An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Srianta le Seilbh Teaghaisí Rialaithe a Aisghabháil.) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear.)

42 1960

AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960

CUID V.

Ilghnéitheach.

Freagracht i ndeisiúchán.

1860, c. 154.

39. —Chun críocha mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 10 agus ailt 14, 15 agus 40 den Acht seo, is tuigthe an tiarna talún a bheith freagrach in aon deisiúchán nach bhfuil aon dliteanas ar an tionónta ina leith, cibé acu freagracht í atá sainráite sa chonradh nó intuigthe faoi alt 42 den Landlord and Tenant Law Amendment Act (Ireland), 1860.

Iocaíocht leis an tionónta i gcás teaghais rialaithe a bheith i ndrochdheis mar gheall ar mhainneachtain an tiarna talún.

40. —(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, i gcás ina dtarlóidh de dheasca mainneachtain an tiarna talún nach mbeidh teaghais rialaithe i ndeis mhaith intionóntaithe, féadfaidh an Chúirt a ordú don tiarna talún cibé suim a íoc leis an tionónta is dóigh leis an gCúirt is gá chun an teaghais a chur i ndeis mhaith intionóntaithe.

(2) Féadfaidh an Chúirt diúltú ordú a dhéanamh faoin alt seo má dhéanann an tiarna talún a chruthú, ag féachaint d'aois, riocht, cineál agus suíomh na teaghaise rialaithe iomchuí, don Chúirt—

(a) go mbainfeadh costas ro-mhór lena cur i ndeis mhaith intionóntaithe ag féachaint do luach na teaghaise nó don chíos a mbeifí ag súil, le réasún, a d'íocfadh tionónta, nó

(b) nach bhféadfaí an teaghais a chur i ndeis mhaith intionóntaithe ach amháin trína hatógáil nó a hathfhoirgniú nó trína déanmhas a athrú go mór.

(3) Má tharlaíonn, an tráth a iarrfar nó a dhéanfar aon ordú faoin alt seo, go ngeallfaidh an tiarna talún an teaghais rialaithe iomchuí a chur i ndeis mhaith intionóntaithe, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a chur ar atráth, nó forghníomhú an ordaithe a bhac nó a fhionraí, agus má chomhlíontar an gealltanas féadfaidh an Chúirt an t-ordú a urscaoileadh.

(4) Déanfar aon suim a dhámhfar do thionónta faoin alt seo a chaitheamh ar dheisiúchán oiriúnach ar an teaghais rialaithe lena mbainfidh an t-ordú, agus féadfar an t-ordú a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an gcúirt a fhorchur chun a áirithiú go gcaithfear an tsuim sin amhlaidh.

(5) Ní dhéanfaidh ceart an tionónta chun faoiseamh a fháil faoin alt seo dochar dá cheart chun faoiseamh a lorg in aon sórt eile imeachtaí.

An Coimisinéir Luachála do chionroinnt luachála inrátaithe

41. —(1) I gcás nach mbeidh luacháil ar leithligh déanta ar theaghais faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann, ar iarratas ó thiarna talún nó ó thionónta na teaghaise, cibé cuid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ina mbeidh an teaghais a chionroinnt ar an teaghais, agus déanfar an chuid a chionroinnfear amhlaidh ar an teaghais sin a áireamh mar luacháil inrátaithe na teaghaise chun críocha an Achta seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon slí eile.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, rialacháin a dhéanamh ag socrú scála na dtáillí a bheidh le n-íoc leis an gCoimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann as cionroinnt a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha faoin alt seo:

(a) déanfar na táillí sin a bhailiú agus a ghlacadh i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste de réir mar ordóidh an tAire sin;

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

Srian le préimheanna.

42. —(1) Ní éileoidh duine ar bith, mar choinníoll ar a ndeonófar, ar a n-athuafar nó ar a mbuanófar tionóntacht nó fothionóntacht aon teaghaise rialaithe, go n-íocfar aon fhíneáil, préimh, nó suim eile dá samhail, nó go dtabharfar aon chomaoin luachmhar, de bhreis ar an gcíos, agus, i gcás ina dtabharfar aon íocaíocht nó comaoin den sórt sin i leith aon teaghaise den sórt sin, féadfar a méid nó a luach a aisghabháil laistigh de shé bliana, ar a dhéanaí, ón dáta a tugadh í.

(2) I gcás ina mbeidh duine ar bith a d'aisghabh aon suim a dhéantar inaisghabhála leis an alt seo tar éis a leas sa tionóntacht a shannadh nó a dhiúscairt ar shlí eile ar chomaoin luachmhar, déanfaidh sé an tsuim a d'aisghabh sé a choimeád ar iontaobhas do cibé duine a bhfeicfear don Chúirt teideal cothromais a bheith aige chuici.

(3) Duine ar bith a éileoidh aon íocaíocht nó comaoin eile contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus féadfaidh an Chúirt a chiontóidh é a ordú an méid a íocadh nó luach na comaoine a aisíoc leis an duine a thug an íocaíocht nó an chomaoin eile.

(4) (a) Duine ar bith a thabharfaidh aon íocaíocht nó comaoin, nó a thairgfidh aon íocaíocht nó comaoin a thabhairt, a mbeadh sé contrártha don alt seo í a éileamh, nó a fhógróidh nó a fhoilseoidh aon tairiscint den sórt sin, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(b) Ní bhunófar aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo i gcoinne aon duine a bheidh tar éis imeachtaí a thionscnamh faoi fho-alt (1) den alt seo nó a bheidh tar éis aon eolas a thabhairt chun aon imeachtaí a thionscnamh faoi fho-alt (3) den alt seo.

(5) Aon deonú, athnuachan nó buanú tionóntachta a mbeifear, ar choinníoll a dhéanta, tar éis aon íocaíocht nó comaoin a thabhairt contrártha don alt seo beidh sé, gan dochar d'oibriú an ailt seo, in-neamhnithe más rogha le ceachtar de na páirtithe ann é, gan dochar do cheart an tionónta, má bhíonn sé tar éis dul i seilbh na teaghaise lena mbainfidh chun seilbh a choimeád ar an teaghais de bhua fhorálacha an Achta seo tar éis aon rogha den sórt sin a bheith arna feidhmiú.

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le deonú, athnuachan nó buanú aon tionóntachta go ceann téarma cheithre bliana déag nó os a chionn.

Srian le tochsal a thobhach i leith cíosa.

43. —(1) Ní dhéanfar aon tochsal a thobhach i leith cíos teaghaise rialaithe ach amháin le hordú ón gCúirt.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt cibé coinníollacha is oiriúnach leis an gCúirt a chur ag gabháil le forghníomhú an ordaithe.

Modh aisghabhála suimeanna a bheidh dlite de thiarnaí talún ag tionóntaí.

44. —Aon suim a bheidh, faoin Acht seo, inaisghabhála ag tionónta ó thiarna talún nó iníoctha nó inaisíoctha le tionónta ag tiarna talún féadfaidh an tionónta, gan dochar d'aon mhodh eile aisghabhála, í a bhaint as aon chíos a bheidh iníoctha aige leis an tiarna talún.

Srianadh orduithe áirithe.

45. —(1) Ní bheidh ordú lena mbaineann an t-alt seo ina cheangal ach amháin amhail idir na páirtithe a thoileoidh leis agus, ach amháin amhail idir na páirtithe sin, ní thabharfaidh an Chúirt aird air nuair a bheidh cíos bunúsach á chinneadh nó á choigeartú aici.

(2) Bainfidh an t-alt seo le hordú a dhéanfaidh aon chúirt ar thoiliú—

(a) a rinneadh chun críocha an Achta seo, maidir le cíos bunúsach teaghaise rialaithe a chinneadh nó a chionroinnt nó maidir le luacháil inrátaithe teaghaise rialaithe a chionroinnt, nó

(b) a rinneadh roimh dháta thosach feidhme an Achta seo, chun críocha aon cheann de na hachtacháin roimhe seo a bhain le srianadh cíosa, maidir le cíos is ionann agus cíos bunúsach tí nó coda de theach a chinneadh nó maidir le luacháil inrátaithe tí nó coda de theach a chionroinnt.

Earlais a íocadh mar urrús i leith íoc cíosa a aisghabhail.

46. —(1) Más rud é—

(a) ar thionóntacht theaghaise rialaithe (is tionóntacht a thosaigh tar éis dáta tosach feidhme an Achta seo) foirceannadh, go dtabharfar suas seilbh na teaghaise, agus

(b) go mbeidh éarlais a íocadh mar urrús i leith íoc an chíosa gan aisíoc, agus

(c) nach é an duine lenar íocadh an cíos go deiridh an duine lenar íocadh an éarlais,

measfar, chun críocha aisghabhála na héarlaise, gur leis an duine lenar íocadh an cíos go deiridh a íocadh an éarlais.

(2) Más rud é—

(a) le linn tionóntacht teaghaise rialaithe (is tionóntacht a thosaigh tar éis dáta tosach feidhme an Achta seo) go mbeidh éarlais mar urrús i leith íoc an chíosa arna híoc, agus

(b) nach éarlais fhormheasta í an éarlais,

beidh an éarlais inaisghafa ar í a éileamh agus, chuige sin measfar, i gcás nach é an duine lenar íocadh an cíos go deiridh an duine lenar íocadh an éarlais, gur leis an duine a íocadh an cíos go deiridh a íocadh an éarlais.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “éarlais fbormheasta” éarlais a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a) nach mó í ná suim is ionann agus cíos trí mhí, agus

(b) go ndearnadh a méid, más i scríbhinn a rinneadh an comhaontú i leith na tionóntachta, a shonrú sa chomhaontú sin nó a fhormhuiniú air agus, in aon chás eile, a shonrú am a dhéanta sa leabhar cíosa.

(4) Gach conradh a dhéanfar tar éis dáta tosach feidhme an Achta seo i leith díol aon leasa i dteaghais rialaithe beidh ann foráil intuigthe (mura mbeidh sé go sainraíteach ann cheana féin) á cheangal ar an díoltóir aon eolas a bheidh ar seilbh nó ar fáil aige a thabhairt (trí dhearbhú reachtúil má cheanglaítear sin air) don cheannaitheoir i dtaobh aon éarlais a rinne duine ba thionónta sa teaghais a íoc tar éis an dáta tosach feidhme sin mar urrús i leith íoc an chíosa.

Forálacha maidir le foligin áirithe.

1931, Uimh. 55 .

47. —(1) Má dhéanann tionónta teaghaise rialaithe (is tionónta faoi chonradh tionóntachta ar feadh téarma nach faide ná bliain agus fiche) cuid den teaghais a fholigean le haghaidh aon ghnó, ceirde nó gairme agus lena aghaidh sin amháin, féadfaidh tiarna talún an tionónta tráth ar bith le linn an fhothionóntacht a bheith ar marthain, trí fhógra trí mhí ar a laghad a sheirbheálfar ar an tionónta agus a rachaidh in éag aon lá gála, tionóntacht an tionónta a fhoirceannadh agus air sin—

(a) tiocfaidh an fothionónta chun bheith ina neastionónta, ar an gcuid a foligeadh chuige, don tiarna talún sin ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh an chuid sin ar teachtadh aige roimhe sin ón tionónta, agus

(b) tiocfaidh an tionónta chun bheith ina neastionónta, ar an gcuid eile den teaghais, don tiarna talún sin ar an oiread sin dá shean-chíos agus is inchurtha, ar chionroinnt (a dhéanfaidh an Chúirt mura ndéantar comhaontú) i leith na coda eile sin agus, faoina réir sin, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh an teaghais ar teachtadh aige roimhe sin ón tiarna talún sin.

(2) Má dhéanann tionónta teaghaise rialaithe (is tionónta faoi chonradh tionóntacha ar feadh téarma nach faide ná bliain agus fiche) cuid den teaghais a choimeád agus a úsáid le haghaidh aon ghnó, ceirde nó gairme agus lena aghaidh sin amháin agus go ndéanfaidh sé an chuid eile di a fholigean ionas go dtiocfaidh sí chun bheith ina teaghais rialaithe, féadfaidh tiarna talún an tionónta tráth ar bith le linn an fhothionóntacht a bheith ar marthain, trí fhógra trí mhí ar a laghad a sheirbheálfar ar an tionónta agus a rachaidh in éag aon lá gála, tionóntacht an tionónta a fhoirceannadh agus air sin—

(a) tiocfaidh an fothionónta chun bheith ina neastionónta, ar an gcuid a foligeadh chuige, don tiarna talún sin ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna, ach sin faoi réir an Achta seo, ar a raibh sí ar teachtadh aige roimhe sin ón tionónta, agus

(b) chun críocha an Achta um Thiarnaí Tí agus Tionóntaithe, 1931, measfar gur sa chuid sin den teaghais, agus sa chuid sin de amháin, a choimeád sé agus a d'úsáid sé le haghaidh aon ghnó, ceirde nó gairme agus lena aghaidh sin amháin a theachtaigh sé tionóntacht i gcónaí agus déanfar na tagairtí d'fhógra fágála in ailt 19 agus 24 den Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí don fhógra faoin bhfo-alt seo.

Rialacháin.

48. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i dtaobh aon ní nó gach ní acu seo a leanas:

(a) tiarnaí talún ar áitribh rialaithe nó ar aon aicme teaghaisí rialaithe do sholáthar cíos-leabhar i bhfoirm a bheidh forordaithe sna rialacháin do thionóntaithe na dteaghaisí sin;

(b) coimeád na gcíos-leabhar sin;

(c) sonraí áirithe a thaifeadadh sna cíos-leabhair sin;

(d) aon nithe eile maidir le húsáid na gcíos-leabhar sin ar cuí leis an Aire foráil a dhéanamh ina leith;

(e) aon ní nó rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe;

(f) cláir a thiomsú de chíosanna teaghaisí rialaithe nó aon aicmí teaghaisí den sórt sin, agus iad i cibé foirm agus cibé sonraí iontu a bheidh forordaithe sna rialacháin, iniúchadh na gclár sin ag daoine den phobal agus cibé nithe eile maidir leo ar cuí leis an Aire foráil a dhéanamh ina dtaobh;

(g) tiarnaí talún do sholáthar uimhreacha aitheantais do chodanna (ar teaghaisí rialaithe iad) d'aon tithe nó aicmí tithe.

(2) Gach duine a mhainneoidh aon rialachán a chomhlíonadh a dhéanfar faoi fho-alt (1) (seachas mír (e)) den alt seo agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) (a) Ar thiarna talún teaghaise rialaithe dá iarraidh sin, féadfaidh an Chúirt, le hordú, an tiarna talún a dhíolmhadh ó chomhlíonadh rialachán a rinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le cíos-leabhair.

(b) Ní dhéanfar ordú faoin bhfo-alt seo mura deimhin leis an gCúirt—

(i) go bhfuil socrú sásúil eile déanta ag an iarratasóir chun taifid a choinneáil d'íocaíochtaí cíosa ag a thionóntaí agus chun admháil chuí a thabhairt in aghaidh gach íocaíocht den sórt sin, agus

(ii) go mbeadh sé mí-réasúnach, ag féachaint don socrú sin agus do chúrsaí an cháis, a cheangal ar an iarratasóir na rialacháin a chomhlíonadh.

(c) Féadfaidh an Chúirt cibé coinníollacha is oiriúnach léi a fhorchur a chur ag gabháil le hordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear, go sonrach, coinníoll go dtabharfaidh an t-iarratasóir do gach tionónta teaghaise rialaithe, a mbeidh sé ina thiarna talún uirthi ó am go ham, cibé sonraí i dtaobh an chíosa is iníoctha ag an tionónta agus i dtaobh cearta agus oibleagáidí tiarnaí talún agus tionóntaithe faoin Acht seo, is gá de réir na rialachán a shonrú i gcíos-leabhair.

(d) Aon duine a mhainneoidh aon choinníoll a chomhlíonadh a bheidh ag gabháil le hordú faoin bhfo-alt seo maidir leis beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(4) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (1) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cumhachtaí na Cúirte i gcoitinne.

49. —(1) Más gá, chun luacháil inrátaithe teaghaise a chinneadh a líomhantar gur teaghais rialaithe í, cionroinnt a dhéanamh ar luacháil inrátaithe na maoine ina bhfuil an teaghais (cionroinnt nach mbeidh déanta cheana féin faoi alt 41 den Acht seo), féadfaidh an Chúirt, ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin, cibé cionroinnt a dhéanamh is cuí léi.

(2) I gcás ina mbeidh nó ina riabh teaghais arna ligean ar an dáta arb ina leith a bheidh an cíos bunúsach le socrú, is cíos a fholóidh nó a d'fholaigh íocaíocht i leith cothú, freastal nó úsáid troscáin, nó i leith teas, uisce te, breosla, leictreachas nó aon earra eile a sholáthar don teaghais, nó i leith aon seirbhís a dhéanamh i ndáil leis an teaghais, féadfaidh an Chúirt, chun aon chríche de chríocha an Achta seo, cibé cionroinnt a dhéanamh is cuí léi.

(3) Ar chaingean a éisteacht chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe nó chun aon chíos a aisghabháil a mbeidh tiarna talún á éileamh go bhfuil sé dlite nó aon suim a aisghabháil a mbeidh tionónta á éileamh go bhfuil sí inaisghafa i leith teaghaise rialaithe, féadfaidh an Chúirt, ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin ag an éisteacht sin, aon ní a chinneadh a éireoidh faoin Acht seo agus is dóigh leis an gCúirt a d'fhéadfaí a chinneadh go caothúil ag an éisteacht sin.

(4) Más deimhin leis an gCúirt gurb é faoi deara aon earráid nó easpa i bhfógra a seirbheáladh faoi alt 13 den Acht seo an páirtí a sheirbheáil é do dhéanamh dearmaid bona fide, beidh de chumhacht aici an fógra a leasú trí aon earráidí ann a cheartú agus aon easpaí ann a shlánú, cibé acu d'fhágfadh nó nach bhfágfadh na hearráidí nó na heaspaí sin, dá mba nach gceartófaí nó nach slánófaí iad, an fógra a bheith neamhbhailí, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gCúirt agus, má ordaíonn an Chúirt amhlaidh, beidh éifeacht agus measfar éifeacht a bheith riamh mar fhógra bailí faoin alt sin 13 ag an bhfógra arna leasú amhlaidh.

(5) I dteannta na gcumhachtaí a thugtar go sonrach don Chúirt leis an Acht seo féadfaidh an Chúirt déileáil le haon ní a éireoidh faoin Acht seo, cibé acu d'éirigh díospóid i dtaobh an ní sin nó nár éirigh.

Dlínse na Cúirte a fheidhmiú.

50. —Féadfar an dlínse agus na cumhachtaí a thugtar don Chúirt leis an Acht seo a fheidhmiú—

(a) ag an gCúirt Chuarda, nó,—

(b) i gcás—

(i) nach mó ná £10 luacháil inrátaithe na teaghaise iomchuí, nó

(ii) go bhfuil ordú chun seilbh na teaghaise iomchuí a aisghabháil á lorg, agus gurb é cíos na teaghaise cíos nach mó ná suim is comhionann nó d'fhéadfadh a bheith comhionann le £53 sa bhliain, nó

(iii) go dtoilíonn na páirtithe i scríbhinn leis an bhfeidhmiú sin,

ag an Cúirt Dúiche.

Leanúint d'imeachtaí a bheidh ar feitheamh.

51. —(1) Más rud é, díreach roimh an dáta feidhme, go raibh imeachtaí ar feitheamh chun cíos bunúsach (de réir bhrí Acht 1946) aon teaghaise a chinneadh, leanfar de na himeachtaí agus áireofar iad amhail is dá mba imeachtaí iad faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) (de réir mar is iomchuí) d'alt 8 den Acht seo.

(2) (a) Más rud é, díreach roimh an dáta feidhme, go mbeidh iarratas a rinneadh faoi alt 28 d'Acht 1946 gan déileáil leis faoi alt 29 den Acht sin, áireofar an t-iarratas chun críocha an Achta seo mar iarratas faoi alt 20 den Acht seo agus, má rinneadh an t-iarratas a tharchur chun an Bhreithimh Dúiche iomchuí de bhun fho-alt (2) d'alt 28 d'Acht 1946, measfar chun críocha an Achta seo gur de bhun fho-alt (2) d'alt 20 den Acht seo a tarchuireadh chun an Bhreithimh sin é.

(b) I gcás ordú sealadach a rinneadh ar dháta áirithe faoi alt 29 d'Acht 1946 a bheith i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, áireofar an t-ordú chun críocha an Achta seo mar ordú sealadach a rinneadh an dáta sin faoi fhomhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 21 den Acht seo, faoi réir na modhnuithe go ndéanfar, maidir leis an ordú, na tagairtí do mhí i bhfo-alt (1) d'alt 23 agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 den Acht seo a fhorléiriú mar thagairtí do thrí mhí agus, san ordú—

(i) go gcuirfear, in ionad an mhéid a shonraítear ansin mar chíos bunúsach na teaghaise a bheidh i gceist, méid is comhionann leis an gcíos dleathach a shonraítear amhlaidh lúide aon mhéid a shonraítear amhlaidh i leith rátaí, agus

(ii) go gcuirfear, in ionad an mhéid a shonraítear amhlaidh i leith breisithe dleathacha, méid is comhionann le haon suim a shonraítear amhlaidh i leith rátaí,

agus, má seirbheáladh cóip den ordú de bhun fho-alt (1) d'alt 30 d'Acht 1946 ar dháta áirithe roimh an dáta feidhme, measfar chun críocha an Achta seo go ndearnadh cóip de a sheirbheáil de bhun fho-alt (1) d'alt 22 den Acht seo ar an dáta sin.

(3) Más rud é, díreach roimh an dáta feidhme, go raibh aon imeachtaí, seachas imeachtaí dá dtagraítear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, ar feitheamh faoi Acht 1946, leanfar de na himeachtaí agus áireofar iad amhail is dá mba imeachtaí iad faoi na forálacha comhréire den Acht seo.

Tionóntaí reachtúla faoi Acht 1946.

52. —Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo maidir le haon duine a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, ina thionónta reachtúil (de réir bhrí Acht 1946) ar theaghais, go mbeidh sé i dteideal, faoi réir an Achta seo, seilbh a choimeád ar an teaghais.

Rialacha maidir le nós imeachta.

1923, Uimh. 19 .

53. —(1) Go dtí go ndéanfar rialacha ag rialú cleachtais agus nós imeachta na Cúirte Cuarda chun críocha an Achta seo, beidh ag na rialacha a rialaíonn cleachtas agus nós imeachta na Cúirte Cuarda chun críocha Acht 1946 feidhm chun críocha an Achta seo fara na modhnuithe is gá.

(2) Go dtí go ndéanfar rialacha ag rialú cleachtais agus nós imeachta na Cúirte Dúiche chun críocha an Achta seo, beidh ag na rialacha a rinneadh faoi alt 19 den Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 , a mhéid a bhaineann siad leis an gCúirt Dúiche, agus ag na Rialacha Cúirte Dúiche (Uimh. 1), 1947, feidhm chun críocha an Achta seo fara na modhnuithe is gá.

Feidhm a bheith ag an Acht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 , i gcás áitreabh áirithe.

1931, Uimh. 55 .

54. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le háitreabh arbh éard é, díreach roimh an dáta feidhme—

(a) áitreabh rialaithe de réir bhrí Acht 1946 agus áitreabh gnó de réir bhrí an Achta sin, agus

(b) áitreabh nárbh éard a ligean—

(i) ligean a rinneadh agus a dúradh a bheith arna dhéanamh chun áise sealadaí an tiarna talún nó an tionónta agus (más tar éis an 22ú lá de Nollaig, 1931, a rinneadh é) inar insíodh cineál na háise sealadaí sin, nó

(ii) ligean a rinneadh i leith an tionónta leanúint air de bheith, nó ag brath ar an tionónta leanúint air de bheith, in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán.

(2) Beidh feidhm ag an Acht um thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 , maidir le gach áitreabh lena mbaineann an t-alt seo agus chuige sin—

(i) folóidh “tionóntachán” san Acht sin gach áitreabh den sórt sin,

(ii) folóidh “gnó” san Acht sin gach ceird, gairm agus gnó, cibé acu le haghaidh gnóchain nó luaíochta, a sheoltar é, agus freisin an tseirbhís phoiblí,

(iii) beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 19 den Acht sin amhail is dá gcuirtí an focal agus an mhír seo a leanas leis:

“nó

(e) gur áitreabh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'alt 54 den Acht Srianta Cíosa, 1960 , an tionóntachán sin.”,

(iv) in aon chás ina bhfeidhmeofar mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht seo maidir le haon áitreabh den sórt sin, forléireofar an tagairt do mhí sa mhír sin mar thagairt do shé mhí,

(v) i gcás aon áitreabh den sórt sin a bheith, díreach roimh an dáta feidhme, ar teachtadh faoi thionóntacht reachtúil de réir bhrí Acht 1946, ansin, ar an dáta sin agus dá éis, measfar an t-áitreabh a bheith ar teachtadh ag an tionónta faoin tionóntacht sin ón tiarna talún faoi thionóntacht a mbeidh ag gabháil léi na téarmaí agus na coinníollacha céanna a ghabh leis an tionóntacht reachtúil ach amháin go bhféadfaidh an tiarna talún, trí fhógra trí mhí ar a laghad a sheirbheálfar ar an tionónta agus a rachaidh in éag aon lá gála, an tionóntacht a fhoirceannadh,

(vi) aon fhógra faoin mír sin roimhe seo measfar, chun críocha mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht sin gur fógra fágála é.