An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (Caibidil 2. Cíos a Chinneadh agus Ró-Íocaíochtaí a Aisghabháil.)

42 1960

AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960

CUID II.

Cíos ar Theaghaisí Rialaithe a Shrianadh.

Caibidil I.

Cíos dleathach Teaghaisí Rialaithe.

Cíos bunúsach teaghaisí rialaithe áirithe.

7. —(1) Baineann an t-alt seo le—

(a) teaghais rialaithe a bhfuil fianaise ar fáil ina leith i dtaobh an dá fhíoras acu seo a leanas—

(i) go raibh sí ar an dáta feidhme (dá ngairtear an dáta iomchuí san alt seo) ar teachtadh ag tionónta a bhí á háitiú faoi chonradh tionóntachta nárbh fhaide ná téarma cúig bliana nó faoi thionóntacht reachtúil (de réir bhrí Acht 1946), agus

(ii) an cíos ar a raibh sí ar teachtadh amhlaidh;

(b) teaghais rialaithe a bhfuil fianaise ar fáil ina leith i dtaobh na bhfíoras seo a leanas go léir—

(i) nach raibh sí ar teachtadh amhlaidh ar an dáta feidhme,

(ii) gur ar dháta (dá ngairtear an dáta iomchuí freisin san alt seo) i rith na tréimhse trí bliana dar chríoch an dáta feidhme a bhí sí ar teachtadh amhlaidh go deiridh, agus

(iii) an cíos ar a raibh sí ar teachtadh amhlaidh.

(2) Is é cíos bunúsach teaghaise rialaithe lena mbaineann an t-alt seo—

(a) i gcás teaghais a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an gComhaontú a rinneadh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1960, idir an Dublin Artisans' Dwellings Company Limited agus an Dublin Artisans' Dwellings Tenants Association agus a taisceadh san Oifig Iris Phoiblí—an cíos a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin maidir leis an teaghais, agus

(b) in aon chás eile—an glanchíos ar a raibh sí ar teachtadh ar an dáta iomchuí.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é an glanchíos ar a raibh teaghais rialaithe ar teachtadh ar an dáta iomchuí—

(a) i gcás inar ghnách leis an tiarna talún ar an dáta iomchuí na rátaí nó aon chuid díobh a íoc, nó asbhaint nó fritháireamh a lamháil in aghaidh an chéanna, nó an tionónta a shlánú ina leith, an cíos is iníoctha ar an dáta sin lúide méid na híocaíochta, an lamháltais, na hasbhainte, an fhritháirimh nó na slánaíochta (cibé acu é);

(b) in aon chás eile, an cíos ab iníoctha ar an dáta sin.

Athscrúdú ar chíos bunúsach teaghaisí rialaithe lena mbaineann alt 7.

8. —(1) (a) Más rud é, ar iarratas chun na Cúirte faoin bhfo-alt seo ó thiarna talún teaghaise rialaithe lena mbaineann alt 7 den Acht seo agus nach teaghais dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt sin, gur deimhin leis an gCúirt—

(i) gur lú cíos bunúsach na teaghaise, de mhéid is mó ná an t-ochtú cuid den chíos bunúsach, ná an cíos (dá ngairtear an measchíos san fho-alt seo) a gcinnfeadh an Chúirt, dá mba áitreabh lena mbaineann alt 9 den Acht seo an t-áitreabh, gurb é cíos bunúsach na teaghaise é, agus

(ii) go ndearna imthoscaí speisialta difir do mhéid an chíosa bhunúsaigh,

cinnfidh an Chúirt cíos bunúsach na teaghaise agus is é a bheidh ann méid is ionann, i dtuairim na Cúirte, agus an measchíos, agus as sin amach agus gan dochar d'fheidhm a bheith ag mír (a) d'alt 16 den Acht seo maidir léi roimhe sin, tiocfaidh an teaghais chun bheith ina teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

(b) Nuair a bheidh measchíos teaghaise lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1946 á chinneadh de bhun mhír (a) den fho-alt seo, measfar go bhfuil “(is teaghaisí lenar bhain Caidibil I de Chuid II d'Acht 1946)” i bhfo-alt (2) d'alt 9 den Acht seo i ndiaidh “teaghaisí rialaithe” agus, nuair a bheidh measchíos aon teaghaise eile á chinneadh mar a dúradh, measfar go bhfuil “(is teaghaisí lenar bhain Caibidil 2 de Chuid II d'Acht 1946)” san fho-alt sin amhlaidh.

(2) (a) Más rud é, ar iarratas chun na Cúirte faoin bhfo-alt seo ó thionónta teaghaise rialaithe lena mbaineann alt 7 den Acht seo, nach teaghais dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt sin, gur deimhin leis an gCúirt gur mó cíos bunúsach na teaghaise, de mhéid is mó ná an t-ochtú cuid den chíos bunúsach, ná an cíos (dá ngairtear an measchíos san fho-alt seo) a gcinnfeadh an Chúirt, dá mba theaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo an teaghais, gurb é cíos bunúsach na teaghaise é, cinnfidh an Chúirt cíos bunúsach na teaghaise agus is é a bheidh ann méid is ionann, i dtuairim na Cúirte agus an measchíos, agus, as sin amach agus gan dochar d'fheidhm a bheith ag mír (a) d'alt 16 den Acht seo maidir léi roimhe sin, tiocfaidh an teaghais chun bheith ina teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

(b) Nuair a bheidh measchíos teaghaise á chinneadh de bhun mhír (a) den fho-alt seo—

(i) tabharfaidh an Chúirt aird ar aon mhéid a caitheadh ar fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiú na teaghaise ar méid é a bhfuarthas breisiú dleathach de réir bhrí Acht 1946 faoina réim, agus

(ii) i gcás teaghais nach mó a luacháil inrátaithe ná deich bpunt agus is teaghais lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1946, measfar go bhfuil “(is teaghaisí lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1946)” i bhfo-alt (2) d'alt 9 den Acht seo i ndiaidh “teaghaisí rialaithe” agus, i gcás aon teaghaise eile, measfar go bhfuil “(is teaghaisí lenar bhain Caibidil 2 de Chuid II d'Acht 1946)” san fho-alt sin amhlaidh.

(3) (a) Más rud é, ar iarratas chun na Cúirte faoin bhfo-alt seo ó thionónta teaghaise rialaithe, gur deimhin leis an gCúirt gur teaghais lena mbaineann an fo-alt seo an teaghais agus gur mó cíos bunúsach na teaghaise ná an measchíos, cinnfidh an Chúirt cíos bunúsach na teaghaise agus is é a bheidh ann méid is ionann, i dtuairim na Cúirte, agus an measchíos, agus, as sin amach agus gan dochar d'fheidhm a bheith ag mír (a) d'alt 16 den Acht seo maidir léi roimhe sin, tiocfaidh an teaghais chun bheith ina teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

(b) San fho-alt seo—

ciallaíonn “teaghais lena mbaineann an fo-alt seo” teaghais rialaithe—

(i) lena mbaineann alt 7 den Acht seo, nach teaghais dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt sin,

(ii) a ndearnadh an cíos bunúsach (de réir bhrí Acht 1946) a shocrú le halt 8 d'Acht 1946 nó a chinneadh ag an gCúirt faoin Acht sin maidir léi, agus

(iii) a bhí ar teachtadh ag an tionónta ar an dáta iomchuí ar chíos ba mhó ná an cíos dleathach (de réir bhrí Acht 1946);

ciallaíonn “an measchíos”, maidir le teaghais—

(i) i gcás inar ghnách leis an tiarna talún ar an dáta iomchuí na rátaí nó aon chuid díobh a íoc, nó asbhaint nó fritháireamh a lamháil in aghaidh an chéanna, nó an tionónta a shlánú ina leith, an cíos dleathach (de réir bhrí Acht 1946) ar an dáta sin lúide méid na híocaíochta, an lamháltais, na hasbhainte, an fhritháirimh nó na slánaíochta (cibé acu é),

(ii) in aon chás eile, an cíos dleathach (de réir bhrí Acht 1946) ar an dáta iomchuí;

tá le “an dáta iomchuí” an bhrí chéanna atá leis an abairt sin in alt 7 den Acht seo.

Cíos bunúsach teaghaisí rialaithe nach mbaineann alt 7 leo.

9. —(1) Baineann an t-alt seo le gach teaghais rialaithe seachas teaghaisí rialaithe lena mbaineann alt 7 den Acht seo.

(2) Cinnfidh an Chúirt cíos bunúsach teaghaise rialaithe lena mbaineann an t-alt seo agus is é a bheidh ann cíos de cibé méid is réasúnach dar leis an gCúirt ag féachaint, a mhéid is féidir é, do chíosanna bunúsacha teaghaisí rialaithe atá inchomórtais léi maidir le suíomh, cóiríocht, taitneamhachtaí, deisriocht agus luacháil inrátaithe.

(3) Chun go gcinnfidh an Chúirt an cíos bunúsach faoin alt seo, measfar an tionónta a bheith freagrach sna rátaí.

Breiseanna dleathacha ar an gcíos bunúsach.

1937, Uimh. 42 .

1952, Uimh. 16 .

1954, Uimh. 16 .

1928, Uimh. 4 .

10. —(1) San alt seo ciallaíonn “an dáta cinnteach”—

(a) i gcás teaghais rialaithe lena mbaineann alt 7 den Acht seo, an dáta feidhme,

(b) i gcás teaghais rialaithe lena mbaineann alt 9 den Acht seo—

(i) i gcás í a theacht, de bhua alt 8 den Acht seo, chun bheith ina teaghais den sórt sin, an dáta feidhme, agus

(ii) in aon chás eile, dáta tionscnaimh na n-imeachtaí ina gcinnfear cíos bunúsach na teaghaise.

(2) Chun críocha an Achta seo agus faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, is breis dleathach ar chíos bunúsach teaghaise rialaithe an tsuim a luaitear in aon mhír den fho-alt seo, sa chás atá leagtha amach sa mhír sin:

(a) i gcás ina ndéanann tiarna talún na teaghaise na rátaí nó aon chuid díobh a íoc nó asbhaint nó fritháireamh a lamháil in aghaidh an chéanna, nó an tionónta a shlánú ina leith, suim is comhionann leis an méid a bheidh, de thuras na huaire, san íocaíocht, san asbhaint san fhritháireamh, nó sa tslánaíocht (cibé acu é);

(b) i gcás an tiarna talún a bheith faoi dhliteanas i leith iomlán na ndeisithe ar an teaghais nó i leith cuid díobh, suim is comhionann le dó dhéag go leith faoin gcéad den chíos bunúsach:

(c) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, ar an dáta cinnteach nó dá éis, aon mhéid (gan aon mhéid a áireamh a chaithfear ar mhaisiú nó ar dheisiú) a chaitheamh ar fheabhsú nó ar athrú déanmhais na teaghaise, suim is comhionann le ocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin;

(d) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, ar an dáta cinnteach nó dá éis, aon mhéid a chaitheamh ar an teaghais ar dheisiú a bheidh riachtanach ar fad nó go formhór de dheasca an tionónta nó aon duine in aontíos leis nó aon duine dá lóistéirí nó dá fho-thionóntaithe do dhéanamh bearta diomailte nó do dhéanamh faillí nó mainneachtana, suim is comhionann le ocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin;

(e) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith aon tréimhse dhá bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig (arb é an 31ú lá de Nollaig, 1960, é, an 31ú lá de Nollaig, 1961, an 31ú lá de Nollaig, 1962, nó aon 31ú lá de Nollaig ina dhiaidh sin), méid is mó ná dhá thrian cíos bunúsach na teaghaise a chaitheamh ar an teaghais á cur i ndeisriocht réasúnach, suim arna ríomh de réir an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) Más rud é—

(a) go gcaithfear méid ar fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiú teaghaise, is feabhsú, athrú nó deisiú a thosóidh an 1ú lá d'Aibreán, 1961, nó dá éis, agus

(b) go mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, breis dleathach le cur, ag féachaint do mhír (c), (d) nó (e) (de réir mar a bheidh) d'fho-alt (2) den alt seo, le cíos bunúsach na teaghaise faoi réim na méide,

ní chuirfear aon bhreis dleathach le cíos bunúsach na teaghaise faoi réim na méide mura mbeidh an tiarna talún tar éis fógra san fhoirm fhorordaithe, nó i bhfoirm sa chéill chéanna go substainteach, ina mbeidh sonraí i dtaobh na hoibre a bheartófar a dhéanamh agus an costas a mheasfar a bhainfidh leis a sheirbheáil ar an tionónta ceithre lá dhéag ar a laghad sula dtosófar ar an bhfeabhsú, ar an athrú nó ar an deisiú.

(4) Más rud é—

(a) gurb é atá i dteach dhá theaghais rialaithe nó níos mó agus go gcaithfidh tiarna talún na dteaghaisí—

(i) méid (gan aon mhéid a caitheadh ar mhaisiú nó ar dheisiú a áireamh) ar fheabhsú nó ar athrú déanmhais an tí, nó

(ii) méid ar dheisiú an tí a bheidh riachtanach ar fad nó go formhór de dheasca aon duine de na tionóntaí nó aon duine in aontíos le haon duine de na tionóntaí nó aon duine de lóistéirí nó d'fho-thionóntaithe aon duine de na tionóntaí do dhéanamh bearta diomailte nó do dhéanamh faillí nó mainneachtana, agus

(b) go dtairbheoidh na teaghaisí rialaithe uile go díreach nó go neamhdhíreach den fheabhsú, den athrú nó den deisiú,

measfar, chun críocha fho-alt (2) den alt seo, an méid a bheith cionroinnte idir na teaghaisí i gcomhréir lena luachálacha inrátaithe faoi seach.

(5) Más rud é—

(a) gurb é atá i dteach dhá theaghais rialaithe nó níos mó agus go gcaithfidh tiarna talún na dteaghaisí méid is mó ná dhá thrian de chomhshuim cíosanna bunúsacha na dteaghaisí ag cur an tí i ndeisriocht réasúnach, agus

(b) go dtairbheoidh na teaghaisí rialaithe uile go díreach nó go neamhdhíreach den deisiú,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha fho-alt (2) den alt seo:

(i) ríomhfar de réir fhorálacha mhír (e) den fho-alt sin an tsuim ba bhreis dleathach dá mba é a bheadh sa teach teaghais faoi chíos bunúsach ba chomhionann le comhshuim cíosanna bunúsacha na dteaghaisí,

(ii) cionroinnfear an tsuim sin idir na teaghaisí i gcomhréir lena luachálacha inrátaithe faoi seach,

(iii) measfar foráil a bheith sa mhír sin á fhoráil, maidir le gach teaghais, gur breis dleathach ar chíos bunúsach na teaghaise an tsuim a chionroinnfear uirthi sa chionroinnt (agus nach ea aon suim eile).

(6) (a) I gcás teaghais a ndearnadh, i rith tréimhse iomchuí, barrachas a chaitheamh uirthi mar luaitear i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11 nó i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 d'Acht 1946 (ar caitheamh barrachais é ba chúis le breis dleathach faoina réim de réir bhrí an Achta sin) ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo maidir leis an teaghais ach amháin i gcás inar tugadh deontas iomchuí i leith deisiú ar faoina réim a caitheadh an barrachas, agus, in aon chás den sórt sin, nuair a bheidh an bhreis dleathach á ríomh faoin mír sin (b), laghdófar an cíos bunúsach den chuid de is inchurtha i leith na breise faoin mír sin (g) nó faoin mír sin (e) (de réir mar a bheidh).

(b) I gcás teaghais a ndearnadh, i rith tréimhse iomchuí, barrachas a chaitheamh uirthi mar luaitear i mír (e) d'fho-alt (2) den alt seo (ar caitheamh barrachais é ba chúis le breis dleathach faoina réim), scoirfidh mír (b) den fho-alt sin d'fheidhm a bheith aici maidir leis an teaghais ach amháin i gcás inar tugadh deontas iomchuí i leith deisithe ar faoina réim a caitheadh an barrachas.

(c) San fho-alt seo—

ciallaíonn “tréimhse iomchuí”—

(i) i mír (a)—aon tréimhse dhá bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, arbh é an 31ú lá de Nollaig, 1945, é nó aon 31ú lá de Nollaig dá éis nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1960, agus

(ii) i mír (b)—aon tréimhse dhá bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, arb é an 31ú lá de Nollaig, 1960, é nó aon 31ú lá de Nollaig ina dhiaidh sin;

ciallaíonn “deontas iomchuí” deontas faoi alt 5 d'Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937, faoin alt sin arna leathnú le halt 33 d'Acht na dTithe (Leasú), 1952 , nó faoi alt 12 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 .

(7) I gcás cuid de chíos bunúsach teaghaise a bheith inchurtha i leith breise faoi mhír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11 nó mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 d'Acht 1946 in aghaidh caiteachais i rith na tréimhse dhá bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1960, beidh éifeacht ag mír (e) d'fho-alt (2) den alt seo maidir leis an teaghais amhail is dá bhfágtaí ar lár na tagairtí atá inti don 31ú lá de Nollaig, 1960, agus don 31ú lá de Nollaig, 1961.

(8) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfar méid aon deontais faoi Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1958, arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin, a áireamh mar chuid d'aon mhéid a caitheadh ar aon fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiú lena mbaineann an fo-alt sin.

(9) Nuair a bheidh feidhm á thabhairt don Chaibidil seo maidir le teaghais bheag, de réir bhrí an Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) ní fholóidh an focal “rátaí” i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo ráta arna ghearradh de bhua an Achta sin is déanaí a luaitear ar úinéir na teaghaise bige, agus

(b) cuirfear an méid a bheidh cíos na teaghaise bige arna mhéadú de bhua alt 6 den Acht sin is déanaí a luaitear san áireamh mar bhreis dleathach nuair a bheidh cíos dleathach na teaghaise bige á ríomh.

Cíos dleathach.

11. —Is é cíos dleathach teaghaise rialaithe—

(a) i gcás nach bhfuil aon bhreis dleathach curtha le cíos bunúsach na teaghaise, cíos bunúsach na teaghaise,

(b) in aon chás eile, suim chíos bunúsach na teaghaise agus na mbreiseanna dleathacha ar an gcéanna.