An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cíos ar Theaghaisí Rialaithe a Shrianadh.) Ar Aghaidh (CUID III. Forálacha Speisialta chun Faoiseamh a Thabhairt do Thionóntaí Teaghaisí Rialaithe Beaga.)

42 1960

AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960

Caibidil 2.

Cíos a Chinneadh agus Ró-Íocaíochtaí a Aisghabháil.

Eolas maidir le cíos bunúsach nó cíos dleathach.

12. —(1) Tabharfaidh tiarna talún nó tionónta teaghaise rialaithe don Chúirt, ar an gCúirt dá iarraidh sin air, ráiteas i scríbhinn ag tabhairt aon eolais a bheidh ar seilbh nó ar fáil aige agus is gá chun a chumasú don Chúirt cíos bunúsach nó cíos dleathach na teaghaise a chinneadh.

(2) Tabharfaidh tiarna talún teaghaise rialaithe don tionónta, ar an tionónta dá iarraidh sin air i scríbhinn, ráiteas ag tabhairt aon eolais a bheidh ar seilbh nó ar fáil ag an tiarna talún agus is gá chun a chumasú don tionónta cíos bunúsach nó cíos dleathach na teaghaise a chinneadh nó cinneadh a fháil air ón gCúirt.

(3) Tabharfaidh tionónta teaghaise rialaithe don tiarna talún, ar an tiarna talún dá iarraidh sin air i scríbhinn, ráiteas i scríbhinn ag tabhairt aon eolais a bheidh ar seilbh nó ar fáil ag an tionónta agus is gá chun a chumasú don tiarna talún cíos bunúsach nó cíos dleathach na teaghaise a chinneadh nó cinneadh a fháil air ón gCúirt.

(4) Gach conradh, arna dhéanamh an 12ú lá de Mhárta, 1946, agus roimh an dáta feidhme nó arna dhéanamh an dáta feidhme nó dá éis, chun aon leas i dteaghais rialaithe a dhíol is intuigthe foráil a bheith ann (mura bhfuil sé ann go sainráite cheana féin) á cheangal ar an díoltóir aon eolas a thabhairt don cheannaitheoir atá ar seilbh nó ar fáil ag an díoltóir agus is gá chun a chumasú don cheannaitheoir cíos bunúsach nó cíos dleathach na teaghaise nó aon chuid den teaghais a chinneadh.

(5) Gach coinníoll atá i gconradh chun teaghais a dhíol, trína gcoisctear an ceannaitheoir ó fhoréilimh a dhéanamh i dtaobh na nithe a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo, beidh sé ar neamhní.

(6) Más rud é, i gcás aon duine a n-iarrfar air faoi fho-alt (1), (2), nó (3) den alt seo ráiteas a thabhairt agus go mainneoidh sé é sin a dhéanamh laistigh d'ocht lá is fiche nó go dtabharfaidh sé ráiteas uaidh a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha agus nach gcruthófar gur go neamhurchóideach agus gan rún meabhlaíochta a tugadh é, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

An cíos a íocfaidh tionóntaí a chinneadh.

13. —(1) Déanfar, faoi réir an Achta seo, an cíos a bheidh le n-íoc ag tionónta i leith teaghaise rialaithe a chinneadh de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) i gcás an tiarna talún agus an tionónta a bheith tar éis comhaontú ar an gcíos a bheidh le n-íoc ag an tionónta agus nach mó an cíos ar a mbeifear tar éis comhaontú amhlaidh ná an tsuim arb é cíos dleathach na teaghaise é an tráth sin, is é an cíos ar a mbeifear tar éis comhaontú amhlaidh an cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó trí fhógra faoin alt seo, ag an tionónta i leith na teaghaise;

(b) i gcás inar lú an cíos is iníoctha de thuras na huaire ag an tionónta ná an cíos is cíos dleathach de thuras na huaire agus go seirbheálfaidh an tiarna talún fógra faoin alt seo ar an tionónta ag méadú an chíosa go dtí suim nach mó ná an cíos is cíos dleathach de thuras na huaire, ansin, amhail ón dáta ar a dtiocfaidh an fógra in éifeacht is é an cíos arna mhéadú amhlaidh an cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó trí fhógra faoin alt seo, ag an tionónta i leith na teaghaise;

(c) i gcás inar mó an cíos is iníoctha de thuras na huaire ag an tionónta ná an cíos is cíos dleathach de thuras na huaire agus go seirbheálfaidh an tionónta fógra faoin alt seo ar an tiarna talún ag laghdú an chíosa go dtí suim is comhionann leis an gcíos is cíos dleathach de thuras na huaire, ansin, amhail ón dáta ar a dtiocfaidh an fógra in éifeacht, is é an cíos arna laghdú amhlaidh an cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó trí fhógra faoin alt seo, ag an tionónta i leith na teaghaise;

(d) i gcás ina mbeidh an cíos a bheidh le n-íoc ag tionónta reachtúil gan chinneadh faoi aon mhír acu sin roimhe seo den fho-alt seo, ansin, faoi réir an ailt seo, is é cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc i leith na teaghaise an cíos is iníoctha ag an tionónta de thuras na huaire i leith na teaghaise ar an dáta feidhme, nó an cíos arb é an cíos dleathach é an tráth sin (cibé acu sin is lú) nó, má bhíonn an teaghais ar teachtadh ag an tionónta reachtúil ón dáta feidhme faoi aon chonradh tionóntachta, an cíos is déanaí ab iníoctha aige faoin gconradh sin nó an cíos dleathach an tráth sin (cibé acu is lú);

(e) i gcás ina mbeidh an cíos a bheidh le n-íoc ag tionónta neamhreachtúil gan chinneadh faoi aon mhír acu sin roimhe seo den fho-alt seo, ansin, faoi réir an ailt seo, is é cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc i leith na teaghaise an cíos ab iníoctha ag an tionónta de thuras na huaire i leith na teaghaise ar an dáta feidhme, nó an cíos arbh é an cíos dleathach é an tráth sin (cibé acu sin is lú) nó, má bhíonn an teaghais ar teachtadh ag an tionónta faoi aon chonradh tionóntachta, ar tar éis an dáta feidhme a thosaigh an tionóntacht faoi, an cíos ab iníoctha aige i dtosach na tionóntachta nó an cíos arbh é an cíos dleathach é an tráth sin (cibé acu sin is lú).

(2) I gcás teaghais rialaithe lena mbaineann alt 9 den Acht seo agus nár cinneadh a chíos bunúsach faoin alt sin, má sheirbheálann an tiarna talún ar an tionónta fógra faoin alt seo ag méadú an chíosa go dtí cíos arb é a bheidh ann a gcomhshuim seo a leanas—

(a) an cíos (a bheidh le sonrú san fhógra) a mheasfaidh an tiarna talún a chinnfeadh an Chúirt mar chíos bunúsach, agus

(b) na breiseanna dleathacha (a bheidh le sonrú san fhógra) a mheasfaidh sé a fhéadfaí a chur go cuí leis an gcíos bunúsach sin,

is é an cíos méadaithe sin, an cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc ag an tionónta i leith na teaghaise, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó ag an gCúirt.

(3) Gach fógra a sheirbheálfar faoin alt seo is san fhoirm fhorordaithe, nó i bhfoirm sa chéill chéanna go substainteach, a bheidh sé agus beidh na sonraí iomchuí ann a iarrfar san fhoirm.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le fógraí faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo:

(a) i gcás—

(i) ina n-airbheartóidh an fógra an cíos is iníoctha ag tionónta neamhreachtúil a mhéadú go dtí suim is mó ná an tsuim ab iníoctha, faoi théarmaí a chonradh tionóntachta agus gan aird ar aon achtachán (lena n-áirítear an t-Acht seo) trína modhnaítear aon téarma ann a bhaineann le cíos, an tráth a déarfar san fhógra a thiocfaidh an fógra in éifeacht, agus

(ii) nach é bheidh sa mhéadú méadú a bheidh bunaithe amháin ar mhéadú ar na rátaí is iníoctha ar theaghais ar bhain aon tionónta ann leas as an Acht seo nó as aon cheann de na hachtacháin roimhe seo a bhaineann le srianadh cíosa chun laghdú ar chíos na teaghaise a fháil,

tiocfaidh an fógra in éifeacht an dáta a luaitear i cibé fomhír acu seo a leanas is infheidhmithe:

(I) dá bhféadfaí an tionóntacht a fhoirceannadh go dlíthiúil lá ar bith tar éis an fógra a sheirbheáil ach nach déanaí ná an dáta adéarfar san fhógra a thiocfaidh an fógra in éifeacht, an dáta sin,

(II) mura bhféadfaí an tionóntacht a fhoirceannadh amhlaidh, an dáta is luaithe ar a mbeadh éifeacht ag an bhfógra, dá mba fhógra fágála é, chun an tionóntacht a fhoirceannadh;

(b) in aon chás eile, tiocfaidh an fógra in éifeacht ar sheacht lá glan a bheith caite ó dháta a sheirbheála.

(5) Má bhíonn i bhfógra a sheirbheálfar faoin alt seo aon ráiteas nó uiríoll a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh an duine a rinne an ráiteas nó an t-uiríoll sin nó a chuir faoi deara é a dhéanamh ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air mura gcruthóidh sé gur go neamhurchóideach agus gan rún meabhlaíochta a rinneadh an ráiteas nó an t-uiríoll.

(6) Tráth ar bith tar éis dul in éag d'fhógra faoi mhír (b) d'fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) den alt seo ag méadú cíosa aon teaghaise rialaithe de mhéid is ionann agus aon suim, nó a fholaíonn aon suim, i leith na nithe a luaitear i mír (c), (d) nó (e) d'fho-alt (2) d'alt 10 den Acht seo, féadfaidh an Chúirt ar an tionónta dá iarraidh sin agus más deimhin léi—

(i) maidir leis an gcaiteachas (a mhéid is féidir é a chur maidir le haon ní acu sin) ar seirbheáladh an fógra ina leith, nach ndeachthas faoi nó go raibh sé neamhriachtanach ar fad nó i bpáirt, nó

(ii) nach ndearnadh na feabhsuithe, na hathruithe déanmhais nó an deisiú go sásúil,

an méadú a dhícheadú nó a laghdú dá réir, amhail ó cibé dáta (cibé acu dáta roimh dháta an iarratais é nó nach ea) is oiriúnach leis an gCúirt.

An éifeacht a bheidh ag aistriú a dhéanfar chun tionónta ar ualaigh a bhí roimhe sin ar an tiarna talún.

14. —(1) Aon aistriú a dhéanfar chun tionónta ar aon ualach nó dliteanas a bhí roimhe sin ar an tiarna talún déanfar chun críocha an Achta seo é a áireamh mar athrú cíosa, agus más rud é, de dhroim aistrithe den saghas sin, nach mbeidh na téarmaí ar a mbeidh aon teaghais rialaithe ar teachtadh chomh fabhrach don tionónta, tríd is tríd, leis na téarmaí a bhí ann roimhe sin, measfar an cíos a bheith arna mhéadú, cibé acu a méadaíodh nó nár méadaíodh an tsuim ab iníoctha go tréimhsiúil mar chíos, agus aon mhéadú cíosa i leith aon aistrithe a dhéanfar chun tiarna talún ar aon ualach nó dliteanas a bhí roimhe sin ar an tionónta agus ina dtarlóidh, de dhroim an aistrithe, go mbeidh na téarmaí ar a mbeidh aon teaghais rialaithe ar teachtadh chomh fabhrach ar a laghad don tionónta, tríd is tríd, leis na téarmaí a bhí ann roimhe sin, measfar nach méadú cíosa é chun críocha an Achta seo.

(2) Chun críche an ailt seo, ní mheasfar an cíos a bheith arna mhéadú i gcás ina ndéanfar an dliteanas i leith rátaí a aistriú ón tiarna talún chun an tionónta má dhéantar a chothrom sin de laghdú ar an gcíos.

Laghdú ar chíos toisc an tiarna talún á mhainniú teaghais rialaithe a choimeád i ndeisriocht.

15. —(1) Féadfaidh an tionónta nó an t-údarás sláintíochta, ar fhógra a thabhairt don tiarna talún, iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun na Cúirte ag lorg ordú ag laghdú cíosa aon teaghaise rialaithe lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1946 ar an bhforas nach bhfuil an teaghais i ndeis mhaith intionóntaithe ar gach slí.

(2) I gcás ina ndéanfar aon iarratas faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt ar bheith deimhnitheach di nach bhfuil an teaghais i ndeis mhaith intionóntaithe ar gach slí agus ar é a chruthú di freisin gurb é is cúis ar fad nó go formhór leis an mbail atá ar an teaghais an tiarna talún á mhainniú cibé deisiúchán a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh de bhua aon chúnaint nó chomhaontaithe, nó ar shlí eile trí oibriú an dlí (lena n-áirítear an tAcht seo), a ordú an cíos a bheidh le n-íoc ar an teaghais a laghdú cibé méid, nach mó ná fiche faoin gcéad den chíos dleathach, is cuí leis an gCúirt.

(3) Chun críocha an ailt seo, beidh deimhniú ón údarás sláintíochta á dheimhniú nach bhfuil an teaghais rialaithe lena mbaineann an t-iarratas i ndeis mhaith intionóntaithe ar gach slí ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh deimhnithe amhlaidh.

(4) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) fanfaidh an t-ordú i bhfeidhm mura ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh an Chúirt, ar an tiarna talún á iarraidh sin, agus ar bheith deimhnitheach di go ndearnadh an deisiúchán go léir arb é an mhainneachtain ann ab fhoras leis an ordú a dhéanamh, ordú ag foirceannadh an laghdaithe;

(b) más rud é, ar an tiarna talún do dhéanamh aon iarratais den sórt sin, go ndiúltóidh an Chúirt ordú a dhéanamh ag foirceannadh an laghdaithe agus gur deimhin léi gurb é is cúis ar fad nó go formhór leis an deisiúchán sin a bheith riachtanach an tiarna talún do leanúint de bheith ag déanamh mainneachtana nó faillí, féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin aon ní dá bhfuil san Acht seo, a ordú gurb é cíos a bheidh le n-íoc i leith na teaghaise go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt an cíos sin nó cibé suim eile, nach lú ná ochtó faoin gcéad den chíos dleathach, a chinnfidh an Chúirt.

(5) Ar aon iarratas a dhéanamh chun údaráis sláintíochta ag lorg deimhnithe chun críocha an ailt seo, beidh táille chúig scilling iníoctha, ach, i gcás ina mbeidh an táille sin íoctha ag an tionónta, féadfaidh an Chúirt a ordú go mbeidh sé i dteideal an táille a bhaint as aon íocaíocht chíosa ina dhiaidh sin.

(6) San alt seo ciallaíonn an abairt “údarás sláintíochta” an t-údarás sláintíochta faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.

Suimeanna a dhearbhaítear a bheith do-aisghabhála.

16. —Más rud é—

(a) go mbeidh cíos teaghaise rialaithe (is teaghais lena mbaineann alt 7 den Acht seo) in aghaidh aon tréimhse dar tosach an dáta feidhme nó dáta dá éis sin níos mó ná an cíos a bheidh le n-íoc (de réir an Achta seo) ar an teaghais sin in aghaidh na tréimhse sin, nó

(b) go mbeidh cíos teaghaise rialaithe (is teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo) in aghaidh aon tréimhse dar tosach dáta tionscnamh na n-imeachtaí ina gcinnfidh an Chúirt an cíos bunúsach nó dáta dá éis sin níos mó ná an cíos a bheidh le n-íoc (de réir an Achta seo) ar an teaghais sin in aghaidh na tréimhse sin,

ansin, d'ainneoin aon chomhaontú contrártha dó sin, beidh méid an bharrachais do-aisghabhála ó thionónta na teaghaise.

Ró-íocaíochtaí a aisghabháil.

17. —(1) I gcás aon suim—

(a) a bheith arna híoc i leith aon chíosa a bheidh faibhrithe chun bheith dlite tar éis an dáta feidhme, agus

(b) ar suim í a ndearbhaítear le halt 16 den Acht seo í a bheith do-aisghabhála ón tionónta,

beidh an tsuim sin, faoi réir alt 18 den Acht seo, inaisghabhála ón tiarna talún a fuair an íocaíocht nó óna ionadaí pearsanta dlíthiúil ag an tionónta a d'íoc í nó ag a ionadaí pearsanta dlíthiúil.

(2) Má chuireann aon duine in aon chíosleabhar nó doiciméad dá shamhail taifead a thaispeánfaidh nó a airbheartóidh a thaispeáint go bhfuil aon tionónta i riaráiste maidir le haon suim a dhearbhaítear leis an Acht seo a bheith do-aisghabhála, beidh an duine sin ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air mura gcruthóidh sé gur go neamhurchóideach agus gan rún meabhlaíochta a ghníomhaigh sé agus go ndearnadh an taifead i leith tréimhse a raibh imeachtaí i leith na teaghaise rialaithe ar feitheaml.

Teorainn le ró-íocaíochtaí aisghabháil.

18. —(1) Ní bheidh duine ar bith i dteideal aisghabháil a dhéanamh in aon slí ar aon suim a bheidh íoctha i leith cíos a dhearbhaítear le halt 16 den Acht seo a bheith do-aisghabhála ón tionónta ach amháin laistigh den dá bhliain díreach tar éis an tsuim sin a íoc.

(2) Gan dochar d'aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh dháta an Achta seo a rith, ní bheidh teideal ag duine ar bith aon suim a aisghabháil in aon slí a íocadh i leith cíos a dhearbhaítear le halt 23 d'Acht 1946 a bheith do-aisghabhála ón tionónta.