|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mál.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Dleachtanna Stampa.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1961
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Dleachtanna Báis. | |
[EN] |
Diúscairt. |
21. —Sa Chuid seo den Acht seo folaíonn “diúscairt” aon iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht, cibé acu ar le hidirbheart amháin nó le sraith idirbhearta a rinneadh an céanna. |
[EN] |
Rátaí dleacht eastáit a athrú. |
22. —I gcás daoine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith, is é an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh, agus is aige a bheidh éifeacht, mar scála rátaí dleacht eastáit in ionad an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1960 . |
[EN] |
Díolúine i gcás bronntanas don Stát. |
23. —(1) Chun críocha dleacht eastáit agus faoi réir fhorálacha an ailt seo— |
[EN] | (a) ní dhéanfar maoin is ábhar bronntanais don Stát a ghlacfaidh éifeacht seilbhe le linn beo an deontóra nó ar a bhás a áireamh ar an maoin a aistreoidh nó a mheasfar a aistreoidh ar é d'fháil bháis más tar éis dáta an Achta seo a rith a tharlóidh an bás, | |
[EN] | (b) ní dhéanfar maoin is ábhar bronntanais don Stát atá teorannaithe chun éifeacht seilbhe a ghlacadh ar bhás seachas bás an deontóra a áireamh ar an maoin a aistreoidh nó a mheasfar a aistreoidh ar an mbás ar a nglacfaidh an bronntanas éifeacht seilbhe más tar éis dáta an Achta seo a rith a tharlóidh an bás sin. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag díolúine a dheonófar le fo-alt (1) den alt seo an fad (agus amháin an fad) a leanfaidh an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas faoi théarmaí an bhronntanais de bheith ar teachtadh go heisiatach le haghaidh úsáid agus sealúchas nó sochar an phobail, ach má bhíonn an díolúine sin i ngníomh le deich mbliana ar a laghad, ní chomhshuimeofar an mhaoin sin d'fhonn an ráta dleacht eastáit is iníoctha ar an mbás a chinneadh agus, mura mbeidh sí díolmhaithe faoi Acht éigin eile, beidh sí inmhuirir de réir an ráta is iomchuí i gcás luach príomhshuim na maoine lena gcomhshuimeofaí í dá mba nár mhaoin í lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (3) Aon dleacht a thiocfaidh chun bheith iníoctha i gcás maoin a bheidh ar áireamh i mbronntanas don Stát de bhíthin deireadh a bheith le díolúine faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sí ina muirear ar an maoin agus tabharfar cuntas inti agus íocfar í ag na hiontaobhaithe ina mbeidh an mhaoin dílsithe an dáta a scoirfidh an díolúine d'éifeacht a bheith aici agus ag an duine nó na daoine a bheidh i dteideal tairbhiúil na maoine as sin amach, agus beidh ús ar an dleacht iníoctha ón dáta sin. | |
[EN] | (4) Sna fo-ailt roimhe seo den alt seo ciallaíonn “bronntanas don Stát” bronntanas (seachas tiomnacht eastáit iarmharaigh nó scair de sin) ar bronntanas é le haghaidh úsáid nó sochar an phobail agus a ndeimhneoidh an tAire gur bronntanas don Stát é chun críocha an ailt seo. | |
[EN] |
Bronntanais inter vivos agus maoin a aistreoidh mar gheall ar leas saoil a dhiúscairt nó mar gheall ar é foirceannadh. 1894, c.30. 1910, c.8. |
24. —(1) Maidir le maoin a ghlacfar faoi dhiúscairt a airbheartóidh oibriú mar bhronntanas láithreach inter vivos agus a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith ag duine laistigh de thrí bliana dá bhás agus a mheasfar a bheith ar áireamh sa mhaoin a aistreoidh ar a bhás chun críocha dleacht eastáit, beidh éifeacht ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 7 den Finance Act, 1894, agus ag fo-alt (2) d'alt 60 den Finance (1909-10) Act, 1910, ach “at the date of the gift” a chur in ionad “at the time of the death of the deceased” nó “at the date of the death of the deceased” (de réir mar a bheidh). |
[EN] | (2) I gcás ina measfar, de bhua fho-alt (1) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 , maoin d'aistriú, go hiomlán nó réim áirithe nó réim teoranta, ar bhás duine mar gheall ar leas, a bhí teorannaithe chun scor ar a bhás a bheith, d'éis dáta an Achta seo a rith, arna dhiúscairt nó tar éis foirceannadh, is í an mhaoin a mheasfar amhlaidh d'aistriú an mhaoin ina raibh an leas a bhí teorannaithe amhlaidh chun scor ar marthain ar dháta an diúscartha nó an fhoirceannta agus, maidir leis an maoin sin, beidh éifeacht ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 7 den Finance Act, 1894, agus ag fo-alt (2) d'alt 60 den Finance (1909-10) Act, 1910, ach “at the date of the disposition or determination” a chur in ionad “at the time of the death of the deceased” nó “at the date of the death of the deceased” (de réir mar a bheidh). | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) ina mbeidh duine, d'éis dáta an Achta seo a rith, tar éis diúscairt a dhéanamh ar mhaoin a airbheartóidh oibriú mar bhronntanas láithreach inter vivos, | |
[EN] | (b) go ndearnadh an diúscairt laistigh de thrí bliana dá bhás ach nár bhronntanas é chun críocha poiblí nó críocha carthanúla a rinneadh dhá mhí dhéag nó níos mó roimh a bhás, | |
[EN] | (c) nach i gcomaoin pósta a rinneadh an diúscairt, | |
[EN] | (d) an duine sin, tar éis dáta an diúscartha, a bheith, mar gheall ar idirbheart nó sraith idirbhearta a rinneadh ar chomaoin luachmhar in airgead nó i luach airgid, tar éis leas a fháil sa mhaoin sin nó cumhacht cheapacháin a fháil uirthi nó a chur faoi deara í a bheith ina hábhar do dhiúscairt eile, agus | |
[EN] | (e) go n-aistreoidh, nó go measfar go n-aistreoidh, an mhaoin ar a bhás de dhroim an idirbhirt nó na n-idirbhearta, | |
[EN] | ansin, maidir le suim airgid comhionann leis an gcomaoin nó na comaoineacha a thug an t-éagach san idirbheart nó sna hidirbhearta nó a cuireadh ar fáil as aon mhaoin, nó trí aon mhaoin, a raibh sé inniúil í a dhiúscairt measfar chun críocha dleacht eastáit gur maoin í a glacadh faoi dhiúscairt a rinne an t-éagach laistigh de thrí bliana dá bhás a airbheartaigh oibriú mar bhronntanas inter vivos don duine ar ina fhabhar nó chun na gcríocha ar ina bhfabhar a rinneadh an diúscairt dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, agus, maidir le haon suim den sórt sin, measfar, chun críocha comhshuimithe, gur maoin í a raibh leas ag an éagach inti agus ní bheidh aon fheidhm ina leith ag alt 3 den Finance Act, 1894, ná ag fo-alt (10) d'alt 7 den Acht sin. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeidh, de bhua an ailt seo, maoin le luacháil le haghaidh dleacht eastáit ar dháta seachas dáta báis an éagaigh, ní bheidh feidhm i leith na maoine ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 60 den Finance (1909-10) Act, 1910. | |
[EN] |
Dleacht a bhailiú ó iontaobhaithe tar éis leas saoil a dhiúscairt nó tar éis dó foir-ceannadh. |
25. —(1) I gcás leas a bhí teorannaithe chun scor ar bhás duine (de réir bhrí alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 ) a bheith arna dhiúscairt nó tar éis foirceannadh go hiomlán nó go páirteach tar éis é a theacht chun bheith ina leas i seilbh, ansin, cibé cineál maoine ina raibh an leas, beidh na daoine seo a leanas freagrach in aon dleacht eastáit is iníoctha ar an mbás de bhua an ailt sin (i dteannta aon daoine a bheidh freagrach inti ar leith ón bhfo-alt seo): |
[EN] | (a) má bhíonn an tsocraíocht ar fúithi a bhí an leas ar marthain ag an mbás, iontaobhaithe na socraíochta sin de thuras na huaire, agus | |
[EN] | (b) murab ann di, na daoine arbh iad iontaobhaithe deiridh na socraíochta sin iad. | |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin maidir le básanna a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith, cibé acu a dhiúscrófar nó nach ndiúscrófar nó cibé acu a fhoirceannfaidh nó nach bhfoirceannfaidh an leas iomchuí tar éis an dáta sin, i slí, áfach, nach mbeidh aon duine de bhua an fho-ailt sin freagrach mar iontaobhaí aon socraíochta in aon dleacht ach amháin an oiread agus a bhainfidh leis an maoin a bheidh ar áireamh sa tsocraíocht tar éis dáta an Achta seo a rith. | |
[EN] |
Díolúine i gcás nach mó ná £5,000 an glanluach. |
26. —(1) Mura mó ná cúig mhíle punt glanluach na maoine, réadach agus pearsanta, a aistreoidh ar bhás an éagaigh, gan maoin a áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní bheidh dleachtanna leagáide agus comharbais iníoctha faoi uacht nó díthiomnacht an éagaigh i leith na maoine sin. |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin maidir le daoine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith. | |
[EN] |
Forálacha ag a mbeidh feidhm i gcás ina mbeidh éifeacht ag alt 33 den Wills Act, 1837. 1837, c.26. |
27. —Chun críocha dleacht eastáit ní mheasfar maoin d'aistriú, ná a bheith tar éis aistriú, ar bhás duine ar an ábhar, ar bhás níos déanaí tarlú tar éis dáta an Achta seo a rith, go nglacfaidh diúscairt tiomnach ar an maoin sin éifeacht, faoi alt 33 den Wills Act, 1837, nó ar shlí eile, amhail is dá mbeadh an duine sin, nó aon duine eile, ar marthain tar éis an tiomnóra. |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) duine d'fháil bháis roimh thiomnóir, agus | |
[EN] | (b) gur tar éis dáta an Achta seo a rith a gheobhaidh an tiomnóir bás, | |
[EN] | ní áireofar an duine sin chun críocha dleacht leagáide nó dleacht chomharbais mar dhuine a fuair leagáid nó a tháinig chun bheith i dteideal comharbais i maoin a réadtiomnaíodh nó a tiomnaíodh le huacht an tiomnóra. | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) duine do mharthain tar éis tiomnóra, | |
[EN] | (b) gur tar éis dáta an Achta seo a rith a gheobhaidh an tiomnóir bás, | |
[EN] | (c) go dtiocfaidh an duine sin chun bheith, trí chineachadh ó dhuine, nó faoi dhiúscairt arna dhéanamh ag duine, a fuair bás roimh an tiomnóir, i dteideal aon leas i maoin nó chun an ioncaim ó mhaoin, is maoin a réadthiomnaigh nó a thiomnaigh an tiomnóir, agus | |
[EN] | (d) go mbeidh éifeacht ag alt 33 den Wills Act, 1837, maidir leis an réadtiomnú nó leis an tiomnú. | |
[EN] | áireofar chun críocha dleacht leagáide agus dleacht chomharbais go bhfuair an duine sin an leas nó an t-ioncam ón tiomnóir, ach ní rachaidh méid aon dleacht leagáide ná dleacht chomharbais a thiocfaidh chun bheith iníoctha de bhua an fho-ailt seo thar an méid ab iníoctha dá mba nár achtaíodh an t-alt seo. | |
[EN] |
Maoin áirithe a eisceadh ó aistriú ar bhás. 1894, c.30. |
28. —(1) Ní dhéanfar maoin a ghlacfar faoi bhronntanas, cibé acu trí shocraíocht nó ar shlí eile, a thabharfaidh aon duine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith a áireamh ar an maoin a mheasfar a aistreoidh ar a bhás faoi fhorálacha mhír (c) nó mhír (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, de bhíthin amháin go raibh leas sa mhaoin go ceann saoil nó go ceann aon tréimhse eile ab infhoirceannta faoi threoir báis ar forcoimeád don deontóir nó nach ndearna na deontaí seilbh agus sealúchas bona fide na maoine a ghlacadh láithreach nuair a tugadh an bronntanas agus a choimeád uaidh sin amach ar chuma go raibh an deontóir nó aon sochar dó trí chonradh nó ar shlí eile eisiata ar fad. |
[EN] | (2) Aon leas nó sochar a bheidh ar forcoimeád don deontóir nó urraithe dó i ndáil le diúscairt lena mbainfidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé faoi réir na bhforálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) murar muirearaíodh é ar an maoin nó murar eisigh sé as an maoin a bhí ar áireamh sa diúscairt measfar, dá ainneoin sin, chun críocha dleacht eastáit gur leas é sa mhaoin sin, | |
[EN] | (b) má bhí sé, maidir lena mhéid, a íoc nó a sholáthar, faoi réir rogha a bhí dílsithe in aon duine nó daoine, measfar, dá ainneoin sin, chun críocha dleacht eastáit gur leas é sa mhaoin sin is comhionann ina luach bliantúil leis an tríú cuid de chomhshuim na leas nó na sochar uile sin a fuair, a shealbhaigh nó a dhiúscair an deontóir, go hiarbhír, i gcaitheamh na trí bliana díreach roimh a bhás, | |
[EN] | agus, maidir le maoin a raibh, nó a meastar leis an bhfo-alt seo go raibh, aon leas nó sochar den sórt sin inti, beidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, ach “holder of an office, or” a scriosadh. | |
[EN] | (3) Ní mheasfar maoin a bheith ar áireamh sa mhaoin a aistreoidh ar bhás a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith de bhua fho-alt (1) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 , de bhíthin amháin nach ndearnadh seilbh agus sealúchas bona fide na maoine a ghlacadh, díreach tar éis diúscairt nó foirceannadh an leasa a bhí teorannaithe chun scor ar an mbás, ag an duine a tháinig chun bheith ina theideal sin de bhua nó d'aithle na diúscartha nó an fhoirceannta agus nár coimeádadh an seilbh agus an sealúchas sin uaidh sin amach ar chuma go raibh an duine ag a raibh an leas, agus go raibh aon leas dó trí chonradh nó ar shlí eile, eisiata ar fad. | |
[EN] | (4) Más rud é, maidir le haon diúscairt nó foirceannadh den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 , go ndearnadh aon leas nó sochar a fhorcoimeád ag an duine, nó a urrú don duine, ar diúscraíodh nó ar fhoirceann a leas, is duine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh an leas nó an sochar faoi réir na bhforálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) murar muirearaíodh é ar an maoin, nó murar eisigh sé as an maoin, ina raibh an leas a diúscraíodh nó a d'fhoirceann, measfar, dá ainneoin sin, chun críocha dleacht eastáit gur leas é sa mhaoin sin, | |
[EN] | (b) má bhí sé, maidir lena mhéid, a íoc nó a sholáthar, faoi réir rogha a bhí dílsithe in aon duine nó daoine, measfar, dá ainneoin sin, chun críocha dleacht eastáit gur leas é sa mhaoin sin is comhionann ina luach bliantúil leis an tríú cuid de chomhshuim na leas nó na sochar uile sin a fuair, a shealbhaigh nó a dhiúscair an duine, go hiarbhír, ar diúscraíodh nó ar fhoirceann a leas i rith na dtrí bliana díreach roimh an mbás a raibh an leas a diúscraíodh nó a d'fhoirceann teorannaithe chun scor nuair a tharlódh sé, | |
[EN] | agus, maidir le maoin a raibh, nó a meastar leis an bhfo-alt seo go raibh, aon leas nó sochar den sórt sin inti, beidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, ach “holder of an office, or” a scriosadh. |