4 1961


Uimhir 4 de 1961.


AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR (COINNEÁIL I bhFORAIS CHEADAITHE), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE DAOINE ÁIRITHE A CHOINNÍTEAR I bhFORAIS CHEADAITHE. [9 Márta, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Forálacha maidir le daoine áirithe a choinnítear i bhforais cheadaithe.

1945, Uimh. 19 .

1. —I gcás—

(a) ina ndearnadh, roimh dháta an Achta seo a rith, iarratas de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 189 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , ar thréimhse choinneála dhuine i bhforas ceadaithe a fhadú, agus

(b) an duine sin a bheith, ar feadh tréimhse dar tosach lá níos giorra ná sé mhí roimh dháta an Achta seo a rith, agus dar críoch an dáta sin, ar coinneáil san fhoras ceadaithe d'ainneoin nach ndearnadh aon ordú de bhun mhír (b) den fho-alt sin ag fadú na tréimhse coinneála tréimhse eile lena n-áirítear an tréimhse sin dar tosach an lá sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) féadfar an duine a choinneáil go dtí deireadh na tréimhse sé mhí dar tosach an lá sin ionann is dá mbeadh ordú chuige sin déanta go cuí faoin mír sin (b),

(ii) chun críocha sraith orduithe a dhéanamh faoin mír sin (b) maidir leis an duine, measfar gur ordú a rinneadh go cuí mar a dúradh ag fadú na tréimhse coinneála an tréimhse sé mhí sin an t-alt seo, agus

(iii) ní bheidh aon damáistí inghnóthaithe ag an duine ná thar a cheann amháin i leith a choinneála i gcaitheamh na tréimhse sin dar críoch dáta an Achta seo a rith.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar (Coinneáil i bhForais Cheadaithe), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1958, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1961, a ghairm díobh le chéile.