|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960) | Ar Aghaidh (CUID II. Cíos ar Theaghaisí Rialaithe a Shrianadh.) |
AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa, 1960 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 31ú lá de Nollaig, 1960. | |
[EN] |
Léiriú i gcoitinne. 1946, Uimh. 5 & 6 Geo. 5, c. 97. 1919, c. 7. 1920, c. 17. 1944, R. & O. R. Uimh. 29. 1945, R. & O. R. Uimh. 188. |
2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Srianta Cíosa, 1946 ; | |
[EN] | ciallaíonn “cíos bunúsach” maidir le teaghais rialaithe cíos bunúsach na teaghaise arna chinneadh faoi alt 7, alt 8 nó alt 9 (cibé acu é) den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “teaghais rialaithe” aon teaghais a mbaineann an tAcht léi de bhua alt 3 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “Breitheamh Dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche; | |
[EN] | ciallaíonn “teaghais” teach atá ligthe mar theaghais ar leithligh, nó cuid, arna ligean amhlaidh, d'aon teach, cibé acu atá nó nach bhfuil an tionónta i bpáirt le haon daoine eile in aon chuid di nó in aon chóiríocht, taitneamhacht nó saoráid maidir leis an gcéanna; | |
[EN] | ciallaíonn “na sean-achtacháin a bhaineann le srianadh cíosa”— | |
[EN] | (a) an Increase of Rent and Mortgage Interest (War Restrictions) Act, 1915, | |
[EN] | (b) an Increase of Rent and Mortgage Interest (Restrictions) Act, 1919, | |
[EN] | (c) an Increase of Rent and Mortgage Interest (Restrictions) Act, 1920, | |
[EN] | (d) na hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, | |
[EN] | (e) An tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 313), 1944, agus an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 313), 1944 (Leasú), 1945, agus | |
[EN] | (f) na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1959; | |
[EN] | folaíonn “tiarna talún”, nuair a úsáidtear é maidir le haon teaghais, aon duine a dhíorthóidh teideal ó am go ham faoi thiarna talún bunaidh na teaghaise, agus folaíonn sé freisin aon duine, seachas an tionónta, atá nó a bheadh mura mbeadh an tAcht seo i dteideal seilbh na teaghaise; | |
[EN] | ciallaíonn “breis dleathach”, maidir le cíos bunúsach teaghaise rialaithe, aon suim is breis dleathach ar an gcíos bunúsach de bhua alt 10 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “cíos dleathach”, maidir le teaghais rialaithe, an tsuim a ndearbhaítear le halt 11 den Acht seo gurb í cíos dleathach na teaghaise í; | |
[EN] | folaíonn “ligean” fo-ligean; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |
[EN] | ciallaíonn “tionónta neamhreachtúil” tionónta nach tionónta reachtúil; | |
[EN] | ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta tosach feidhme an Achta seo, is é sin le rá, an 31ú lá de Nollaig, 1960; | |
[EN] | ciallaíonn an briathar “forordú” forordú ag an Aire le rialacháin faoin Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “rátaí”, maidir le teaghais rialaithe, na rátaí (lena n-áirítear rátaí uisce) a bheidh leagtha ag údarás áitiúil (is comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, nó comhairle cheantair uirbigh) i leith na teaghaise chun seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla agus a bheidh, de réir aon Achta, nó a bheadh mura mbeadh aon Acht, inmhuirir ar áititheoir na teaghaise; | |
[EN] | ciallaíonn “tionóntacht reachtúil” leas tionónta reachtúil sa teaghais a n-úsáidtear an abairt maidir léi; | |
[EN] | ciallaíonn “tionónta reachtúil” duine is— | |
[EN] | (a) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe tar éis a thionóntacht chonarthach inti (nach tionóntacht lena mbaineann alt 37 den Acht seo) a bheith foirceannta, nó | |
[EN] | (b) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe faoi fho-alt (2), fo-alt (3) nó fo-alt (4) d'alt 31 den Acht seo, nó | |
[EN] | (c) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe faoi fhomhír (iii) de mhír (a) nó faoi mhír (b) d'fho-alt (5) d'alt 32 den Acht seo, nó | |
[EN] | (d) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe faoi alt 52 den Acht seo; | |
[EN] | folaíonn “tionónta”, maidir le haon teaghais, tionónta reachtúil, agus folaíonn sé aon duine a dhíorthóidh teideal ó am go ham faoin tionónta bunaidh, agus folaíonn sé freisin fo-thionónta. | |
[EN] | (2) Déanfar tagairtí san alt seo d'ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ordú chun tionónta a eisiachtain aisti. | |
[EN] | (3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléirú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Teaghais rialaithe. |
3. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, baineann an tAcht seo le gach teaghais. |
[EN] | (2) Ní bhaineann an tAcht seo— | |
[EN] | (a) le teaghais ar mó a luacháil inrátaithe ná— | |
[EN] | (i) i gcás an teaghais a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, seasca punt, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, daichead punt, | |
[EN] | (b) le teaghais a tógadh tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, nó a bhí á tógáil ar an dáta sin, | |
[EN] | (c) le teaghais ar faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1958, nó faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, atá a ligean, | |
[EN] | (d) le teaghais arna ligean ar cíos (dá ngairtear an cíos forcoimeádta anseo feasta) a fholaíonn íocaíochtaí i leith bordála, freastail nó úsáid troscáin, nó i leith teas, uisce te, breosla, leictreachas, nó aon earra eile a sholáthar don teaghais nó i leith aon seirbhísí a thabhairt i ndáil leis an teaghais, mura rud é, ar an gCúirt do chionroinnt an chíosa fhorcoimeádta, go mbeidh an chuid den chíos forcoimeádta is dóigh leis an gCúirt is inchurtha i leith na teaghaise amháin comhionann le trí cheathrú nó níos mó ná trí cheathrú den chíos forcoimeádta, agus sa chás sin measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é cíos na teaghaise an chuid den chíos forcoimeádta is inchurtha amhlaidh i leith na teaghaise amháin, | |
[EN] | (e) le teach a bheidh á áitiú ar dháta thosach feidhme an Achta seo ag a úinéir mar áit chónaithe dó féin, nó a thiocfaidh chun bheith á áitiú amhlaidh ina dhiaidh sin, | |
[EN] | (f) le teach a mbeidh an tiarna talún ina sheilbh, ar dháta thosach feidhme an Achta seo, nó a dtiocfaidh sé ina sheilbh ina dhiaidh sin agus ar mó a luacháil inrátaithe ná— | |
[EN] | (i) i gcás an teach a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, tríocha punt, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, cúi phunt is fiche, | |
[EN] | (g) le teaghais arb éard í árasán glanscartha ar leithligh is cuid d'aon fhoirgnimh a ndearnadh, tar éis tosach feidhme an Achta seo, iad a athdhéanamh trí dhá árasán ghlanscartha ar leithligh nó níos mó a dhéanamh díobh, | |
[EN] | (h) le teaghais arna ligean i dteannta talún seachas láithreán na teaghaise, más mó luacháil inrátaithe na talún ná an ceann is lú acu seo a leanas: | |
[EN] | (i) leath luacháil inrátaithe an láithreáin agus an foirgneamh nó na foirgnimh air a chur san áireamh, nó | |
[EN] | (ii) (I) i gcás an teaghais a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, deich bpunt, | |
[EN] | (II) in aon chás eile, cúig phunt. | |
[EN] | (3) Ní bheidh teaghais is cuid de theach (seachas teach a tógadh tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, nó a bhí á thógáil ar an dáta sin, nó teach ar faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1958, nó faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, atá a ligean) eisiata ó fheidhm an Achta seo de bhíthin amháin nach bhfuil feidhm ag an Acht seo maidir leis an teach. | |
[EN] | (4) Má mhéadaítear luacháil inrátaithe teaghaise agus dá dhroim sin go ndéanfaidh den luacháil luacháil is mó ná— | |
[EN] | (a) i gcás an teaghais a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, seasca punt, nó | |
[EN] | (b) in aon chás eile, daichead punt, | |
[EN] | ansin, d'ainneoin mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an tAcht seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an teaghais mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh an tiarna talún i seilbh na teaghaise. | |
[EN] | (5) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo— | |
[EN] | (a) go raibh teaghais ligthe i dteannta talún seachas láithreán na teaghaise, agus | |
[EN] | (b) go raibh feidhm ag Acht 1946 maidir leis an teaghais, | |
[EN] | ansin, d'ainneoin mír (h) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an teaghais mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh an tiarna talún i seilbh na teaghaise. | |
[EN] | (6) I mír (e) d'fho-alt (2) den alt seo folaíonn “úinéir” duine ag a bhfuil aon eastát nó leas sa teach ach amháin faoi chonradh tionóntachta nach faide téarma ná bliain agus fiche. | |
[EN] | (7) I mír (f) d'fho-alt (2) agus i bhfo-ailt (4) agus (5) den alt seo ciallaíonn “seilbh” seilbh iarbhír, agus ní mheasfar gur tháinig tiarna talún i seilbh mar gheall ar athrú tionóntachta a rinneadh lena thoiliú agus mar gheall air sin amháin. | |
[EN] |
Teaghaisí a úsáidtear go páirteach le haghaidh gnó, etc. |
4. —Ní bheidh teaghais eisiata ó fheidhm an Achta seo de bhíthin amháin cuid di a bheith á húsáid chun críocha aon ghnó, trádála nó gairme. |
[EN] |
Aisghairm agus oiriúnú ar thagairtí d'Achtanna aisghairthe. |
5. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] | (2) Déanfar tagairtí in aon Acht a ritheadh roimh dháta an Achta seo a rith do na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1959, nó d'aon cheann de na hAchtanna sin, a fhorléiriú mar thagairtí don Acht seo. | |
[EN] |
Caiteachas. |
6. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |