37 1961


Uimhir 37 de 1961.


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1959. [16 Lúnasa, 1961.].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1952, Uimh. 15 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 ;

ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1959, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Deontais nach mbeidh le haisíoc.

1955, Uimh. 5 .

1959, Uimh. 27 .

2. —(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a theastóidh ón mBord agus nach mó san iomlán ná cúig mhilliún punt a íoc leis an mBord ó am go ham as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Ní bheidh suimeanna a íocfar faoin alt seo inaisíoctha.

(3) Aon airgead a bheidh an tOireachtas tar éis a sholáthar nó a bheifear tar éis a íoc leis an mBord faoi alt 7 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1955 , an bhliain dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1961, measfar gur faoin alt seo a soláthraíodh nó a íocadh é, de réir mar a bheidh.

(4) Aon suimeanna is iníoctha faoin alt seo leis an mBord is suimeanna iad i dteannta aon suimeanna is iníoctha leis an mBord faoi alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 .

Méadú ar chomhiomlán na ráthaíochtaí faoi Chuid III d'Acht 1952.

3. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1952 trí “cúig mhilliún punt” a chur in ionad “trí mhilliún punt” i bhfo-alt (1).

Síneadh ar an teorainn ama chun ráthaíochtaí a thabhairt faoi Chuid III d'Acht 1952.

1957, Uimh. 27 .

4. —Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1952 trí “cúig bliana déag ó dháta an Achta seo a rith” a chur in ionad “deich mbliana ó dháta an Achta seo a rith” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1957 ).

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo fo-alt (3) d'alt 18 d'Acht 1952, alt 7 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1955 , agus fo-alt (2) d'alt 3 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1957 .

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1961, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1959, agus den Acht seo le chéile.