An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (Uimh. 2), 1960) Ar Aghaidh (CUID II. Airgead a Fháil agus a Thabhairt ar Iasacht.)

40 1960

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (Uimh. 2), 1960

CUID I.

Réamhraiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1960” an tAcht seo.

(3) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1960.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire iomchuí”—

(a) má bhaineann an fáil ar iasacht, an tabhairt ar iasacht nó an tógáil a bheidh i gceist le nithe a bhfuil na feidhmeanna Aire maidir leo dílsithe san aon Aire amháin seachas an tAire Rialtais Áitiúil—an tAire sin,

(b) má bhaineann sé le nithe a bhfuil na feidhmeanna Aire maidir leo dílsithe i mbeirt Airí nó níos mó (nach é an tAire Rialtais Áitiúil ceachtar acu nó aon Aire acu)— cibé Aire de na hAirí sin is mó a mbaineann na nithe sin leis, agus

(c) i ngach uile chás eile—an tAire Rialtais Áitiúil.

(2) Má éiríonn amhras ar bith, maidir le mír (b) den fho-alt roimhe seo, i dtaobh cé acu Aire de bheirt Airí nó níos mó ar mó a mbaineann na nithe sin leis, cinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil an t-amhras.

(3) San Acht seo folaíonn “talamh” uisce agus aon eastát nó leas i dtalamh nó in uisce agus aon éasúint nó ceart i dtalamh nó in uisce nó chun talún nó uisce nó thar talamh nó uisce.

(4) Na tagairtí atá san Acht seo d'airgead a fháil iasacht folaíonn siad tagairtí d'airgead a fháil ar athiasacht.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

3. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.