An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Laethanta Saoire Poiblí.) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach.)

33 1961

AN tACHT UM LAETHANTA SAOIRE (FOSTAITHE), 1961

CUID III

Saoire Bhliantúil.

Saoire bhliantúil d'oibrithe neamh-thís.

1942, Uimh. 7 .

10. —(1) Déanfaidh gach duine ag a mbeidh oibrí neamh-thís ar fostú, gach bliain fostaíochta de chuid an oibrí a bheidh an t-oibrí ar fostú ag an duine sin go leanúnach nó ó lá go lá, agus a d'oibrigh an t-oibrí san fhostaíocht sin ar feadh—

(a) tréimhse nár lú ná sé chéad déag uair a chloig, nó

(b) i gcás oibrí tionscail faoi ocht mbliana déag d'aois, nó oibrí faoi ocht mbliana déag d'aois a bheidh fostaithe le mianadóireacht, tréimhse nach lú ná cúig chéad déag uair a chloig,

ceithre lá dhéag chomhleanúnacha, ar a n-áirítear dhá Dhomhnach, de laethanta saoire iomlána (dá ngairtear saoire bhliantúil san Acht seo) a lamháil don oibrí cibé tráth is oiriúnach leis an duine sin.

(2) I gcás ina lamhálfar saoire bhliantúil d'oibrí neamhthís, íocfaidh fostóir an oibrí leis an oibrí in aghaidh na saoire bliantúla suim is comhionann le dhá oiread gnáth-phá seachtaine an oibrí.

(3) Más rud é—

(a) i gcás oibrí neamh-thís a bheidh ar fostú ag duine do scor de bheith ar fostú ag an duine sin aon uair seachas i ndeireadh bliain fostaíochta an oibrí,

(b) nár lamháil an duine sin saoire bhliantúil don oibrí sin roimh an scor in aghaidh na coda den bhliain fostaíochta a bhí sé ar fostú amhlaidh,

íocfaidh an duine sin leis an oibrí ar an scor suim is comhionann leis an séú cuid dá ghnáth-phá seachtainiúil in aghaidh gach mí sa chuid sin den bhliain fostaíochta a d'oibrigh sé.

(c) i gcás oibrí tionscail faoi ocht mbliana déag d'aois, nó oibrí faoi ocht mbliana déag d'aois a bheidh fostaithe le mianadóireacht, ar feadh céad fiche uair a chloig ar a laghad an mhí sin, agus

(d) i gcás aon oibrí eile, ar feadh céad tríocha is cúig uair a chloig ar a laghad an mhí sin.

(4) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo is éard a bheidh i ngnáth-phá seachtainiúil oibrí—

(a) i gcás ina ríomhtar gnáth-luach saothair an oibrí go hiomlán faoi threoir ama, suim is comhionann leis an méid (gan an pá as obair bhreis-ama a áireamh) a fuair an t-oibrí ón bhfostóir mar thuarastal nó pá in aghaidh na seachtaine, díreach roimh an tsaoire bhliantúil nó an scor, a d'oibrigh an t-oibrí an ghnáthuimhir uaire a chloig an ghnáth-uimhir uasta laethanta faoina chonradh seirbhíse, agus

(b) in aon chás eile, suim is comhionann le méid an mheántuillimh sheachtainiúil (gan an pá as obair bhreis-ama a áireamh) i gcaitheamh na sé mhí díreach roimh an tsaoire bhliantúil nó an scor má bhíonn sé fostaithe an fad sin ag an bhfostóir ach mura mbeidh, ansin aon tréimhse is lú ná sin a bheidh sé fostaithe ag an bhfostóir.

(5) Gach uair a chloig breac-dhífhostaíochta oibrí arb iníoctha sochar forlíontach ina leith faoi alt 28 den Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942, measfar gurb uair a chloig í a oibríodh chun críocha an ailt seo suas go dtí dhá céad caoga uair a chloig ar a mhéid aon bhliain fostaíochta de chuid an oibrí.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú, aon uair agus a mhinice is cuí leis, rialacháin a dhéanamh a athróidh, maidir le gach aicme nó aon aicme nó aicmí áirithe (a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) oibrithe neamh-thís, gach tréimhse nó aon cheann de na tréimhsí sé chéad déag uair a chloig, cúig chéad déag uair a chloig, céad fiche uair a chloig nó céad tríocha is cúig uair a chloig a luaitear i bhfo-ailt (1) agus (3) den alt seo trí cibé uimhir eile uaire a chloig nó cibé uimhir laethanta is cuí leis an Aire a chur ina ionad sin, agus, aon uair a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin maidir leis na hoibrithe neamh-thís nó an aicme nó na haicmí oibrithe neamh-thís lena mbainfidh na rialacháin, amhail is dá ndéanfaí na tréimhsí sin nó cibé ceann acu dá ndéanfaidh na rialacháin difir a athrú sa tslí a luafar sna rialacháin.

(7) I gcás aon lá neamhoibre nó aon dá lá neamhoibre comhleanúnacha nó níos mó do thitim díreach roimh lá nó díreach i ndiaidh lae a lamháil fostóir lá saoire iomlán d'oibrí neamhthís measfar chun críocha an ailt seo gur lá a lamháil an fostóir lá saoire iomlán don oibrí an lá neamhoibre nó gach lá de na laethanta neamhoibre comhleanúnacha (de réir mar a bheidh) murar oibrigh sé an lá sin don fhostóir.

(8) Ní áireofar mar lá de shaoire bhliantúil lá is lá saoire poiblí nó lá a mheasfar, de bhun an ailt sin díreach roimhe seo den Acht seo, lá saoire iomlán a bheith lamháilte d'oibrí neamhthís, ach má thagann aon lá den sórt sin idir laethanta de shaoire bhliantúil, measfar na laethanta sin a bheith comhleanúnach d'ainneoin an lá sin a theacht amhlaidh.

(9) Bainfidh an t-alt seo leis an mbliain fostaíochta a bheidh ann i dtosach feidhme an Achta seo maidir le gach duine is oibrí neamh-thís ag an tosach feidhme sin, agus beidh éifeacht ag an alt seo maidir leis an mbliain fostaíochta sin agus an duine sin amhail is dá mbeadh an t-alt seo i ngníomh i dtosach na bliana fostaíochta sin, ach sin faoi réir na modhnuithe—

(a) má théann an bhliain fostaíochta sin in éag laistigh de mhí tar éis tosach feidhme an Achta seo, go measfar an t-alt seo a bheith comhlíonta ag an bhfostóir má lamhálann sé don duine sin, tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh an bhliain fostaíochta sin dul in éag, cibé saoire bhliantúil a mbeidh sé ina teideal faoin alt seo in aghaidh na bliana fostaíochta sin, agus

(b) má lamháil an fostóir roimh an tosach feidhme sin don duine sin an bhliain fostaíochta sin lá saoire iomlán amháin nó níos mó ba shaoire bhliantúil chun críocha an ailt seo mura mbeadh gur lú ná ceithre lá dhéag iad, nó nach raibh siad comhleanúnach nó, d'eile, gur lú ná ceithre lá dhéag iad agus nach raibh siad comhleanúnach, go measfar gur shaoire bhliantúil chun críocha an ailt seo an tsaoire sin go léir a lamháladh amhlaidh agus nach mbeidh an duine sin i dteideal in aghaidh na bliana fostaíochta sin ach cibé méid (más aon mhéid é) de laethanta saoire iomlána comhleanúnacha i ndiaidh an tosach feidhme sin a bheidh comhionann leis an méid (más aon mhéid é) laethanta a bheidh an méid laethanta saoire sin a lamháladh amhlaidh níos lú ná ceithre lá dhéag.

(10) I gcás é a bheith beartaithe ag duine ag a bhfuil oibrí neamh-thís ar fostú saoire bhliantúil a lamháil don oibrí de bhun an ailt seo—

(a) déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh an lá a bheidh an tsaoire bhliantúil le tosú, fógra a thabhairt ag insint go bhfuil sé ar intinn aige an tsaoire a lamháil agus an lá a thosóidh sí;

(b) má mhainníonn sé mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

(11) Má lamhálann fostóir oibrí neamh-thís aon bhliain fostaíochta tréimhse de shaoire bhliantúil don oibrí níos luaithe ná na ceithre lá dhéag deiridh (is laethanta is ináirithe mar laethanta den tsaoire bhliantúil chun críocha an ailt seo) den bhliain fostaíochta agus go bhfágfaidh an t-oibrí fostaíocht an fhostóra sula mbeidh deireadh leis an mbliain fostaíochta, ní bheidh an fostóir i dteideal, maidir le saoire bhliantúil a lamháil, an tréimhse fógra is gá chun an fhostaíocht a fhoirceannadh ná an pá ná aon díolaíochtaí eile a mbeidh teideal ag an oibrí chucu an tráth a fhágfaidh sé an fhostaíocht sin a laghdú.

Mainneachtain i saoire bhliantúil a lamháil d'oibrí neamh-thís.

11. —Má mhainníonn fostóir oibrí neamh-thís saoire bhliantúil a lamháil don oibrí in aghaidh bliain fostaíochta an oibrí de réir an Achta seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) beidh an fostóir ciontach i gcion, agus

(b) íocfaidh an fostóir (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh imeachtaí tionscanta faoi mhír (a) den alt seo) leis an oibrí suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé, faoi fho-alt (2) d'alt 10 den Acht seo, a íoc leis an oibrí dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis an tsaoire bhliantúil a lamháil don oibrí agus gur lamháladh í i rith na gceithre lá dhéag deiridh den bhliain fostaíochta.

Srian le hobair i rith saoire bliantúla.

12. —(1) Ní dleathach do dhuine is oibrí tionscail nó comhalta d'fhoireann siopa aon obair thionscail nó obair siopa a dhéanamh d'aon duine ar luach saothair i rith aon tréimhse de shaoire bhliantúil.

(2) Má dhéanann duine is oibrí tionscail nó comhalta d'fhoireann siopa aon ní a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Saoire bhliantúil oibrithe tís.

13. —(1) Déanfaidh gach duine ag a mbeidh oibrí tís ar fostú, gach bliain fostaíochta de chuid an oibrí a bheidh an t-oibrí ar fostú ag an duine sin go leanúnach nó ó lá go lá agus trí chéad lá ar a laghad a bheith oibrithe aige san fhostaíocht sin, ceithre lá dhéag comhleanúnacha de laethanta saoire iomlána, ar a n-áirítear dhá Dhomhnach, (dá ngairtear saoire bhliantúil freisin san Acht seo) a lamháil don oibrí cibé tráth is oiriúnach leis an duine sin.

(2) I gcás ina lamhálfaidh duine seacht lá comhleanúnacha de laethanta saoire iomlána (dá ngairtear saoire leathbhliantúil san Acht seo) d'oibrí tís a bheidh ar fostú aige an chéad leath de bhliain fostaíochta an oibrí tís agus ina lamhálfaidh sé saoire leathbhliantúil freisin don oibrí an dara leath den bhliain fostaíochta sin, ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir leis an oibrí sin an bhliain fostaíochta sin.

(3) I gcás ina lamhálfar saoire bhliantúil nó saoire leathbhliantúil d'oibrí tís, íocfaidh fostóir an oibrí leis an oibrí, in aghaidh na saoire bliantúla nó na saoire leathbhliantúla, suim is comhionann leis an méid a fuair an t-oibrí ón bhfostóir mar thuarastal nó pá in aghaidh—

(a) i gcás ina lamhálfar saoire bhliantúil don oibrí, an dá sheachtain chomhleanúnacha, díreach roimh an tsaoire bhliantúil a d'oibrigh an t-oibrí an ghnáth-uimhir uaire a chloig an uasuimhir laethanta faoina chonradh seirbhíse,

(b) i gcás ina lamhálfar saoire leathbhliantúil don oibrí, na seachtaine díreach roimh an tsaoire leathbhliantúil a d'oibrigh an t-oibrí an ghnáth-uimhir uaire a chloig an uasuimhir laethanta faoina chonradh seirbhíse.

(4) I gcás—

(a) oibrí tís a bheith ar fostú ag duine faoi chonradh seirbhíse a fholaíonn lóistín,

(b) an duine sin do thabhairt fógra don oibrí go bhfuil ar intinn aige saoire bhliantúil nó saoire leathbhliantúil a lamháil don oibrí i rith tréimhse áirithe, agus

(c) an t-oibrí, le toiliú an duine sin, d'fhanacht ag obair don duine sin ar feadh na tréimhse sin,

measfar, má íocann an duine sin, i dteannta an phá in aghaidh na tréimhse sin, leis an oibrí, suim is comhionann le méid an phá, gur lamháladh lá saoire iomlán don oibrí gach lá de na laethanta sa tréimhse sin.

(5) I gcás—

(a) oibrí tís do scor de bheith i bhfostaíocht duine i rith an chéad leath de bhliain fostaíochta an oibrí, agus

(b) céad caoga lá ar a laghad a bheith oibrithe ag an oibrí san fhostaíocht an chéad leath, agus

(c) nár lamháladh saoire bhliantúil ná saoire leathbhliantúil, an chéad leath, don oibrí roimh an scor,

íocfaidh an duine sin leis an oibrí ar an scor suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé a íoc leis an oibrí faoi fho-alt (3) den alt seo, dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis saoire leathbhliantúil a lamháil don oibrí an chéad leath agus gur lamháladh í i rith na seacht lá díreach roimh an scor.

(6) I gcás oibrí tís do scor de bheith i bhfostaíocht duine i rith an dara leath de bhliain fostaíochta an oibrí agus nár lamháladh don oibrí roimh an scor saoire bhliantúil in aghaidh na bliana fostaíochta ná saoire leathbhliantúil in aghaidh an chéad leath den bhliain fostaíochta agus, fós, an dara leath, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) má d'oibrigh an t-oibrí céad caoga lá ar a laghad an chéad leath agus céad caoga lá ar a laghad an dara leath, íocfaidh an duine sin ar an scor leis an oibrí suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé, faoi fho-alt (3) den alt seo, a íoc leis an oibrí dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis saoire bhliantúil a lamháil don oibrí agus gur lamháladh í i rith na gceithre lá dhéag díreach roimh an scor;

(b) más rud é—

(i) gur oibrigh an t-oibrí san fhostaíocht ar feadh tréimhse nár lú ná céad caoga lá an chéad leath, ach ba lú ná céad caoga lá an dara leath, agus

(ii) nár lamháladh saoire leathbhliantúil an chéad leath don oibrí roimh an scor,

íocfaidh an duine sin leis an oibrí ar an scor suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé, faoi fho-alt (3) den alt seo, a íoc leis an oibrí dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis saoire leathbhliantúil a lamháil don oibrí an chéad leath agus gur lamháladh í i rith na seacht lá deiridh den chéad leath;

(c) más rud é—

(i) gur oibrigh an t-oibrí san fhostaíocht ar feadh tréimhse nár lú ná céad caoga lá an chéad leath, ach ba lú ná céad caoga lá an dara leath, agus

(ii) nár lamháladh saoire leathbhliantúil an chéad leath ná an dara leath don oibrí roimh an scor,

íocfaidh an duine sin leis an oibrí ar an scor suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé, faoi fho-alt (3) den alt seo, a íoc leis an oibrí dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis saoire leathbhliantúil a lamháil an dara leath agus gur lamháladh í i rith na seacht lá deiridh den dara leath.

(7) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is cuí leis, rialacháin a dhéanamh a athróidh, maidir le gach aicme nó aon aicme nó aicmí áirithe (a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) oibrithe tís, gach tréimhse nó aon cheann de na tréimhsí trí chéad lá nó céad caoga lá a luaitear i bhfo-alt (1), (5) agus (6) den alt seo trí cibé uimhir laethanta is cuí leis an Aire a chur ina ionad, agus, aon uair a bheidh aon rialacháin mar sin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin, maidir leis na hoibrithe tís nó an aicme nó na haicmí oibrithe tís lena mbaineann na rialacháin, amhail is dá ndéanfaí na tréimhsí sin nó cibé tréimhse acu dá ndéanfaidh na rialacháin difir a athrú sa tslí a luafar sna rialacháin.

(8) I gcás aon lá neamh-oibre nó aon dá lá neamh-oibre comhleanúnacha nó níos mó do thitim díreach roimh lá nó díreach i diaidh lae a lamháil an fostóir lá saoire iomlán d'oibrí tís, measfar chun críocha an ailt seo gur lá a lamháil an fostóir lá saoire iomlán don oibrí an lá neamh-oibre nó gach ceann de na laethanta neamh-oibre comhleanúnacha (de réir mar a bheidh), murar oibrigh an t-oibrí an lá sin don fhostóir.

(9) Ní áireofar mar lá de shaoire bhliantúil aon lá is lá saoire poiblí nó lá a measfar, de bhun alt 9 den Acht seo, lá saoire iomlán a bheith lamháilte d'oibrí neamh-thís, ach má thagann aon lá den sórt sin idir laethanta de shaoire bhliantúil, measfar na laethanta sin a bheith comhleanúnach d'ainneoin an lá sin a theacht amhlaidh.

(10) Bainfidh an t-alt seo leis an mbliain fostaíochta a bheidh ann i dtosach feidhme an Achta seo maidir le gach duine is oibrí tís ag an tosach feidhme sin, agus beidh éifeacht ag an alt seo maidir leis an mbliain fostaíochta sin agus an duine sin amhail is dá mbeadh an t-alt seo i ngníomh i dtosach na bliana fostaíochta sin.

(11) I gcás é a bheith beartaithe ag duine ag a bhfuil oibrí tís ar fostú aon laethanta saoire iomlána a dheonú don oibrí de bhun an ailt seo—

(a) déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh an lá a bheidh na laethanta saoire iomlána le tosú, fógra a thabhairt ag insint go bhfuil sé ar intinn aige na laethanta saoire iomlána a dheonú agus an lá thosóidh siad;

(b) má mhainníonn sé mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

(12) Chun críocha an ailt seo measfar oibrí tís a bheith tar éis oibriú i bhfostaíocht duine áirithe aon lá a bhí sé ar fáil chun seirbhíse ar an duine sin á iarraidh air ar feadh dhá uair a chloig nó níos mó.

Mainneachtain i saoire bhliantúil a lamháil d'oibrí tís.

14. —Má mhainníonn fostóir oibrí tís saoire bhliantúil a lamháil don oibrí in aghaidh bliain fostaíochta an oibrí sin de réir an Achta seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) beidh an fostóir ciontach i gcion;

(b) íocfaidh an fostóir (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh imeachtaí tionscanta faoi mhír (a) den alt seo) leis an oibrí suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé, faoi fho-alt (3) d'alt 13 den Acht seo, a íoc leis an oibrí dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis saoire bhliantúil a lamháil don oibrí agus gur lamháladh í i rith na gceithre lá dhéag deiridh den bhliain fostaíochta.

Iocaíocht in ionad iostais agus lóistín le linn saoire.

15. —(1) I gcás—

(a) ina lamhálfaidh an fostóir saoire bhliantúil nó saoire leathbhliantúil don oibrí, agus

(b) go raibh an t-oibrí, díreach roimh an tsaoire bhliantúil nó an tsaoire leathbhliantúil, i dteideal cóiríochta mar chuid dá luach saothair,

íocfaidh an fostóir, i dteannta aon suim is iníoctha leis an oibrí faoin Acht seo in aghaidh saoire bhliantúil nó saoire leathbhliantúil, in aghaidh aon lá a thitfidh laistigh den tsaoire bhliantúil nó den tsaoire leathbhliantúil nach bhfaighidh sé cóiríocht, i gcás an t-oibrí a bheith ar fostú i gcontae-bhuirg nó i mbuirg Dhún Laoghaire, suim trí scilling nó, in aon chás eile, suim dhá scilling.

(2) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is cuí leis, rialacháin a dhéanamh a athróidh an tsuim a íocfaidh fostóir le hoibrí faoi fho-alt (1) den alt seo trí cibé suim eile is cuí leis an Aire a chur in ionad na suime a luaitear san fho-alt sin i leith an oibrí sin, agus, aon uair a bheidh rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt sin (1) maidir leis an oibrí lena mbainfidh na rialacháin amhail is dá ndéanfaí an tsuim a luaitear ann i leith an oibrí sin a athrú mar a déarfar sna rialacháin.

(3) San alt seo ciallaíonn “cóiríocht”—

(a) maidir le hoibrí atá i dteideal iostais agus sin amháin, iostas;

(b) maidir le hoibrí atá i dteideal lóistín agus sin amháin, lóistín;

(c) maidir le hoibrí atá i dteideal iostais agus lóistín, iostas agus lóistín.

Saoire bhliantúil oibrithe neamhthís i dtréimhse amháin nó níos mó de laethanta comhleanúnacha.

16. —Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé Airí Stáit nó eagrais fostóirí agus le cibé eagrais oibrithe arb iomchuí leis dul i gcomhairle leo, rialacháin a dhéanamh á fhoráil go bhféadfar saoire bhliantúil a lamháil do gach aicme nó d'aon aicme nó aicmí áirithe (a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) oibrithe neamh-thís i níos mó ná tréimhse amháin de laethanta comhleanúnacha a shonrófar sna rialacháin, agus féadfaidh na rialacháin aon cheann d'fhorálacha an Achta seo a mhodhnú chun críocha na rialachán.

Laethanta Saora faoi phá a ríomh mar shaoire bhliantúil.

17. —(1) I gcás inar ghnás ag fostóir, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, laethanta saora faoi phá a lamháil d'aon oibrí ina fhostaíocht i dteannta laethanta saoire poiblí agus saoire bhliantúil, agus go leanfar den ghnás sin tar éis tosach feidhme an Achta seo maidir le hoibrí cibé acu ar fostú dó amhlaidh roimh an tosach feidhme sin agus dá éis nó tar éis an tosach feidhme sin, féadfar, chun críocha an Achta seo, na laethanta saora sin faoi phá a áireamh mar laethanta den tsaoire bhliantúil i leith seacht lá ar a mhéid den tsaoire bhliantúil sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo measfar lá saor faoi phá a bheith lamháilte ag fostóir d'oibrí má lamhálann sé lá saoire iomlán (ar chúis eile seachas i leith saoire bhreoiteachta) don oibrí a ndéanfaidh sé pá lae iomláin mar a mhínítear i bhfo-alt (13) d'alt 9 den Acht seo a íoc leis an oibrí ina aghaidh.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé Airí Stáit nó eagrais fostóirí agus cibé eagrais oibrithe arb iomchuí leis dul i gcomhairle leo, rialacháin a dhéanamh á fhoráil go bhféadfar an gnás a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach amhail idir aon fhostóir agus aon oibrí (nó aon aicme nó tuairisc oibrithe a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) dá dtagrófar sna rialacháin agus a thoileoidh leis an ngnás sin a chur chun feidhme a mhéid a shonrófar sna rialacháin, agus, ar na rialacháin sin a bheith déanta agus an toiliú sin a bheith tugtha, bainfidh forálacha fho-alt (1) den alt seo leo amhail mar a bhaineann siad leo siúd a luaitear san fho-alt sin (1), ach sin go hiomlán nó go páirteach (de réir mar is iomchuí).

(4) Féadfaidh an tAire aon cheann d'fhorálacha an Achta seo a mhodhnú d'fhonn go mbeidh éifeacht ag forálacha fho-alt (1) den alt seo nó ag na forálacha sin arna gcur chun feidhme le fo-alt (3) den alt seo.