|
||||
|
AN tACHT ARM-PHINSEAN (Uimh. 2), 1960
[EN] | ||||||||||||||||||||||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL. Liúntais do chleithiúnaithe oifigeach agus saighdiúirí. | |||||||||||||||||||||
Cuid I. Oifigigh. | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Cuid II. Saighdiúirí. | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Cuid III. Oifigigh. | ||||||||||||||||||||||
1. Chun críocha na Coda seo den Sceideal seo measfar gach duine acu seo a leanas, agus ní mheasfar aon daoine eile, a bheith ina chleithiúnaí ar oifigeach marbh:— | ||||||||||||||||||||||
(a) a mháthair, | ||||||||||||||||||||||
(b) a athair, má bhíonn sé os cionn seasca bliain d'aois nó éagumasach de dheasca easláinte, | ||||||||||||||||||||||
(c) a dheartháir buan-easlán, | ||||||||||||||||||||||
(d) a dheirfiúr bhuan-easlán neamhphósta, | ||||||||||||||||||||||
(e) a sheanathair, | ||||||||||||||||||||||
(f) a sheanmháthair. | ||||||||||||||||||||||
2. (1) Más dóigh leis an Aire go bhfuil cleithiúnaí amháin ann, agus nach bhfuil ann ach an cleithiúnaí amháin, a bhí i lán-chleithiúnas ar oifigeach marbh, beidh liúntas iníoctha leis an gcleithiúnaí sin. | ||||||||||||||||||||||
(2) Más dóigh leis an Aire go bhfuil beirt chleithiúnaithe nó níos mó ann a bhí i lán-chleithiúnas ar oifigeach marbh, beidh liúntas iníoctha le gach cleithiúnaí acu sin. | ||||||||||||||||||||||
3. (1) Más rud é— | ||||||||||||||||||||||
(a) nach iníoctha aon liúntas faoi mhír 2 den Chuid seo, agus | ||||||||||||||||||||||
(b) gur dóigh leis an Aire go bhfuil cleithiúnaí amháin ann, agus nach bhfuil ann ach an cleithiúnaí amháin, a bhí i gcleithiúnas go formhór ar oifigeach marbh, | ||||||||||||||||||||||
beidh liúntas iníoctha leis an gcleithiúnaí sin. | ||||||||||||||||||||||
(2) Más rud é— | ||||||||||||||||||||||
(a) nach iníoctha aon liúntas faoi mhír 2 den Chuid seo, agus | ||||||||||||||||||||||
(b) gur dóigh leis an Aire go bhfuil beirt chleithiúnaithe nó níos mó ann a bhí i gcleithiúnas go formhór ar oifigeach marbh, | ||||||||||||||||||||||
beidh liúntas amháin, agus ní bheidh ach an liúntas amháin, iníoctha i leith an oifigigh mhairbh agus beidh an liúntas sin iníoctha le cibé cleithiúnaí acu sin a measann an tAire, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, gurb é an duine é lenar chóir é a íoc. | ||||||||||||||||||||||
4. (1) Más rud é— | ||||||||||||||||||||||
(a) nach iníoctha aon liúntas i leith oifigigh mhairbh faoi mhír 2 nó mír 3 den Chuid seo, agus | ||||||||||||||||||||||
(b) go bhfuil cleithiúnaí amháin, agus nach bhfuil ach an cleithiúnaí amháin, ar an oifigeach marbh sin, | ||||||||||||||||||||||
féadfar aisce a dheonú don chleithiúnaí sin. | ||||||||||||||||||||||
(2) Más rud é— | ||||||||||||||||||||||
(a) nach iníoctha aon liúntas i leith oifigigh mhairbh faoi mhír (2) nó mír (3) den Chuid seo, agus | ||||||||||||||||||||||
(b) go bhfuil beirt chleithiúnaithe nó níos mó ar an oifigeach marbh sin, | ||||||||||||||||||||||
féadfar aisce a íoc i leith an oifigigh mhairbh sin agus beidh an aisce sin iníoctha le cibé duine nó daoine, d'eisceadh na ndaoine eile nó an duine eile, de na cleithiúnaithe sin a cheapfaidh an tAire agus, má fheidhmítear an chumhacht sin i bhfabhar níos mó ná duine acu, i cibé cionúireachtaí a cheapfaidh an tAire. | ||||||||||||||||||||||
5. (1) I gcás aon chleithiúnaí a bheith i gcleithiúnas ar fad nó go formhór ar níos mó ná duine marbh amháin, ní bhfaighidh an cleithiúnaí sin, i leith na ndaoine marbha sin, liúntais is mó san iomlán ná an liúntas uasta d'fhéadfaí a dheonú don chleithiúnaí sin faoin Sceideal seo i leith aon duine áirithe de na daoine marbha sin. | ||||||||||||||||||||||
(2) Aon uair a bheidh duine ina chleithiúnaí ar níos mó ná duine marbh amháin, ní bhfaighidh an duine sin, i leith na ndaoine marbha sin, aiscí is mó san iomlán ná an aisce uasta d'fhéadfaí a dheonú don duine sin faoin Sceideal seo i leith aon duine áirithe de na daoine marbha sin. | ||||||||||||||||||||||
(3) Sa mhír seo folaíonn an abairt “duine marbh” oifigeach marbh chomh maith le saighdiúir marbh. | ||||||||||||||||||||||
6. Is é a bheidh i liúntas faoin gCuid seo den Sceideal seo suim bhliantúil £102 10s., agus is é a bheidh in aisce faoin gCuid seo den Sceideal seo cibé cnapshuim (nach mó ná £180) a chinnfidh an tAire. | ||||||||||||||||||||||
Cuid IV. Saighdiúirí. | ||||||||||||||||||||||
1. Chun críocha na Coda seo den Sceideal seo measfar gach duine acu seo leanas, agus ní mheasfar aon daoine eile, a bheith ina chleithiúnaí ar shaighdiúir marbh— | ||||||||||||||||||||||
(a) a mháthair, | ||||||||||||||||||||||
(b) a athair, má bhíonn sé os cionn seasca bliain d'aois nó éagumasach de dheasca easláinte, | ||||||||||||||||||||||
(c) a dheartháir buan-easlán, | ||||||||||||||||||||||
(d) a dheirfiúr bhuan-easlán neamhphósta, | ||||||||||||||||||||||
(e) a sheanathair, | ||||||||||||||||||||||
(f) a sheanmháthair. | ||||||||||||||||||||||
2. (1) Más dóigh leis an Aire go bhfuil cleithiúnaí amháin ann, agus nach bhfuil ann ach an cleithiúnaí amháin, a bhí i lánchleithiúnas ar shaighdiúir marbh, beidh liúntas iníoctha leis an gcleithiúnaí sin. | ||||||||||||||||||||||
(2) Más dóigh leis an Aire go bhfuil beirt chleithiúnaithe nó níos mó ann a bhí i lán-chleithiúnas ar shaighdiúir marbh, beidh liúntas iníoctha le gach cleithiúnaí acu sin. | ||||||||||||||||||||||
3. (1) Más rud é— | ||||||||||||||||||||||
(a) nach iníoctha aon liúntas faoi mhír 2 den Chuid seo, agus | ||||||||||||||||||||||
(b) gur dóigh leis an Aire go bhfuil cleithiúnaí amháin ann, agus nach bhfuil ann ach an cleithiúnaí amháin, a bhí i gcleithiúnas go formhór ar shaighdiúir marbh, | ||||||||||||||||||||||
beidh liúntas iníoctha leis an gcleithiúnaí sin. | ||||||||||||||||||||||
(2) Más rud é— | ||||||||||||||||||||||
(a) nach iníoctha aon liúntas faoi mhír (2) den Chuid seo, agus | ||||||||||||||||||||||
(b) gur dóigh leis an Aire go bhfuil beirt chleithiúnaithe nó níos mó ann a bhí i gcleithiúnas go formhór ar shaighdiúir marbh, | ||||||||||||||||||||||
beidh liúntas amháin, agus ní bheidh ach liúntas amháin, iníoctha i leith an tsaighdiúra mhairbh agus beidh an liúntas sin iníoctha le cibé cleithiúnaí acu sin a measann an tAire, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, gurb é an duine é lenar chóir é a íoc. | ||||||||||||||||||||||
4. (1) Más rud é— | ||||||||||||||||||||||
(a) nach iníoctha aon liúntas i leith saighdiúra mhairbh faoi mhír 2 nó mír 3 den Chuid seo, agus | ||||||||||||||||||||||
(b) go bhfuil cleithiúnaí amháin, agus nach bhfuil ach an cleithiúnaí amháin, ar an saighdiúir marbh sin, | ||||||||||||||||||||||
féadfar aisce a dheonú don chleithiúnaí sin. | ||||||||||||||||||||||
(2) Más rud é— | ||||||||||||||||||||||
(a) nach iníoctha aon liúntas i leith saighdiúra mhairbh faoi mhír 2 nó mír 3 den Chuid seo, agus | ||||||||||||||||||||||
(b) go bhfuil beirt chleithiúnaithe nó níos mó ar an saighdiúir marbh sin, | ||||||||||||||||||||||
féadfar aisce a íoc i leith an tsaighdiúra mhairbh sin agus beidh an aisce sin iníoctha le cibé duine nó daoine, d'eisceadh na ndaoine eile nó an duine eile, de na cleithiúnaithe sin a cheapfaidh an tAire agus, má fheidhmítear an chumhacht sin i bhfabhar níos mó ná duine acu, i cibé cionúireachtaí a cheapfaidh an tAire. | ||||||||||||||||||||||
5. (1) I gcás aon chleithiúnaí a bheith i gcleithiúnas ar fad nó go formhór ar níos mó ná duine marbh amháin, ní bhfaighidh an cleithiúnaí sin, i leith na ndaoine marbha sin, liúntais is mó san iomlán ná an liúntas uasta d'fhéadfaí a dheonú don chleithiúnaí sin faoin Sceideal seo i leith aon duine áirithe de na daoine marbha sin. | ||||||||||||||||||||||
(2) Aon uair a bheidh duine ina chleithiúnaí ar níos mó ná duine marbh amháin, ní bhfaighidh an duine sin, i leith na ndaoine marbha sin, aiscí is mó san iomlán ná an aisce uasta d'fhéadfaí a dheonú don duine sin faoin Sceideal seo i leith aon duine áirithe de na daoine marbha sin. | ||||||||||||||||||||||
(3) Sa mhír seo folaíonn an abairt “duine marbh” oifigeach marbh chomh maith le saighdiúir marbh. | ||||||||||||||||||||||
6. Is é a bheidh i liúntas faoin gCuid seo den Sceideal seo suim bhliantúil £51, agus is é a bheidh in aisce faoin gCuid seo den Sceideal seo cibé cnapshuim (nach mó ná £180) a chinnfidh an tAire. |