An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Taighde Eolaíochta.) Ar Aghaidh (CUID VI Riaradh na hInstitiúide.)

20 1961

AN tACHT TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN, 1961

CUID V

Sonraíochtaí Caighdeánacha agus Marcanna Caighdeánacha.

Sonraíochtaí caighdeánacha.

20. —(1) Déanfaidh an Institiúid sonraíochtaí a fhoirmliú don Aire do cibé earraí, próiseanna agus cleachtais a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

(2) Nuair a bheidh sonraíochtaí á bhfoirmliú ag an Institiúid faoi fho-alt (1) den alt seo, comhlíonfaidh sí ordacháin an Aire.

(3) Ar shonraíocht a bheith foirmlithe aici, féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire, a dhearbhú gur sonraíocht chaighdeánach í don earra, don phróis nó don chleachtas lena mbainfidh sí.

(4) I gcás ina n-údaraítear, faoi aon achtachán eile, d'aon Aire Stáit sonraíocht nó caighdeán cáilíochta a ordú d'aon earra, próis nó cleachtas, nó ceadúnais a eisiúint chun aon earra a dhíol nó a fhógairt, ní thoileoidh an tAire leis an dearbhú ar shonraíocht chaighdeánach i leith an chéanna ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin.

(5) Féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire, sonraíocht chaighdeánach a chúlghairm nó a leasú.

(6) Na sonraíochtaí a dearbhaíodh le horduithe a rinneadh faoi alt 20 d'Acht 1946 nó faoi alt 2 d'Acht 1954 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo measfar gur faoin alt seo a dearbhaíodh iad.

Fógra faoi shonraíocht chaighdeánach a fhoilsiú.

21. —A luaithe is féidir tar éis sonraíocht chaighdeánach a dhearbhú tabharfaidh an Institiúid go bhfoilseofar fógra fúithi san Iris Oifigiúil agus i cibé slí eile a ordóidh an tAire agus foilseoidh sí, agus cuirfidh sí ar díol, cóipeanna den tsonraíocht chaighdeánach.

Fianaise faoi shonraíocht chaighdeánach.

1925, Uimh. 24 .

22. —(1) Féadfar fianaise prima facie faoi shonraíocht chaighdeánach a thabhairt trí chóip di a thabhairt ar aird a airbheartóidh a bheith arna foilsiú le húdarás na hInstitiúide.

(2) Bainfidh alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , le doiciméid a airbheartaíonn gur sonraíochtaí caighdeánacha iad a chlóbhualadh a fhoilsiú agus a thairiscint i bhfianaise amhail mar bhaineann sé leis na doiciméid oifigiúla dá dtagraítear san alt sin ach tagairtí don Institiúid a chur in ionad tagairtí d'Oifig an tSoláthair.

Uiríoll bréagach maidir le sonraíochtaí caighdeánacha.

1887, c. 28.

23. —(1) Gach duine a dhéanfaidh aon uiríoll, a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha, gur de shonraíocht chaighdeánach aon earra, próis nó cleachtas, beidh sé, mura gcruthóidh sé gur gan intinn calaois a dhéanamh a ghníomhaigh sé, ciontach i gcion.

(2) San alt seo ciallaíonn an focal “uiríoll”, maidir le hearra, próis nó cleachtas, aon uiríoll, díreach nó neamhdhíreach, ó bhéal nó trí iompar nó i scríbhinn, agus, más i scríbhinn é, folaíonn sé uiríoll in aon fhógrán, catalóg, ceann bille nó doiciméad eile a bhainfidh leis an earra, an phróis nó an cleachtas nó a chuirfear i gcéill trí aon mharc nó teideal trádála a úsáid.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a theorainníonn oibriú mhír (d) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Merchandise Marks Act, 1887.

Marcanna caighdeánacha.

24. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú marc caighdeánach nó marcanna caighdeánacha a ordú le húsáid, de réir an Achta seo, i ndáil le hearraí, próiseanna agus cleachtais i gcoitinne nó le haon saghas nó cineál earra, próise nó cleachtais chun a chur in iúl go bhfuil sin de réir sonraíochta caighdeánaí.

(2) Na marcanna a ordaíodh faoi alt 22 d'Acht 1946 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo measfar iad a bheith arna n-ordú le horduithe faoin alt seo agus féadfar iad a chúlghairm le horduithe faoin alt seo.

(3) Beidh na focail “Caighdeán Éireannach”, nó na hinisileacha “C.É.” i marc caighdeánach agus féadfaidh na focail “Irish Standard” nó na hinisileacha “I.S.” nó aon mharc eile a bheith ann.

(4) Féadfaidh an tAire ordú a rinne sé faoin alt seo a chúlghairm.

(5) Má bhíonn ordú i bhfeidhm de thuras na huaire ag ordú marc caighdeánach le húsáid i ndáil le hearra, próis nó cleachtas a bheidh de réir sonraíochta caighdeánaí áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) is é an tAire a bheidh ina dhílseánach ar an marc caighdeánach;

(b) chun críocha na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, is marc trádála a bheidh sa mharc caighdeánach.

Ceadúnas a dheonú chun marc caighdeánach a úsáid.

25. —(1) Féadfaidh an Institiúid ceadúnas a dheonú do dhuine chun marc caighdeánach a úsáid, faoi réir cibé coinníollacha a luafar sa cheadúnas, i ndáil le haon earra, próis nó cleachtas a mbeidh sonraíocht chaighdeánach ann dó.

(2) Beidh ar na coinníollacha a luafar i gceadúnas a dheonófar faoin alt seo coinníollacha nach n-úsáidfear an marc caighdeánach d'aon earra, próis nó cleachtas ach amháin—

(a) in éineacht leis an tsraith-uimhir a bheidh sannta ag an Institiúid don tsonraíocht chaighdeánach le haghaidh an earra, na próise nó an cleachtais sin, agus

(b) i ndáil le hearra, próis nó cleachtas a bheidh de réir na sonraíochta caighdeánaí sin.

(3) I gcás inar léir don Institiúid—

(a) nach gcomhlíontar an coinníoll a luaitear i bhfomhír (a) nó an coinníoll a luaitear i bhfomhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, nó

(b) in aon chás eile ina bhfeictear don Institiúid gur cuí é a dhéanamh,

féadfaidh an Institiúid ceadúnas a deonaíodh faoin alt seo a chúlghairm.

(4) I gcás ina gcúlghairfear ceadúnas faoi fho-alt (3) den alt seo cuirfidh an Institiúid in iúl don cheadúnaí go ndearnadh an chúlghairm agus an chúis a bhí leis an gcúlghairm sin.

(5) Ní dhéanfaidh an Institiúid, gan toiliú an Aire, ceadúnas a dheonú faoin alt seo do dhuine daonna nach gcónaíonn go rialta in Éirinn ná do dhuine dlíthiúil nach bhfuil buan-bhunachas aige in Éirinn.

(6) I gcás ina dtoileoidh an tAire, le comhthoiliú Aire Stáit eile, leis an dearbhú ar shonraíocht chaighdeánach i leith aon earra, próise nó cleachtais, ní fhéadfaidh an Institiúid ceadúnas a dheonú faoin alt seo chun marc caighdeánach a úsáid i ndáil leis an earra, leis an bpróis nó leis an gcleachtas sin ach amháin le toiliú an Aire i gcomhaontú leis an Aire Stáit eile sin.

(7) I gcás nach mbeadh sé praiticiúil marc caighdeánach a úsáid ar earra ná ar a ghabhadán, féadfaidh ceadúnas chun an marc caighdeánach sin a úsáid a údarú an marc a úsáid ar stáiseanóireacht ghnó nó i bhfógráin ar choinníollacha a choiscfeadh míthuiscintí maidir leis an earra lena mbainfidh an marc.

(8) Ní mheasfar gur tuairisc thrádála bhréagach ar earraí chun críocha na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, marc caighdeánach a úsáid i ndáil le hearra, próis nó cleachtas nach bhfuil de réir na sonraíochta caighdeánaí a bhaineann leis an earra, leis an bpróis nó leis an gcleachtas sin.

(9) Aon cheadúnas a deonaíodh d'aon duine faoi alt 22 d'Acht 1946 agus nár cúlghaireadh roimh thosach feidhme an Achta seo measfar chun críocha an Achta seo gur ceadúnas é a deonaíodh faoin alt seo.

Marcanna caighdeánacha a úsáid go mídhleathach.

26. —(1) Gach duine—

(a) a úsáidfidh marc caighdeánach gan ceadúnas a deonaíodh dó faoin Acht seo aige chun sin a dhéanamh, nó

(b) a dhéanfaidh aon uiríoll nó a úsáidfidh aon mharc i ndáil le haon earra, próis nó cleachtas a thabharfaidh le tuiscint nó ar dóigh dó a thabhairt le tuiscint duine nach bhfuil ceadúnaithe chun marc caighdeánach a úsáid i ndáil leis an earra, an phróis nó an cleachtas sin a bheith ceadúnaithe amhlaidh nó a bheith i dteideal marc caighdeánach a úsáid,

beidh sé ciontach i gcion mura gcruthóidh sé gur gan intinn calaois a dhéanamh a ghníomhaigh sé.

(2) Tá leis an bhfocal “uiríoll” i bhfo-alt (1) den alt seo an bhrí atá leis in alt 23 den Acht seo.

Marcanna caighdeánacha a chlárú lasmuigh den Stát.

27. —Féadfaidh an tAire a thabhairt go ndéanfar marc caighdeánach a chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád in aon áit lasmuigh den Stát, agus féadfaidh a thabhairt go dtaifeadfar é féin sa chlár mar dhílseánach an mharc chaighdeánaigh.

Cláir.

28. —(1) Coimeádfaidh an Institiúid—

(a) clár de shonraíochtaí caighdeánacha (dá ngairfear an Clár de Shonraíochtaí Caighdeánacha),

(b) clár de mharcanna caighdeánacha (dá ngairfear an Clár de Mharcanna Caighdeánacha), agus

(c) clár de cheadúnais faoi alt 25 den Acht seo (dá ngairfear Clár Ceadúnaithe na hInstitiúide Taighde Tionscail agus Caighdeán).

(2) Beidh gach clár acu ar fáil chun a iniúchta ag aon duine, gach tráth réasúnach, ar tháille scillinge a íoc,

(3) Beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil na hInstitiúide i dtaobh lánas cláir nó i dtaobh aon taifead ann ina fhianaise prima facie ar na nithe a bheidh deimhnithe amhlaidh.

(4) Tabharfaidh an Institiúid d'aon duine, ar tháille scillinge a íoc in aghaidh gach taifid, deimhniú mar a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo.

Srian le clárú faoin Registration of Business Names Act, 1916.

1916, c. 58.

29. —(1) Ní dhéanfar, tar éis tosach feidhme an Achta seo, duine a chlárú faoin Registration of Business Names Act, 1916, faoi ainm ina mbeidh, nó arb é a bheidh inti, an focal “Caighdeán”, nó an focal “Standard”, nó na hinisileacha “C.É.” nó “I.S.” ná faoi ainm a bheidh chomh cosúil sin le haon fhocal nó inisileacha acu sin gur dócha meabhlú a theacht de.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le clárú duine faoi ainm cosúil leis an ainm faoina raibh aon réamhtheachtaí i ngnó an duine sin cláraithe, díreach roimh thosach feidhme Acht 1946, faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, nó faoin Registration of Business Names Act, 1916.

Srian le clárú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959.

30. —(1) Ní dhéanfar, tar éis tosach feidhme an Achta seo, cuideachta a chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, faoi ainm ina mbeidh, nó arb é a bheidh inti, an focal “Caighdeán” nó an focal “Standard”, nó na hinisileacha “C.É.” nó “I.S.” ná faoi ainm a bheidh chomh cosúil sin le haon fhocal nó inisileacha acu sin gur dócha meabhlú a theacht de.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le clárú cuideachta faoi ainm cosúil leis an ainm faoina raibh aon réamhtheachtaí i ngnó na cuideachta sin cláraithe, díreach roimh thosach feidhme Acht 1946, faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, nó faoin Registration of Business Names Act, 1916.

Srian le clárú faoi na hAchtanna Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1958.

31. —Ní dhéanfar, tar éis tosach feidhme an Achta seo, aon mharc ná dearadh trádála a chlárú faoi na hAchtanna Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1958, a mbeidh ann, nó arb é a bheidh ann, an focal “Caighdeán” nó an focal “Standard” nó na hinisileacha “C.É.” nó “I.S.” nó má bhíonn sé chomh cosúil sin leis an bhfocal nó na hinisileacha sin nó le haon mharc caighdeánach gur dócha meabhlú a theacht de.