An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachtanna Báis.) Ar Aghaidh (CUID V. Comhaontú a Dhaingniú.)

19 1960

AN tACHT AIRGEADAIS, 1960

CUID IV.

Leasú ar an Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

Léiriú (Cuid IV).

1956, Uimh. 47 .

26. —Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

“Earraí” a leasú i gCuid III den Acht.

27. —(1) (a) In alt 10 den Acht folóidh an míniú ar “earraí” earraí arna monarú sa Stát nach dtagann faoin míniú atá cheana féin san alt sin 10 agus a d'onnmhairigh an duine arb é, maidir leis an mbonn-tréimhse iomchuí nó an tréimhse chuntasaíochta iomchuí an chuideachta é atá ag éileamh faoisimh faoi Chuid III den Acht, i gcás inar díol ar mór-reic an díol a rinne an duine sin ar na hearraí a onnmhairíodh amhlaidh.

(b) Ciallaíonn “díol ar mór-reic” sa mhír roimhe seo earraí d'aon aicme a dhíol le duine a sheolann gnó díolta earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála nó gnóthais a sheolann sé.

(2) I gcás ina mbeidh feidhm ag alt 12 den Acht agus gurb éard a onnmhairíodh, nó go raibh ar earraí a onnmhairíodh, as an Stát sa bhonn-tréimhse iomchuí earraí a bhforálann fo-alt (1) den alt seo go bhfolófar an céanna sa mhíniú ar “earraí”, beidh éifeacht ag Cuid III den Acht ach go gcuirfear “agus marsantais (cibé acu a onnmhairíodh é nó nár onnmhairíodh) seachas na hearraí sin” isteach i bhfo-ailt (2) agus (4) agus i mír (b) d'fho-alt (6) den alt sin 12 i ndiaidh “earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh)” gach áit ina bhfuil na focail deiridh sin.

(3) I gcás lena mbaineann alt 13 den Acht agus gurb éard a onnmhairíodh, nó go raibh ar earraí a onnmhairíodh, as an Stát sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, earraí a bhforálann fo-alt (1) den alt seo go bhfolófar an céanna sa mhíniú ar “earraí”, beidh éifeacht ag Cuid III den Acht ach go gcuirfear “agus marsantais (cibé acu a onnmhairíodh é nó nár onnmhairíodh) seachas na hearraí sin” isteach, i bhfo-ailt (2) agus (4) agus i mír (c) d'fho-alt (10) den alt sin 13 i ndiaidh “earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh)” gach áit ina bhfuil na focail deiridh sin.

(4) Beidh éifeacht ag an alt seo—

(a) maidir le cáin ioncaim, in aghaidh aon bhliana measúnachta a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, agus

(b) maidir le cáin bhrabús corparáide, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta nó coda de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1960,

agus, i gcás cáin bhrabús corparáide, féadfaidh na Coimisinéir Ioncaim chun críocha an ailt seo, maidir le haon chuid den sórt sin de thréimhse chuntasaíochta, cibé cionroinnt a dhéanamh is iomchuí.

Síneadh ar na tréimhsí chun faoisimh faoi Chuid III den Acht.

1958, Uimh. 25 .

28. —Beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 56 den Acht Airgeadais, 1958 , ach amháin maidir le fo-alt (6) d'alt 12 den Acht, ionann agus dá gcuirtí an mhír seo a leanas in ionad míre (b):

“(b) maidir le—

(i) cuideachta a onnmhaireoidh earraí an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, agus nár onnmhairigh earraí roimh an dáta sin, cuirfear an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar ‘bliain éilimh’:

ciallaíonn ‘bliain éilimh’ gach bliain de dheich mbliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu an chéad bhliain mheasúnachta a ndearnadh cáin ioncaim faoi Chás I de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach ar bhrabúis nó gnóchain thréimhse d'onnmhairigh an chuideachta earraí nó an chéad bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, mar a roghnóidh an chuideachta, nó, cheal roghnaithe, an chéad bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin a dúradh, ach ní bheidh an bhliain 1975-76 ná aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin ina bliain éilimh in aon chás, agus

(ii) cuideachta—

(I) a onnmhairíonn earraí,

(II) nach cuideachta dá dtagraítear i bhfo-mhír (i) den mhír seo,

(III) nach ndearna éileamh, agus nach mbeadh teideal aici éileamh a dhéanamh, faoi alt 12 den Acht, in aghaidh na bliana 1959-60 ná aon bhliana measúnachta roimhe sin, agus

(IV) nach mbeadh teideal aici, mura mbeadh forálacha alt 27 den Acht Airgeadais, 1960 , éileamh a dhéanamh faoi alt 12 den Acht,

cuirfear an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar ‘bliain éilimh’;

ciallaíonn ‘bliain éilimh’ gach bliain de dheich mbliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu an bhliain 1960-61 nó an bhliain 1961-62, de réir mar a roghnóidh an chuideachta nó, cheal roghnaithe, an bhliain 1961-62.”

(2) Ach amháin maidir le fo-alt (10) d'alt 13 den Acht, déantar, leis seo, an míniú seo a leanas a chur in alt 10 den Acht in ionad an mhínithe ar “tréimhse chuntasaíochta”:

“ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta’ tréimhse chuntasaíochta chuideachta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta chuideachta laistigh den tréimhse deich mbliana ó cibé lá den dá lá seo a leanas is déanaí, is é sin le rá:

(a) an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1956, nó

(b) an chéad lá den bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta arb í céad bhliain éilimh na cuideachta í chun críocha faoisimh faoi alt 12 den Acht, nó an 6ú lá d'Aibreán, 1965, cibé lá acu sin is túisce;”.

Blianta éilimh agus tréimhsí cuntasaíochta breise do Chuid III den Acht.

29. —(1) Maidir le cuideachta a fuair faoiseamh faoi fho-alt (1) nó fo-alt (3) d'alt 12 den Acht, beidh feidhm ag fo-ailt (1) go (5) den alt sin 12 maidir leis na cúig bliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu an bhliain mheasúnachta díreach i ndiaidh bliain éilimh dheiridh na cuideachta de réir bhrí alt 10 den Acht, ionann agus—

(a) dá mba bhliain éilimh gach bliain acu sin, agus

(b) go gcuirfí isteach in ionad “laghdófar go neamhní” i míreanna (a) agus (b) den fho-alt sin (5)—

(i) i gcás na céad bhliana acu sin, “laghdófar ochtó faoin gcéad”,

(ii) i gcás an dara bliain acu sin “laghdófar seasca a cúig faoin gcéad”,

(iii) i gcás an tríú bliain acu sin “laghdófar caoga faoin gcéad”,

(iv) i gcás an ceathrú bliain acu sin “laghdófar tríocha a cúig faoin gcéad”, agus

(v) i gcás an cúigiú bliain acu sin “laghdófar cúig déag faoin gcéad”.

(2) Maidir le cuideachta a fuair faoiseamh faoi fho-alt (1) nó fo-alt (3) d'alt 13 den Acht, beidh feidhm ag fo-ailt (1) go (9) den alt sin 13 maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta leis an gcuideachta laistigh den tréimhse chúig bliana a thosóidh ar dheireadh a bheith leis an tréimhse arb í comhlíon tréimhsí cuntasaíochta na cuideachta de réir bhrí alt 10 den Acht í, ionann agus—

(a) dá mbaineadh “tréimhse chuntasaíochta” léi gach áit ina bhfuil na focail sin sna fo-ailt sin, agus

(b) go gcuirfí, in ionad “laghdófar go neamhní” i míreanna (a) agus (b) den fho-alt sin 9—

(i) i gcás inar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í laistigh den chéad bhliain acu sin “laghdófar ochtó faoin gcéad”,

(ii) i gcás inar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í laistigh den dara bliain acu sin, “laghdófar seasca a cúig faoin gcéad”,

(iii) i gcás inar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í laistigh den tríú bliain acu sin, “laghdófar caoga faoin gcéad”,

(iv) i gcás inar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í laistigh den cheathrú bliain acu sin, “laghdófar tríocha a cúig faoin gcéad”,

(v) i gcás inar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í laistigh den chúigiú bliain acu sin “laghdófar cúig déag faoin gcéad”.

Idirbheartaíocht idir daoine i gcomhlachas le chéile agus cuideachta i gcomharbas trádála do chuideachta eile.

30. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta a éileoidh faoiseamh faoi Chuid III den Acht de bhua na bhforálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo.

(2) I gcás ina gceannóidh cuideachta (dá ngairtear an ceannaitheoir anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ó dhuine eile (dá ngairtear an díoltóir anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), tar éis an tAcht seo a rith, agus—

(a) go mbeidh urlámh ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, más comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh urlámh ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó urlámh ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir, agus

(b) gur lú an praghas san idirbheart ná an praghas a mbeifí ag súil leis dá mba idirbheart idir páirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí le chéile an t-idirbheart,

ansin, chun críocha Chuid III den Acht, ríomhfar na brabúis de chuid an cheannaitheora is inchurtha i leith díolachán ionann agus dá mba é an praghas san idirbheart an praghas a bheadh ann dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “urlámh”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna nó cumhacht vótála a shealbhú sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur de réir tola an duine sin a sheoltar gnó an chomhlachta chorpraithe chéadluaite agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.

(4) I gcás cuideachta (dá ngairtear an chuideachta chomharbais ina dhiaidh seo san alt seo) a theacht i gcomharbas ar thrádáil nó cuid de thrádáil a bhí, an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, á seoladh ag cuideachta eile (dá ngairtear an chuideachta bhunaidh san fho-alt seo) agus go ndearna an chuideachta bhunaidh éileamh nó go bhféadfadh sí éileamh a dhéanamh faoi Chuid III den Acht, ansin déanfar faoiseamh, de bhua na n-alt roimhe seo den Chuid seo den Acht seo, a dheonú, chomh fada agus a bhaineann an faoiseamh sin leis an trádáil nó leis an gcuid de thrádáil a bheidh i gceist, don chuideachta chomharbais ach sin amháin maidir lena mbeidh fágtha de na blianta éilimh agus de na tréimhsí cuntasaíochta a bhféadfadh an chuideachta bhunaidh faoiseamh faoi Chuid III den Acht a éileamh ina n-aghaidh dá leanadh sí den trádáil, nó den chuid den trádáil, a bheidh i gceist a sheoladh.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta cibé eolas nó sonraí is gá chun críocha an ailt seo a thabhairt dóibh, agus beidh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 12 agus ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 13 den Acht ionann agus dá mbeadh ar na nithe a gceanglaíonn na fo-ailt sin cruthú a thabhairt orthu an t-eolas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

Doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird.

31. —(1) Ar oifigeach údaraithe á iarraidh sin air in aon áitreabh le cuideachta a bheidh ag éileamh faoisimh faoi Chuid III den Acht, déanfaidh aon duine a bheidh ar fostú ag an gcuideachta san áitreabh gach uile shonra, cuntas, leabhar agus doiciméad agus taifead eile a bhainfidh le ceannach agus díol earraí ag an gcuideachta agus a bheidh i seilbh nó ar urlámh an duine sin nó ar fáil aige a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe agus, nuair a thabharfaidh sé ar aird amhlaidh iad, ligfidh sé don oifigeach údaraithe iad a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

(2) Mura ndéanaidh duine ar a ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo de réir cheanglas an fho-ailt sin, dlífear pionós caoga punt a chur air.

(3) Maidir leis na pionóis uile faoin alt seo, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú.

(4) I gcás ina n-iarrfaidh oifigeach údaraithe, de bhun an ailt seo, go dtabharfar aon doiciméid nó taifid ar aird déanfaidh sé, má iarrtar sin air, a údarás chun críocha an ailt seo a thaispeáint don duine lena mbainfidh.

(5) San alt seo, ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim arna údarú acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo.

Leathnú ar Chuid II den Acht.

32. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “mianraí sonraithe” giopsam agus anhidríd;

ciallaíonn “oibríochtaí mianadóireachta sonraithe” oibríochtaí mianadóireachta (trí thochailt faoi thalamh nó tochailt bhéaloscailte) sa Stát, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, ach sin amháin a mhéid go dtáirgfear nó gur táirgeadh mianraí sonraithe dá dtoradh.

(2) Bainfidh Cuid II den Acht le hoibríochtaí mianadóireachta sonraithe ionann agus—

(a) dá mbaineadh “oibríochtaí gual-mhianadóireachta”, “nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta” agus “oibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha” gach áit ina bhfuil na focail sin sa Chuid sin le hoibríochtaí mianadóireachta,

(b) dá mbaineadh “go dtáirgfear nó gur táirgeadh gual” agus “táirgeadh gual” sa Chuid sin le táirgeadh mianraí sonraithe,

(c) dá mbaineadh “táirgeacht ghuail”, “táirgeachta guail” agus “táirgeacht chaighdeánach ghuail” gach áit ina bhfuil na habairtí sin sa Chuid sin le táirgeacht mhianraí sonraithe,

(d) dá gcuirtí “nó leis an mbliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960 (cibé bliain acu is déanaí)” isteach i ndiaidh “bliain mheasúnuithe ar lá dhi an lá tosnuithe” i bhfo-alt (1) d'alt 7 den Acht,

(e) dá gcuirtí “nó an 6ú lá d'Aibreán, 1960 (cibé acu is déanaí)” isteach i ndiaidh “lá tosnuithe” i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 7 den Acht,

(f) dá gcuirtí “6ú lá d'Aibreán, 1960” i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 8 den Acht in ionad “1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1956”,

(g) dá gcuirtí an míniú seo a leanas isteach i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 8 den Acht in ionad an mhínithe ar “bliain mheasúnuithe iomchuí”:

“ciallaíonn ‘bliain mheasúnuithe iomchuí’ gach ceann de na seacht mbliana measúnuithe comhleanúnacha arb í an chéad bhliain díobh an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960”.

Leasú ar Chuid IV den Acht.

33. —Chun críocha Chuid IV den Acht, measfar gur foirgneamh nó déanmhas agus é á úsáid chun críocha thrádáil na hóstánaíochta foirgneamh nó déanmhas agus é á úsáid mar champa saoire, ach ní thabharfar aon liúntas faoin gCuid sin IV de bhua an ailt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1960-61.