|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Forálacha Araíonachta Maidir le hAturnaetha) | Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach) |
AN tACHT ATURNAETHA (LEASÚ), 1960
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Urlámh ar Mhaoin Aturnae agus Cúiteamh do Chliaint i gCásanna Áirithe | |
[EN] |
Cumhacht an Chumainn chun déileáil le doiciméid de chuid aturnaetha áirithe. |
19. —(1) I gcás inarb é tuairim an Chumainn go bhfuil aturnae nó cléireach nó seirbhíseach aturnae ciontach i mí-ionracas i ndáil le cleachtadh an aturnae sin mar aturnae nó i ndáil le haon iontaobhas arb iontaobhaí ina leith an t-aturnae sin, féadfaidh siad, trí fhógra, a cheangal go dtabharfar ar aird nó go seachadfar d'aon duine a cheapfaidh an Cumann gach doiciméad nó aon doiciméad, agus féadfaidh siad seilbh a ghlacadh ar gach doiciméad nó aon doiciméad, a bheidh i seilbh nó ar urláimh an aturnae sin nó a ghnólachta nó a bhainfidh le haon iontaobhas arb é an t-aturnae sin an t-iontaobhaí aonair ina leith nó arb iad na hiontaobhaithe ina leith an t-aturnae sin maraon le páirtí, cléireach nó seirbhíseach dá chuid nó maraon le nó níos mó ná duine amháin den sórt sin, |
[EN] | (2) Aon duine a mbeidh ina sheilbh nó ar a urláimh doiciméid a gceanglófar air faoin alt seo iad a thabhairt ar aird nó a sheachadadh agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh iad a thabhairt ar aird nó a sheachadadh de réir an cheanglais— | |
[EN] | (a) beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh an Cumann iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus féadfaidh an Chúirt sin, le hordú, a cheangal ar an duine sin na doiciméid a thabhairt ar aird nó a sheachadadh. | |
[EN] | (3) I gcás ina nglacfaidh an Cumann seilbh ar dhoiciméid a thabharfar ar aird nó a sheachadfar faoi cheanglas faoin alt seo— | |
[EN] | (a) seirbheálfaidh siad, ar an aturnae agus ar gach duine eile óna bhfuarthas na doiciméid, fógra ina mbeidh sonraí na ndoiciméad agus an dáta a glacadh seilbh orthu, agus | |
[EN] | (b) má bhíonn aon chuid de na doiciméid grúpáilte le chéile mar dhoiciméid a bhaineann le hábhar áirithe, féadfar sonraí na ndoiciméad sin a thabhairt san fhógra tríd an ngrúpa agus an t-ábhar lena mbainfidh sé a lua. | |
[EN] | (4) Féadfaidh aturnae nó duine eile, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis fógra faoi fho-alt (3) den alt seo a sheirbheáil air, ordú a iarraidh ar an Ard-Chúirt á ordú don Chumann na doiciméid a fuair an Cumann a thabhairt ar ais don duine nó do na daoine óna bhfuarthas iad nó do cibé duine nó daoine eile a luafaidh an t-iarratasóir agus féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú sin a dhéanamh nó cibé ordú is oiriúnach leis an Ard-Chúirt. | |
[EN] | (5) (a) Mura ndéantar iarratas de réir fho-alt (4) den alt seo nó má ordaíonn an Ard-Chúirt, ar an iarratas sin a fháil, go bhfanfaidh na doiciméid i gcoimeád nó ar urláimh an Chumainn, féadfaidh an Cumann fiosruithe a dhéanamh féachaint cén duine ar leis nó cé na daoine ar leo na doiciméid agus féadfaidh siad déileáil leis na doiciméid mar a ordóidh an duine nó na daoine sin. | |
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] |
Rialú cuntas bainc aturnaetha. |
20. —(1) I gcás inarb é tuairim an Chumainn go bhfuil aturnae, nó cléireach nó seirbhíseach aturnae ciontach i mí-ionracas i ndáil le cleachtadh an aturnae sin mar aturnae nó i ndáil le haon iontaobhas arb iontaobhaí ina leith an t-aturnae sin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte, agus féadfaidh an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh á ordú— |
[EN] | (a) nach ndéanfaidh aon chuideachta baincéireachta, gan cead ón Ard-Chúirt, aon íocaíocht as cuntas bainc in ainm an aturnae nó a ghnólachta, nó | |
[EN] | (b) nach ndéanfaidh cuideachta baincéireachta shonraithe, gan cead ón Ard-Chúirt, aon íocaíocht as cuntas bainc a bheidh á choimeád ag an gcuideachta sin in ainm an aturnae nó a ghnólachta. | |
[EN] | (2) Beidh cumhacht ag an Ard-Chúirt iarratas ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a éisteacht in camera. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haturnae, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú san am céanna go mbeidh a dheimhniú cleachta ar fionraí go dtí n-éagfaidh an deimhniú. | |
[EN] | (4) Má ghníomhaíonn aon duine mar ghníomhaire nó ainmní d'aturnae nó dá ghnólacht ar chuma a dhéanfadh neamhbhríoch ordú a rinne an Ard-Chúirt faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. | |
[EN] |
Cúiteamh i gcaillteanas mar gheall ar mhí-ionracas aturnae nó cléirigh nó seirbhísigh aturnae. |
21. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Cúitimh; | |
[EN] | ciallaíonn “deontas” deontas faoi fho-alt (4) den alt seo. | |
[EN] | (2) Leanfaidh an Cumann den Chiste a chothabháil. | |
[EN] | (3) Cothabhálfar agus riarfar an Ciste de réir fhorálacha an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] | (4) I gcás ina gcruthófar chun sástachta an Chumainn gur bhain caillteanas do dhuine ar bith de dhroim mí-ionracas ó thaobh aturnae nó aon chléirigh nó seirbhísigh aturnae i ndáil le cleachtadh an aturnae sin mar aturnae nó i ndáil le haon iontaobhas arb iontaobhaí ina leith an t-aturnae sin, ansin, faoi réir fhorálacha an ailt seo, tabharfaidh an Cumann deontas as an gCiste don duine sin, agus is é méid a bheidh sa deontas méid is comhionann, i dtuairim an Chumainn, le lánslánaíocht sa chaillteanas sin. | |
[EN] | (5) Beidh de rogha ag an gCumann deontas a thabhairt nó diúltú deontas a thabhairt— | |
[EN] | (a) i gcás nach raibh deimhniú cleachta ag an aturnae a bhí i bhfeidhm an tráth a tharla, i dtuairim an Chumainn, an caillteanas, | |
[EN] | (b) i gcás inarb é tuairim an Chumainn go ndearna an t-éilitheoir faillí, nó go ndearna duine éigin a raibh sé freagrach ina leith faillí, a bhí ar cheann de na cúiseanna leis an gcaillteanas a bheidh i gceist, agus | |
[EN] | (c) i gcás inarb é tuairim an Chumainn gur chabhraigh an t-éilitheoir go gníomhach, trína iompar féin, le mí-iompar an aturnae | |
[EN] | agus, má chinneann an Cumann deontas a thabhairt in aon chás den sórt sin, beidh de rogha acu gan ach deontas teoranta a thabhairt. | |
[EN] | (6) Féadfar deontas a thabhairt d'ainneoin gur tharla, tar éis an ghnímh mhí-ionracais, go bhfuair an t-aturnae bás, gur baineadh nó gur scriosadh a ainm den rolla, gur scoir sé de bheith ag cleachtadh, gur fionraíodh ó chleachtadh é nó gur fionraíodh a dheimhniú cleachta. | |
[EN] | (7) Ní thabharfar aon deontas i leith caillteanas a slánaíodh ar shlí eile. | |
[EN] | (8) (a) Ar aon deontas a thabhairt d'aon duine (dá ngairtear an deontaí san fho-alt seo) i leith aon chaillteanais— | |
[EN] | (i) beidh seachaíocht ag an gCumann, go dtí méid an deontais— | |
[EN] | (I) maidir le haon chearta nó leigheasanna a raibh teideal chucu ag an deontaí, mar gheall ar an gcaillteanas, i gcoinne an aturnae nó aon duine eile nó i gcoinne eastát an aturnae sin nó an duine eile sin, | |
[EN] | (II) maidir le haon chearta nó leigheasanna a raibh teideal chucu ag an aturnae, nó ag a chléireach nó ag a sheirbhíseach, mar gheall ar an gcaillteanas, i gcoinne aon duine eile nó i gcoinne eastát an duine eile sin, | |
[EN] | (III) maidir le gach ceart agus leigheas eile (más ann) de chuid an deontaí nó an aturnae, an chléirigh nó an tseirbhísigh sin, i leith an chaillteanais, | |
[EN] | (ii) ní bheidh ag an deontaí, ná ag a ionadaí, ceart ar bith, faoi imeachtaí féimheachta ná imeachtaí dlíthiúla eile ná ar aon slí eile, chun aon suim a fháil as sócmhainní an aturnae, an chléirigh nó an tseirbhísigh i leith an chaillteanais go dtí go mbeidh méid iomlán an deontais aisíoctha leis an gCumann. | |
[EN] | (b) Na tagairtí atá i mír (a) den fho-alt seo don deontaí nó don aturnae, don chléireach nó don seirbhíseach, folaíonn siad, i gcás é d'fháil bháis, d'éirí dócmhainneach nó a theacht faoi dhícháilíocht eile, tagairtí dá ionadaí pearsanta nó d'aon duine eile ag a mbeidh údarás a eastát a riaradh. | |
[EN] | (9) Ní thabharfar deontas ar bith mura bhfaighidh an Cumann fógra i dtaobh an chaillteanais— | |
[EN] | (a) sa tslí ordaithe, agus | |
[EN] | (b) laistigh den tréimhse ordaithe tar éis don chailliúnaí fios a fháil ar an gcaillteanas. | |
[EN] | (10) Féadfaidh an Cumann, chun críocha fiosrú i dtaobh don ábhair a dhéanfadh difir maidir le deontas a thabhairt nó a dhiúltú, fianaise a ghlacadh faoi mhionn, agus údaraítear leis seo daoine a chur faoin mionn sin. | |
[EN] | (11) (a) Féadfar, mar is rogha leis an gCumann, deontas a íoc in aon suim amháin nó i cibé tráthchodanna a chinnfidh an Cumann. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an Cumann, más é a dtuairim gur gá sin ar mhaithe le cobhsaíocht airgeadais an Chiste, íoc aon deontais is iníoctha in aon suim amháin, nó íoc aon tráthchoda de dheontas, a chur siar. | |
[EN] |
Ranníocaí isteach sa Chiste Cúitimh ó aturnaetha. |
22. —(1) San alt seo ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Cúitimh. |
[EN] | (2) Sula n-eiseofar deimhniú cleachta chun aturnae in aghaidh na bliana cleachta dar críoch an 5ú lá d'Eanáir, 1962, nó aon bhliana cleachta dá éis sin, íocfaidh sé leis an gCumann cibé ranníoc bliantúil chun an Chiste is iomchuí de réir na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo agus féadfaidh an cláraitheoir eisiúint an deimhnithe a choimeád siar nó go ndéanfar an íocaíocht. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, is é an ranníoc bliantúil chun an Chiste is iníoctha ag aturnae faoi fho-alt (2) den alt seo— | |
[EN] | (a) i gcás an deimhniú cleachta ar ina leith a íocfar é a eisiúint chuige laistigh de thrí bliana dar tosach lá a ghlactha—cúig phunt, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile—fiche punt. | |
[EN] | (4) (a) Aon tráth aon bhliain chleachta— | |
[EN] | (i) arb í an chéad bhliain chleachta í díreach i ndiaidh na bliana ar ag a deireadh a tharlóidh, den chéad uair, gur mó ná £25,000 an méid iomlán a bheidh chun creidiúna an Chiste (lena n-áirítear luach na n-infheistíochtaí go léir is cuid den Chiste ach tar éis gach dliteanas neamhoctha a asbhaint), nó | |
[EN] | (ii) arb aon bhliain chleachta dá éis sin í, | |
[EN] | féadfaidh an Cumann, más oiriúnach leo, a chinneadh go ndéanfaidh gach aturnae a thógfaidh amach deimhniú cleachta in aghaidh na bliana cleachta díreach dá éis sin (nach deimhniú a eiseofar chuige laistigh den tréimhse trí bliana dar tosach lá a ghlactha) cibé méid os cionn nó faoi bhun fiche punt a shocróidh an Cumann a íoc leis an gCumann mar ranníoc bliantúil is iníoctha faoi fho-alt (2) den alt seo i gcás na bliana sin. | |
[EN] | (b) Ag feidhmiú na gcumhachtaí dóibh a thugtar leis an mír sin roimhe seo, beidh aird ag an gCumann ar an bprionsabal a dhlíonn go gcoimeádfar £25,000 san iomlán chun creidiúna an Chiste (lena n-áirítear luach na n-infheistíochtaí go léir is cuid den Chiste ach tar éis gach dliteanas neamhíoctha a asbhaint). | |
[EN] |
Comhshocraíochtaí le Dlí-Chumann Corpraithe Thuaisceart Éireann. |
23. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an cumann comhréire” Dlí-Chumann Corpraithe Thuaisceart Éireann, | |
[EN] | ciallaíonn “deimhniú comhréire” deimhniú a d'eisigh an cumann comhréire agus atá ar comhréir le deimhniú cleachta, | |
[EN] | ciallaíonn “cleachtóirí comhréire” daoine ag a bhfuil deimhnithe comhréire. | |
[EN] | (2) I gcás ina gceanglaíonn scéim a oibríonn an cumann comhréire ar chleachtóirí comhréire atá faoi rialú an chumainn sin ranníoc a dhéanamh le haon chiste nó polasaí árachais, nó aon pholasaí árachais a thógáil amach, chun cúiteamh nó slánaíocht a thabhairt do chliaint i leith nó i gcoinne caillteanais de dheasca na cleachtóirí sin, a gcléirigh nó a seirbhísigh, do dhéanamh cúblála, féadfaidh an Cumann comhshocraíochtaí agus comhaontuithe a dhéanamh leis an gcumann comhréire maidir le daoine a bhfuil teideal acu deimhnithe cleachta maraon le deimhnithe comhréire a thógáil amach, agus féadfar le haon chomhshocraíocht nó comhaontú den sórt sin foráil a dhéanamh— | |
[EN] | (a) chun go n-íocfaidh gach duine acu sin an t-aon chomhranníoc bliantúil amháin agus i dtaobh an mhodha ar a n-úsáidfear an comhranníoc chun críocha an Chiste Cúitimh agus chun críocha aon chiste nó polasaí árachais a bheidh á chothabháil chun críocha na scéime sin, | |
[EN] | (b) i dtaobh an mhodha ar a ndéileálfar le héilimh i leith cúblála ag aon duine acu sin, nó ag a chléireach nó a sheirbhíseach, agus an méid, más aon mhéid é, de na héilimh sin a íocfaidh an Cumann agus an cumann comhréire faoi seach, | |
[EN] | (c) i dtaobh aon nithe iarmartacha nó teagmhasacha. | |
[EN] |
Rialacháin chun críocha Chuid III. |
24. —Féadfaidh rialacháin a dhéanfar le comhthoiliú Uachtarán na hArd-Chúirte— |
[EN] | (a) foráil a dhéanamh i dtaobh an nós imeachta (seachas nós imeachta cúirte) is inleanta chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo agus an Dara Sceideal agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, | |
[EN] | (b) forálacha a dhéanamh a bheidh fo-ghabhálach le forálacha na Coda seo den Acht seo agus an Dara Sceideal agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó forlíontach orthu, | |
[EN] | (c) forálacha a dhéanamh a thabharfaidh éifeacht d'aon chomhshocraíocht nó comhaontú a dhéanfar de bhun alt 23 den Acht seo nó a bheidh fo-ghabhálach leis sin nó forlíontach air. |