An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Sonraíochtaí Caighdeánacha agus Marcanna Caighdeánacha.) Ar Aghaidh (CUID VII Ilghnéitheach.)

20 1961

AN tACHT TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN, 1961

CUID VI

Riaradh na hInstitiúide.

Séala na hInstitiúide.

32. —(1) Is ar ordú an Bhoird amháin a dhéanfar séala na hInstitiúide a ghreamú d'aon doiciméad agus déanfar greamú an tséala a fhianú trí shíniú chomhalta den Bhord.

(2) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na hInstitiúide, agus gach doiciméad a airbheartóidh a bheith séalaithe le séala na hInstitiúide agus a bheith fianaithe de réir an ailt seo glacfar, mura gcruthófar a mhalairt, i bhfianaise é gan a thuilleadh cruthúnais.

Oifigí agus áitribh.

33. —(1) Chun oifigí agus áitribh a chur ar fáil a bheidh ag teastáil chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an Institiúid—

(a) aon talamh a cheannach nó a thógáil ar léas, agus

(b) oifigí agus áitribh a thógáil, a ghléasadh agus a chothabháil.

(2) Féadfaidh an Institiúid aon talamh, oifigí nó áitribh a bheidh ar teachtadh aici agus nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh chun a feidhmeanna a chomhlíonadh a dhíol nó a chur ar léas.

Oifigigh agus seirbhísigh na hInstitiúide.

34. —(1) Ceapfaidh an Institiúid cibé daoine agus cibé méid daoine ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Institiúid, is cuí leis an Institiúid ó am go ham, ach, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní cheapfar aon duine faoin alt seo ina oifigeach don Institiúid mura mbeifear tar éis é a roghnú trí chomórtas poiblí.

(2) An ceanglas roghnaithe trí chomórtas poiblí a fhorchuireann fo-alt (1) den alt seo ní bheidh feidhm aige maidir le—

(a) oifig ar go ceann tréimhsí teoranta, tréimhse dhá bhliain ar a mhéid, a dhéantar ceapacháin chuici, nó

(b) ceapachán is ardú céime do dhuine is oifigeach cheana féin don Institiúid, seachas oifigeach atá i seilbh oifige lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo.

(3) Cinnfidh an Institiúid, ó am go ham, líon, gráid, luach saothair, sealbhaíocht oifige agus coinníollacha seirbhíse chomhaltaí fhoireann na hInstitiúide.

(4) D'ainneoin aon fhoráil eile san alt seo—

(a) féadfaidh an tAire dhá oifig ar a mhéid i seirbhís na hInstitiúide a ainmniú mar oifigí a bhfuil freagracht speisialta ag gabháil leo,

(b) ní cheapfar duine chun oifige a bheidh ainmnithe amhlaidh ach amháin le toiliú an Aire,

(c) déanfaidh an tAire luach saothair, sealbhaíocht oifige agus coinníollacha seirbhíse aon duine a cheapfar chun oifige a bheidh ainmnithe amhlaidh a chinneadh ó am go ham faoi réir cheadú an Aire Airgeadais.

(5) Ní cheapfar duine ar bith chun oifige ná poist i ngrád cléireachais ar fhoireann na hInstitiúide murab é tuairim an Bhoird go bhfuil eolas maith aige ar an nGaeilge, agus, nuair a bheidh aon cheapachán eile á dhéanamh chun na foirne sin, tabharfar tosaíocht do dhuine a mbeidh aige, i dtuairim an Bhoird, eolas maith ar an nGaeilge.

(6) Aon oifigeach nó seirbhíseach don Institiúid a ceapadh faoi alt 31 d'Acht 1946 measfar, chun críocha an Achta seo, gur faoin alt seo a ceapadh é agus beidh an luach saothair, an tsealbhaíocht oifige, na coinníollacha seirbhíse agus na c0earta aoisliúntais céanna aige a bhí aige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

Aoisliúntais.

35. —(1) Féadfaidh an Institiúid ó am go ham, agus déanfaidh sí ar an Aire á iarraidh sin, scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, do bhuan-fhoireann na hInstitiúide ar scor dóibh.

(2) Aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo is cead gurb é a bheidh inti, agus is é a bheidh inti má iarrann an tAire sin, scéim a bhunóidh ciste lena n-íocfaidh an Institiúid agus comhaltaí a buan-fhoirne ranníocaí.

(3) Má cheadaíonn an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo cuirfidh an Institiúid an scéim i ngníomh de réir a téarmaí.

(4) Féadfaidh an Institiúid tráth ar bith, le ceadú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim faoin alt seo a leasú.

(5) Aon scéim a ceadaíodh faoi alt 32 d'Acht 1946 measfar gur scéim í a ceadaíodh faoin alt seo agus féadfar í a leasú dá réir sin.

(6) Aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo, socróidh sí an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo faoin scéim ar scor dóibh, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(7) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire sin ar an díospóid sin.

(8) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Scoláireachtaí agus deontais do thaighde tionscail.

36. —(1) Féadfaidh an Institiúid, le ceadú an Aire, scoláireachtaí agus dámhachtana eile a chur ar fáil chun daoine a oiliúint i dtaighde tionscail.

(2) Féadfaidh an Institiúid cibé cúnamh airgeadais nó cúnamh eile is cuí léi a thabhairt do dhaoine a ghabhfaidh de láimh taighde a dhéanamh de chineál a údaraítear don Institiúid féin a ghabhail de láimh.

An Stát do mhaoiniú na hInstitiúide.

37. —(1) Gach bliain airgeadais, íocfar leis an Institiúid as airgead a sholáthróidh an tOireachtas cibé deontais faoi chomhair a caiteachais a chinnfidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(2) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid aon deontais den sórt sin a íocfar aon bhliain airgeadais áirithe, tabharfaidh an tAire aird chuí ar ioncam agus caiteachas na hInstitiúide agus chun na críche sin déanfaidh an Bord eolas i dtaobh an ioncaim agus an chaiteachais sin a thabhairt don Aire de réir mar is gá agus nuair is gá é.

Cumhacht chun táillí a éileamh.

38. —Beidh cumhacht ag an Institiúid táillí a éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú mar gheall ar thaighde, tástála, fiosruithe agus taifigh a ghabhfaidh an Institiúid de láimh thar ceann aon duine seachas an tAire.

Síntiúis ó ghnólachtaí tionscail agus ó chomhlachtaí eile.

39. —Féadfaidh an Institiúid síntiúis airgid a ghlacadh ó ghnólachtaí tionscail nó ó chomhlachtaí eile i gcomaoin na gnólachtaí sin nó na comhlachtaí eile sin d'úsáid cibé seirbhísí agus saoráidí de chuid na hInstitiúide a chinnfidh an Institiúid.

Cumhacht chun bronntanais a ghlacadh.

40. —(1) Féadfaidh an Institiúid bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh, ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an duine a thabharfaidh an bronntanas.

(2) Ní ghlacfaidh an Institiúid bronntanas ar bith má bhíonn na coinníollacha a chuirfidh an bronntóir ag gabháil le glacadh an bhronntanais ar neamhréir le feidhmeanna na hInstitiúide.

Airgeadas, cuntais agus iniúchadh.

41. —(1) Coimeádfaidh an Institiúid, i cibé foirmeacha a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an Institiúid, agus go sonrach, coimeádfaidh sí sna foirmeacha a dúradh gach cuntas speisialta a ndéanfaidh an tAire, uaidh féin nó ar an Aire Airgeadais á iarraidh, é a ordú ó am go ham.

(2) Déanfaidh an Institiúid, gach bliain, cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráth a ordóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar na cuntais sin, arna n-iniúchadh amhlaidh, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar cóipeanna díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

42. —(1) Ullmhóidh an Institiúid gach bliain airgeadais tuarascáil ar obair na hInstitiúide an bhliain airgeadais roimhe sin agus clár ginearálta den obair a bheidh beartaithe a dhéanamh.

(2) Cuirfidh an Institiúid gach tuarascáil den sórt sin faoi bhráid an Aire an tráth céanna a chuirfear cuntais na hInstitiúide don bhliain lena mbainfidh an tuarascáil faoina bhráid.

(3) Déanfaidh an tAire cóip de gach tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid an Rialtais agus a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.