22 1961


Uimhir 22 de 1961.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1960, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1960, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1960, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1960. [27 Iúil, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1960, Uimh. 28 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1960;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.

Rátaí pinsean seanaoise a mhéadú.

2. —Déantar leis seo gach ceann ar leith de na rátaí 28s. 6d., 23s. 6d., 18s. 6d., agus 13s. 6d. atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 77 d'Acht 1952 de bhua alt 2 d'Acht 1960 a mhéadú 1s. 6d.

Rátaí cúnamh dífhostaíochta a mhéadú.

3. —In Acht 1933, déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad an Sceidil a cuireadh ag gabháil leis an Acht sin le halt 3 d'Acht 1960:

“AN SCEIDEAL.

Na Rátaí Cúnamh Dífhostaíochta.

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An rata cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach

An rata cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile

sa tseachtain

sa tseachtain

Duine gan chleithiúnaí     ..

21s. 6d.

15s. 6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..     ..     ..

37s. 6d.

29s. 6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ..     ..

45s. 6d.

36s. 6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó     ..

52s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 2s. 6s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

42s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 2s. 6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ..     ..

29s. 6d.

22s. 6d.

Duine ag a bhfuil beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó.

36s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 2s. 6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

28s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 2s. 6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Méadú ar rátaí pinsean baintreach. (neamhranníocach)

4. —I dTábla B a ghabhann le halt 20 d'Acht 1935, is é sin, an t-alt a cuireadh isteach le halt 105 d'Acht 1952, cuirtear, tríd seo, na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo in ionad na rátaí atá, de bhua alt 4 d'Acht 1960, leagtha amach sa Tábla sin B.

TÁBLA B.

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach).

Acmhainn na Baintrí

Rátaí Seachtainiúla

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanaí cáilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

s.

d.

s.

d.

s. d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—     ..     ..

gan bheith níos mó ná £52 10s.     ..     ..     ..

28

6

38

6

47

6

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cáilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £52 10s. gan bheith níos mó ná £65 10s.     ..     ..     ..

23

6

33

6

42

6

níos mó ná £65 10s. gan bheith níos mó na £78 10s.     ..     ..     ..

18

6

28

6

37

6

níos mó ná £78 10s. gan bheith níos mó ná £104 15s.     ..     ..

13

6

23

6

32

6

níos mó ná £104 15s. gan bheith níos mó ná £117 15s.     ..     ..

Neamhní

10

0

19

0

níos mó ná £117 15s. gan bheith níos mó ná £130 15s.     ..     ..

Neamhní

Neamhní

11

0

níos mó ná £130 15s.     ..

Neamhní

Neamhní

Neamhní

Méadú ar rátaí pinsean seanaoise (ranníocach) i gcás daoine is cleithiúnaithe aosaithe.

1960, Uimh. 25 .

5. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí “30” a chur in ionad “28½” i gcolún (3) de Chuid I (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ) agus, dá réir sin, in aon chás inarb iníoctha sochar faoi fho-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ) d'alt 26 d'Acht 1952, is tríocha scilling ráta seachtainiúil an tsochair sin.

Alt 10 den Old Age Pensions Act, 1908, a leasú.

1908, c. 40.

6. —Leasaítear leis seo alt 10 den Old Age Pensions Act, 1908, trí “and for notice being given by registrars of births and deaths to the pension officers or local pension committees of every death of a person over seventy registered by them,” a scriosadh as fo-alt (2).

Alt 7 den Old Age Pensions Act, 1911, a leasú.

1911, c. 16.

1908, c. 40.

7. —An chumhacht a thugtar don Aire le fo-alt (3) d'alt 7 den Old Age Pensions Act, 1911, chun aon suimeanna a bheidh dlite de dhuine a aisíoc leis an Aire faoi fho-alt (2) d'alt 9 den Old Age Pensions Act, 1908, a bhaint as aon suimeanna a dtiocfaidh an duine chun bheith ina dteideal ar scór pinsean seanaoise faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1960, féadfar é a fheidhmiú d'ainneoin imeachtaí a bheith tionscnaithe i gcúirt chun na suimeanna a ghnóthú a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire mar a dúradh nó ordú a bheith déanta ag cúirt á cheangal ar an duine na suimeanna a íoc a bheidh dlite de a aisíoc leis an Aire mar a dúradh, agus, chun críocha an fho-ailt sin (3), measfar gur suimeanna a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire faoin bhfo-alt sin (2) aon chostais a cheanglóidh an t-ordú réamhráite a íoc leis an Aire.

Alt 10 d'Acht 1933 a leasú.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1933 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le halt 94 d'Acht 1952) d'alt 3, is é sin:

“(c) nach bhfuil a acmhainn, arna ríomh de réir an Achta seo, níos mó ná céad punt sa bhliain;”.

(2) I gcás—

(a) duine a bheith, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta i bhfoirm a ordaítear le rialacháin faoi fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1933, agus

(b) an duine sin do chomhlíonadh na gcoinníollacha a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1933, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo,

beidh éifeacht ag an deimhniú, agus beidh aon chinneadh i leith an deimhnithe faoi réir a fhreaschurtha agus a athbhreithnithe sa tslí chéanna, amhail is dá mbeadh an deimhniú sin san fhoirm a ordaítear le rialacháin faoi fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1933 a deir go dtiocfaidh siad i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1961.

Alt 17 d'Acht 1933 a leasú.

9. —Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1933 tríd na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2), is é sin:

“(a) má bhíonn sé gan acmhainn nó má bhíonn a acmhainn gan a bheith níos mó ná—

(i) i gcás duine gan chleithiúnaí, dhá scilling sa tseachtain, agus

(ii) i gcás duine le cleithiúnaí amháin nó níos mó, cúig scilling sa tseachtain,

de réir an ráta sceidealta; agus

(b) má bhíonn acmhainn aige is mó ná—

(i) i gcás duine gan chleithiúnaí, dhá scilling sa tseachtain, agus

(ii) i gcás duine le cleithiúnaí amháin nó níos mó, cúig scilling sa tseachtain,

de réir ráta is comhionann leis an ráta sceidealta arna laghdú scilling sa tseachtain in aghaidh gach scilling nó cuid de scilling a bheidh acmhainn an duine níos mó, i gcás duine gan chleithiúnaí, ná dhá scilling sa tseachtain agus, i gcás duine le cleithiúnaí amháin nó níos mó, ná cúig scilling sa tseachtain.”

Alt 29 d'Acht 933 a leasú.

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1933—

(a) trí “caoga punt” a chur in ionad “cúig phúint fhichead”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach, is é sin:

“(2) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo—

 (a) más cion é maidir le cúnamh dífhostaíochta a íoc nó a aisíoc, beidh sé dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe, agus

 (b) más cion é maidir le deimhniú cáilíochta, beidh sé dícháilithe chun deimhniú cáilíochta a fháil nó a shealbhú go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.”

(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cionta a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith.

Alt 29 d'Acht 1935 a leasú.

11. —Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1935 trí “ar feadh aon tréimhse dhá bhliain” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “ar feadh na tréimhse de dhá bhliain díreach roimh an dáta ar a n-éileofar an pinsean san”.

Alt 57 d'Acht 1935, a leasú.

12. —An chumhacht a thugtar don Aire le halt 57 d'Acht 1935 chun aon íocaíochtaí is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt a bhaint as aon íocaíochtaí ar scór pinsean faoin Acht sin a dtiocfaidh duine chun bheith ina theideal, féadfar í a fheidhmiú d'ainneoin imeachtaí a bheith tionscnaithe i gcúirt chun na suimeanna a ghnóthú a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire mar a dúradh nó ordú a bheith déanta ag cúirt á cheangal ar an duine na suimeanna a íoc a bheidh dlite de a aisíoc leis an Aire mar a dúradh, agus, chun críocha an ailt sin 57, measfar gur suimeanna is iníoctha ag an duine leis an Aire faoin alt aon chostais a cheanglóidh an t-ordú réamhráite a íoc leis an Aire.

Alt 58 d'Acht 1935 a leasú.

13. —(1) Déantar leis seo alt 58 d'Acht 1935 a leasú—

(i) trí “nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (1) i ndiaidh “phonc táchtach”, agus

(ii) “nó is pinsean de mhéid is mó ná an méid a bhfuil sé ina theideal” a chur isteach i ndiaidh “é d'fháil” i mír (b) den fho-alt sin.

(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le—

(a) aon cheilt fíorais, nó

(b) aon fháil nó glacadh pinsin, dá dtagraítear san alt sin 58, arna leasú leis an alt seo, roimh dháta an Achta seo a rith.

Alt 8 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1938 , a leasú.

1938, Uimh. 2 .

14. —(1) Leasaítear leis seo alt 8 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1938 ,—

(a) trí “caoga punt” a chur in ionad “cúig púint fhichead”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach, is é sin:

“(2) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo—

 (a) más cion é maidir le cúnamh dífhostaíochta a íoc nó a aisíoc, beidh sé dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil go ceann tréimhse sé mhí díreach thar éis dáta an chiontaithe, agus

 (b) más cion é maidir le deimhniú cáilíochta, beidh sé dícháilithe chun deimhniú cáilíochta a fháil nó a shealbhú go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta a chiontaithe.”

(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cionta a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

Fágfar codanna den mhéadú ar phinsin áirithe gan áireamh mar acmhainn chun críocha na nAchtanna.

15. —D'ainneoin aon ní atá sna rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952—

(a) má bhíonn pinsean (neamhranníocach) baintrí nó pinsean (neamhranníocach) dílleachta faoi na hAchtanna, i gcúrsa a íoctha le duine nó ina leith,

(b) má bhíonn pinsean (seachas na pinsin réamhráite) nó liúntas a soláthraíodh le reacht nó faoi reacht nó is iníoctha as airgead a riarann rialtas eile (dá ngairtear an pinsean reachtúil san alt seo) i gcúrsa a íoctha leis an duine nó ina leith, agus

(c) go dtiocfaidh méadú ar an bpinsean reachtúil an 1ú lá de Lúnasa, 1961, nó dá éis,

ansin, nuair a bheidh acmhainn an duine á ríomh chun críocha na nAchtanna, ní áireofar mar acmhainn aon chuid den mhéadú ar an bpinsean reachtúil dá dtiocfadh, dá n-áirítí mar acmhainn é, méid an phinsin a laghdú de mhéid is mó ná an méadú.

Alt 42 d'Acht 1952 a leasú.

16. —Leasaítear leis seo alt 42 d'Acht 1952—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (d):

“(dd) i dtaobh duine a bheith fostaithe i bhfostaíocht inárachaithe”,

(b) trí “nó ab iníoctha” a chur isteach i ndiaidh “is iníoctha” i mír (e) agus “nó cérbh é” a chur isteach i ndiaidh “cé hé” i mír (f) d'fho-alt (1), agus

(c) trí “or was or was not” a chur isteach i ndiaidh “is not” i bhfo-alt (2) den leagan Béarla.

Alt 48 d'Acht 1952 a leasú.

17. —Déantar leis seo alt 48 d'Acht 1952 a leasú trí “aon cheann amháin nó níos mó acu seo a leanas, is é sin le rá, sochar, cúnamh faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1960, pinsean faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1960, nó pinsean baintrí (neamhranníocach) faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí 1935 go 1960, nó ar shlí eile” a chur i mír (b) d'fho-alt (2) in ionad “sochar eile nó ar shlí eile”.

Alt 52 d'Acht 1952 a leasú.

18. —(1) Leasaítear leis seo alt 52 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Aon duine a chiontófar i gcion dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo maidir le sochar dífhostaíochta, beidh sé dícháilithe chun sochar dífhostaíochta a fháil go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.”

(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cionta a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

An Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú.

19. —Déantar leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “arna chinneadh amhlaidh”: “lúide, maidir leis an duine is sine de lanúin arb éard iad daoine a bhfuil gach aon duine acu seasca bliain ar a laghad d'aois agus nach bhfuil ceachtar acu i gcleithiúnas, go hiomlán ná go formhór, ar acmhainn pearsa seachas duine den lanúin—

(i) i gcás nach mó ná £165 in airgead suim ioncaim (más aon ioncam é) na lanúine a chuirfear i gcuntas faoi mhír II de Riail 1 den Sceideal seo agus na méideanna (más aon mhéideanna iad) a eisiadh de bhua fhomhíreanna (e), (g) agus (h) den mhír sin II, agus ioncam na lanúine sin á ríomh in airgead, ioncam uile na lánúine in airgead a chuirfear i gcuntas faoin mír sin II, agus

(ii) in aon chás eile, an méid d'ioncam na lánúine in airgead a chuirfear i gcuntas faoin mír sin II agus a dhéanfaidh £165 nuair a chuirfear é leis an suimeanna (más aon suimeanna iad) a eisiadh, de bhua na bhfomhíreanna sin (e), (g) agus (h) agus ioncam na lánúine á ríomh in airgead”.

Fiacha áirithe a bheith dlite don Stát nó don Aire a bhaint as íocaíochtaí pinsean, cúnaimh agus sochair áirithe.

20. —Má tharlaíonn, mar gheall ar aon duine d'fháil íocaíochtaí pinsin faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1960, i gcaitheamh aon tréimhse nach raibh an duine sin i dteideal íocaíocht a fháil nó d'fháil suim nó suimeanna de bhreis ar an suim nó na suimeanna a bhí an duine i dteideal a fháil, go mbeidh fiach dlite don Stát nó don Aire ón duine sin, féadfaidh an tAire méid an fhéich a ghnóthú trí asbhaint as aon íocaíochtaí a dtiocfaidh céile, baintreach nó baintreach fir, an duine sin nó, má thoilíonn aon duine eile leis an asbhaint, an duine a thoileoidh amhlaidh, chun bheith ina dteideal ar scór pinsean faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1960, cúnamh faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1960, pinsean baintrí (neamhranníocach) faoi na hAchtanna, nó sochar (seachas sochar máithreachais) faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960.

Gearrtheideal, tosach feidhme, forléiriú agus comhlua.

21. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1961.

(3) Déantar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin Seanaoise, 1908 go 1960, agus na hAchtanna sin a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1961, a ghairm de agus díobh le chéile agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1960, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1961, a ghairm de agus díobh le chéile agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1961, a ghairm de agus díobh le chéile agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1961, a ghairm de agus díobh le chéile.