An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 agus 1947, a Leasú.)

12 1960

AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1960

CUID III.

Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952, a Leasú.

Léiriú agus comhlua.

1938, Uimh. 38 .

1949, Uimh. 21 .

1952, Uimh. 19 .

7. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938.

(2) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960, a ghairm den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938, den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1949 , den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1952 , agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.

Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

8. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht:

“(1) Íocfar mar thuarastal leis an Taoiseach suim bhliantúil nach mó ná £3,000 agus íocfar mar thuarastal le gach comhalta eile den Rialtas suim bhliantúil nach mó ná suim £2,000.”

Alt 4 den Phríomh-Acht a leasú.

9. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 4 den Phríomh-Acht:

“4. Íocfar mar thuarastal leis an Ard-Aighne suim bhliantúil nach mó ná suim £3,500.”

Alt 5 den Phríomh-Acht a leasú.

10. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht:

“(1) Íocfar mar thuarastal le Cathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £2,000, agus íocfar mar thuarastal le Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £850.”

Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.

11. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht:

“(1) Íocfar mar thuarastal le Cathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £1,250, agus íocfar mar thuarastal le Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £500.”

Alt 9 den Phríomh-Acht a leasú.

12. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 9 den Phríomh-Acht:

“9. (1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “Páirtí cáilithe” Páirtí i nDáil Éireann, seachas Páirtí an Rialtais, a bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta maidir leis:

(a) go ndearna sé an t-olltoghchán deiridh roimhe sin do chomhaltaí de Dháil Éireann a chomhrac mar pháirtí comheagraithe, agus

(b) go ndearnadh seachtar comhaltaí ar a laghad den Pháirtí a thoghadh san olltoghchán sin.

(2) I gcás inar ionann an líon de chomhaltaí i nDáil Éireann a bheidh ag dhá Pháirtí nó níos mó i nDáil Éireann—

(a) is é Cathaoirleach Dháil Éireann a chinnfidh cé acu de na Páirtithe sin a mbeidh sé le meas chun críocha an Achta seo gurb é an Páirtí is mó líon i nDáil Éireann é,

(b) is i scríbhinn a thabharfar an cinneadh agus beidh an cinneadh, chun críocha an Achta seo, ina chinneadh críochnaitheach dochloíte agus ina cheangal ar gach aon duine agus ar gach aon bhinse,

(c) tabharfaidh Cathaoirleach Dháil Éireann, le linn dó an cinneadh a thabhairt, aird ar na líonta de na Páirtithe sin a toghadh chun Dáil Éireann in olltoghcháin a bhí ann roimh an olltoghchán deiridh roimhe sin do chomhaltaí de Dháil Éireann.”

Alt 10 den Phríomh-Acht a leasú.

1938, Uimh. 34 .

13. —Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) go (4) d'alt 10 den Phríomh-Acht:

“(1) I gcás a mbeidh Páirtí cáilithe amháin, agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann, íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí sin suim bhliantúil de £4,500.

(2) I gcás a mbeidh dhá Pháirtí cáilithe, agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann—

(a) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe suim bhliantúil de £3,000, agus

(b) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí cháilithe eile suim bhliantúil de £1,500, agus

(3) I gcás a mbeidh trí Pháirtí cáilithe nó níos mó ann—

(a) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe suim bhliantúil de £2,250,

(b) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le gach duine de Threoraithe na bPáirtithe cáilithe eile suim bhliantúil de £2,250 arna roinnt ar an uimhir páirtithe cáilithe eile.

(4) Aon liúntas is iníoctha le duine faoin alt seo is liúntas é i dteannta an liúntais is iníoctha leis faoi Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938, agus ní bheidh sé iníoctha leis ach amháin in aghaidh tréimhse ar iníoctha leis ina haghaidh an liúntas sin is déanaí a luaitear.”

Alt 11 den Phríomh-Acht a leasú.

14. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 11 den Phríomh-Acht:

“11. Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le liúntas dá bhforáiltear le mír (b) d'fho-alt (2) nó le mír (b) d'fho-alt (3) den alt deiridh roimhe seo:

(a) ní íocfar an liúntas muran seachtar ar a laghad an líon comhaltaí a bheidh ag an bPáirtí i nDáil Éireann;

(b) scoirfear den liúntas a íoc má thiteann an líon comhaltaí i nDáil Éireann a bheidh ag an bPáirtí lena mbainfidh faoi bhun seachtar tráth ar bith;

(c) má thiteann an líon comhaltaí i nDáil Éireann a bheidh ag an bPáirtí faoi bhun seachtar mar gheall ar chomhalta nó comhaltaí den Phairtí sin d'éag, d'éirí as nó a theacht faoi dhícháilíocht, measfar, chun críocha an ailt seo, nach lú ná seachtar líon comhaltaí an Pháirtí sin go dtí go líonfar an folúntas nó gach ceann de na folúntais a bheidh i nDáil Éireann mar gheall ar an éag, an t-éirí as nó an teacht faoi dhícháilíocht sin.”

Alt 14 den Phríomh-Acht a leasú.

15. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (3) d'alt 14 den Phríomh-Acht:

“(3) Is de réir na rátaí seo a leanas a bheidh pinsean aireachta, is é sin le rá:

an fad is trí bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine a bheidh ina theideal, trí chéad punt sa bhliain,

más ceithre bliana agus an fad is ceithre bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, trí chéad agus caoga punt sa bhliain,

más cúig bliana agus an fad is cúig bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, ceithre chéad agus caoga punt sa bhliain,

más sé bliana agus an fad is sé bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, cúig chéad agus caoga punt sa bhliain,

más seacht mbliana agus an fad is seacht mbliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, sé chéad agus caoga punt sa bhliain,

i gcás gur ocht mbliana nó níos mó tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, seacht gcéad agus caoga punt sa bhliain.”

Alt 16 den Phríomh-Acht a leasú.

16. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (3) d'alt 16 den Phríomh-Acht:

“(3) Is de réir na rátaí seo a leanas a bheidh pinsean rúnaíochta, is é sin le rá:

an fad is trí bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine a bheidh ina theideal, dhá chéad agus caoga punt sa bhliain,

más ceithre bliana agus an fad is ceithre bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, trí chéad punt sa bhliain,

más cúig bliana agus an fad is cúig bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, trí chéad agus caoga punt sa bhliain,

más sé bliana agus an fad is sé bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, ceithre chéad punt sa bhliain,

más seacht mbliana agus an fad is seacht mbliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, ceithre chéad agus caoga punt sa bhliain,

i gcás gur ocht mbliana nó níos mó tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, cúig chéad punt sa bhliain.”

Alt 18 den hríomh-Acht a leasú.

17. —Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur in ionad mír (b) d'alt 18den P hríomh-Acht:

“(b) nó—

(i) i gcás a mbeidh Páirtí cáilithe amháin de réir bhrí Coda III den Acht seo agus gan ach sin i nDáil Éireann, Treoraí an Pháirtí sin, nó

(ii) i gcás a mbeidh dhá Pháirtí cáilithe de réir na brí sin nó níos mó agus gan ach sin i nDáil Éireann, Treoraí an chinn sin de na Páirtithe sin is mó líon comhaltaí i nDáil Éireann, nó

(iii) i gcás a mbeidh trí Pháirtí cáilithe nó níos mó den sórt sin i nDáil Éireann, Treoraí an chinn sin de na Páirtithe sin is mó líon comhaltaí i nDáil Éireann,

nó duine a ainmneoidh an Treoraí sin,”.

Alt 23 den Phríomh-Acht a leasú.

18. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) agus (2) d'alt 23 den Phríomh-Acht:

“(1) Más rud é—

(a) go mbeidh duine, lena mbeidh pinsean faoi Chuid IV iníoctha de thuras na huaire, ag fáil aon íocaíochta amach as airgead poiblí, agus

(b) gur mó ná míle punt comhiomlán méid bhliantúil an phinsin agus méid bhliantúil na híocaíochta amach as airgead poiblí,

déanfar méid bliantúil an phinsin faoi Chuid IV a laghdú méid na breise sin.”

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 23 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal agus an mhír seo a leanas a chur ag deireadh an mhínithe ar “íocaíocht amach as airgead poiblí”:

“ná

(g) liúntas faoi Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 (Uimh. 34 de 1938) .”

Aisghairm.

1947, Uimh. 24 .

19. —Aisghairtear leis seo an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1947 .