|
||||
|
| Ar Aghaidh (An Achomaireacht AR Sceidil A agus B dá dTagraítear san Acht seo) |
| [EN] | ||
| ||
Uimhir 29 de 1961. | ||
| [EN] |
AN tACHT LEITHREASA, 1961. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A hAON, AGUS NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A DÓ, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1961 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT A FHÁIL. [3 Lúnasa, 1961.] |
ACHATAITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
Deontais as an bPríomh-Chiste | ||
| [EN] |
£165,540 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1960-61. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim céad seasca is cúig mhíle, cúig chéad agus daichead punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a haon. |
| [EN] |
£88,184,660 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1961-62. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim ochtó is ocht milliún, céad ochtó is ceithre mhíle, sé chéad agus seasca punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a dó. |
| [EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £88,350,200 a thógáil a iasacht. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná ochtó is ocht milliún, trí chéad agus caoga míle, agus dhá chéad punt a thógáil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a thógáil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis. |
| [EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
| [EN] | (3) Déanfar aon airgead a chruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Statchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
Deontais a Leithreasú | ||
| [EN] |
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £137,735,902, a leithreasú. |
4. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh--Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad tríocha is seacht milliún, seacht gcéad tríocha is cúig mhíle, naoi gcéad agus dhá phunt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAchtanna a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo. |
| [EN] | (2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh--Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim deich milliún, seacht gcéad seasca is cúig mhíle, céad nócha is cúig phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
5. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1961 , a ghairm den Acht seo. |