An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhraiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Ilghnéitheach.)

40 1960

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (Uimh. 2), 1960

CUID II.

Airgead a Fháil agus a Thabhairt ar Iasacht.

Airgead a fháil ar iasacht.

4. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus aon rialachán faoi fho-alt (3) den alt seo—

(a) féadfaidh údarás áitiúil airgead a fháil ar iasacht,

(b) féadfar airgead a fháil ar iasacht ar mhodh ar bith is oiriúnach leis an údarás áitiúil, lena n-áirítear, go sonrach, é a fháil ar iasacht trí mhorgáiste, billí malairte a tharraingí, stoc nó bannaí a eisiúint, iasacht sealadach nó rótharraingt,

(c) féadfar an iasacht agus an t-ús nó na díbhinní uirthi a urrú ar ioncam, cistí nó maoin an údaráis áitiúil,

(2) (a) Ní bhfaighfear airgead ar iasacht faoin alt seo, seachas iasacht eiscthe, ach amháin le ceadú an Aire iomchuí.

(b) Féadfaidh an tAire iomchuí, le treorú, aon iasacht a eisceadh ón mír sin roimhe seo, agus forléireofar an tagairt sa mhír sin d'iasacht eiscthe mar thagairt d'iasacht a bheidh eiscthe amhlaidh.

(3) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh maidir le húdaráis áitiúla d'fháil airgid ar iasacht agus féadfaidh, go sonrach, foráil a bheith sna rialacháin sin maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) foinsí iasachtaí,

(b) na tréimhsí chun iasachtaí a aisíoc,

(c) iasachtaí a mhuirearú agus urrús ina leith,

(d) i gcás morgáistí, a bhfoirm, na cláir a bheidh le coimeád maidir leo, a n-aistriú agus foirm na n-aistrithe sin, agus ceapadh agus cumhachtaí glacadóirí.

Iasacht a thabhairt d'údarás áitiúil eile.

1946, Uimh 24.

5. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, faoi réir cheadú an Aire iomchuí, airgead a thabhairt ar iasacht, ar cibé téarmaí maidir le haisíoc agus le nithe eile is oiriúnach leo, d'údarás áitiúil eile.

(2) Má bhíonn suim, arb é a bheidh inti cuid d'iasacht a thug comhairle contae de bhun an ailt seo do choimisinéirí baile nach ceantar uirbeach agus atá sa chontae, nó ús ar aon iasacht den sórt sin, gan chur isteach san éileamh iomchuí faoi fho-alt (1) d'alt 26 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , measfar í a bheith curtha isteach san éileamh agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (4) d'alt 10 den Acht sin.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta iasacht a thabhairt faoin alt seo.

Stoc a eisiúint.

1946, Uimh. 24 .

6. —(1) I gcás údarás áitiúil d'fháil airgid ar iasacht trí eisiúint stoic, cruthófar, eiseofar, aistreofar, fuasclófar agus múchfar an stoc agus déileálfar leis i cibé slí, ar cibé téarmaí agus de réir cibé forálacha a bheidh forordaithe ag an Aire Rialtais Áitiúil le rialacháin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo i dtaobh aon ní acu seo a leanas:

(a) urscaoileadh aon iasachta a chruinneofar tríd an stoc a eiseofar de réir na rialachán,

(b) i gcás fiach a chomhdhlúthú, chun na tréimhsí ar laistigh díobh a fhéadfar iasachtaí a urscaoileadh, a shíneadh nó a athrú,

(c) toiliú úinéirí teoranta,

(d) feidhm na nAchtanna a bhaineann le dleachtanna stampa agus le seiceanna,

(e) díbhinní nach n-éileofar a dhiúscairt.

(3) Gach rialachán a choimeádtar i bhfeidhm le fo-alt (6) d'alt 87 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , déileálfar leis, gan dochar d'fhorálacha an fho-ailt sin, mar rialacháin faoin alt seo, agus féadfar, dá réir sin, é a leasú nó a chúlghairm le rialacháin faoin alt seo.

Eisiúintí as ciste na n-iasachtaí áitiúla.

7. —Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun na Coda seo den Acht seo a thabhairt ar iasacht trí eisiúint as ciste na n-iasachtaí áitiúla ionann is dá mba iasacht áitiúil de réir bhrí Achtanna Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1957, an iasacht sin agus go raibh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

Ranníocaí i leith muirear iasachta a íoc leis an iasachtóir.

8. —I gcás ina ndéanfaidh Aire ranníoc i leith na muirear iasachta maidir le hiasacht a gheobhaidh údarás áitiúil, féadfaidh sé, más cuí leis é agus faoi réir thoiliú an iasachtóra, aon ranníocaí den sórt sin a dhéanamh díreach leis an iasachtóir agus déileálfar leo ansin ionann agus dá mba íocaíochtaí muirear iasachta comhréire iad ón údarás áitiúil.

Srian ginearálta.

9. —Aon údarás áitiúil

(a) ní bhfaighidh siad airgead ar iasacht, ná

(b) ní thabharfaidh siad airgead ar iasacht d'údarás áitiúil eile,

ach amháin de bhun na Coda seo den Acht seo.