|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Urlámh ar Mhaoin Aturnae agus Cúiteamh do Chliaint i gCásanna Áirithe) |
AN tACHT ATURNAETHA (LEASÚ), 1960
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Forálacha Araíonachta Maidir le hAturnaetha | |
[EN] |
An Coiste Araíonachta. |
6. —(1) Déanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, ó am go ham de réir mar is gá, coiste araíonachta (dá ngairtear an Coiste Araíonachta san Acht seo) nach lú ná seachtar agus nach mó ná deichniúr a líon a cheapadh as líon comhaltaí na Comhairle agus na n-iarchomhaltaí sin den Chomhairle a bheidh ag cleachtadh mar aturnaetha. |
[EN] | (2) Féadfaidh comhalta den Choiste Araíonachta éirí as a oifig trí litir a chuirfear leis an bpost cláraithe chuig Uachtarán na hArd-Chúirte agus beidh éifeacht ag a éirí as ar an dáta a sheachadfar an litir. | |
[EN] | (3) Féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte comhalta den Choiste Araíonachta a chur as oifig, folúntas sa Choiste Araíonachta a líonadh agus, faoi réir na dteorainneacha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, an líon daoine a bheidh air a mhéadú nó a laghdú. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Coiste Araíonachta gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais ina líon. | |
[EN] | (5) Íocfaidh an Cumann aon chostas nó caiteachas faoina rachaidh an Coiste Araíonachta. | |
[EN] | (6) Triúr is córam don Choiste Araíonachta. | |
[EN] | (7) Féadfaidh comhalta den Choiste Araíonachta, ba chomhalta den Chomhairle ar dháta a cheaptha, gníomhú ar an gCoiste Araíonachta d'ainneoin é a bheith tar éis scor de bheith ina chomhalta den Chomhairle. | |
[EN] |
An Coiste Araíonachta do dhéanamh fiosrúcháin faoi iompar aturnae a líomhnaítear mí-iompar ina choinne. |
7. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is chun an Choiste Araíonachta a dhéanfar, agus éistfidh an Coiste Araíonachta, de réir rialacha a dhéanfar faoi alt 16 den Acht seo, aon iarratas ó dhuine eile nó ón gCumann á iarraidh go ndéanfaí fiosrúchán faoi iompar aturnae ar fhoras mí-iompair líomhnaithe. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoin alt seo maidir le haturnae agus gurb é tuairim an Choiste Araíonachta, tar éis an t-iarratas a bhreithniú, nach bhfuil cás prima facie le fiosrú, cuirfidh siad sin in iúl i scríbhinn don iarratasóir agus ní dhéanfaidh siad aon ghníomh eile maidir leis an iarratas. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoin alt seo maidir le haturnae agus gurb é tuairim an Choiste Araíonachta, tar éis an t-iarratas a bhreithniú, go bhfuil cás prima facie le fiosrú, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas— | |
[EN] | (a) rachaidh siad i mbun fiosrúchán a dhéanamh; | |
[EN] | (b) nuair a bheidh an fiosrúchán críochnaithe, cuirfidh an Coiste Araíonachta a gcinntí i dtuarascáil chun na hArd-Chúirte agus sonróidh siad inti an t-iarratas agus an fhianaise a cuireadh os a gcomhair agus aon ábhair eile maidir leis an aturnae is oiriúnach leo a thuairisciú, maraon lena dtuairim i dtaobh oiriúnacht nó eile an aturnae le bheith ina chomhalta de lucht ghairm na n-aturnaetha ag féachaint dá mbeidh sa tuarascáil; | |
[EN] | (c) má chinneann an Coiste Araíonachta go raibh mí-iompar ann ó thaobh an aturnae maidir le haon ábhar a gearánadh san iarratas nó nár fhreagair an t-aturnae go sasúil na líomhaintí ina choinne, tabharfaidh an Cumann an tuarascáil os comhair na hArd-Chúirte. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo, féadfaidh an Coiste Araíonachta, ag aon chéim de na himeachtaí maidir leis an iarratas agus sula dtabharfar tuarascáil don Ard-Chúirt, déanamh aon bhearta nó aon bhearta breise san ábhar a chur siar go ceann tréimhse sonraithe agus, má dhéanann siad sin, ansin, más rud é, sula mbeidh an tréimhse sin caite, go n-iarrfaidh an t-iarratasóir cead ar an gCoiste Araíonachta an t-iarratas a tharraingt siar, féadfaidh an Coiste Araíonachta, más oiriúnach leo, a cheadú an t-iarratas a tharraingt siar agus, má dhéanann siad sin, ní dhéanfaidh siad aon ghníomh eile maidir leis an iarratas. | |
[EN] | (5) (a) Beidh an Cumann i dteideal iarratas a dhéanamh chun an Choiste Araíonachta de réir fhorálacha an ailt seo, d'ainneoin aon duine eile a bheith i dteideal iarratas den sórt sin a dhéanamh, agus | |
[EN] | (b) Féadfaidh an Cumann a údarú d'aon duine thar a gceann gach ní agus gníomh a dhéanamh is gá chun críocha an iarratais sin. | |
[EN] |
Imeachtaí os comhair na hArd-Chúirte maidir le tuarascáil a thabharfar os comhair na Cúirte faoi alt 7. |
8. —(1) I gcás ina dtabharfaidh an Coiste Araíonachta, tar éis fiosrúchán a dhéanamh faoi iompar aturnae, tuarascáil don Ard-Chúirt faoi alt 7 den Acht seo agus go dtabharfaidh an Cumann an tuarascáil sin os comhair na hArd-Chúirte faoin alt sin 7, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas— |
[EN] | (a) féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis an tuarascáil a bhreithniú— | |
[EN] | (i) le hordú | |
[EN] | (I) ainm an aturnae a scriosadh den rolla, | |
[EN] | (II) an t-aturnae a fhionraí ó chleachtadh go ceann cibé tréimhse a shocróidh an Ard-Chúirt, nó | |
[EN] | (III) an t-aturnae a cháinseamh nó é a cháinseamh agus a cheangal air pionós airgid a íoc, | |
[EN] | (ii) ordú a dhéanamh maidir leis na costais faoina ndeachthas sna himeachtaí os a comhair agus os comhair an Choiste Araíonachta mar is oiriúnach léi, | |
[EN] | (iii) aon ordú foghabhálach maidir leis an gcás a dhéanamh is oiriúnach leis an Ard-Chúirt, | |
[EN] | (b) féadfaidh an Ard-Chúirt, más oiriúnach léi, ar fhorais speisialta, an cás a tharchur chun an Choiste Araíonachta chun fianaise bhreise a ghlacadh lena cur faoina bráid agus tuarascáil fhorlíontach a thabhairt di, agus féadfaidh an Chúirt éisteacht an cháis a chur ar atráth go dtí go gcuirfear an fhianaise bhreise sin faoina bráid agus go dtabharfar an tuarascáil fhorlíontach sin, | |
[EN] | (c) i dteannta aon ní dá sonraítear sna míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo a dhéanamh, féadfaidh an Ard-Chúirt freisin, le hordú, aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh— | |
[EN] | (i) a ordú don aturnae cibé aiseag is oiriúnach leis an Ard-Chúirt a thabhairt d'aon pháirtí éagóraithe, | |
[EN] | (ii) ar iarratas ón gCumann, a ordú go seachadfar d'aon duine a cheapfaidh an Cumann gach doiciméad nó aon doiciméid a bheidh i seilbh nó ar urláimh an aturnae nó a ghnólachta nó a bhainfidh le haon iontaobhas arb é nó arbh é an t-aturnae an t-iontaobhaí aonair ina leith nó arb iad nó arbh iad na hiontaobhaithe ina leith an t-aturnae maraon le páirtí, cléireach nó seirbhíseach dá chuid nó maraon le níos mó ná duine amháin den sórt sin, | |
[EN] | (iii) a ordú— | |
[EN] | (I) nach ndéanfaidh aon chuideachta baincéireachta, gan cead ón Ard-Chúirt, aon íocaíocht as cuntas bainc in ainm an aturnae nó a ghnólachta, nó | |
[EN] | (II) nach ndéanfaidh cuideachta baincéireachta shonraithe, gan cead ón Ard-Chúirt, aon íocaíocht as cuntas bainc in ainm an aturnae nó a ghnólachta. | |
[EN] | (2) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt ordú maidir le doiciméid faoi fhomhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Cumann fiosruithe a dhéanamh chun a fháil amach cén duine ar leis nó cé na daoine ar leo na doiciméid agus féadfaidh sé déileáil leis na doiciméid mar a ordóidh an duine sin nó na daoine sin. | |
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) I gcás ina gceanglóidh an Ard-Chúirt, le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo, ar aturnae pionós airgid a íoc, oibreoidh an t-ordú mar bhreithiúnas i gcoinne an aturnae i bhfabhar an Chumainn, agus déanfar an pionós airgid, nuair a ghnóthófar é, a íoc isteach sa Chiste Cúitimh. | |
[EN] | (4) Má ghníomhaíonn aon duine mar ghníomhaire nó ainmní d'aturnae nó dá ghnólacht ar chuma a dhéanfaidh neamhbhríoch ordú a rinne an Ard-Chúirt faoi fhomhír (iii) de mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. | |
[EN] |
Ainm aturnae a bhaint den rolla ar é féin á iarraidh sin. |
9. —(1) Is chun an Choiste Araíonachta a dhéanfaidh aturnae iarratas chun a ainm a bhaint den rolla, agu éistfidh an Choiste Arnaíonachta é, de réir rialacha a dhéanfar faoi alt 16 den Acht seo. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh aturnae iarratas faoin alt seo, breithneoidh an Coiste Araíonachta an t-iarratas, agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas— | |
[EN] | (a) más é a dtuairim gur ceart géilleadh don iarratas gan tuarascáil a thabhairt don Ard-Chúirt, ordóidh siad dá réir sin, | |
[EN] | (b) murab é sin a dtuairim— | |
[EN] | (i) tabharfaidh siad tuarascáil i dtaobh an iarratais don Ard-Chúirt, | |
[EN] | (ii) tabharfaidh an Cumann an tuarascáil os comhair na hArd-Chúirte, | |
[EN] | (iii) féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis an t-iarratas agus an tuarascáil a bhreithniú, ordú a dhéanamh ag diúltú don iarratas nó ag géilleadh dó agus maidir le híoc costas. | |
[EN] |
Ainm aturnae a chur ar ais ar an rolla. |
10. —(1) Beidh cumhacht ag an Ard-Chúirt a ordú go gcuirfear ar ais ar an rolla ainm aturnae ar scriosadh a ainm den rolla le hordú ón Ard-Chúirt faoi alt 8 den Acht seo nó faoin alt sin 8 arna chur i bhfeidhm le halt 11 den Acht seo nó ar baineadh a ainm den rolla faoi alt 9 den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh aon duine a bheidh á iarraidh go gcuirfí a ainm ar ais ar an rolla faoin alt seo iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus tabharfaidh sé fógra don Chumann go bhfuil beartaithe aige an t-iarratas sin a dhéanamh, agus beidh an Cumann i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil ar aon iarratas den sórt sin. | |
[EN] | (3) Ar iarratas faoin alt seo a éisteacht féadfaidh an Ard-Chúirt diúltú don iarratas nó féadfaidh sí a ordú ainm an iarratasóra a chur ar ais ar an rolla agus féadfaidh sí a ordú don iarratasóir costais agus caiteachais an Chumainn maidir leis an iarratas a íoc. | |
[EN] |
Dlínse na hArd-Chúirte maidir le haturnae ar airbheartaíodh maidir leis go ndearnadh ordú faoi alt 18 den Phríomh-Acht ag scriosadh a ainm den rolla. |
11. —I gcás ina ndearna an Sean-Choiste Araíonachta, i bhfeidhmiú airbheartaithe cumhachtaí a airbheartaíodh a tugadh dóibh le halt 18 (a aisghairtear leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, ordú á fhoráil go scriosfaí ainm aturnae den rolla, féadfaidh an Cumann, ar fhógra a thabhairt don aturnae, iarratas trí fhógra foriarratais (nach giorra ná deich lá) a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ag iarraidh ordú ag scriosadh ainm an aturnae den rolla, agus, má iarrann an Cumann amhlaidh, ansin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas— |
[EN] | (a) beidh gach a mbeidh ar fáil de na mionnscríbhinní agus den fhianaise doiciméid eile a bhí os comhair an tSean-Choiste Araíonachta agus gach a mbeidh ar fáil de scríbhinní na fianaise a tugadh os a gcomhair inghlactha mar fhianaise ar an Ard-Chúirt a bheith ag breithniú an iarratais, | |
[EN] | (b) tar éis don Ard-Chúirt na mionnscríbhinní sin, an fhianaise doiciméid eile sin agus na scríbhinní eile sin a léamh, agus tar éis di aon fhianaise bhreise a ghlacadh a thairgfidh an Cumann nó an t-aturnae agus tar éis di breithniú a dhéanamh ar aon ábhair eile maidir leis an aturnae a dtarraingeoidh an Cumann a haird orthu, déileáilfaidh sí leis an iarratas ionann is dá mba thuarascáil é maidir leis an aturnae chun na hArd-Chúirte ón gCoiste Araíonachta agus a thug an Cumann os comhair na hArd-Chúirte faoi alt 7 den Acht seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 8 den Acht seo. | |
[EN] |
Orduithe na hArd-Chúirte a bheith críochnaitheach. |
12. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is ordú críochnaitheach nach inachomhairc ordú ón Ard-Chúirt faoi alt 8 den Acht seo, faoin alt sin arna chur i bhfeidhm le halt 11 den Acht seo nó faoi alt 9 nó alt 10 den Acht seo. |
[EN] | (2) Le cead na hArd-Chúirte, féadfaidh an Cumann, nó an t-aturnae lena mbainfidh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí i gcoinne ordú ón Ard-Chúirt faoi alt 8 den Acht seo, faoin alt sin arna chur i bhfeidhm le halt 11 den Acht seo nó faoi alt 9 nó alt 10 den Acht seo. | |
Dlínse na hArd-Chúirte faoi ailt 8, 9, 10 agus 11 a fheidhmiú. |
13. —Is é Uachtarán na hArd-Chúirte a fheidhmeoidh an dlínse a dhílsítear san Ard-Chúirt le halt 8, 9, 10 nó 11 den Acht seo nó, má threoraíonn agus gach cás ina dtreoróidh Uachtarán na hArd-Chúirte amhlaidh, gnáthbhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh sannaithe chuige sin de thuras na huaire ag Uachtarán na hArd-Chúirte. | |
Pribhléid maidir le himeachtaí áirithe faoin bPríomh-Acht agus faoin Acht seo. |
14. —Beidh— | |
(a) déanamh aon ghnímh, roimh an Acht seo a rith, ag an Sean-Choiste Araíonachta nó ag an gclaraitheoir, i bhfeidhmiú airbheartaithe na gcumhachtaí a airbheartaíodh a tugadh dóibh nó dó le halt 18 nó 21 den Phríomh-Acht, is gníomh ar airbheartaíodh é a bheith údaraithe é a dhéanamh leis an alt sin, | ||
(b) tabhairt tuarascála faoi alt 7 nó 9 den Acht seo nó tuarascála fhorlíontaí faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 8 den Acht seo don Ard-Chúirt ag an gCoiste Araíonachta, | ||
(c) tabhairt tuarascála os comhair na hArd-Chúirte ag an gCumann faoi alt 7 nó 9 den Acht seo, | ||
(d) foilsiú aon fhógra de réir halt 17 den Acht seo ar údaraigh an t-alt sin 17 é a fhoilsiú, | ||
(e) déanamh iarratais, roimh an Acht seo a rith, chun an tSean-Choiste Araíonachta faoi alt 14 den Phríomh-Acht nó tabhairt aon eolais i ndáil leis an iarratas sin, agus | ||
(f) déanamh iarratais faoi alt 7 den Acht seo nó tabhairt aon eolais i ndáil leis an iarratas sin, | ||
faoi phribhléid iomlán agus measfar, maidir le déanamh aon ghnímh dá sonraítear i mír (a) nó (e) den alt seo, é a bheith faoi phribhléid iomlán i gcónaí. | ||
[EN] |
Cumhachtaí an Choiste Araíonachta maidir le fianaise a ghlacadh, etc. |
15. —(1) Beidh ag an gCoiste Araíonachta, chun críocha aon fhiosrúcháin a dhéanfaidh siad faoi alt 7 den Acht seo nó breithniú a dhéanamh ar iarratas faoi alt 9 den Acht seo nó fianaise bhreise a ghlacadh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 8 den Acht seo, na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí atá dílsithe san Ard-Chúirt nó i mbreitheamh den Ard-Chúirt le linn caingean a éisteacht, maidir le— |
[EN] | (a) iallach a chur ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus lena gceistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus | |
[EN] | (b) iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird, | |
[EN] | agus féadfar toghairm faoi shíniú chomhalta den Choiste Araíonachta a chur in ionad, agus is ionann a feidhm agus feidhm, aon phróise foirmiúla is ineisithe i gcaingean chun iallach a chur ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus chun iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird. | |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mainneoidh duine ar bith freastal tar éis é a thoghairm go cuí chun freastal os comhair an Choiste Araíonachta, nó | |
[EN] | (b) go ndiúltóidh duine ar bith, agus é i láthair mar fhinné os comhair an Choiste Araíonachta, mionn a thabhairt a cheanglóidh an Coiste Araíonachta air go dleathach a thabhairt, nó aon doiciméad faoina chumhacht nó ar a urláimh a thabhairt ar aird a cheanglóidh an Coiste Araíonachta air go dleathach a thabhairt ar aird nó don cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Coiste Araíonachta air go dleathach a fhreagairt, nó | |
[EN] | (c) go ndéanfaidh duine ar bith, agus é i láthair os comhair an Choiste Araíonachta, aon ní ba dhíspeagadh cúirte dá mba chúirt dlí an Coiste Araíonachta agus cumhacht chimithe aici i leith díspeagadh, | |
[EN] | féadfar, le deimhniú faoi shíniú beirt chomhalta den Choiste Araíonachta, cion an duine sin a dheimhniú don Ard-Chúirt agus air sin féadfaidh an Ard-Chúirt fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh an chiona líomhnaithe agus, tar éis aon fhinnéithe a thabharfar ar aird i gcoinne nó ar son an duine a bheidh cúisithe sa chion agus aon ráitis a thairgfear mar chosaint a éisteacht, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionosú amhail is dá mba i ndíspeagadh na hArd-Chúirte a bhí sé ciontach. | |
[EN] | (3) Beidh teideal ag finné os comhair an Choiste Araíonachta chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é. | |
[EN] |
Rialacha i dtaobh nós imeachta maidir le hiarratais chun an Choiste Araíonachta. |
16. —(1) Féadfaidh an Coiste Araíonachta, le comhthoiliú Uachtarán na hArd-Chúirte, rialacha (nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo) a dhéanamh a rialóidh— |
[EN] | (a) déanamh iarratas chun an Choiste Araíonachta faoin Acht seo, | |
[EN] | (b) imeachtaí an Choiste Araíonachta faoin Acht seo, | |
[EN] | agus i gcoitinne, maidir le nós imeachta i ndáil leis na hábhair sin. | |
[EN] | (2) Féadfaidh rialacha faoin alt seo foráil a dhéanamh go sonrach maidir le fadú na tréimhse chun aon mhionnscríbhinn nó doiciméad a thabhairt nó chun iarratas nó mionnscríbhinn a ghlacadh d'ainneoin aon neamhrialtachta ina fhoirm, i gcás inar dóigh leis an gCoiste Araíonachta gur ceart sin a dhéanamh. | |
[EN] |
Comhadú orduithe a dhéanfaidh an Ard-Chúirt nó an Coiste Araíonachta agus fógra i dtaobh orduithe áirithe a dhéanfaidh an Ard-Chúirt. |
17. —(1) Déanfaidh an Coiste Araíonachta— |
[EN] | (a) cóip de gach ordú a dhéanfaidh an Ard-Chúirt faoin Acht seo, agus | |
[EN] | (b) aon ordú a dhéanfaidh an Coiste Araíonachta faoi alt 9 den Acht seo, | |
[EN] | a chomhadú leis an gcláraitheoir. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt ordú, faoi alt 8 den Acht seo nó faoin alt sin 8 arna chur i bhfeidhm le halt 11 den Acht seo, ag scriosadh ainm aturnae den rolla nó ag fionraí aturnae ó chleachtadh, cuirfidh an cláraitheoir faoi deara láithreach fógra ag insint éifeacht chuid oibritheach an ordaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus cuirfidh faoi deara freisin an fógra a fhoilsiú i cibé slí eile a ordóidh an Coiste Araíonachta. | |
[EN] | (3) Coimeádfaidh an cláraitheoir comhaid ar leithligh ina dtaifeadfar mar a leanas na horduithe go léir a dhéanfaidh an Ard-Chúirt nó an Coiste Araíonachta faoin Acht seo— | |
[EN] | (a) ar chomhad ar a dtabharfar Comhad A, taifeadfar gach ordú ag scriosadh ainm aturnae den rolla nó ag fionraí aturnae ó chleachtadh a dhéanfaidh an Ard-Chúirt faoi alt 8 den Acht seo nó faoin alt sin 8 arna chur i bhfeidhm le halt 11 den Acht seo, | |
[EN] | (b) ar chomhad ar a dtabharfar Comhad B, taifeadfar aon ordú eile a dhéanfaidh an Ard-Chúirt faoin Acht seo agus aon ordú a dhéanfaidh an Coiste Araíonachta faoi alt 9 den Acht seo. | |
[EN] | (4) Tabharfaidh an cláraitheoir cóip de thaifead ar Chomhad A nó ar Chomhad B do dhuine a iarrfaidh i scríbhinn cóip den sórt sin. | |
[EN] | (5) D'ainneoin fo-alt (4) den alt seo— | |
[EN] | (a) i gcás ina n-iarrfar cóip de thaifead ar Chomhad A nó ar Chomhad B agus gur taifead faoi dháta is luaithe ná dhá bhliain roimh dháta an iarratais é, nó | |
[EN] | (b) i gcás ina n-iarrfar cóip de thaifead ar Chomhad A nó ar Chomhad B agus gur taifead é ar ordaigh an Coiste Araíonachta nóta a chur isteach ina leith go mb'fhéidir éagóir a theacht as cóip de a thabhairt, | |
ní thabharfar cóip den taifead (ach amháin i gcás an chóip a thabhairt faoi ordú cúirte) gan cead i scríbhinn ón gCumann. | ||
[EN] |
Feidhm na nAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959. |
18. —Is imeacht dlí de réir bhrí na habairte “legal proceeding” mar a úsáidtear í sna hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, iarratas chun an Choiste Araíonachta nó fiosrúchán nó imeacht eile os a gcomhair. |