|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 29 de 1959. | ||
| [EN] |
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (Uimh. 2), 1959. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1936 GO 1959. [11 Lúnasa, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Aer Rianta, Teoranta, is é sin, an chuideachta a bunaíodh de bhun ailt 68 den Phríomh-Acht; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936. | |
| [EN] |
Caipiteal na Cuideachta a mhéadú. |
2. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946 , a leasú trí “£10,000,000 (deich milliún punt) arna roinnt ina dheich milliún scaireanna de phunt an ceann” a chur in ionad “£2,000,000 (dhá mhilliún punt) arna roinnt ina dhá mhilliún scaireanna de phunt an ceann”, agus déanfar aon tagairt i gCuid IV den Acht sin don alt sin 21 a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt sin arna leasú leis an alt seo. |
| [EN] |
Srian leis an Stát do ráthú bintiúirí na Cuideachta. |
3. —Ní dhéanfar an chumhacht a thugtar don Aire Airgeadais le halt 75 den Phríomh-Acht chun ráthaíochtaí a thabhairt i leith bintiúirí a eiseoidh an Chuideachta a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £5,000,000 (cúig mhilliún punt) an méid iomlán airgid phríomhshuime a mbeidh a chuí-íoc ráthaithe tráth ar bith de bhun an ailt sin. |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Uimh. 2), 1959 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Folóidh an comhlua na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1959, an tAcht seo. |