|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Ilghnéitheach.) |
AN tACHT FRUILCHEANNAIGH (LEASÚ), 1960
| [EN] | ||
| [EN] |
AN SCEIDEAL. Mír Bhreise atá le cur i Nóta nó Meabhrán Comhaontaithe Fhruilcheannaigh a bhaineann le Mótar-Fheithicil. | |
4. Tá míreanna 1 agus 2 thuas, a bhaineann leis an úinéir do thógáil ar ais na n-earraí, modhnaithe mar leanas i gcás aon mhótar-fheithicle (folaíonn sin tarracóir): | ||
(a) tá an t-úinéir i dteideal aon cheart a chur i bhfeidhm áta aige faoin gcomhaontú seo chun dul isteach in aon áitreabh de chuid an fhruilitheora (seachas teach a úsáidtear mar áit chónaithe nó aon fhoirgneamh laistigh dá chuirtealáiste) chun an fheithicil a thógáil ar ais, | ||
(b) i gcás ina mbeidh an t-úinéir tar éis iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú chun seilbh a aisghabháil ar an bhfeithicil, féadfaidh sé, má bhíonn an fheithicil tréigthe nó fágtha gan freastal i gcúinsí ar dócha go dtiocfadh díobh an fheithicil a dhamáistiú nó níos mó ná mar is gnáth de laghdú ar a luach, agus, má fhorálann an comhaontú é, an fheithicil a thógáil ar ais agus seilbh a choimeád uirthi dá éis sin i gcaitheamh an eatraimh nó go ndéanfaidh an Chúirt ordú chun an fheithicil a chosaint ar dhamáiste nó laghdú luacha. |