47 1961


Uimhir 47 de 1961.


AN tACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ALT 8 DEN ACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (ARBHAR) (LEASÚ), 1956 , A AISGHAIRM. [20 Nollaig, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Alt 8 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1956 , a aisghairm.

1956, Uimh. 5 .

1. —Aisghairtear leis seo alt 8 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1956 .

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1961, a ghairm de na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1958, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála le hordú.