An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Institiúid agus a Feidhmeanna do Leanúint de bheith ar Marthain.) Ar Aghaidh (CUID IV. Taighde Eolaíochta.)

20 1961

AN tACHT TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN, 1961

CUID III.

Bunú agus Feidhmeanna Bhord na hInstitiúide.

Bord na hInstitiúide.

7. —Beidh Bord ann, ar a dtabharfar Bord na hInstitiúide Taighde Tionscail agus Caighdeán (dá ngairtear an Bord san Acht seo) chun rialú ginearálta na hInstitiúide a dhéanamh agus a cúrsaí a riaradh.

Comhaltas an Bhoird.

8. —(1) Naonúr comhaltaí ar a mhéid a bheidh ar an mBord agus beidh duine acu ina chathaoirleach agus gnáthchomhaltaí a bheidh sna comhaltaí eile.

(2) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí uile an Bhoird, agus ainmneoidh an tAire comhalta den Bhord chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord.

(3) Gach duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta den Bhord roghnóidh an tAire é i gcóir an cheapacháin sin de thairbhe a earmaisí taighde eolaíochta i ndáil le tionscal nó é bheith ionadach don tionscal nó do dhaoine ar fostú i dtionscal nó go bhfuil ar a chumas cabhair mhór phraiticiúil a thabhairt le `hobair na hInstitiúide.

(4) Ceapfar comhaltaí an chéad Bhoird a luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an Achta seo.

(5) Ceapfar comhaltaí an dara Bord an cúigiú bliain díreach tar éis comhaltaí an chéad Bhoird a cheapadh agus ceapfar comhaltaí gach Bord dá éis sin gach cúigiú bliain.

(6) Rachaidh comhaltaí uile an Bhoird as oifig ar an gcéad cheapachán cúighbhliantúil eile de chomhaltaí ach beidh siad inathcheaptha.

Téarmaí agus luach saothair chomhaltaí an Bhoird.

9. —(1) Sealbhóidh gach comhalta den Bhord oifig ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire.

(2) Déanfar cibé luach saothair agus costais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a íoc le gach comhalta den Bhord as airgead a bheidh faoina réir ag an Institiúid.

Comhalta den Bhord d'éirí as.

10. —(1) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a chomhaltas trí litir chuig an Aire ag tairiscint éirí as.

(2) Beidh éifeacht ag éirí as comhalta amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir i dtaobh an éirí as.

Comhalta den Bhord a chur as oifig.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn chun aon chomhalta den Bhord, an comhalta sin a chur as oifig mar gheall ar fháthanna a luafar san fhógra agus is leor i dtuairim an Aire.

(2) Beidh éifeacht ag cur as oifig aon chomhalta den Bhord faoin alt seo amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighidh an comhalta sin an fógra i dtaobh an tAire á chur as oifig nó ar aon dáta is déanaí ná sin a shonróidh an tAire san fhógra sin.

Corrfholúntais.

12. —Féadfaidh an tAire corrfholúntais i gcomhaltas an Bhoird a líonadh trí cheapachán.

Comhaltaí, oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

13. —(1) Má thagann oifigeach don Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ansin, ar é a theacht faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin chun teideal a bheith aige suí ann, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Aon duine a bheidh i dteideal de thuras na huaire faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

(3) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin mBord a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear tréimhse na hiasachta san alt seo) dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch dáta a scortha de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé den fhostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an Bord an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh teideal aige go bhfaigheadh sé ón mBord, aon tuarastal ná pá, de réir mar a bheidh, in aghaidh tréimhse na hiasachta,

(c) má bhíonn scéim de bhun alt 35 den Acht seo i bhfeidhm agus go mbunaítear leis an scéim ciste lena n-íocfaidh an Bord agus an duine ranníocaí—

(i) measfar, chun críocha na scéime sin, gur seirbhís de chuid an duine sin is ináirithe le haghaidh sochar aoisliúntais faoin scéim í tréimhse na hiasachta más rud é agus amháin más rud é—

(I) go raibh sé i mbuan-fhostaíocht an Bhoird agus ina ranníocóir faoin scéim díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta,

(II) go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don Bhord laistigh de thrí mhí tar éis dáta tosaigh tréimhse na hiasachta, ranníocaí a íoc faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta de réir fhorálacha an ailt seo, agus

(III) go n-íocfaidh sé, cibé tráthanna agus i cibé slí a shonrófar de réir na scéime, ranníocaí faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta ar comhionann a méid agus comhshuim na ranníocaí a bheadh íoctha aige féin agus na ranníocaí a bheadh íoctha ag an mBord in aghaidh tréimhse na hiasachta, dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís an Bhoird ar feadh tréimhse na hiasachta agus go mbeidh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin,

(ii) ní íocfaidh an Bord aon ranníocaí faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta, ach measfar, chun críocha na scéime, an chuid sin de na ranníocaí a bheith íoctha ag an mBord is iníoctha ag an duine sin mar a dúradh agus is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha ag an mBord faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís an Bhoird ar feadh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin,

(iii) má fhoirceanntar tréimhse na hiasachta trí é d'éag nó trí é do scor den fhostaíocht sin, measfar, chun críocha na scéime, gur éag sé nó gur scoir sé de bheith i seirbhís an Bhoird, de réir mar bheidh, agus go raibh luach saothair á fháil aige ón mBord díreach roimh éag nó scor dó amhlaidh, de réir mar bheidh,

(iv) mura n-íocfaidh sé ranníocaí mar a dúradh, nó más rud é, tar éis dó ranníocaí a íoc faoin scéim de réir fhorálacha an fho-ailt seo, go scoirfidh sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh, measfar, chun críocha na scéime, gur éirigh sé as an bhfostaíocht sin—

(I) i gcás é do scor de ranníocaí a íoc mar a dúradh, ar dháta na híocaíochta deiridh, agus

(II) in aon chás eile, díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta.

(4) I gcás duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord a theacht chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952—

(a) ní bheidh teideal aige tréimhse iomlán a sheirbhíse inphinsin ná aon chuid di, de réir bhrí na nAchtanna sin, a ríomh i leith aon sochar aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh de bhun alt 35 den Acht seo,

(b) má bhíonn aon ranníocaí íoctha aige de réir fhorálacha fho-alt (3) den alt seo in aghaidh na tréimhse sin, déanfar an oiread díobh agus is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha aige faoin scéim in aghaidh na tréimhse sin dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoi fho-alt (3) den alt seo, i seirbhís an Bhoird i gcaitheamh na tréimhse sin agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin a thabhairt ar ais dó má dhéantar agus nuair a dhéanfar sochar a íoc leis nó ranníocaí eile a thabhairt ar ais dó faoin scéim.

(5) Aon tagairt i bhfo-alt (3) nó i bhfo-alt (4) den alt seo do luach saothair a bheith á fháil ag aon duine ón mBord measfar gur tagairt í do luach saothair a bheith á fháil ag an duine sin ón mBord de réir an ráta a raibh luach saothair á fháil aige ón mBord lá deiridh a fhostaíochta lánaimsire faoin mBord roimh dhul ar iasacht faoi fho-alt (3) den alt seo.

(6) Duine ag a mbeidh de thuras na huaire teideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

Leasa nochtadh.

14. —Nochtfaidh comhalta den Bhord don Bhord aon leas airgid nó eile atá aige in aon ghnólacht lena mbeartóidh an Bord aon chonradh a dhéanamh.

Cruinnithe an Bhoird.

15. —Beidh ag an mBord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá i dtuairim an Bhoird chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

Nós imeachta.

16. —(1) Ag cruinniú den Bhord is é cathaoirleach an Bhoird, nuair a bheidh sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(2) Nuair a bheidh cathaoirleach an Bhoird as láthair ó chruinniú den Bhord, nó, má bhíonn oifig chathaoirleach an Bhoird folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag cathaoirleach an chruinnithe.

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais ina chomhaltas.

(5) Féadfaidh an Bord ó am go ham an córam a shocrú dá chuid cruinnithe ach, más rud é aon uair nach mbeidh córam ar bith socraithe amhlaidh, triúr an córam a bheidh ann do chruinnithe an Bhoird.

(6) Faoi réir na méide sin roimhe seo, féadfaidh an Bord, trí Bhuan-Orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a ghnó féin agus nós imeachta agus gnó aon choiste a cheapfaidh an Bord a rialú.

Cosití an Bhoird.

17. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham cibé coistí is oiriúnach leis a cheapadh chun cabhair agus comhairle a thabhairt don Bhord maidir le haon cheann dá fheidhmeanna.

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith ar choiste a cheapfar faoin alt seo.

(3) Féadfaidh an Bord aon chomhalta de choiste a cheapfar faoin alt seo a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste sin.

(4) Íocfar le comhaltaí aon choiste den sórt sin, as airgead a bheidh faoina réir ag an Institiúid—

(a) cibé luach saothair i leith a seirbhísí a chinnfidh an Bord le toiliú an Aire, agus

(b) cibé suimeanna i leith liúntais taistil agus cothabhála a chinnfidh an Bord.

(5) Féadfaidh an Bord aon tráth comhaltas gach comhalta nó aon chomhalta de choiste den sórt sin a fhoirceannadh.