25 1960


Uimhir 25 de 1960.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ AGUS DO LEASÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1958, AGUS ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1959. [26 Iúil, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1952, Uimh. 11 .

1956, I.R. Uimh. 236.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1958;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Rialacháin 1956” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Arachas), 1956.

(2) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo.

Leathnú ar alt 3 den Phríomh-Acht (forálacha ginearálta maidir le rialacháin).

2. —Forléireofar alt 3 (seachas fo-alt (4) de) den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige—

(a) ionann agus dá bhfolaíodh na tagairtí atá ann do chumhacht chun rialacháin a dhéanamh tagairtí d'aon chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo, agus

(b) ionann agus dá bhfolaíodh na tagairtí atá ann do rialacháin tagairtí d'aon rialacháin faoin Acht seo.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht (ranníocaí i gcoitinne).

3. —Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) de:

“(2) Is ranníocaí seachtainiúla na ranníocaí saorálacha agus beidh siad le n-íoc ag ranníocóirí saorálacha atá faoi aois inphinsin, de réir—

(a) i gcás ina raibh siad, díreach sular scoir siad de bheith ina ranníocóirí fostaithe, árachaithe faoin Acht seo chun críocha pinsin (ranníocach) bhaintrí agus liúntais (ranníocach) dhílleachta agus chuige sin amháin gan aon sochar eile a áireamh, dhá scilling agus sé phingin in aghaidh seachtaine ranníoca, agus

(b) i gcás ina raibh siad, díreach sular scoir siad de bheith ina ranníocóirí fostaithe, árachaithe faoin Acht seo chun críocha pinsin (ranníocach) bhaintrí agus liúntais (ranníocach) dhílleachta agus sochar eile, ceithre scilling agus naoi bpingin in aghaidh seachtaine ranníoca,

i gcás fear-ranníocóirí saorálacha agus i gcás ban-ranníocóirí saorálacha.”

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht (suimeanna a íocadh de dhearmad mar ranníocaí a aischur).

4. —Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht trí “agus oiread d'aon ranníoc a d'íoc ranníocóir fostaithe nó ranníocóir saorálach a chuaigh faoi árachas tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú agus a chinnfear de réir na rialachán a bheith íoctha leith pinsin (ranníocach) shean-aoise” a chur isteach i ndiaidh “mar ranníoca.”

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht (cineálacha agus rátaí sochair agus coinníollacha ranníoca).

5. —Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndeireadh fho-alt (1) de:

“(g) pinsean (ranníocach) sean-aoise (lena n-áirítear sochar faoi fho-alt (3) d'alt 26 den Acht seo).”

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht (pinsean (ranníocach) baintrí).

6. —Faoi réir fhorálacha na nAchtanna, beidh pinsean (ranníocach) baintrí (lena n-áirítear aon mhéadú air) iníoctha tar éis don bhaintreach aois inphinsin a shlánú, agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht trí “ná tar éis di aois inphinsin a shlánú” a scriosadh as fo-alt (2) de.

Pinsean (ranníocach) sean-aoise.

7. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25 den Phríomh-Acht:

Pinsean (Ranníocach) Sean-Aoise.

25A. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh teideal ag duine chun pinsin (ranníocach) shean-aoise má bhíonn aois inphinsin slán aige agus má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca iomchuí.”

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht (méadú ar shochar i leith cleithiúnaithe aosaithe).

8. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(2) Méadófar an ráta seachtainiúil pinsin (ranníocach) shean-aoise an méid atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i rith aon tréimhse—

(a) a bheidh an tairbhí ina chónaí lena bhanchéile nó á cothabháil ar fad nó go formhór, nó

(b) a bheidh an tairbhí ag cothabháil a fearchéile ar fad nó go formhór agus gan é ábalta ar é féin a chothabháil de dheasca easláine éigin coirp nó meabhrach,

agus nach tréimhse í a bheidh céile an tairbhí ag fáil phinsin (ranníocach) shean-aoise.

(3) (a) Faoi réir fhorálacha na nAchtanna agus na bhforálacha ina dhiaidh seo den fho-alt seo, ar dhuine d'fháil bháis a raibh pinsean (ranníocach) seanaoise iníoctha leis de réir ráta sheachtainiúil mhéadaithe de bhua an ailt seo in aghaidh tréimhse dar críoch dáta an bháis sin, beidh teideal ag an mbanchéile nó ag an bhfearchéile, de réir mar a bheidh, chun sochair a mbeidh a ráta seachtainiúil comhionann le méid an mhéadaithe ar ráta seachtainiúil an phinsin (ranníocach) shean-aoise réamhráite.

(b) Ní bheidh sochar faoin bhfo-alt seo iníoctha in aghaidh tréimhse ar bith tar éis athphósadh don duine lenarbh iníoctha é.

(c) Beidh duine dícháilithe chun sochar a fháil faoin bhfo-alt seo má bhíonn agus an fad a bheidh an duine sin agus aon duine eile ina gcónaí le chéile mar dhaoine pósta.

(d) I gcás ina mbeadh, mura mbeadh forálacha na míre seo, sochar faoin bhfo-alt seo agus pinsean (neamhranníocach) baintrí faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1959, nó pinsean (ranníocach) baintrí nó pinsean (ranníocach) sean-aoise iníoctha le duine in aghaidh aon tréimhse—

(i) ní bheidh sochar faoin bhfo-alt seo iníoctha in aghaidh na tréimhse sin mura mbeidh a ráta comhionann le ráta an phinsin nó níos mó ná é, agus

(ii) ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh na tréimhse sin mura mó ráta an phinsin ná ráta an tsochair faoin bhfo-alt seo.”

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht (méadú ar shochar i leith linbh cháilithe amháin nó gach duine de bheirt leanaí cáilithe).

9. —Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht—

(a) trí “agus ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanaí den sórt sin a bheith ann, an méid atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach linbh den sórt sin de bhreis ar bheirt,” a chur isteach i ndiaidh “leis na tairbhí” i bhfo-alt (1) de, agus

(b) trí “agus ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanaí den sórt sin a bheith ann, an méid atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach linbh de bhreis ar bheirt” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (2 (ach ní i mír (b)) de.

Páirtchomhlíonadh ar choinníollacha ranníoca i leith pinsin (ranníocach) shean-aoise.

10. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 28 den Príomh-Acht:

“28A. (1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfar a fhoráil le rialacháin a dhéanfar le ceadú an Aire Airgeadais go mbeidh teideal chun pinsin (ranníocach) shean-aoise ag daoine a mbeadh an teideal sin acu mura mbeadh nach bhfuil na coinníollacha ranníoca iomchuí comhlíonta maidir le meán-mhéid na ranníoc a íocadh nó a creidiúnaíodh sa bhliain ranníoca.

(2) Forálfar le rialacháin chun críocha an ailt seo go mbeidh pinsean (ranníocach) sean-aoise is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an méid a bheidh na coinníollacha ranníoca comhlíonta, ach is é an méadú sochair céanna a bheidh iníoctha faoi fho-alt (2) d'alt 26 den Acht seo ab iníoctha dá mbeadh na coinníollacha ranníoca iomchuí comhlíonta go hiomlán.”

Leasú ar alt 37 den Phríomh-Acht (forálacha speisialta do ranníocóirí saorálacha).

11. —Leasaítear leis seo alt 37 den Phríomh-Acht trí “agus, más de réir an ráta a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 6 den Acht seo a d'íoc sé aon ranníocaí saorálacha a d'íoc sé, ní áireofar na ranníocaí sin nuair a bheifear á chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha ranníoca i leith pinsin (ranníocach) shean-aoise comhlíonta” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (1) de.

Leasú ar alt 47 den Phríomh-Acht (riaradh sochair).

12. —Leasaítear leis seo alt 47 den Phríomh-Acht trí “pinsean (ranníocach) sean-aoise,” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (2) i ndiaidh “maidir le”.

Forálacha idirlinne maidir le coinníollacha ranníoca.

1956, I.R. Uimh. 236.

13. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 66 den Phríomh-Acht:

“66 A. (1) Aon ranníocaí a bheidh íoctha nó creidiúnaithe faoi na hAchta Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, nó a bheidh íoctha nó maite, nó a measfar a bheidh íoctha, nó a ndéileálfar leo amhail agus dá mbeidís íoctha, faoi na hAchta um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952 (seachas ranníocaí a bheidh íoctha ag duine nó a bheidh íoctha ina leith in aghaidh tréimhse a bheidh nó a raibh an duine sin fostaithe go formhór i gceann amháin nó níos mó de na fostaíochtaí a shonraítear i bhfo-airteagal (1) d'Airteagal 5 de na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas), 1956), áireofar iad ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a bheidh forordaithe le haghaidh comhlíonadh na gcoinníollacha ranníoca i leith pinsin (ranníocach) shean-aoise.

(2) Féadfaidh foráil a bheith freisin i rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo go ndéanfar modhnuithe, i gcás daoine a bhí árachaithe faoi na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, nó a bhí as láthair ón Stát roimh thosach feidhme alt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 , ar aon cheann de na coinníollacha ranníoca i leith pinsin (ranníocach) shean-aoise.

(3) Beidh rialacháin faoin alt seo faoi réir a gceadaithe ag an Aire Airgeadais.”

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (rátaí ranníoca fostaíochta).

1956, Uimh. 24 .

14. —(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(i) trí “3A,” a chur isteach i ndiaidh “míreanna 2, 3” (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) i mír 1 de,

(ii) trí “4s. 6d.” a chur in ionad “2s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) agus “3s. 5d.” a chur in ionad “1s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) i bhfo-mhír (a) den mhír sin 1,

(iii) trí “4s. 6d.” a chur in ionad “2s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) agus “4s. 2d.” a chur in ionad “2s. 5d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) i bhfo-mhír (b) den mhír sin 1,

(iv) trí “2s. 6d.” a chur in ionad “1s. 7d.” (a cuireadh isteach sa dá fho-mhír le hAcht 1956) i bhfomhíreanna (a) agus (b) de mhír 2 de,

(v) trí “nó le seirbhís tís” a scriosadh as mír 3 de agus “1s. 9d.” a chur in ionad “11d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) i bhfo-alt (a) den mhír sin 3 agus “2s. 6d.” a chur in ionad “1s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) i bhfo-mhír (b) den mhír sin 3,

(vi) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na míre sin 3:

“3A. I gcás gur fostaíocht ban-ranníocóra fostaithe í an fhostaíocht, agus gur le seirbhís tís is mó atá sí fostaithe, beidh ranníocaí fostaíochta de réir ráta speisialta ann mar leanas:

(a) iníoctha ag an ranníocóir fostaithe:

2s. 6d.

(b) iníoctha ag an bhfostóir:

3s. 3d.”,

(vii) trí “1s. 3d.” a chur in ionad “1s. 0d.” i bhfomhíreanna (a) agus (b) de mhír 4 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) de,

(viii) trí “1s. 3d.” a chur in ionad “1s. 0d.” i bhfomhír (b) de mhír 5 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) de,

(ix) trí “2s. 9d.” a chur in ionad “1s. 0d.” i bhfomhír 6 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) de,

(x) trí “4s. 2d.” a chur in ionad “2s. 5d.” i bhfomhír (b) den mhír sin 6,

(xi) trí “2s. 9d.” a chur in ionad “1s. 0d.” i bhfomhír (a) de mhír 7 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) de, agus

(xii) trí “3s. 3d.” a chur in ionad “1s. 6d.” i bhfomhír (b) den mhír sin 7.

(2) San alt seo ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1956 .

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (ráta nó méid an tsochair).

15. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach in ionad Chuid I de:

“Cuid I.

Rátaí sochar tréimhsiúla agus rátaí na méaduithe orthu.

An cineál sochair.

Ráta seachtainiúil.

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (má tá iníoctha).

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanaí cáilithe (má tá iníoctha).

Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (mátá) iníoctha.

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

scilling.

scilling.

scilling.

scilling.

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) d'fhear, bean singil nó baintreach, bean phósta atá ina cónaí ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháilóna fearchéile nó bean phósta a bhfuilteideal aici chun méadaithe i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ...

32½

20

10

5

(ii) d'aon bhean phósta eile     ...     ...

24½

--

--

--

(b) i gcás caoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

má tá teideal ag an duine chun méadaithe i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe     ...     ...     ...     ...     ...

32½

20

10

5

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ...     ...     ...     ...     ...

24½

--

--

--

2. Liúntas Máithreachais     ...     ...     ...     ...

35

--

--

--

3. Pinsean (ranniocach) Baintrí:

má tá teideal ag an mbaintreach chun méadaithe i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe     ...     ...     ...     ...

35

--

10

5

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an mbaintreach     ...     ...     ...     ...

32½

--

--

--

4. Liúntas (ranníocach) Dílleachta     ...     ...

20

--

--

--

5. Pinsean (ranníocach) Seanaoise     ...     ...

40

28½

--

--

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (coinníollacha ranníoca).

16. —Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) trí “nó 3A” a chur isteach i mír 1 de i ndiaidh “faoi mhír 3”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “am iomchuí” i mír 4 de: ciallaíonn “am iomchuí”—

(i) an dáta a shlánaigh an fearchéile aois inphinsin nó a fuair sé bás faoin aois sin, nó

(ii) má tá na coinníollacha á gcomhlíonadh ar thaifead árachais na baintrí—

(I) dáta báis an fhearchéile, nó

(II) má shlánaigh an bhaintreach aois inphinsin roimh an dáta a fuair an fearchéile bás, an dáta a shlánaigh an bhaintreach aois inphinsin,

agus

(c) tríd an mír bhreise seo a leanas a chur isteach ag a dheireadh:

“6. Pinsean (ranníocach) sean-aoise.

Is iad na coinníollacha ranníoca i leith pinsin (ranníocach) shean-aoise—

(a) go dtáinig an t-éilitheoir faoi árachas sular shlánaigh sé seasca bliain d'aois,

(b) céad, caoga agus sé ranníoc fostaíochta ar a laghad a bheith íoctha i leith an éilitheora ó thainig sé faoi árachas, agus

(c) nach lú ná daichead a hocht sa bhliain ranníoca meán-uimhir na ranníoc a bheidh íoctha i leith an éilitheora nó creidiúnaithe dó in aghaidh na tréimhse dar tosach tús na bliana ranníoca a tháinig an t-éilitheoir faoi árachas agus dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an dáta a shlánaigh sé aois inphinsin,

ach ní dhéanfar ranníocaí fostaíochta faoi mhíreanna 4 agus 5 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a íocadh i leith an éilitheora a áireamh nuair a bheifear á chinneadh, chun críocha na gcoinníollacha roimhe seo, cad í an uimhir ranníoc a íocadh i leith an éilitheora.”

Foráil speisialta do ranníocóirí saorálacha láithreacha.

1911, c. 55.

17. —(1) Má bhíonn duine lena mbaineann an t-alt seo ina ranníocóir saorálach ag tosach feidhme an ailt seo, féadfaidh sé, d'ainneoin fhorálacha fho-alt (2) (a chuirtear isteach leis an Acht seo) d'alt 6 den Phríomh-Acht, a roghnú ar an modh forordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe ranníocaí saorálacha a íoc de réir an ráta a shonraítear i mír (a) nó de réir an ráta a shonraítear i mír (b) den fho-alt sin (2).

(2) San alt seo ciallaíonn “duine lena mbaineann an t-alt seo” duine seachas duine—

(a) atá fostaithe go formhór i gceann amháin nó níos mó de na fostaíochtaí a shonraítear i bhfo-airteagal (1) d'Airteagal 5 de Rialacháin 1956,

(b) a bhí, díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir fostaithe, árachaithe faoin bPríomh-Acht chun críocha pinsin (ranníocach) bhaintrí agus liúntais (ranníocach) dhílleachta amháin ach ní chun críocha aon sochair eile,

(c) a bhí, tar éis dó a bheith ina dhuine lenar bhain alt 70 den Phríomh-Acht, díreach sula dtáinig sé go saorálach faoi árachas faoin National Insurance Act, 1911, árachaithe faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, amháin.

Cumhacht chun scéimeanna agus comhshocraíochtaí atá ann faoi láthair chun aoisliúntais agus íocaíochtaí i leith iomarcachta a sholáthar a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

18. —(a) Féadfar aon scéim nó comhshocraíocht chun pinsin, cúiteamh i leith iomarcachta nó sochair eile a sholáthar (lena n-áirítear aon scéim nó comhshocraíocht arna bunú nó arna soláthar de bhua nó faoi réim aon achtacháin nó ag á bhfuil feidhm reachtúil de bhua aon achtacháin agus aon scéim nach bhfuil fianaithe ach trí pholasaí amháin árachais nó níos mó) a mhodhnú, agus

(b) féadfar aon scéim nó comhshocraíocht den sórt sin, seachas scéim nó comhshocraíocht chun cúiteamh i leith iomarcachta a sholáthar, a fhoirceannadh,

i ndáil le córas chun pinsin (ranníocach) shean-aoise a sholáthar a bhunú faoi na hAchtanna—

(i) trí chomhaontú idir na páirtithe éagsúla a mbeidh baint acu leis an scéim nó an chomhshocraíocht, nó

(ii) de réir rialachán a dhéanfar, tar éis breithniú a bheith déanta ar aon uiríolla a dhéanfaidh na páirtithe éagsúla a mbeidh baint acu leis an scéim nó an chomhshocraíocht, ag cibé Aire a gcinnfidh an tAire Airgeadais gur Aire iomchuí é maidir leis an scéim nó an chomhshocraíocht nó, má chinneann an tAire Airgeadais nach bhfuil aon Aire iomchuí ann, ag an Aire Tionscail agus Tráchtála.

Sochair fhorluiteacha.

19. —(1) I gcás duine ag a bhfuil aois inphinsin slán agus atá ag fáil phinsin faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, agus dá ndámhfar pinsean (ranníocach) sean-aoise nó pinsean (ranníocach) baintrí, déanfar aon íocaíocht ar scór an phinsin chéadluaite in aghaidh tréimhse ar iníoctha an pinsean (ranníocach) sean-aoise nó an pinsean (ranníocach) baintrí, de réir mar a bheidh, ina haghaidh a áireamh mar íocaíocht ar cuntas an phinsin (ranníocach) shean-aoise nó an phinsin (ranníocach) bhaintrí, de réir mar a bheidh.

(2) I gcás duine atá ag fáil phinsin faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, a bheith ina dhuine a ndéanfar an ráta seachtainiúil pinsin (ranníocach) shean-aoise is iníoctha le duine eile a mheadú ina leith de bhua fho-alt (2) (a chuirtear isteach leis an Acht seo) d'alt 26 den Phríomh-Acht, déanfar aon íocaíocht ar scór an phinsin chéadluaite in aghaidh tréimhse a ndéanfar an pinsean (ranníocach) sean-aoise a mhéadú amhlaidh ina haghaidh a áireamh mar íocaíocht ar cuntas an phinsin (ranníocach) shean-aoise.

Dícháiliú do phinsin faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959.

20. —(1) Má bhíonn duine ag fáil phinsin (ranníocach) sheanaoise is dícháiliú é sin maidir leis an duine sin d'fháil phinsin faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959.

(2) Aon duine lenar iníoctha sochar faoi fho-alt (3) (a chuirtear isteach leis an Acht seo) d'alt 26 den Phríomh-Acht nó a ndéanfar an ráta seachtainiúil pinsin (ranníocach) shean-aoise is iníoctha le duine eile a mhéadú ina leith de bhua fho-alt (2) den alt sin, beidh sé dícháilithe, maidir le haon tréimhse ar iníoctha an sochar sin faoin bhfo-alt sin (3) ina haghaidh leis nó a ndéanfar ráta seachtainiúil an phinsin sin is iníoctha leis an duine eile sin a mhéadú amhlaidh ina haghaidh, chun pinsean a fháil faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959.

(3) Aon duine a mbeidh aois inphinsin slán aici agus a bheidh ag fáil phinsin (ranníocach) bhaintrí, beidh sí dícháilithe chun pinsean a fháil faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, in aghaidh aon tréimhse a mbeidh sí ag fáil an phinsin (ranníocach) bhaintrí ina haghaidh.

Pinsean (ranníocach) baintrí do bhaintreacha áirithe in aois inphinsin roimh thosach feidhme an ailt seo.

21. —Más rud é bhua alt 79 den Phríomh-Acht—

(a) go mbeidh pinsean i gcúrsa a íoctha le baintreach díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, nó

(b) go ndámhfar pinsean do bhaintreach tar éis tosach feidhme an ailt seo in aghaidh tréimhse a chríochnóidh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo,

faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise 1908 go 1959, beidh an bhaintreach sin, faoi réir fhorálacha na nAchtanna, i dteideal pinsin (ranníocach) bhaintrí amhail ar agus ó dháta thosach feidhme an ailt seo.

Cumhacht chun deacrachtaí a réiteach.

22. —Má éiríonn aon deacracht in aon slí maidir leis an Acht seo nó aon leasú ar na hAchtanna nó ar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, a dhéantar leis an Acht seo a chur i ngníomh, féadfaidh an tAire, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, aon ní a dhéanamh le hordú a mheasfaidh sé a bheith riachtanach nó oiriúnach chun an tAcht seo a chur i ngníomh agus féadfar modhnú a dhéanamh ar fhorálacha an Achta seo le haon ordú den sórt sin a mhéid a mheasfar é a bheith riachtanach nó oiriúnach chun an t-ordú a chur in éifeacht.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

(3) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliain a bheith caite ó thosach feidhme an ailt seo.

Aisghairm.

23. —Déantar leis seo alt 60 agus, maidir le teideal chun pinsin agus íoc pinsin, mar a fhoráiltear san alt sin, faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, in aghaidh aon tréimhse dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo nó dáta éis, alt 79 den Phríomh-Acht a aisghairm.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

24. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna, agus na hAchtanna a fhorléiriú mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, a ghairm de agus díobh le chéile, agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1960, a ghairm de agus díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon fhoráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh forálacha éagsúla nó le haghaidh na forála céanna maidir le cásanna éagsúla nó le haicmí éagsúla cásanna.