An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear.)

42 1960

AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960

AN DARA SCEIDEAL.

An Scála chun Suimeanna Áirithe a Ríomh.

Alt 10.

Méid de bhreis ar dhá thrian den chíos bunúsach a caitheadh i dtréimhse dhá bhliain

Breis dleathach

Suim nach mó ná £100     ...     ...     ...

Suim is comhionann le 15% sa bhliain den bhreis.

Suim is mó ná £100 ach nach mó ná £200     ...     ...     ...     ...     ...

Suim is comhionann le—

15% sa bhliain ar an gcéad £100 den bhreis, agus

8% sa bhliain ar an gcuid eile.

Suim is mó ná £200     ...     ...     ...

Suim is comhionann le—

15% sa bhliain ar an gcéad £100 den bhreis, agus

8% sa bhliain ar an dara £100, agus

6% sa bhliain ar an gcuid eile.