|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 45 de 1961. | ||
| [EN] |
ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1961. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ ACHTANNA CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA, 1935 go 1957. [20 Nollaig, 1961.]. | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an ciste” ciste na n-iasachtaí áitiúla; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais. | |
| [EN] |
Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla. |
2. —Aisghairtear leis seo alt 1 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1957 , agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná céad agus seachtó milliún punt méid iomlán an airgid a eiseofar as ciste na n-iasachtaí áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 . |
| [EN] |
Urrús i leith iasachtaí áitiúla. |
3. —(1) Ar iasacht áitiúl (nó an chéad tráthchuid di) a eisiúint as an gciste chun údaráis áitiúil, de bhun gealltanas i scríbhinn ón Aire, ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí na hÉireann, nó ó aon duine a bheidh ag gníomhú ar ordú nó le húdarás ón Aire (dá ngairtear an t-iasachtóir san alt seo) iasacht áitiúil de mhéid a bheidh sonraithe sa ghealltanas a thabhairt ar na téarmaí agus faoi réir na gcoinníollacha a bheidh sonraithe sa ghealltanas, don údarás áitiúil ar urrús an ioncaim nó na gcistí sin de chuid an údaráis áitiúil a bheidh sonraithe sa ghealltanas, measfar an t-údarás áitiúil a bheith tar éis morgáiste trí ghníomhas a thabhairt don iasachtóir— |
| [EN] | (a) ina mbeidh cúnant go n-íocfaidh sé leis an iasachtóir an iasacht (nó na tráthchodanna di a bheidh eisithe as an gciste) san áit, an tráth agus sa tslí a bheidh sonraithe sa ghealltanas, go n-íocfaidh sé an t-ús is iníoctha ar an gcéanna de réir an ráta dá mbeidh foráil, agus san áit, an tráth agus sa tslí a bheidh sonraithe, sa ghealltanas agus go n-urramóidh sé aon téarmaí agus coinníollacha eile a bheidh sonraithe sa ghealltanas, agus | |
| [EN] | (b) ag sannadh nó ag tíolacadh ioncam nó cistí an údaráis áitiúil a bheidh sonraithe sa ghealltanas don iasachtóir le teachtadh ag an iasachtóir go dtí go n-aisíocfar an iasacht (nó na tráthchodanna di a bheidh eisithe as an gciste) agus go n-íocfar an t-ús is iníoctha ar an gceánna. | |
| [EN] | (2) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith forghníomhaithe ag an iasachtóir agus a déarfaidh— | |
| [EN] | (a) go ndearna an t-iasachtóir, ar dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú, iasacht áitiúil nó cuid d'iasacht áitiúil a eisiúint as an gciste chun údaráis áitiúil, agus | |
| [EN] | (b) go bhfuil, ar dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú, suim a bheidh sonraithe sa deimhniú dlite den údarás áitiúil don iasachtóir i leith iasacht nó cuid d'iasacht nó i leith an úis is iníoctha ar an iasacht nó ar an gcuid (lena n-áirítear aon ús is iníoctha de bhun alt 15 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 ) nó i leith na hiasachta sin nó na coda sin agus an úis sin, nó | |
| [EN] | (c) go bhfuil an iasacht nó an chuid aisíoctha leis an iasachtóir agus go bhfuil an t-ús ab iníoctha ar an iasacht nó ar an gcuid íoctha leis an iasachtóir, | |
| [EN] | ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais a bheidh ráite sa deimhniú. | |
| [EN] | (3) San alt seo tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó de bhua an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , ach folaíonn sé coiste gairmoideachais de réir bhrí an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930 . | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1961 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1961, a ghairm d'Achtanna Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1957, agus den Acht seo le chéile. |