéanfar an díol nó in aghaidh aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin an méid a gheofar trí—

(a) glantoradh an díola (sa mhéid gur suimeanna caipitiúla é) a bhaint as méid an chaiteachais a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith tráth an díola, agus

(b) an toradh a roinnt ar an méid blianta measúnachta iomchuí a bheidh fágtha i dtús na bliana measúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a dhéanfar an díol,

agus mar sin de i gcás aon díola ina dhiaidh sin.

(5) Aon tagairtí sna forálacha roimhe seo den alt seo do mhéid aon chaiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith déanfar, i ndáil le haon teagmhas, iad a fhorléiriú mar thagairtí do mhéid an chaiteachais sin lúide aon liúntais bhliantúla a tugadh ina leith sin in aghaidh blianta measúnachta roimh an mbliain mheasúnachta sa bhonn-tréimhse ar ina haghaidh an teagmhas sin, agus lúide freisin méid an ghlantoraidh a bhí ann aon uair a rinne an duine a chuaigh faoin gcaiteachas aon chuid de na cearta a dhíol roimhe sin a fuarthas tríd an gcaiteachas, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an glantoradh sin.

(6) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta i leith aon chaiteachais mura ndearnadh, nó, mura mbeadh an teagmhas is cúis leis an liúntas cothromaíochta, mura bhféadfaí, liúntas bliantúil a thabhairt i leith an chaiteachais sin, agus ní bheidh an méid iomlán ar a ngearrfar muirear cothromaíochta i leith aon chaiteachais níos mó ná iomlán na liúntas bliantúla a bheidh tugtha iarbhír i leith an chaiteachais sin, lúide, má bhíonn muirear cothromaíochta gearrtha roimhe sin i leith an chaiteachais sin, an méid ar ar gearradh an muirear sin.

Soláthar speisialta le haghaidh caiteachais chaipitiúil áirithe.

49. —I gcás ina mbeidh duine, laistigh de bhliain roimh an dáta feidhme, tar éis dul faoi chaiteachas caipitiúil ag ceannach ceart paitinne chun críocha trádála a bheidh á seoladh nó ar tí a bheith á seoladh aige agus nach mbeidh sé tar éis aon chuid de na cearta sin a dhíol roimh an dáta feidhme, measfar, chun críocha alt 47 agus 48 den Acht seo, gur ar an dáta feidhme a chuaigh sé faoin gcaiteachas sin.

Muirir ar shuimeanna caipitiúla a fuarthas as cearta paitinne a dhíol.

50. —I gcás ina ndéanfaidh duine a chónaíonn sa Stát aon chearta paitinne a dhíol an dáta feidhme nó dá éis agus gurb éard é glantoradh an díola, go hiomlán nó go páirteach, suim chaipitiúil, déanfar, faoi réir forálacha na Caibidle seo, cáin a mhuirearú air faoi Chás VI de Sceideal D, in aghaidh na bliana measúnachta a gheobhaidh sé an tsuim agus in aghaidh gach bliana faoi leith den chúig bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ar mhéid is comhionann leis an séú cuid den tsuim sin:

Ar choinníoll—

(a) má roghnaíonn an duine sin, trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an gcigire cánach tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a fuarthas an tsuim sin, go muirearófar cáin ar iomlán na suime sin in aghaidh na bliana measúnachta sin, go muirearófar cáin air dá réir sin;

(b) má iarrann an duine sin, trí fhógra mar adúradh, go ndéanfaí a chinneadh, maidir leis an tréimhse ar ina haghaidh a bheidh cáin le muirearú air, gur tréimhse í seachas an sé bhliain mheasúnachta dá dtagraítear anseo roimhe seo (is é sin le rá, an bhliain mheasúnachta a fuarthas an tsuim sin agus an chúig bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin), ansin, más dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur dóigh go dtiocfadh cruatan, ag féachaint do chúinsí uile an cháis, mura dtugtaí treoir faoin mír seo, go bhféadfaidh siad a threorú go roinnfear an muirear go cothrom thar uimhir blianta measúnachta seachas sé bhliain, arb í an chéad bhliain acu an bhliain mheasúnachta a fuarthas an tsuim sin.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine nach gcónaíonn sa Stát aon chearta paitinne a dhíol, an dáta feidhme nó dá éis, agus gurb éard é glantoradh an díola, go hiomlán nó go páirteach, suim chaipitiúil, agus gur paitinn Éireannach an phaitinn, ansin, faoi réir forálacha na Caibidle seo—

(a) beidh cáin inmhuirir air i leith na suime sin faoi Chás VI de Sceideal D, agus

(b) beidh feidhm ag Riail 21 de na Rialacha Ginearálta maidir leis an tsuim sin amhail is dá mba shuim bhliantúil í dob iníoctha ar shlí seachas as sochair nó gnóchan a chuirfear faoi mhuirear cánach:

Ar choinníoll, má tharlaíonn tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a íocadh an tsuim, go roghnóidh an duine lenar íocadh í, trí fhógra i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim, go ndéileáfaí leis an tsuim adúradh chun críocha cánach ioncaim in aghaidh na bliana sin agus in aghaidh gach bliana den chúig bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin amhail is dá mbeadh an séú cuid de ar a mhéid ar áireamh ar an ioncam dá chuid is inchurtha faoi cháin in aghaidh na mblianta sin uile faoi seach, go ndéileálfar amhlaidh leis, agus go ndéanfar gach uile aisíoc agus measúnú cánach in aghaidh gach bliana faoi leith acu sin is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú, ach sin ar shlí ámh—

(i) nach ndéanfaidh an roghnú difir do mhéid na cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoin Riail sin 21,

(ii) má asbhainfear aon suim faoin Riail sin 21, go ndéanfar, ar mhodh aisíoca cánach, aon choigeartuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú, agus

(iii) go ndéanfar na coigeartuithe sin bliain ar bhliain agus amhail is dá n-asbhaintí an séú cuid den tsuim i leith cánach in aghaidh gach bliana, agus nach ndéanfar aisíoc ar bith ar an gcuid sin, ná ar aon mhír den chuid sin, den cháin a asbhaineadh agus a bheidh le háireamh mar ní a asbhaineadh i leith cánach in aghaidh aon bhliana áirithe mura bhfionnfar agus go dtí go bhfionnfar go mbeidh an cháin (seachas forcháin) a bheidh le híoc ar deireadh in aghaidh na bliana sin níos lú ná méid na cánach (seachas forcháin) a bheidh íoctha in aghaidh na bliana sin.

(3) Más trína gceannach a fuair duine na cearta paitinne a bheidh sé tar éis a dhíol nó na cearta ar astu a deonaíodh na cearta paitinne a dhíol sé, agus gur shuim chaipitiúil a bhí, go hiomlán nó go páirteach, sa phraghas a íocadh, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo amhail is dá ndéanfaí aon suim chaipitiúil a gheobhaidh sé nuair a dhíolfaidh sé na cearta a laghdú méid na suime sin:

Ar choinníoll—

(a) má bhíonn sé, idir an ceannach agus an díol sin, tar éis cuid de na cearta paitinne a fuair sé a dhíol agus gurb éard é glantoradh an díola sin, go hiomlán nó go páirteach, suim chaipitiúil, go ndéanfar méid an laghdaithe a bheidh le déanamh faoin bhfo-alt seo i leith an díola ina dhiaidh sin a laghdú é féin méid na suime sin,

(b) nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difir do mhéid na cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoi Riail 21 de na Rialacha Ginearálta de bhua fo-ailt (2) den alt seo, agus, i gcás aon suim a asbhaint faoin Riail sin 21, gur trí cháin a aisíoc a dhéanfar aon choigeartú is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.

(4) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le haon díol ar aon chuid d'aon chearta paitinne amhail mar tá feidhm aige maidir le díol cearta paitinne.

Cearta paitinne a bheidh díolta roimh an dáta feidhme.

51. —Ní bheidh feidhm ag aon ní sna forálacha roimhe seo den Chaibidil seo maidir le haon chearta paitinne má b'ábhar díola roimh an dáta feidhme na cearta sin nó aon chearta as ar deonaíodh iad, agus gur shuim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, toradh an díola:

Ar choinníoll go mbeidh feidhm, maidir le haon chearta paitinne lena mbaineann alt 49 den Acht seo, ag an alt seo amhail is dá gcuirfí in ionad na tagartha don dáta feidhme tagairt don dáta a cheannaigh an duine na cearta sin a mheastar, de bhua an ailt sin, a cheannaigh iad ar an dáta feidhme.

Faoiseamh i leith caiteachais.

52. —(1) Nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchain aon trádála, lamhálfar aon táillí a íocadh nó caiteachas faoina ndeachthas, an dáta feidhme nó dá éis, ag fáil, chun críocha na trádála, deonú paitinne nó síneadh ar théarma paitinne a asbhaint mar chaiteachas.

(2) Má tharlaíonn—

(a) ar an dáta feidhme nó dá éis, go n-íocfaidh duine aon táillí, nó go rachaidh duine faoi aon chaiteachas, seachas chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige, i ndáil le paitinn a dheonú nó a chothabháil nó síneadh ar théarma paitinne a fháil, agus

(b) go mbeadh na táillí nó an caiteachas sin inlamháilte, dá mba chun críocha trádála a íocadh iad nó a chuathas fúthu, mar asbhaint agus brabúis nó gnóchan na trádála sin á meas,

tabharfar dó, in aghaidh na bliana measúnachta a íocadh nó a chuathas faoin gcaiteachas sin, liúntas is comhionann le méid an chéanna.

(3) I gcás paitinn a dheonú i leith aon aireagáin, ansin, maidir le glan-mhéid aon chaiteachais faoina mbeidh pearsa a cheap iarbhír an t-aireagán ina aonar nó i gcomhar le haon duine eile tar éis dul an dáta feidhme nó dá éis, déanfar an oiread sin de is inchurtha ó chóir i leith an t-aireagán sin a cheapadh (nach caiteachas a bhfuil, ná sócmhainní is comhionann agus caiteachas agus a bhfuil, liúntas le tabhairt ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim) a thabhairt don phearsa sin in aghaidh na bliana measúnachta a chuathas faoin gcaiteachas.

(4) Beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (3) den alt seo maidir le caiteachas faoina mbeifear tar éis dul roimh an dáta feidhme amhail is dá mb'é an lá sin a chuathas faoin gcaiteachas sin, faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar, má deonaíodh an phaitinn sin bliain iomlán amháin nó níos mó roimh an lá sin, an méid a bheidh le lamháil a laghdú trí chodán a fheidhmiú air arb é a uimhreoir seacht déag lúide an méid blianta iomlána sa tréimhse dar thosach dáta tosaithe na paitinne agus dar chríoch an lá díreach roimh an dáta feidhme agus arb é a ainmneoir seacht déag.

Ioncam paitinne a bheith ina ioncam tuillte gcásanna áirithe.

1920, c. 18.

53. —Nuair a bheifear ag breithniú, maidir leis an mbliain mheasúnachta dar tosach an dáta feidhme nó maidir le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin, an bhfuil aon fhaoiseamh, agus, má tá, cad é an faoiseamh, atá le deonú do phearsa faoi alt 16 den Finance Act, 1920, nó faoi fho-alt (2) d'alt 18 den Acht sin, measfar gur ioncam tuillte aon ioncam ó chearta paitinne chun pearsan i gcás inar deonaíodh an phaitinn i leith aireagáin a cheap seisean iarbhír ina aonar nó i gcomhar le haon duine eile:

Ar choinníoll go measfar, i gcás inarbh le duine ar bith eile aon tráth aon chuid de na cearta a bheidh i gceist nó aon chuid d'aon chearta as ar deonaíodh iad, gurb é amháin an méid den ioncam sin is ioncam tuillte an méid de nach inchurtha ó chóir i leith na gceart ba leis an duine eile sin.

Iocaíochtaí ioncaim a roinnt ar bhlianta iomaí.

54. —(1) I gcás ríchíos nó suim eile lena mbaineann Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta a íoc i leith paitinn a úsáid, agus go ndearnadh an úsáid sin ar feadh sé bliana iomlána nó níos mó, féadfaidh an duine a bheidh tar éis an íocaíocht a fháil a cheangal go ndéanfar an cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha aige de dhroim an tsuim sin a fháil a laghdú ionas nach mbeidh sé níos mó ná an méid iomlán cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dob iníoctha aige dá n-íocfaí an ríchíos nó an tsuim sin ina shé thráthchuid chomhionann go bliantúil, agus ar íocadh an ceann deiridh acu an dáta a rinneadh an íocaíocht iarbhír.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le ríchíos nó suim eile i gcás inar dhá bhliain iomlána nó níos mó, ach tréimhse is lú ná sé bliana iomlána, tréimhse na húsáide mar atá feidhm aige maidir le ríchíosanna agus suimeanna a luaitear sa bhfo-alt sin, ach tagairt don oiread tráthchodanna comhionanna agus atá de bhlianta iomlána sa tréimhse sin a chur in ionad na tagartha do shé thráthchuid chomhionann.

(3) San alt seo aon tagairt don cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha ag duine folaíonn sí, i gcásanna ina meastar gur ioncam de chuid an fhearchéile ioncam banchéile, tagairtí don cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha ag a bhanchéile nó a fearchéile, cibé acu é.

(4) Ní bhainfidh aon ní san alt seo le haon suim lena mbaineann Riail 21 de na Rialacha Ginearálta de bhua ailt 50 den Acht seo.

Mar thabharfar liúntais agus mar ghearrfar muirir (paitinní).

55. —(1) Tabharfar liúntas do dhuine, nó gearrfar muirear ar dhuine, faoi aon cheann d'fhorálacha na Caibidle seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain a thrádála—

(a) má bhíonn sé ag seoladh trádála a mbeidh na brabúis nó an gnóchan uaithi, nó a mbeadh na brabúis nó an gnóchan, dá mb'ann, uaithi, inchurtha faoi mhuirear cánach faoi Chás 1 de Sceideal D in aghaidh na bliana measúnachta a dtabharfar an liúntas nó a ngearrfar an muirear ina haghaidh, agus

(b) más rud é gur úsáideadh na cearta paitinne sin nó cearta eile as ar deonaíodh iad, nó go rabhthas chun iad a úsáid, aon tráth ina bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta sin, chun críocha na trádála sin:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difir d'aon cheann de na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo a lamhálann asbhaint mar chaiteachas le linn a bheith ag ríomh brabús nó gnóchain thrádála nó a cheanglaoínn muirear a ghearradh faoi Chás VI de Sceideal D.

(2) Ach amháin mar adúradh, tabharfar liúntas faoin gCaibidil seo ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach agus beidh sé ar fáil i gcoinne ioncaim ó phaitinní, agus déanfar muirear faoin gCaibidil seo a ghearradh faoi Chás VI de Sceideal D.

An éifeacht a bheidh ag báis, ag foirceannadh agus ag athruithe comhpháirtíochta ar mhuirir.

56. —(1) I gcás duine ar a mbeidh, de dhroim suim chaipitiúil a fháil, nó ar a mbeadh ar chúis eile, muirear le gearradh faoi alt 50 den Acht seo d'fháil bháis nó, más comhlacht corpraithe é, a mbeifear tosaithe á fhoirceannadh—

(a) ní mhuirearófar aon suimeanna faoin alt sin ar an duine sin in aghaidh aon bhliana measúnachta tar éis na bliana measúnachta a tharlóidh an bás nó a thosófar ar an bhfoirceannadh, agus

(b) déanfar an méid a bheidh le muirearú in aghaidh na bliana measúnachta a tharlóidh an bás nó a thosófar ar an bhfoirceannadh a mhéadú de na méideanna iomlána a bheadh, mura mbeadh an bás nó an foirceannadh, le muirearú in aghaidh blianta dá éis sin:

Ar choinníoll go bhféadfaidh na hionadaithe pearsanta, i gcás báis, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an gcigire cánach lá is fiche ar a dhéanaí tar éis an fógra a sheirbheáil orthu i dtaobh an mhuirir a bheidh le gearradh de bhua an ailt seo, a cheangal go ndéanfar an cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha as eastát an éagaigh de dhroim an mhéadaithe dá bhforáltar leis an alt seo a laghdú ionas nach mó é ná an méid iomlán cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dob iníoctha aige nó as a eastát de dhroim oibriú an ailt sin 50 i leith na suime sin, dá ndéanfaí, in ionad na méide a bheidh le muirearú in aghaidh na bliana a tharlóidh an bás a mhéadú de mhéid iomlán na suimeanna a mhuirearófar in aghaidh blianta dá éis sin, gach méid de na méideanna leithleacha a bheidh le muirearú in aghaidh na mblianta dar tosach an bhliain a fuarthas an tsuim chaipitiúil agus dar críoch an bhliain a tharla an bás a mhéadú den mhéid iomlán sin arna roinnt ar uimhir na mblianta sin.

(2) I gcás ina mbeidh, faoi fhorálacha Caibidle V den Chuid seo den Acht seo, muirear le gearradh, faoi alt 50 den Acht seo, ar bheirt daoine nó níos mó, i gcomhpháirt mar dhaoine a sheolann trádáil de thuras na huaire, agus go mbeifear tar éis scor den trádáil sin, beidh éifeacht ag forálacha fo-ailt (1) den alt seo maidir leis an scor mar atá éifeacht acu i gcás ina dtosaítear ar chomhlacht corpraithe a fhoirceannadh:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar an tsuim bhreise a bheidh, faoin bhfo-alt sin, le muirearú in aghaidh na bliana a tharlóidh an scor a chionroinnt ar chomhaltaí na comhpháirtíochta díreach roimh an scor de réir a leasanna faoi seach sna brabúis chomhpháirtíochta roimh an scor, agus gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, a ionadaithe pearsanta) a mhuirearú ar leithligh i leith a chionúireachta, agus

(b) go mbeidh ag gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, ag a ionadaithe pearsanta) an ceart céanna chun a cheangal go ndéanfar laghdú ar an gcáin ioncaim iomlán (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha aige nó as a eastát de dhroim an mhéadaithe dob infheidhmithe ag na hionadaithe pearsanta faoin bhfo-alt sin (1) i gcás báis, agus go mbeidh éifeacht dá réir sin ag an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin, ach amhail is dá mb'éard iad na tagairtí don méid cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dob iníoctha ag an éagach nó as a eastát sa chúinse a luaitear ansin tagairt don méid cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheadh sa chúinse sin le n-íoc ag, nó de mhuirear ar, an gcomhpháirtí sin nó as a eastát.

(3) San alt seo, folaíonn aon tagairtí don cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) d'íoc duine nó a bheidh nó a bheadh de mhuirear ar dhuine nó iníoctha ag duine tagairtí, i gcásanna a meastar gur ioncam de chuid an fhearchéile ioncam bhanchéile, don cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) d'íoc a bhanchéile nó a fearchéile, cibé acu é, nó a bhí nó a bheidh nó a bheadh de mhuirear uirthi nó air nó iníoctha aici nó aige.