27 1961


Uimhir 27 de 1961.


AN tACHT SLÁINTE (COMHLACHTAÍ CORPRAITHE), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHTAÍ A BHUNÚ CHUN FEIDHMEANNA A CHOMHLÍONADH AG SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ SLÁINTE NÓ MAIDIR LENA SOLÁTHAR. [3 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

1947, Uimh. 28 .

1960, Uimh. 9 .

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “seirbhís sláinte” aon seirbhís a bhaineann le sláinte an phobail a chosaint nó a fheabhsú nó daoine breoite agus daoine easlána a aireachasú agus a chóireáil;

tá le “údarás sláinte” an bhrí atá sannta dó de bhua an Achta Sláinte, 1947 , agus an Achta um Údaráis Sláinte, 1960 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte.

Bunú comhlachtaí chun seirbhísí sláinte a sholáthar.

3. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú (dá ngairtear ordú bunaithe san Acht seo) comhlacht a bhunú chun feidhmeanna a chomhlíonadh ag soláthar, nó maidir soláthar, seirbhís sláinte nó dhá sheirbhís sláinte nó níos mó.

(2) Aon chomhlacht a bhunófar faoi fho-alt (1) den alt seo tabharfar air agus gairfear de cibé teideal a shonrófar san ordú bunaithe.

(3) Aon chomhlacht a bhunófar amhlaidh is comhlacht corpraithe a bheidh ann le comharbas suthain agus séala agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm chorpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a theachtadh.

(4) Tabharfaidh gach cúirt aird bhreithiúnach ar shéala comhlachta a bhunófar amhlaidh agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ordú nó ionstraim eile é a rinne an comhlacht sin agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe sa tslí a fhorálfar san ordú bunaithe) glacfar leis i bhfianaise agus measfar gurb é an t-ordú nó an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura gcruthófar a mhalairt.

(5) Féadfaidh an tAire ó am go ham ordú bunaithe nó ordú faoin fho-alt seo a leasú.

Comhaltas agus foireann.

1956, Uimh. 10 .

4. —(1) Beidh i ngach ordú bunaithe cibé forálacha is dóigh leis an Aire is iomchuí maidir le—

(a) líon comhaltaí an chomhlachta a bhunófar leis an ordú, modh, téarmaí agus coinníollacha a gceaptha agus a seilbh oifige;

(b) líon, gráid, modh ceaptha, coinníollacha seirbhíse, seilbh oifige agus luach saothair oifigeach agus seirbhíseach an chomhlachta a bhunófar amhlaidh.

(2) Féadfaidh forálacha a bheith in ordú bunaithe nó in ordú ag leasú ordú bunaithe i dtaobh—

(a) Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, a chur i bhfeidhm, le toiliú na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, maidir le ceapacháin chun oifigí faoin gcomhlacht a bhunófar leis an ordú bunaithe ionann agus dá mba údarás áitiúil é ach faoi réir aon mhodhnuithe a shonrófar san ordú, agus

(b) an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , a chur i bhfeidhm maidir leis an gcomhlacht ionann agus dá mba údarás áitiúil é ach faoi réir aon mhodhnuithe (lena n-áirítear modhnuithe maidir le seirbhís is ináirithe mar sheirbhís inphinsin) a shonrófar san ordú le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil.

(3) I gcás ina mbeidh foráil déanta in ordú bunaithe nó in ordú ag leasú ordú bunaithe chun an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , a chur i bhfeidhm maidir le comhlacht arna bhunú le hordú bunaithe (i dteannta nó d'éagmais modhnuithe maidir le seirbhís is ináirithe mar sheirbhís inphinsin) agus go ndéanfaidh oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil d'oifigeach don chomhlacht sin, forléireofar fo-alt (1) d'alt 11 den Acht sin, mar a bheidh feidhm aige maidir leis, ionann agus dá gcuirtí an mhír seo a leanas leis an bhfo-alt sin:—

“(i) seirbhís mar oifigeach inphinsin do chomhlacht a bunaíodh faoin Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961 , agus a mbeidh an tAcht seo curtha i bhfeidhm maidir leis faoin Acht sin nó seirbhís eile ab ináirithe ag an gcomhlacht sin chun críocha a aoisliúntais”.

Feidhmeanna.

5. —Beidh in ordú bunaithe cibé forálacha is dóigh leis an Aire is iomchuí ag sonrú feidhmeanna an chomhlachta a bhunófar leis an ordú ag soláthar, nó maidir le soláthar, na seirbhíse sláinte nó na seirbhísí sláinte lena mbainfidh an t-ordú, agus an modh ar a bhféadfaidh agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh an comhlacht a bhunófar amhlaidh na feidhmeanna a shonrófar amhlaidh a chomhlíonadh.

Riarachán.

6. —Beidh in ordú bunaithe cibé forálacha i dtaobh mar riarfar, i gcoitinne, an comhlacht a bhunófar leis an ordú agus is dóigh leis an Aire is iomchuí lena n-áirítear forálacha i dtaobh—

(a) cruinnithe an chomhlachta a bhunófar amhlaidh agus an nós imeachta ag na cruinnithe sin,

(b) a shéala a úsáid agus a fhíordheimhniú,

(c) a chúrsaí airgeadais a rialú agus a chuntais a choimeád agus a iniúchadh, agus

(d) an comhlacht sin do thabhairt eolais don Aire ó am go ham i dtaobh comhlíonadh feidhmeanna an chomhlachta, agus an t-eolas sin a thabhairt don Aire aon tráth a iarrfaidh sé é.

Ordú bunaithe a chúlghairm.

1953, Uimh. 26 .

7. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith ordú bunaithe a chúlghairm le hordú.

(2) Beidh in ordú cúlghairme cibé forálacha is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirstineach de dhroim na cúlghairme agus féadfaidh, go sonrach, foráil a bheith ann—

(a) chun an comhlacht a bunaíodh leis an ordú bunaithe a dhíscaoileadh agus maoin, cearta agus dliteanais an chomhlachta a aistriú nó a dháileadh chun aon cheann acu seo a leanas—

(i) an tAire,

(ii) aon chomhlacht amháin eile nó níos mó a bunaíodh le hordú bunaithe,

(iii) aon údarás sláinte amháin nó níos mó, nó

(iv) aon chomhbhord údaráis sláinte amháin nó níos mó a bunaíodh faoi alt 45 den Acht Sláinte, 1953 ,

(b) conarthaí leanúnacha a bhuanú a rinne an comhlacht díscaoilte,

(c) imeachtaí dlíthiúla a bheidh ar feitheamh a choimeád ar bun,

(d) d'ainneoin aon sriantacht in aon Acht eile, sealbhóir aon oifige faoin gcomhlacht díscaoilte a aistriú chun oifige dá samhail faoi—

(i) údarás áitiúil, nó

(ii) aon chomhlacht eile a bunaíodh le hordú bunaithe.

Cuideachtaí áirithe a athchóiriú chun críocha an Achta.

8. —(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta lena mbaineann an t-alt seo” aon chuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, a ndearbhóidh an tAire i scríbhinn gur cuideachta í lena mbaineann an t-alt seo.

(2) I gcás ina mbeidh cuideachta lena mbaineann an t-alt seo tar éis a bheartú le rún ag cruinniú a gaireadh go speisialta chuige sin go bhfoirceannfaí an chuideachta chun críocha an ailt seo, ansin na forálacha d'Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, a bhaineann le cuideachta a fhoirceannadh fúthu ní bhainfidh siad le foirceannadh na cuideachta sin.

(3) Aon chuideachta a bheidh tar éis rún a rith faoi fho-alt (2) den alt seo measfar, amhail ar dháta agus ó dháta an rúin nó aon dáta eile is déanaí ná sin a luafar sa rún, nach cuideachta í faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, ach gur comhlacht í a bunaíodh le hordú bunaithe, agus déanfaidh an tAire ordú den sórt sin i dtaobh an chomhlachta sin a luaithe is féidir tar éis dáta an rúin.

(4) Go dtí go ndéanfar ordú bunaithe i dtaobh cuideachta lena mbaineann an t-alt seo a measfar faoi fho-alt (3) den alt seo gur comhlacht í a bunaíodh amhlaidh, beidh ag forálacha uile mheabhráin chomhlachais agus airteagal comhlachais na cuideachta sin a chumasaigh di a feidhmeanna a chomhlíonadh feidhm ionann agus dá mbeadh siad in ordú bunaithe.

Caiteachas an Aire.

9. —A mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus cóipeanna a chur chun comhaltaí na dTithe sin.

10. —(1) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip de gach ordú a dhéanfaidh sé faoin Acht seo a chur, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a dhéanamh, chuig gach comhalta de gach Teach den Oireachtas.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den seacht lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Má fhágtar gan chomhlíonadh fo-alt (1) den alt seo maidir le haon chomhalta nó comhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas, ní dhéanfaidh sin difir do bhailíocht ordú a rinne an tAire faoin Acht seo ná d'é a theacht i ngníomh.