|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Forálacha Speisialta chun Faoiseamh a Thabhairt do Thionóntaí Teaghaisí Rialaithe Beaga.) | Ar Aghaidh (CUID V. Ilghnéitheach.) |
AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Srianta le Seilbh Teaghaisí Rialaithe a Aisghabháil. | |
[EN] |
Sríanta le ceart an tiarna talún chun seilbh teaghaise rialaithe. |
29. —(1) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo, ní dhéanfar ordú i leith seilbh teaghaise rialaithe a aisghabháil mura measfaidh an Chúirt gur réasúnach an rud é an t-ordú a dhéanamh agus mura rud é— |
[EN] | (a) nár íocadh aon chíos a bhí dlite go dleathach den tionónta, nó gur briseadh nó nár combhíonadh aon oibleagáid eile a ghabh leis an tionóntacht, cibé acu faoin gconradh tionóntachta (a mhéid a bheidh sin ar comhréir leis an Acht seo) nó faoin Acht seo é, nó | |
[EN] | (b) go raibh aon duine (arb é an tionónta é, ró aon duine in aontíos leis an tionónta, nó aon duine de lóistéirí nó d'fhothionóntaithe an tionónta) ciontach in iompar ba núis nó ciapadh ar an tiarna talún nó a ghníomhaire, nó ar áititheoirí tadhlacha nó gur úsáid sé an teaghais nó gur cheadaigh sé an teaghais a úsáid chun críche mímhorálta nó neamhdhleathaí (cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh é a chiontú mar gheall ar é a úsáid, nó a cheadú é a úsáid, amhlaidh), nó | |
[EN] | (c) gurb é tuairim na Cúirte go dtáinig mí-bhail ar an teaghais de dheasca aon duine den sórt sin do dhéanamh beartanna diomailte nó do dhéanamh faillí nó mainneachtana, nó | |
[EN] | (d) gur thug an tionónta fógra fágála, agus de dheasca an fhógra sin go ndearna an tiarna talún conradh chun an teaghais a dhíol nó a ligean nó go ndearna sé aon bhearta eile arb é tuairim na Cúirte go dtiocfadh dochar mór dó astu mura bhféadfadh sé seilbh a fháil, nó | |
[EN] | (e) go bhfuil an teaghais ag teastáil go réasúnach ón tiarna talún le haghaidh a áitithe mar áit chónaithe dó féin nó d'aon duine atá, nó atá le bheith, bona fide in aontíos leis agus— | |
[EN] | (i) gurb é tuairim na Cúirte gur mó an cruatan a thiocfadh, toisc cúrsaí speisialta an cháis, d'é a dhiúltú an t-ordú seilbhe a dheonú ná d'é a dheonú, nó | |
[EN] | (ii) gur deimhin leis an gCuirt go bhfuil cóiríocht ionadúil ar fáil, i dteaghais rialaithe, atá réasúnta oiriúnach le haghaidh riachtanas cónaithe agus eile an tionónta agus a theaghlaigh, nó | |
[EN] | (f) go bhfuil an teaghais ag teastáil go réasúnach ón tiarna talún le haghaidh a áitithe mar áit chónaithe do dhuine éigin atá ar fostaíocht lánaimsire aige, agus gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil cóiríocht ionadúil ar fáil, i dteaghais rialaithe, atá réasúnta oiriúnach le haghaidh riachtanas cónaithe agus eile an tionónta agus a theaghlaigh, nó | |
[EN] | (g) go bhfuil an teaghais ag teastáil bona fide ón tiarna talún le haghaidh a áitithe mar áit chónaithe do dhuine éigin a bhfuil teaghais rialaithe ar teachtadh aige mar thionónta don tiarna talún agus a theachtaigh amhlaidh í ar feadh tréimhse nár ghiorra ná dhá mhí dhéag agus gur deimhin leis an gCúirt— | |
[EN] | (i) go bhfuil nó go mbeidh cóiríocht ionadúil ar fáil sa teaghais rialaithe sin, agus | |
[EN] | (ii) go bhfuil an chóiríocht ionadúil sin réasúnta oiriúnach le haghaidh riachtanas cónaithe agus eile an tionónta óna mbeartaítear seilbh a aisghabháil, nó | |
[EN] | (h) go bhfuil an teaghais ag teastáil go réasúnach le haghaidh feidhmiú dualgas, cumhachtaí nó ceanglas Aire Stáit nó Choimisiún na Talún nó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó údaráis áitiúil nó ghnóthaire reachtúil, nó | |
[EN] | (i) go bhfuil an tiarna talún i gcruachás airgid agus gur ó fuair sé an teaghais a tharla sin dó agus nach féidir é a fhuascailt ach amháin trí sheilbh na teaghaise a aisghabháil le hintinn í a dhíol agus go bhfuil sé sásta cibé suim is cuí leis an gCúirt a íoc mar chúiteamh leis an tionónta gan an tsuim sin a bheith níos mó ná cíos trí bliana (lena n-áirítear rátaí, cibé acu gur ag an tionónta is iníoctha iad nó nach ea), nó | |
[EN] | (j) go bhfuil seilbh na teaghaise ag teastáil ar mhaithe le dea-bhainistíocht eastáit nó chun tuilleadh teaghaisí a thógáil nó chun áitreabh a úsáidtear le haghaidh aon ghnó, trádáil nó gairm a thógáil nó a leathnú agus go bhfuil an tiarna talún sásta cibé suim is cuí leis an gCúirt a íoc mar chúiteamh leis an tionónta is suim nach lú na cíos trí bliana (lena n-áirítear rátaí, cibé acu gur ag an tionónta is iníoctha iad nó nach ea), nó | |
[EN] | (k) gur deimhin leis an gCúirt, i gcás inar teaghais í an teaghais a gceanglaítear ar an tionónta lena chonradh tionóntachta gnó a sheoladh ann nach mbaineann, go hiomlán nó go páirteach, ach le déileáil in earraí a tháirgeann nó a sholáthraíonn an tiarna talún, go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, dochar á dhéanamh do dhíol an n-earraí sin mar gheall ar neamhoiriúnacht an tionónta nó an chuma ina bhfuil an gnó á sheoladh. | |
[EN] | (2) Nuair a bheifear á bhreithniú an rud réasúnach é ordú a dhéanamh le haghaidh seilbh ar theaghais rialaithe a aisghabháil, tabharfaidh an Chúirt aird ar an méid, más aon mhéid é, ba chúis iompar an tiarna talún leis na forais a bheith ann ar a bhfuil sé ag brath mar thaca lena iarratas ar sheilbh a aisghabháil. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir do cheart an tiarna talún ordú a fháil i gcoinne tionónta chun seilbh a aisghabháil ar aon teaghais rialaithe más rud é— | |
[EN] | (a) go ndearna an tionónta an teaghais a fholigean, ar shlí seachas mar áis sealadach, chun fothionónta, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh teideal ag an bhfothionónta nó ag aon duine a ghabhann teideal faoi seilbh a choimeád ar an teaghais faoin Acht seo, d'ainneoin an ordaithe i gcoinne an tionónta. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir d'oibriú alt 26 nó alt 34 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 . | |
[EN] | (5) I gcás— | |
[EN] | (a) ina mbeifear tar éis ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe a dhéanamh de bhua mhír (e), (f) nó (g) d'fho-alt 1 den alt seo, | |
[EN] | (b) go ndéanfaidh an tionónta achomarc i gcoinne an ordaithe, agus | |
[EN] | (c) gur deimhin leis an gcúirt achomhairc go raibh an chóiríocht ionadúil a tairgeadh agus a bhí ar fáil tráth na chéad éisteachta réasúnta oiriúnach le haghaidh riachtanas cónaithe agus eile an tionónta agus a theaghlaigh, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (i) ní thabharfaidh an chúirt achomhairc aird ar cibé acu a bheidh nó nach mbeidh aon chóiríocht ionadúil ar fáil tráth an achomhairc a éisteacht, | |
[EN] | (ii) más deimhin leis an gcúirt achomhairc an chóiríocht ionadúil a tairgeadh agus a bhí ar fáil tráth na chéad éisteachta a bheith coimeádta ar fáil don tionónta agus go ndeachaigh an tiarna talún faoi chaiteachas nó gur bhain caillteanas dó á choimeád ar fáil, féadfaidh an chúirt achomhairc a ordú don tionónta cúiteamh a íoc leis an tiarna talún i leith an chaiteachais faoina ndeachaigh sé nó an chaillteanais a bhain dó idir dáta an ordaithe bhunaidh agus dáta an achomhairc. | |
[EN] | (6) Nuair a bheifear ag tabhairt breith, de bhun mhír (e), (f) nó (g) d'fho-alt (1) nó de bhun mhír (c) d'fho-alt (5) den alt seo, i dtaobh oiriúnacht chóiríocht ionadúil, cuirfidh an Chúirt nó an chúirt achomhairc (de réir mar a bheidh) san áireamh, go sonrach, a ghaire an chóiríocht do láthair oibre an tionónta agus dhaoine dá theaghlach in aontíos leis, acmhainn an tionónta agus dhaoine dá theaghlach in aontíos leis agus méid agus cineál na cóiríochta. | |
[EN] | (7) Déanfar suim mar chúiteamh dá dtagraítear i mír (i) nó (j) d'fho-alt (1) den alt seo a íoc isteach sa Chúirt don tionónta agus ní eiseofar an t-ordú seilbhe mura n-íocfar agus go dtí go n-íocfar í amhlaidh. | |
[EN] |
Cosaint do chearta fothionóntaí. |
30. —Ní dhéanfaidh ordú i gcoinne tionónta chun seilbh teaghaise rialaithe a aisghabháil difir do cheart aon fhothionónta chun seilbh a choimeád faoin Acht seo is fothionónta a ndearnadh an teaghais nó aon chuid di a fholigean chuige go dleathach sular bunaíodh imeachtaí chun seilbh a aisghabháil. |
[EN] |
Tionóntacht reachtúil. |
31. —(1) Má dhiúltaíonn an Chúirt ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe a dhéanamh ar an bhforas go bhfuil an tionónta i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais de bhua an Achta seo, déanfaidh an Chúirt ordú á dhearbhú aon tionóntacht a bheith foirceannta a bhí ag an tionónta ar shlí seachas de bhua an Achta seo, agus, nuair a bheidh aon ordú den sórt sin a dúradh á dhéanamh aici, féadfaidh sí ordú a dhéanamh i dtaobh an tionónta d'íoc aon riaráistí cíosa nó aon fhoghail-bhrabúis. |
[EN] | (2) I gcás ina bhfoirceannfaidh leas tionónta teaghaise rialaithe, mar gheall ar ordú seilbhe nó ar aon chúis eile, beidh fothionónta a ndearnadh an teaghais nó aon chuid di a fholigean chuige go dleathach i dteideal, faoi réir an Achta seo, seilbh a choimeád ar an teaghais agus í a theachtadh ón tiarna talún ar na téarmaí céanna ar a dteachtódh sé ón tionónta dá mba nár foirceannadh tionóntacht an tionónta. | |
[EN] | (3) (a) I gcás ina bhfaighidh tionónía neamhreachtúil teaghaise rialaithe bás agus go bhfágfaidh sé ar marthain ina dhiaidh a bhanchéile nó aon duine dá theaghlach a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis agus— | |
[EN] | (i) i gcás díthiomnachta, go bhfoirceannfaidh tionóntacht an tionónta neamhreachtúil sula ndeonófar riarachán i leith a eastáit nó le linn a eastát a bheith á riaradh, nó | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, go bhfoirceannfaidh tionóntacht an tionónta neamhreachtúil tráth nach mbeidh an seiceadóir ag áitiú na teaghaise, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (I) i gcás ina bhfágfaidh an tionónta neamhreachtúil ar marthain ina dhiaidh a bhanchéile a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis, beidh sise i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna faoina raibh sí ar seilbh ag an tionónta neamhreachtúil a fuair bás; | |
[EN] | (II) i gcás nach bhfágfaidh an tionónta neamhreachtúil banchéile ina dhiaidh a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis, beidh an duine sin dá theaghlach a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis nó, má bhíonn níos mó ná aon duine amháin den sórt sin ann, an duine sin acu ar a gcomhaontóidh siad eatarthu nó a roghnóidh an Chúirt mura gcomhaontóidh siad, i dteideal seilbh a choimeád mar a dúradh. | |
[EN] | (b) I gcás ina bhfaighidh tionónta neamhreachtúil teaghaise rialaithe, ar bean í, bás agus go bhfágfaidh sí ar marthain ina diaidh a fearchéile nó aon duine dá teaghlach a bhí bona fide in aontíos léi tráth a báis agus— | |
[EN] | (i) i gcás díthiomnachta, go bhfoirceannfaidh tionóntacht an tionónta neamhreachtúil sula ndeonófar riarachán i leith a heastáit nó le linn a heastát a bheith á riaradh, nó | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, go bhfoirceanfaidh tionóntacht an tionónta neamhreachtúil tráth nach mbeidh an seiceadóir ag áitiú na teaghaise, | |
[EN] | beidh éifeacht ag fomhíreanna (I) agus (II) de mhír (a) den fho-alt seo maidir lena fearchéile agus a teaghlach amhail mar atá éifeacht acu maidir le banchéile agus teaghlach tionónta neamhreachtúil ar fear é. | |
[EN] | (4) Ar thionónta reachtúil teaghaise rialaithe d'fháil bháis beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) i gcás ina bhfágfaidh an tionónta reachtúil ar marthain ina dhiaidh a bhanchéile a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis, beidh sise i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna faoina raibh sí ar seilbh ag an tionónta reachtúil a fuair bás; | |
[EN] | (b) i gcás nach bhfágfaidh an tionónta reachtúil banchéile ina dhiaidh a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis, beidh an duine sin de theaghlach an tionónta reachtúil a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis nó, má bhíonn níos mó ná duine amháin den sórt sin ann, an duine sin acu ar a gcomhaontóidh siad eatarthu nó a roghnóidh an Chúirt mura gcomhaontóidh siad, i dteideal seilbh a choimeád mar a dúradh; | |
[EN] | (c) i gcás inar bhean an tionónta reachtúil, beidh éifeacht ag míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo maidir lena fearchéile agus a theaghlach amhail mar atá éifeacht acu maidir le beanchéile agus teaghlach tionónta reachtúil ar fear é; | |
[EN] | (d) in aon chás nach mbaineann aon mhír acu sin roimhe seo leis, tiocfaidh leas an tionónta reachtúil chun bheith foirceannta ar é d'fháil bháis. | |
[EN] | (5) Nuair a bheidh an focal “teaghlach” á fhorléiriú chun críocha fho-alt (3) nó fho-alt (4) den alt seo— | |
[EN] | (a) measfar duine a bheith arna áireamh i measc na ndaoine dá dtagraíonn an focal más rud é, agus amháin más rud é, gurb é an duine sin athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, athair céile, máthair chéile, cliamhain, banchliamhain, mac, iníon, nia, neacht, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, uncail nó aintín an tionónta, | |
[EN] | (b) measfar gur sliocht dlisteanach an uchtóra nó na n-uchtóirí duine a uchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952 , | |
[EN] | (c) faoi réir na míre sin roimhe seo, measfar gur sliocht dlisteanach a mháthar agus a athar thoimhdean duine mídhlisteanach, agus | |
[EN] | (d) muran cónaí a thosaigh tréimhse is giorra ná sé bliana roimh bhás an tionónta an conaí bona fide iomchuí leis an tionónta, measfar, i gcás duine in loco parentis do dhuine eile, gurb é tuiste an duine eile sin é. | |
[EN] |
Coinníollacha tionóntachta reachtúla. 1860, c. 154. |
32. —(1) An fad a choimeádfaidh sé seilbh ar theaghais rialaithe de bhua an Achta seo, déanfaidh tionónta reachtúil téarmaí agus coinníollacha uile an chonradh thionóntachta bhunaidh, a mhéid a bheidh siad ar comhréir leis an Acht seo, a chomhlíonadh agus beidh sé i dteideal a dtairbhe, agus ní bheidh sé i dteideal seilbh na teaghaise a thabhairt suas ach amháin ar cibé fógra a thabhairt ba ghá faoin gconradh tionóntachta bunaidh, nó, murar ghá aon fhógra a thabhairt amhlaidh, ar fhógra trí mhí ar a laghad a thabhairt. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, ní bheidh ar thiarna talún teaghaise rialaithe, d'fhonn aon cheart faoin Acht seo a fheidhmiú, aon fhógra fágála a thabhairt do thionónta reachtúil na teaghaise. | |
[EN] | (3) (a) Ní dhéanfaidh tionónta reachtúil, mar choinníoll i leith teaghais rialaithe a shannadh nó a thabhairt suas, íoc aon suime, ná aon chomhaoin eile, a iarraidh ar aon duine ná a ghlacadh ó aon duine seachas an tiarna talún. | |
[EN] | (b) Duine ar bith a dhéanfaidh aon ní contrártha do mhír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. | |
[EN] | (c) Má chiontaítear duine i gcion faoin bhfo-alt seo, féadfaidh an Chúirt a chiontaigh é a ordú aon íocaíocht nó comaoin den sórt sin a aisíoc leis an duine a rinne nó a thug í. | |
[EN] | (d) Ní bhainfidh mír (a) den fho-alt seo le háitreabh a ndéantar go dleathach é a úsáid i bpáirt chun críocha aon ghnó, ceirde nó gairme. | |
[EN] | (4) Measfar é a bheith ag gabháil mar choinníoll le tionóntacht reachtúil in aon teaghais rialaithe— | |
[EN] | (a) go ligfidh an tionónta don tiarna talún dul isteach ann chun bail agus deis na teaghaise a fheiceáil, agus go dtabharfaidh sé gach saoráid réasúnach chun aon deisiúchán a dhéanamh ann a bheidh an tiarna talún i dteideal a dhéanamh; | |
[EN] | (b) nach ndéanfaidh an tionónta an teaghais ná aon chuid di a shannadh gan toiliú i scríbhinn ón tiarna talún, is toiliú nach bhféadfar diúltú d'é a thabhairt ach amháin i gcás inar mhó an cruatan a thiocfadh, toisc cúrsaí speisialta an cháis, d'é a thabhairt ná de dhiúltú d'é a thabhairt; | |
[EN] | (c) go mbeidh an tiarna talún freagrach in aon deisiúchán nach mbeidh aon fhreagracht ar an tionónta ina thaobh, cibé acu a bheidh an fhreagracht sainráite sa chonradh nó intuigthe faoi alt 42 den Landlord and Tenant Law Amendment Act (Ireland), 1860. | |
[EN] | (5) Má dhéanann an tionónta reachtúil (dá ngairtear an sannóir san fho-alt seo) teaghais rialaithe a shannadh go dleathach ar an dáta feidhme nó dá éis, ansin, mura mbeidh aon chomhaontú sainráite idir an tiarna talún agus an sannaí, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas— | |
[EN] | (a) má bhíonn an teaghais, ar dháta an tsannaithe, á húsáid go dleathach i bpáirt chun críche aon ghnó, ceirde nó gairme, measfar, ón dáta sin, an teaghais a bheith ar teachtadh ag an sannaí de réir cibé fomhír acu seo a leanas is infheidhmithe— | |
[EN] | (i) i gcás fianaise a bheith ar fáil go raibh an teaghais, díreach sular cruthaíodh an tionóntacht reachtúil ann, ar teachtadh ag a tionónta conarthach faoi thionóntacht ó bhliain go bhliain nó ar feadh téarma blianta nó ar feadh tréimhse cinnte eile (nach giorra ná bliain), nó faoi thionóntacht a bhí ag brath ar thitim saoil nó ar aon teagmhas neamhchinnte eile, measfar an teaghais a bheith ar teachtadh ag an sannaí ón tiarna talún faoi thionóntacht ó bhliain go bhliain is infhoirceanna, ar an gcéad bhliain díobh a bheith caite nó dá éis sin, ag ceachtar páirtí trí fhógra dhá mhí a rachaidh in éag lá gála agus, faoina réir sin, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh sé ar teachtadh ag an sannóir; | |
[EN] | (ii) i gcás fianaise a bheith ar fáil go raibh an teaghais ar teachtadh amhlaidh faoi chonradh tionóntachta nach mbaineann fomhír (i) den mhír seo leis, measfar an teaghais a bheith ar teachtadh ag an sannaí ón tiarna talún faoi chonradh tionóntachta arb ionann fad dó agus don chonradh tionóntachta faoina rabhdar ar teachtadh amhlaidh agus, faoina réir sin, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh an céanna ar teachtadh ag an sannóir; | |
[EN] | (iii) in aon chás eile, beidh an sannaí i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar ar shealbhaigh an sannóir í; | |
[EN] | (b) más teaghais nach mbaineann mír (a) den fho-alt seo léi an teaghais, beidh an sannaí i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar ar shealbhaigh an sannóir í. | |
[EN] |
Cumhachtaí na Cúirte in imeachtaí eisiachtana. |
33. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt, nó ina ndearna an Chúirt roimh an dáta feidhme, ordú chun seilbh teaghaise rialaithe a aisghabháil, féadfaidh an Chúirt, tráth an ordaithe a dhéanamh nó aon tráth roimh é a fhorghníomhú, forghníomhú an ordaithe a bhacadh nó dáta an tsealbhaithe a chur siar go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is oiriúnach leis an gCúirt agus, má chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, an t-ordú a urscaoileadh nó a athrú. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt, faoi fho-alt (1) den alt seo, forghníomhú ordaithe chun seilbh teaghaise rialaithe a aisghabháil a bhacadh nó dáta an tsealbhaithe a chur siar, féadfaidh an Chúirt ó am go ham, ar iarratas is féidir a dhéanamh ex parte i gcás éigeandála, forghníomhú an ordaithe a bhacadh tuilleadh nó dáta an tsealbhaithe a chur siar tuilleadh. | |
[EN] |
Leasú ar alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act 1851. 1851, c. 92. |
34. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, leanfaidh gach barántas chun seilbh a sheachadadh, nó chun dul isteach agus seilbh a sheachadadh, nó chun dul isteach agus seilbh a thabhairt, ar theaghais rialaithe, i ngníomh go ceann sé mhí ón lá díreach i ndiaidh an lae dheiridh a bheidh ainmnithe san ordú chun seilbh a sheachadadh nó, i gcás barántas faoin Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, ó dháta eisithe an bharántais, agus i gceachtar cás, go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí breise a ordóidh an Chúirt ó am go ham má ordaíonn, cibé acu roimh an sé mhí sin a bheith caite nó dá éis sin é. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, maidir le gach teaghais rialaithe nach mó ná deich bpunt a luacháil inrátaithe, d'ainneoin gur mó ná punt sa mhí an cíos. | |
[EN] |
An tiarna talún do ghlacadh cíosa tar éis fógra fágála do dhul in éag. |
35. —I gcás ina seirbheálfaidh tiarna talún teaghaise rialaithe fógra fágála ar thionónta na teaghaise, ní dhéanfaidh sé dochar do cheart (más ann) an tiarna talún chun seilbh na teaghaise a aisghabháil é do ghlacadh aon suime a airbheartóidh gur cíos í in aghaidh na tréimhse a luaitear i cibé fomhír acu seo a leanas is infheidhmithe, is é sin le rá: |
[EN] | (a) má dhéanann sé imeachtaí chun seilbh na teaghaise a aisghabháil a thionscnamh laistigh de mhí tar éis an fógra fágála do dhul in éag, an tréimhse dar tosach an dáta a rachaidh an fógra fágála in éag agus dar críoch an dáta ar a ndéanfar cinneadh deiridh ar na himeachtaí, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a rachaidh an fógra fágála in éag, | |
[EN] | agus má dhéantar ordú seilbhe i leith na teaghaise, áireofar mar fhoghail-bhrabúis aon suim a glacadh amhlaidh. | |
[EN] |
Ordú seilbhe a gheofar trí mhífhaisnéis. |
36. —Más dóigh leis an gCúirt gur trí mhífhaisnéis nó trí fhíorais ábhartha a cheilt a fuair an tiarna talún ordú seilbhe i leith teaghaise rialaithe, féadfaidh an Chúirt a ordú don tiarna talún cibé suim is cuí leis an gCúirt a íoc leis an seantionónta mar chúiteamh in aon damáiste nó caillteanas a bhain don tionónta mar gheall ar an ordú seilbhe. |
[EN] |
Gan feidhm a bheith ag ailt 29 agus 30 i gcás ligean mar áis shealadach, etc. |
37. —Ní bheidh feidhm ag ailt 29 agus 30 den Acht seo— |
[EN] | (a) maidir le teaghais rialaithe a bheidh arna ligean chun duine an fad a leanfaidh sé in aon oifig, ceapachán nó fostaíocht, nó | |
[EN] | (b) maidir le teaghais rialaithe a bheidh arna ligean bona fide mar áis shealadach nó faoi chomhair riachtanais shealadaigh an tiarna talún nó an tionónta. | |
[EN] |
Cosaint do chearta údaráis áitiúla. |
38. —Ní choiscfidh aon ní sa Chuid seo ar údarás áitiúil seilbh a fháil ar aon teaghais rialaithe a mbeidh a seilbh ag teastáil uathu chun iad d'fheidhmiú a gcumhachtaí faoi aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire nó faoi aon scéim arna déanamh faoi aon achtachán den sórt sin. |