|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Airgead a Fháil agus a Thabhairt ar Iasacht.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (Uimh. 2), 1960
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Ilghnéitheach. | |
[EN] |
Leathnú ar an gcumhacht chun talamh a thógáil go héigeantach faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958. |
10. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) ina mbeartóidh údarás áitiúil aon talamh, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin dó, a thógáil go héigeantach le haghaidh críocha ar féidir a n-údarú le dlí talamh a thógáil go héigeantach lena n-aghaidh, | |
[EN] | (b) gur críocha seachas críocha Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, na críocha sin nó gur críocha iad nach críocha de chuid na nAchtanna sin ach cuid acu, agus | |
[EN] | (c) gur dóigh leis an údarás áitiúil gurbh áisiúil an tógáil a dhéanamh faoi na hAchtanna sin, | |
[EN] | féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an tógáil a dhéanamh amhlaidh. | |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) inar dóigh le húdarás áitiúil go mbeadh aon talamh áirithe, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá límistéar feidhmiúcháin dó, oiriúnach, dá dtógfadh siad é, chun hallaí, foirgnimh agus oifigí a chur ar fáil don údarás áitiúil, agus | |
[EN] | (b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gurbh áisiúil an tógáil a dhéanamh faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, | |
[EN] | féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an tógáil a dhéanamh amhlaidh. | |
[EN] | (3) (a) I gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil cinneadh faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, féadfar a údarú dóibh an talamh a cheannach go héigeantach trí ordú ceannaigh éigeantach dá bhforáiltear le halt 37 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , agus le Codanna I agus II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna leasú le hailt 24 agus 25 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958 . | |
[EN] | (b) Chun críocha na míre roimhe seo déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin in alt 37 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , agus i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus in ailt 24 agus 25 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958 , a fhorléiriú mar thagairtí don Aire iomchuí. | |
[EN] | (4) (a) Beidh feidhm ag forálacha alt 17 (arna leasú le fo-alt (2) d'alt 23 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 ) agus fho-alt (1) d'alt 41 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , maidir le hordú arna dhéanamh de bhua an ailt seo agus déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin san alt sin 17 arna fheidhmiú amhlaidh, a fhorléiriú mar thagairt don Aire iomchuí. | |
[EN] | (b) Déantar leis seo forálacha ailt 30, 36, 45 agus 49 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , agus forálacha alt 50 den Acht sin, arna modhnú le halt 18 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 , a leathnú chun go mbeidh éifeacht acu chun críocha an ailt seo, agus déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt sin 45 arna leathnú amhlaidh, a fhorléiriú mar thagairtí don Aire iomchuí. | |
[EN] | (c) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) d'alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , arna leasú le halt 20 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958 , maidir le talamh a thógfar trí ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo. | |
[EN] | (5) Beidh feidhm ag forálacha alt 32 d'Acht na dTithe (Leasú), 1948 , maidir leis na costais is iníoctha ag údarás áitiúil maidir le talamh a thógáil trí ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo. | |
[EN] | (6) (a) I gcás— | |
[EN] | (i) ina ndéanfar ordú de bhua an ailt seo, agus | |
[EN] | (ii) go mbeidh ceart slí poiblí thar an talamh, nó thar aon chuid den talamh, lena mbainfidh an t-ordú, | |
[EN] | féadfaidh an t-ordú a údarú don údarás áitiúil, trí ordú a dhéanfaidh siad tar éis dóibh an talamh sin nó an chuid sin de a thógáil, an ceart slí sin a mhúchadh. | |
[EN] | (b) I gcás— | |
[EN] | (i) ina n-údaróidh ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo ceart slí poiblí a mhúchadh, agus | |
[EN] | (ii) mura mbeadh an mhír seo, nach mbeadh d'oibleagáid ar an Aire a chur faoi deara fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh de bhun Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , | |
[EN] | beidh d'oibleagáid ar an Aire a chur faoi deara an fiosrúchán a dhéanamh ach amháin nuair is cuí leis gan an t-ordú a dhaingniú. | |
[EN] | (7) Féadfar a údarú d'údarás áitiúil, i gcás ina mbeidh cinneadh déanta acu faoi fho-alt (1) den alt seo, talamh a cheannach go héigeantach trí aon ordú amháin a dhéanfar de bhua an ailt seo, is cuma cad é an méid críocha chun a mbeidh an talamh ag teastáil. | |
[EN] | (8) I gcás ina mbeartóidh údarás áitiúil ordú a dhéanamh de bhua an ailt seo agus gur lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin don talamh, ní gá dóibh an toiliú dá bhforáiltear in alt 29 d'Acht na dTithe (Leasú), 1952 , a fháil. | |
[EN] |
Leasú ar alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898. |
11. —(1) I bhfo-alt (1) d'alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898— |
[EN] | (a) forléireofar “A county council” mar thagairt d'aon údarás áitiúil, | |
[EN] | (b) forléireofar “county”, sa dá áit ina bhfuil an focal sin gan cháiliú, mar thagairt do limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil a bheidh i gceist, agus | |
[EN] | (c) forléireofar “powers and duties” mar thagairt do na cumhachtaí, na feidhmeanna agus na dualgais uile is infheidhmithe nó is inchomhlíonta, aon tráth ábhartha, ag an údarás áitiúil sin. | |
[EN] | (2) I bhfo-alt (2) den alt sin 10, forléireofar “A county council” mar thagairt d'aon údarás áitiúil. | |
[EN] |
Leathnú ar ídarái áirithe. 1955, No. 9. |
12. —I gcás— |
[EN] | (a) cumhacht, feidhm nó dualgas a theacht chun bheith infheidhmithe nó inchomhlíonta ag údarás áitiúil de dhroim comhaontaithe faoi alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 , agus | |
[EN] | (b) go mbeadh an comhlacht, arb é an páirtí eile sa chomhaontú é, údaraithe le dlí, dá bhfeidhmeodh siad nó dá gcomhlíonfadh siad an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas, aon ghníomh nó rud a dhéanamh maidir leis an bhfeidhmiú nó an comhlíonadh sin, | |
[EN] | beidh údarás ag an údarás áitiúil, ionann is dá mba iad an comhlacht sin iad, an gníomh nó an rud sin a dhéanamh maidir le feidhmiú nó comhlíonadh na cumhachta, na feidhme nó an dualgais. | |
[EN] |
Cumhacht údaráis áitiúil chun talamh a iniúchadh. |
13. —(1) Aon oifigeach nó gníomhaire d'údarás áitiúil a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an údarás, féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha an ailt seo, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir 9 a.m. agus 6 p.m. chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil an talamh oiriúnach lena thógáil ag an údarás. |
[EN] | (2) Aon duine a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo féadfaidh sé gach ní a dhéanamh ann is gá chun na críche is cúis leis an dul isteach agus, go háirithe, féadfaidh sé suirbhéireacht a dhéanamh, pleananna a dhéanamh, leibhéil a thógáil, tochailt a dhéanamh agus doimhneas na fo-ithreach a scrúdú agus a fháil amach cén saghas í. | |
[EN] | (3) Sula dté duine isteach ar aon talamh faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil arb ar a n-údarás a bheartófar dul isteach toiliú an áititheora (i gcás talamh áitithe) nó (i gcás talamh gan áititheoir) toiliú an úinéara a fháil, nó tabharfaidh siad don úinéir nó don áititheoir (de réir mar a bheidh) fógra ceithre lá déag ar a laghad i scríbhinn i dtaobh é a bheith ar intinn dul isteach. | |
[EN] | (4) Aon duine dá mbeidh fógra faoin alt seo tugtha ag údarás áitiúil i dtaobh é a bheith ar intinn dul isteach ar thalamh féadfaidh sé, ceithre lá déag ar a dhéanaí tar éis an fógra sin a thabhairt, a iarraidh, tar éis fógra a thabhairt don údarás áitiúil sin, ar an mbreitheamh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse sa cheantar ina bhfuil an talamh ordú a dhéanamh ag toirmeasc an dul isteach, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis sin, an dul isteach a thoirmeasc ar fad nó coinníollacha a shonrú a dhlífidh an duine a rachaidh isteach déanamh dá réir. | |
[EN] | (5) I gcás ina dtoirmiscfidh breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo dul isteach ar thalamh a bheidh beartaithe, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach ar an talamh sin faoin alt seo, agus i gcás ina sonróidh breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a dhlífidh daoine a rachaidh isteach ar an talamh déanamh dá réir déanfaidh gach duine a rachaidh isteach ar an talamh faoin alt seo de réir na gcoinníollacha a shonrófar amhlaidh. | |
[EN] | (6) Aon duine a fhulaingeoidh damáiste trí aon ní a dhéanfar faoin alt seo ar aon talamh agus a dhéanfaidh éileamh, laistigh de shé mhí tar éis an rud sin a dhéanamh, ar chúiteamh i leith an damáiste chun an údaráis áitiúil ar faoina n-údarás a chuathas isteach ar an talamh faoin alt seo, beidh teideal aige go n-íocfaidh an t-údarás leis cúiteamh réasúnach sa damáiste agus, mura n-íocfar an cúiteamh sin leis i gcás comhaontú nó cinneadh a bheith déanta faoin alt seo i dtaobh a mhéid, féadfar é a ghnóthú ón údarás in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach conartha shimplí. | |
[EN] | (7) Mura ndéantar comhaontú, déanfar méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás áitiúil faoin alt seo a chinneadh, muran mó ná caoga punt an méid a éileofar ina leith, ag an gCúirt Dúiche nó, in aon chás eile, cinnfear é trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) ionann agus dá mba luach talún a tógadh go héigeantach an cúiteamh sin. | |
[EN] | (8) Gach duine a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, oifigeach nó gníomhaire d'údarás áitiúil a bhac agus é ag feidhmiú go dleathach na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air maraon le fineáil bhreise, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion. | |
[EN] |
Ranníocaí bliantúla le Comhchomhairle na gComhairlí Contae. |
14. —(1) Féadfaidh comhairle contae, faoi réir cibé teorainneacha a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúil ó am go ham, ranníocaí bliantúla a dhéanamh le cistí Chomhchomhairle na gComhairlí Contae. |
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1961, agus ní dhéanfar íocaíocht ar bith i modh ranníoca tar éis an lae sin faoi alt 16 den Local Government (Ireland) Act, 1902, arna leasú le halt 78 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925. |